¶156] Ó ranccatar na flaithe co Dún na nGall an fecht tanuisi ro eitirdhelaighsett na húasail & na hairicch fri aroile. Teitt Ó Neill cona mhuintir dia ttighibh. Soaitt fir Chonnacht & an cach donangatar a coicced Meadhbha dia ttíribh & dia ndúinibh. Docomla O Domhnaill tarsan mBernus asendath & darsan fFinn co riacht cusan lonccphort i farccaibh a shlogh i nurfhoichill for Ghallaibh & og gabáil forra tocht dinred na criche día eis nachasfaghbaithi i netarbhaogal nach ind eislis. Ro ghabh greim dhóibhsiomh an dúrchoimhett hisin doigh ni derghensat Gaill fogail no ingreim rob ionáirimh tarsa an ccein baoi Ó Domhnaill ag gleódh na ccaingen remraitiu. Acht namá tan ann do bertsat Gaill Doiri ammus amhnus etrocar for Úa nDochartaigh Seaan Ócc dus an ttáirsitis boeghal gona nó gabhala fair. Ara aoí robadh cenn i ccuithe leomhan nó lamh i nead ghribhe a ionnsoigidh itir cein baoi an toice & an conách ag congnam lais & la a choimdidh talmanda. Íar rochtain dona Gallaibh atrubhramar eineach ind ionchaibh fri hUa nDochartaigh ro fhúabair cách a cheli dhíobh co haingidh éttrocar co raoimhidh dona Gallaibh. Ro mudaighit sochaidhe uaidhibh imón Corinél ba tóisiuch iomghona dhoibh. Ridire airrderc eisidhe Ser Iohn Chamberlin atacomhnaic. Soais Ua Dochartaigh co ccosccar. Monúar ámh ba heisidhe a chosgar & a áithius deighenach for Ghallaibh acc cosnamh a athardha & a dhomhnais friú ar ba garúair gurro ghabh teidhm difhulaing & saéth dermháir coro ascná a noibne dfhios an alltair an 27 Ianuair in marg. 1601 sainredh. Ropad líach & robadh doiligh oidedh an tí testa annsin dóigh as ing má ro bhaoi toíseach aointriocha ched ind inis Eremhóin isna déidhenchaibh roba crodha comhramach i ngníomaibh goile & {MS folio 72a} gaisccidh indas roba
¶157] Ro lá i sniomh & i torus desidhe & delligh fora mhenmain co mor & teitt fó athusccsomh i ttraitte úair nirbho fotha cumsanta lais a écc. Fósráccaibh a shlógh ina longphort acht madh beg do bert ina chaoimhthecht fadhein & iar ttarcclomad an neich robtar uaisle aireghdha do shiol Fíamhain m Cindfhaoladh (diarvo toich oireachus Innsi hEoghain) co haonbhaile chuga dus cia dona maithibh no oirdnidhfedh hi cceannus an triochaitt céd atrubhramar ba fair dellaigh occa íer ccrúdh a chomhairle tigerna do ghairm do Fhelim Ócc O Dhochartaig derbrathairsidhe Seaain Óicc atbail febh imrordaidhsiom uair ba heisidhe ba sine ar aoi naoisi & ba huaisle íer bfuil dóigh basí inghen Uí Dhomnaill (Magnus) a mathair Rois atcomnuicsi. Do garar íeromh a ghairm flatha don Fhelim fiadh na maithibh i nóighe imna tuccaittibh cédna i nArd na tTaoisech i mBaile Aighedh Chaoín & do bretha Úa Dochartaigh danmuim fair.
