Corpus of Electronic Texts Edition
Lebor na Cert (Author: unknown)

section 7


p.104

29

1

    1. Ceart ríg Laigean ro luaid Benén
      1530] a mbreith ugdair uarustar ;
      ina ndligend cach thuaithi
      tria thuaichle 'na thuaristol .
    2. An tráth nach rí d'Éirind uili
      airdrí Laigen lind-uaine,
      1535] leis tosach in cach thír thréin-eng
      ó ríg Éirind ind-uaire.
    3. Deich mogaid do laechríg Laigen,
      deich coin tsolma súileacha,
      deich scingi forscibset tonda ,
      1540] deich longa, deich lúireacha.
    4. Trícha falach, coíca claideam,
      cét n-each ndond co ndínbrataib,
      caeca cochall, nírbat athfuidb ,
      deich rachuirn , deich rígmatail.
    5. 1545] Sé cuirn, sé failgi d'Íb Faeláin
      sé leanna arin láthair-si ,
      heich luatha cona láithrib,
      gia báigthir bráthairsi.
    6. Céd n-each uad-som do thurc Thomair
      1550] céd mbó ar tuilleam tuaristail,
      trícha ban, re méd is muirear,
      céd claideam, is cruad-ascaid.
    7. Ocht longa ón laech do flaith Chualand
      co seólaib co srólbrataib ,
      1555] ocht cuirn, ocht claidim co cinaid,
      ocht n-inair, ocht n-órmatail.

    8. p.106

    9. Seacht scéith, seacht n-eich do ríg Forthuath
      iar n-ól fína an airidig ,
      seacht cuirn cona mid don mairig ,
      1560] seacht claidim ná cairigid .
    10. Sé hinair do ríg an Indbir ,
      sé doim luatha léimnecha ,
      sé lúireacha & sé longa,
      sé heich donna déinmecha.
    11. 1565] Seacht n-eich d'Uíb Feilmeada finda,
      fir diana co ndemnaigi ,
      cóic cuirn chama la cóic brataib,
      cóic matail cia mebraigi .
    12. 30
    13. Céd mbó d'Íb Cendselaig calma
      1570] céd n-each ar tuaith tromaigthear,
      deich longa, deich srén, deich saidle ,
      deich failgi nach folaigthear .
    14. {MS page 201a} failgi a rraind do ríg Raírenn
      is sé ríg-eich rímid-si ,
      1575] sé matail ar cae don churaid,
      mugaid don mílid-si .
    15. Ocht claidim, ocht cuirn fri comól
      ó ríg Carman cosnamaig ,
      ocht n-eich cen each díb ar drochfolt
      1580] do ríg Fothart osnadaig .
    16. Ocht n-eich d'Íb Drona ac Dind Gabra
      a glaic ríg co rath-solad ,
      ocht coin re cor áir ar aigib
      ocht claidim re cathugud .
    17. 1585] Ocht n-eich d'Íb Bairrchi ara mbeódacht —
      bec d'feraib a n-engnama
      ocht cuirn, ocht mná nírus mudaig
      is ocht mugaid meanmara .

    18. p.108

    19. Ocht n-eich d'Uíb Buidi na mbriathar
      1590] borba, bláithi, bircheanda,
      dligid a ó ríg Gaibli
      trí failgi, trí fidchealla .
    20. Ocht n-eich dliges laech-rí Laígsi ,
      ocht coin solma súileacha,
      1595] ocht scéith ima scaílid renna,
      ocht leanda, ocht lúireacha.
    21. Sé heich d'Íb Crimthandán cindid,
      sé doim ina ndeagsomal ,
      sé cuirn is beiti 'na nglacaib,
      1600] sé matail cen mearugud.
    22. Deich scéith , deich cuirn is deich claidim,
      deich failgi cen merugud,
      do ríg Hua Failgi meic Cathaír
      cen tathaír, is deagsolad.
    23. 1605] Iat sin tuaristla laech Laigen
      a láim gloin mar geltorad
      ó airdríg Gaibli & Gabrán,
      is comlán in certugud. Ceart.
31