¶158] O thairnicc laisiomh indsin ro shai ina fhritheing dia sccoraibh & ro forcongair for a shlogaibh an daingenairbhe ro thesccsat ina niomthacmhang do dhaingniugadh & gan faill do legadh ina ccaithfheis nach ina ccaithettarnaidh do lo no doidhche fodhaigh nachasrelcctis Gaill náid clann Chuinn Uí Dhomnaill tarsa gan ráthucchadh dindredh no do chreachorgain na criche. Do rónadh eiccin fairsiomh indsin. An tán na fuairsiott Gaill ná Niall cona bhraithribh & cona muintir elang na eislis forsan bforaire & forsan fforcoimhed baoi forra dogres ó Úa nDomhnaill niro fhodhaimhset gan asccnámh i leth naile lasan aidhilge i mbatar do chuingidh acnamad & airberta bith uirfheola conadh fair desidh leó brodlom slóigh lánmoir do thraighthechaibh & do mharcshluagh do breith darsan sen abhainn dar Finn hi Cenel Eoghain m Néill, Ro asgnátar rempa ina réimim {MS folio 72b} go riachtatar co Gleann Aichle hi Cenél Eoghain &
¶159] Dala Uí Domhnaill baoisidhe i fos an airett sin occ coistecht fri Niall cona Ghallaibh & niro shaigh cechtarnae dhiobh for aroile. A mbaoísiomh an tí O Domhnaill samhlaidh do riachtatar techta a dochum co litribh leó o araill dia irisibh & chairdib batar i ngarfhoccus do Ath Cliath acc coistecht fri scelaibh na cathrach & an tSenaidh archena. Basedh tothacht an scribhenn co mbaoi aón dúaislibh na bFionnghall laithe nann imo thosccaibh & imo chaingnibh fodhéin isin teghdhais toghaidhe i mbatar scribhnidh & secretairidhe na Comhairle & coro leghsaidhe litir i trechumuscc a raibhi do scribnibh ann i mbaoi ernaidhm caradraid Ui Chonchobair Sligig Donnchadh mac Cathail Óicc frisan Iustis ar thaiscceladh & ar thairbirt Uí Domhnaill Aodha Ruaidh (cipsi cruth guin no erghabail) don Iustis & don Chomhairle. Ba truagh trá lásan daghduine & lásan úasal an mhiimbirt & an drochdhiach hisin baoi for cind don airigh & don ardfhlaith gan a airchisecht & gan a fhurtacht dia ttisadh dhe cia ro baoisidhe cona uile fhoirb mhaoin & maithius fo smachtchain & chumachta na nGall conadh edh do róine an sccél daisneis fo dichleith diaroile epscop irisech catholcdha roba derbhiris dO Dhomhnaill conadh edh indsin tothacht na scribhend do ríacht chucca don chur sin. Ro la socht anbhail for Ua nDomnaill ier legadh na scribhenn co raibhe fri re fhoda gan labhra fri neach & niro thuil & niro loing i saimhe co hathaigh imchein dóigh ba duiligh lais an gabad & an {MS folio 73a} ghuasacht anffóill i raibhe feisin & ba tanaisi lais dia oidhidh an tí do rad ina cheillsine
¶160] O Domhnaill dna do raegha direim marcach do gleire a ghasraidhe asar moo a shaoilechtain & a thairisi & nisrelic fri haon uaidibh inro baoi ina menmain acht namá ro forchongair forra comtais eallmha fri gniomh an neith no chuingidhfedh chuca icedoir. Ro thingheallsat do daithescc aoinfhir indsin. Ro dianasgna iaram cona dirim marcshluaigh gan anadh gan oirisim go ranuic gusan nGrainsigh i Coirpre Droma Clíabh & ro lá a thechta riamh do thochuired Ui Chonchobair ch ucca gusan maigin sin. Do thoett din febh ro forcongradh fair. O do riachtatar eineach i nionchaibh fri aroile ro erb fora mhuintir erghabhail Uí Chonchobair. Do ronadh fairsiom fochettóir indsin & ro erfhúaccairsiot na hocca do gan engnamh no
¶161] Iomthusa Ui Domhnaill baoisidhe aitheallamh cona shlóghaibh isin chaithfheis céttna imroráidhsiom cona frith baoghal gona na gabhála comhruathair na creachoirgne for aon día mhuintir tairsibh an oiret sin & ni moo ro lamhsat Goill ina bheus Níall Ó Domnaill cona bráithrib derach an phuirt i ra ghaibhsett cettus don leith dia mbaoísiomh. Do rala comhfhuachadh coccaidh athaigh riasan tan sa im chomroinn a ccriche eitir Iarla Cloinne Riocaird Uilleacc m Riocaird Saxanaigh & a chombraithre clann Seaain na Seamar m Riocaird Saxanaigh Remonn Uilliam Seaán Ócc & Tomás a nanmanna. Roslion éd & ealcmaire formad & firmisccnighe iaittsidhe frisan Uilleac ima oirdnedh isin flaithius & tria gach senghoimh do rala etorra ó chéin robadh eimilt do thabairt for aird indorsa: gurro hathchuiredh & gurro hionnarbadh lasan Iarla an chlann sin Seaain ó gach aird diaroile ier ndénomh foghla & diberge dofhulachta ina natharda fria neccraittibh & fri tairisibh an Íarla sainredh cona fuairsett aird no airchend in rob innille leo rochtain dia snadhadh & do imbirt a mbarainne & a nainchridhe fora mbrathair an tÍarla ina dul do shaigidh Ui Dhomhnaill doigh emh ba derbh leo día ttísadh da nach naon oile do Ghaoidelaibh a bfoirithin nach a ccomhfhurtacht combadh de a aenar dusfiucfadh. Donangator íeromh.
¶162] Ba garre iar ttorrachtain doibhidhe co hairm a mboí Ó Domhnaill an tan tathamhair an tIarla Uilleacc i mís Mai na bliadna so 1601 (in marg. 1601) & ro hoirdnedh a mhac Riocard ina ionad. Ro ghabh ierttain ailghes & iomtholta eisidhe la borrfadh brighe la huaill & ionnoccbhail iarna oirdnedh dul
¶163] O ranuicc an tÍarla cona shlogh darsan abhainn dianad ainm Suca ótchúala an suidhiugadh & an sámhucchadh forsa rabatar muinter Uí Domhnaill seachnon na sédshligedh súaithnidh &na cconairedh ccoittchiund & co ttaotsadh badhdhein i neallmha dia ttóiridhin diambadh airc no eiccen doibh basedh do róine ro thairmchéimnigh cona shlóghaibh soir gach ndíreach do mínródaibh maighréidhe Machaire Maighe hAoí co ranccatar co hOilfinn hi ccoiccrich Maighi Luirg & Ua mBriúin na Sionna Cloinne Cathail & Maighe hAoi an Fhinnbhendaigh. O Domhnaill tra oro haisneidedh dhó an tÍarla cona shlocchaibh do thocht an du sin ni tharatt i foill nach a neislis acht ro escomhlá & ro dhianaigh do ló & dadhaig gusan líon as lía forcaomhnaccair do shocraide ina fharradh gorro shuidigh a longphort aird i naird risan longphort naile. Ro batar athaigh samlaidh eineach inn ionchaibh fri araill. Ba fuileach fraisdiubhraicthiuch crechtach cróileatarthach na hammais aindrenda & na deabhtha {MS folio 74b} duilghe doiongabhála ro ficched etorra do dhíbh leithibh robadh eimhilt daisnéis imaseach acht chena ro mudaighit ile día nóccbaidh do ráith & do rata annaill i fuilibh & a ccrechtaibh combtar sgithigh toirsigh fodheóidh díaroile gurvo mithigh lásan Íarla cona shlogaibh iompúdh dia ttíribh & dia ttighibh & do ronadh aidhmilledh & adhbailsccrios áiticchthi & arba lasan Íarla cona thoicheastal ag soadh dhoibh fora nesccairdibh .i. Siol cConchobair Rúaidh & Siol cCeallaigh batar hi rann & hi muinterus Uí Domhnaill.
¶164] Tuirthechta Néill Uí Dhomhnoill cona derbraithribh & cona Ghallaibh óro cloathar leó Ó Domhnaill do dhul hi ccoiccedh nAilealla co ttóthacht a shlóigh & an imnisi chatha i mbaoi fri hÍarla Cloinne Riocaird cona Ghallaibh amail atrubhramar & an lucht feithmhe & forchoimheda faitchis & fureachrais fósrágaibh Ó Domhnaill fairsiomh día fhostadh allathoir don Bhernus do sccaoiledh ó aroile do chuingidh acnamaidh & airberta bith ba derbh lais mana chingedh cona fhianlach don chur sin tarsan Bernus narbo soirbh & narbo réidh dhó a ionnsoigidh fecht naile dia mbeith Ó Domhnaill in nach mennat isin crich uile conadh aire sin ro forcongair fora mbaoi foa
¶165] Óro siecht la Niall cona braithribh & cona Gallaibh tocht gusan mainestir atrubramor ba slan lais a mhenma ar rochtain hisuidhe fobith ba daingen innill an tionad a ttarrusair & nirbo héiccen día mhiledhaibh muir naitt sccura do chlaidhe ina niomthacmang ar batar a ffolartnadh ann chena. Ba garfhoccus dho dna crothadh & indredh na criche i ccoitchinne chuccu gach tan ba tol don chummusccshlógh tecomhnacair ina fharradh ona baoi nert slóigh ag gabhail fris no inn iomshuidhe fair. Ro lá araill dia muintir & dona Gallaibh gusan Machaire mBeg allathiar do Dhún na nGall. Ecclus oile isidhe do ratsott a shinnsirsiomh fecht ríamh diaroile saindrong don urd chetna & ba hinnillsidhe fri fosucchadh innti ón mudh ccétna.