Do chísaib ocus do biataib Laigen andso


1610] For Gallaib céatamus tús na cána sa .i. seacht cét tinne, seacht
cét torc, seacht cét molt, seacht cét dam, seacht cét bó, seacht cét
brat, ó Gallaib inn sin. Dá chéd lulgach & cét torc & cét brat ó
Forthuathaib Laigen. Ní ícad Síl Fiachach Síl Rosa Failgi acht
biathad aidchi do ríg Laigen má théis a ndáil fri Gallu sair nó fri
1615] Huí Néill fo thuaid nó fri Mumain fo deas. Cét mart immorro &


p.110


céd bó & céd torc & céd tindi ó daerfinib a ferann . Dá chéd bó & dá
chéd brat & dá chéd dam óna secht Fothartaib. Seacht cét bó &
seacht céd torc & seacht céd molt & seacht céd céd mart, óna seacht céd
Laígsib Laigin ind sin. Dá chéd mart & dá chét bó & dá chét brat
1620] ó Osraigib . Ó soerthuathaib Laigen ind sin.


Néimid & úrad & únach & folcad immorro ó chocartaib na ngrád
Féini ata hísleam leó
. Corcair & ruu & snáth dearg & glas & oland
find & blaán & bindén ón lucht ata fearr do chocartaib . Má frepait
nó má theichit ind sin dá chuibeis forro
32


1625] Cach treas bliadan didiu ícthar na císa sin anuas cenmothá
mórchís ríg Érenn ut supra diximus. Conid dóib sin ro chan in suí
.i. Benén:

    1. Coistid , a Laigniu na laech,{MS page 201b}risin seanchas nach sírbaeth
      1630] ara ndlig do chís chalma
      rí Cualann is congabla .
    2. Seacht cét tindi, secht cét torc,
      secht cét dam, seacht céd ndeagmolt,
      seacht cét brat is secht céd bó
      1635] ó thuathaib Gall a n-aenló.
    3. Dligid cét brat, nocha bréc ,
      céd do thorcaib, trom in tréd ,
      & dá chét lulgach luath
      ó foirbfinib na Forthuath.
    4. 1640] Ní dleagar cís, comoll ngloin
      ó Uíb cróda Cendsealaig ;
      acht ó foirbfinib nach fand
      chaithid a fér 's a ferand.

    5. p.112

    6. Cumal & cís is cáin
      1645] ní ícat Uí Failgi in áig

      do ríg Laigen ma laí ar feacht
      acht cuid aidchi ar aigideacht .
    7. Céd mart ó cach thuaith nach díb
      la céd mbó berar don ríg,
      1650] céd torc & cét tindi
      ó dámaib na daerfine .
    8. Óna Fothartaib uili
      dleagar dá chéd bó buidi
      & dá chéd brat cána ,
      1655] dá chéd ngarg dam ngabála.
    9. Dá chéd mart, is mór in slicht ,
      dá chét brat , dá chét bó blicht,
      dá chéd molt, maith in chabair,
      óna Laignib Desgabair.
    10. 1660] Seacht cét bó a lLaígsib luatha,
      seacht céd torc tarna tuatha,
      seacht céd mart co mag Laigen,
      seacht cét molt tar mórgaineam.
    11. Ac sin císa tuath na treab
      1665] ó Laignib do ríg Laigen :
      níba saí nach sloindfea in cert,
      is cóir do chách a choistecht . C.
    12. Na saerchísa , slicht adcuas,
      it é ro ráidsem anuas ;
      1670] ó saerchlandaib dlegar sin
      bíd for fearand anechtair.
    13. Na daerchlanda, díth nach ceas,
      bíd fora fearann díleas,
      daerchís uaidib is é a fír
      1675] do breith co dúinib airdríg.

    14. p.114

    15. Is hé cis dleagar díb sin
      cís duchunn is duibnéimid
      úrad a brat, buan in mod,
      cís d'únaig & d'folcad .
    16. 1680] Dleagar don lucht is fearr díb
      ruu is corcair co caínbríg,
      snáth dearg, oland find, ní chél,
      blaan buidi & bindén.
    17. Na daerchlanda cen deilm n-oll
      1685] teichid re cís a ferond ,
      a dá chuibéis dlegar díb
      na tucsad ón atharthír.
    18. Nocho dligeand cuaird co tend
      ó ríg chóicid na Héirind
      1690] fili nach fiasara sin
      a chísa 's a thuaristail .
    19. Dleagaid cátta is cuairt is crod
      ó gach ríg cusa riacht-som
      fili nos findfa co feib
      1695] tuaristol is cís , coistid . Coistig a Laig.