¶166] {MS folio 75b} Dála Uí Domhnaill iar ndedhail dhósomh & do Íarla Cloinne Riocaird friaroile febh atchúadhamor coleicc rainicc fios chucca Níall Ó Domhnaill cona Ghallaibh do thocht darsan mBernus nairrderc co Dún na nGall & ionnus donangatar & a ndorighensat int. Ba sniomh adhbhal lais naro chumaing bith ina bfoimhdin & ina nurfhoichill ag rochtain dóibh triasan mBernus mbelchumang & triasan cconair ndoraidh ndoimthechta tríasa ttudchatar doigh roba lanshaoilechtain lais slan a mhenman dechtaib & daidhbenaibh dfhaghbháil forra dia mbeith i nerlaimhe fora cciund. Araoi do róine fodhail & bricch mbicc dona
¶167] Ruccsatt ass amlaidh sin cách uaidhibh i foimhdin aroile cusna laithibh deidhenchaibh do mis September. 1601. Inn ecmhaing na ree sin donarfaidh an Coimdhi a chumachta forsna hibh ronaitreabhsat i tolccaibh & a ttegdhaisibh na mac mbethadh & na nurd nennac & lasro diochuired íad fodéin co hesraoite énamail i foithribh & i fáinghlenntaibh febh baitís faolchona & anmanna altaidhe combo sí ceddioghal do bert Día foraibh cecip cruth atrala an do nimh fá an do thalmhain teine do bhreóghabhail isna bairillibh púdair batar leó i mainestir Dúin na nGall fri foimhdin & foichill an choccaidh baoi aca dogres fri Gaeidelu & fri hÚa nDomhnaill sainredh gurro dhíenbhlosgustair an púdar isin aiér inn airdi conarbho hairde a dethach oldas a derglasair co ttarlaic an faircle firleac fionnaolta na feinestre & na foirlésa faircsenae cusna huilibh chumhdaigibh cloch & crann do rala fo erchomhair an phúdair don naoimhecclais ier núachtar corus comhloiscc an crannchaingeal cumhdachta & na cubachla claruaighti & na sailghe sémhshnoiti {MS folio 76b} ro samhaighedh co saoramail ier niníchtar. No bíodh dna an chloch & an crand & an duine ina oighe & ina iomlaine gan comhroind
¶168] Oro rathaigset an lucht feithme & forchoimhetta batar o Ua nDomhnoill forna Gallaibh an smuitcheó diadh & dethaighe dermaire ingnaithche anaicenta do rala uasan mainistir ro ghabhsat ag diaindiuvragadh i nubhaillmeall luaidhe & a ccaor ttaidhleach tteintidhe do thoghairm Ui Domhnaill cona shlogh ina ndail i traittiu do fhuabairt na nGall daigh emh robtar iatt na torainndiubraicthiu tarlaicset teachta robtar eallmha esccaidhe día erfhuagra dhosomh tuidhecht ina ttoirithin. Nirvo hiomchomhairceach ro freaccradh an urfhogra sin la hÚa nDomhnaill cona shlogh ar ro chingset co dian deinmnedach febh ronugsatt dia aloile ina ndronccaibh & ina ndiormaibh co dú i mbatar a muinter occan mainestir.
¶169] Ro daingendluthaigitt an deabaidh do dibh leithibh etorra iarttain. Robtar aighthi namhat im rae & niptar aighthi carad im chormaim donairfénsat na coibdealaigh & na comhfhuilidhe diaroile don chur sin. Ba duiligh dichumhaing do mhuintir Uí Dhomhnoill freastal diubhraicthiu na nócc batar isin mainistir la daingeninnille na mur ina niomthacmang oga nimdhiden forra & la fraisdiubraicthibh na ngalgat do reccaim allanair diobh hi caistiall Dhúin na nGall & bheos la coimthealgadh na ccaor niomthrom niarnluaidhe no laithe forra la foirinn na luingi luchtmaire baoi inn iomdhomhain an chuain fora nionch aibh allaniar. Acht ara aoi robtar iatt muinter Uí Domhnaill battar foirtille isin iomghuin coléicc. Oro airigh Niall Ó Domhnaill a mhuinter & na Gaill oga fforrach isin ffoireigen do ruimin ina menmoin ionnus na fhoirfedh íett conadh edh doróine elúdh co hinchleithe co crodha ceimnertmar la hor an chuain síar cech ndirech gusan Machaire mBeg airm a mbatar fianlach mor dona Gallaibh (febh atrubhramar) & do bert lais iatt isin conair chettna dfhortacht a mhuintire & na nGall & ro ghabsat foirind
¶170] Ro horta sochaidhe uaidhib adiu & anall. Ba dona huaislibh do rochair o Ua nDomnaill isin deabaid Tadhg mac Cathail Oicc Mic Diermada do shoerchlanduibh slechta Maoilruanaidh a Muigh Luircc co ndruing oile cenmothasomh. Torchair don leith oile Conn Occ m Cuinn derbrathair Neill Ui Dhomhnoill co ttribh cedaibh imaille fris eiter guin & losccadh. Ba rinn ágha & erghaile & ba gnath buaidh cecha cedghuine ag an cConn sa do cher don chur sin. Ro dhlúthaigh ieromh O Domhnaill a longphort ni badh goire biucc don mhainestir & rosfaoidh araill dia mhuintir i forbaisi isin Machaire mBeg dú inro fhosaighsett cetus na Gaill do bert Niall lais do fhortacht a mhuintire febh imrordaidhsium. Hi feil Michil archaingil araoi laithe sechtmaine do ronadh indsin.
¶171] Baoi Ó Domhnoill samhlaidh isin iomshuidhe chetna for Niall cona Gh allaibh & ogá ttabairt i tennta & a ccuimge dofhulachta o deiredh September co diúidh October gan nach ngníomh nairrderc robadh dior dfhoraithmhett do denomh etorra an airett sin cen co ttorracht fios sccel chucca an tasccur murchoblaigh donangattar o Righ na Spaine dia nertadh i naghaidh a néccratt feibh do ringheall doibh o chein. Basedh ionad inro ghabhsat an coblach Spainneach caladhphort hi cuan Chinn Saile occ bun glaislinne Bandan i coigcrich criche Cuirseach do thaobh & Cenel Aodha .i. duthaigh an Barraigh
¶172] Ro baoi aroile baile allathoir do {MS folio 77b} chúan Chinn Sáile darvo comhainm Rinn Chorráin hi fferonn an Bharraigh Óicc i cCenél Aédha sainredh. Ro chuirset na Spáinnigh araill dia naireachaibh i forcoimhét & i forbaisi isin mbaile sin. Gabhaitt ierttain for daingniugadh a sccor & ac cclaidhe ag samhughad & ag seolshuidhiugadh a nordanais fora nerchomhair ina niomthacmhang ina ccartachaibh cobhsaidhe comhnarta uair rob erdhalta leo co ttiucfad an Justis co narmáil na Bainríoghan ina ndochum dia ffúabairt an tan ro soisiudh sccela chuccu. Oro haisneidedh íeromh don Justis gabhail doibh an dú sin & na huile do righensat do rionáil an lion as lía conanagair gan esnadhadh gan iomfhuireach co riacht hi cennchomair friú co mbatar eineach i nionchaibh fri araill. Do roich ann beos Praesidens dá choiccedh Mumhan ón mudh ccétna cona thoichestal. Donanaic ann Íarla Cloinne Riocairtt cona shochraitti & nírvo híaidsidhe namá acht gach cenn slóigh & gach tigerna tíre do neoch baoi inn unhla & inn aittitti don Bainrioghain i Mumhain i Laignibh i Midhe & hi Connachtaibh do riachtattar gurro chomshuidighsett a ccampa tul i tul fri Cind Sáile & fri Rinn Corráin sainredh. Niro leiccedh tathamh ná tionnabradh adhall ná ionnsoigidh dona Spáinneachaibh do eccaimh i Rinn Chorráin acht deabhtha diana diubhraictheacha & ammais fherrdha fhuileacha forra do ló & dadaigh goro heráileadh forra fodheóidh tocht disccir diairm for eineach & fhoesamh an Justis
¶173] Baoi imorro an Justis cona shlócchaibh & gusan lucht naile batar i forbhaisi for Rinn Chorrain gó sin foran abairt chétna acc caithemh & acc coimhdhiubhragadh na Spáinneach báttar hi cCiund Sáile an céttna feacht: an feacht tánaisi occa náil & oga nettarghuidhe tria chaoínbh ríathraibh & milisárusccaibhim thocht for iocht & eineach an Justis feb tudhchatar an lucht naile donangator a Rinn Chorráin. Atbertatarsomh narvo gnáithbhés do miledhaibh an tíre asa ttudhchatar feall fora neineach nach fora ccoimdidh talmanda & narbo sodhaing a ttoghaothadh tria thinghelltaibh gan tóthacht no tria chealgchomhadhaibh cédluitheacha & na tíestais tara mbréithir frisan bfiorfhlaith ffoirglidhe dia ffoghnataois la rosfaoidhit {MS folio 78a} i ttóirithin na nuasal bátor inn imnisi choccaidh & chatha friúsomh ag cosnamh a nirsi & a nathardha roba menmarc leósomh do ghoid forra ar gach ló. Batar tra an tucht sin combtar sgíthigh toirsigh cechtarnae diobh dia aloile la a imcheine leo bith isin caithfhes comhfhúabartaigh gan codladh gan cothtomhaltus gan airer gan aoibnes acht cach diobh i foimhdin & i foichill aroile do lo & dadaigh acht chena ba moo deilligh foran Justis cona shlógh bith an ionnus hisin oldas for na Spainneachaibh doigh b a hiaidsidhe ba moamh ro gnathaighset iomshuidhe forra & úaidibh & ba menci ro fromhadh in gach erndail do erndailibh an choccaidh uair ba frisidhe ro hoiledh & ro lesaigedh ermhor an cheineóil chosnamaigh dia mbatarsomh co ttardsat tire & t reabha criocha & cendadhacha ile foa mamus & foa ccumhachtaib allos irsi amhainsi & inntlechta araoi crodhachta calmatais & cathbhúadha conarbo soirbh frithbert friu manbadh ainshén forsan cach lás congnitis. Conadh aire sin ro baoi for menmain don Justis soadh doridisi go hAth Cliath & a miledha do sccaoiledh for priomhdhúinibh fíordhain gnibh Leithe Mogha Núadat cen co ttorrsed Iarla Tuadhmuman la forcongra na Bainriogan a Saxaibh dochum nÉrenn do chongnamh lasan Justis co ccetheóraibh milibh do ghleire glanshlóigh lais gurro ghabhtais don leith a mbaoi an Justis do Chind Saile.
¶174] Ba isin re sin do bertsatt na Spáinnigh ionnsoigidh aindiuid airbertach aén na noidhche ann & rangatar sechtair asa múraibh co campa an Justis & gusan maighin a mbaoi an tordanás mór no biodh ag blaidhrebadh & ag boirbbrisedh gach laoi na múrchaisteol na ngniomh cloch & clarach ro cumdacht leo ina niomthacmhang conadh é aireg arrangatar araill dona gonnadaibh guthardaibh do groidlíonadh do chlochaibh cenngharbhaibh do shonnaibh do shabhaibh & do ghinntibh íer mudhucchadh an fhíanlaigh batar occa niomchoimhét. Ro rathaighit íerom ocon urobair sin & imsáiset muinter an Justis fóthaibh & ro ghabhsat ag guin & ag geroirleach aroile athaig foda don oidhche gurro chingset na Spáindigh co cobhsaidh céimrighin friothroscc dia scoraibh fodheoidh & ro hortait sochaidhe leo & úaidhibh. Do ronsat brigh mbicc dia tteasbaidh ó do righensat an coibhéis sin do chuittbedh a mbiodhbhadh. Ni baoi osadh laoi na oidche eiter an dá champa sin o conrangatar fri aroile gan todhail cro & snidhe fola adiu & anall etarra gus {MS folio 78b} an laithe deidhenaigh da ttanuic a niomsccaradh & a neittirgleódh.
¶175] Iomthusa Uí Dhomnaill oro haisnéidedh dhó an coblach Spáinneach sin do ghabáil chaladphuirt i cCiund Sáile febh imrordaidhsem fósragaibh an iomshuide i mbaí for Níall Ó Dhomhnaill cona Ghallaibh batar i mainistir Duin na nGall (amail atrubhramor) & do roine fodhail & dimbrigh do nach caingin itir sechus rochtain i ndáil na Spáinneach uair ba híaittsidhe cona Righ aoininnethemh & aoinshaoilechtain baoí occa dia thoirithin & ba asa loss conúarccadh a choccadh cétus. Roslion lainne & langhairdeachus é dia ttorachtain & ba dimbrigh lais Gaill do airisiomh nó do aitreabadh isna portaibh i raghbhaisett ina thir ar ba derbh lais no elaidhfitis i naonar eistibh diamad la Gaoidhelaibh & la Spainneachaibh cosccor íar nimnisi catha frisan Justis hi Cind Saile don chur sin conadh edh do róine triasna fothaibh sin a escongra & a erfhogra dia mbaoi fóa mhamus & foa chumachtaibh ó Thoraigh an Tuaisccirt co huruachtar O Maine & o Shruibh Brain ind Inis Eogain m Néill co hIorrus ier níarthar tegar & tionol ina dochum co
¶176] Dosfangator céttus foa thoghairmsiomh Cenél Conaill Gulban m Neill uile nogh acht Niall Ó Domnaill namá cona braithribh. Donangatar ann na teora tuairccnidh catha no bhiodh laisiomh & laa chenel dogres .i. na tri Mic Suibhne do shiol Eoghain m Néill a Fanaitt a Túathaibh Toraighe & a Tír Boghuini. Doriachtattar ann beos in rob airegdha do shiol Briain m Eachdach Muighmedhoin cona móirthionol cenmotha Ó Conchobair Sliccig Donnchadh mac Cathail Óicc baoi i ngeimheal occasomh febh remepertmar. Donaót ann Ó Ceallaigh .i. Ferdorchae gusan lion as lía conanagair do Uibh Maine immaille fris. Do rocht ann din na hi ro aitrebhsat i Connachtaibh do shiol Corbmaic Gaileng m Taidhg m Cein m Ailella Auloim cona muinteraibh. Dosficc ann Ua Dubhda do shiol Fiachra m Eachdach Muighmedhóin co ttoichestal Ua Fiachrach Muaidhe ina fharradh. Tainicc ann ón mudh ccetna Mac {MS folio 79a} Uillíam B urc Teabóitt mac Uater m Seaain m Oiliverais co lion a shocraitte. Batar dan i ffochair Uí Dhomhnaill an tan sin na húaisle donangatar a hiltiribh for for athchur & ionnarbadh dia ionnsoigidhsiomh dacaoine i ndimnedh & i neccumaing fris dus an ttisadh dhe a bfortacht nach a ffoirithin on annorlann i rabhsat ag Gallaibh & ag araill dia ccenelaibh. Roba dibhsidhe clann Seaain a Burc (.i. Seaan na Semar) m Riocaird Saxanaigh Remann Uilliam & Tomas. Ba diob don Mac Muiris Cíerraighe Tomas m Paitriccin m Tomais m Emainn m Tómais & Ridere an Gleanna Émann mac Tómais & Tadhg Caoch m Toirrdelbaig Mec Mathghamhna & Díarmaitt Maól m Donnchaid Mécc Cárthaigh. Ba hinrigh
¶177] Do asgnatar ieromh na tromshloigh sin an dara la do mhís November ina nuidedhaibh ionmalla imthechta ó Bhaile an Mhótaigh co Bel an atha fada la hor Locha Cé co hOil Finn tria chontae Rossa Comain doirther Contae na Gaillmhe go Siol nAnmchadha co Bel an tSnamha & co hAth Cróchda for Sionainn. Aissidhe íeromh do Delbhna Meg Cochláin. Ro hindredh & ro hoircced an chrioch sin co leir leo & do bertsat truimnell teinedh tairsi & ro loisccset dúnárus Meg Cochláin fadhein. Roba riaraigh na tíre triasa ttudhchatar doibh gó sin. Lotor íarom tria Fheraibh Ceall dar muinchinn Sleibhe Bladhma co hUíbh Cairin. Ro gabadh longphort la hÚa nDomhnaill cona shlogh for cnoc Droma Saileach i nUibh Cairin & ro airis fri re mís isin maighin sin occ iomfhuireach fri hUa Néill baoi ag asccnamh co hionmall imrighin ina leanmhoin. Ni antais na slóigh sin acht acc siredh & acc sirimthecht ag creachadh & acc cúartugadh na ccrioch ina niomthacmang an airett sin in gach airm no friothardadh friu & in gach maighin roba tairisi do Gallaibh sainred & ba móumh nosinntsamhlaigedh friú. Do ríacht chuca i lithlaithe fheile Andreas sainredh an Chroch Naomh Úachtarlámann dia {MS folio 79b} sénadh & snadhadh co ndruincc do manchaibh Mainistre na Croiche Náoimh occa hiomchur & ro hioradh iaittsidhe dedbartaibh dofralaibh & dalmsanaibh iolardhaibh gomdar buidig. Niro chumaingsiot dérach an luicc sin i neallmha lasan aigh anaicenta & lasan sneachta sleamaintiugh ro feradh ann don chur sin.
¶178] Oro clos la hairdIustis na hÉrinn O Domhnaill cona shlogh occ triall fon toichim sin dia ionnsoigidh ba hiomomhan & ba hurgrain lais a chor a ttennta & hi cuimhge anbfoill eiter Spainneachaibh & Gaoidelaibh & no géta fora mhuintir adhall no áitigud an tire úaidibh nach anunn itir do thabairt an neith roba toisccidhe dhoibh dia saigidh combo heiccen dóibh ecc la huacht & gorta ó fóttrairmisccthi iompaibh biadh & tene do thabairt chuca: no araill dan a ndilsiugadh & a ttairbert badhdein dia mbiodhbadaibh & tocht fora snadadh & comairce febh dusfangatar na Spáinnigh batar i Rind Chorráin fora nionchaibsiom fecht riamh: conadh aire sin ro erb for Presidens da choiccedh Mumhan Sir Seoirsi Cari dul co ccetheóraibh mílibh do gléire ghalgatt & doccbaidh armtha inn eanach iomchumhang & ind indtiuch indill for ciund Uí Dhomnaill dus an ccaomhsadh a chlodh dia chonair no a erghaire dona huirthriallaibh ro baoi ina mhenmoin. Otchuala O Domnaill an Presidens gusan mborbshluagh sin do thocht hi comhfhochraibh Caisil ni sgeinm na sgáth criothnugadh na cridhenbhas rodusgabh acht tairmcheimniugadh reimhe síar gach ndírech duachtar Urmhumhan do Chloinn Uilliam bruaigh na Sionna la dorus Luimnicch siairdhes i lló & i nadhaigh gan anadh gan oirisiomh co rainig tar Máigh isteach i nUíbh Conaill Ghabhra. Ó do bert an Praesidens dia úidh an reimdecsi & na huirthrialla ro hairccthe laisiom & lasan Iustis do dul for nefni & O Domhnaill cona shlócch do dhul tairis isna conairibh narbo dóigh lais a ttorrachtain imsai ina fhritheing co hairm a mbaoi an Iustis comadh daoinleith no ferdais a mbáigh asendadh.
¶179] Ba don chur sin ro faoidh Ó Domhnaill brodlom sloigh & drechta dermara dia mhuintir hi tóirithin Mic Muiris Ciarraighe baoi ina fharradh fri re na bliadna so anall (amail ro iomraidhsiom) & araill do mhuintir Mic Muiris fodhein do eolus reampa tria duthaigh Cloinne Muiris dus an bfuighbhetis elang no etarbhaogal for araill do bhailtibh Mic Muiris & ro eráil Ó Domhnaill for Mac Muiris baddeisin airisiomh ina fhochair co bfessadh {MS folio 80a} cionnus no bhíadh iomsccaradh an fhianlaigh sin
¶180] Baoi imorro Ó Domhnaill fri ré sechtmaine i nUibh Conaill Ghabhra ag cennsugadh & ag cúrsachadh gach aoín do regaimh i ccombaigh Ghall gurro forchongair forra dais & déigen dedhail friu & tocht daoinleith frisiomh & fri Gaoidela archena. Ro escomhla iaromh Ó Domhnaill cona shlógh do mhuinchind Slebhe Luachra do Chloinn Amhlaoibh do Mhuscraighe & co Bandain i cCairpreachaibh. Dusfangatar ermhor Gaoidel Mumhan uile fo aoinmhenmain dia shaigid & ro naidhmsiut a ccura & a ccottach fris tria bhithe & ba háinius & ba hurgairdiugad aigenta leó a rochtain chuca dacomhal a ccaradraidh fris & ro tingheallsat dhó gan adhradh do Ghallaibh nach do Dhanaraibh & gan congnamh friú nibad síriu. Acht chena ní thanaig Mag Cárthoigh Riabhach .i. Domhnoll m Corbmaic na hOine iná dan tigherna Muscraighe .i. Corbmac mac Díermatta m Taidhg fo chóra chugasomh febh dusfangatar an lucht naile.
¶181] Dala Uí Neill .i. Aódh mac Firdorcha m Cuinn bacaigh m Cuinn m Enri m Eoghain: ro airisidhe athaigh corbo herlamh lais gach nadhailge roba toisccidhe dhó do breith foran sloigedh nuccat & o do recclaimset a shloigh ina dochum co líonmhar lerthionoilte ni hinnister a nimthechta co rangatar tar Bóinn.
¶182] {MS folio 80b} O conrangator Gaoidil an Tuaisccirt i naonmhaighin basí airle arríocht leó & la Gaoidhelaibh an Deisccirt (do neoch dusfangatar ina ccombaigh) a longphort do shuidhiugadh allathúaidh i mBéulghúala i cCenél Aedha seal beg o champa an Iustis. Ro batar athaig amlaidh eineach i nionchaibh friaroile co naro léiccset Gaoidil athaighidh na adall amach nách inunn gusna Gallaibh co ndobertsat hi cuimge dofhulachta i tennta & hi terce anbfóill. Nísrelgedh úamhan na nGaoidel doibh a ngreadha ináitt a neachradha do leigen for fergort nach for inghealtradh sechtair na múraibh amach gurro éccsat ile dibsidhe & sochaidhe dia miledhaibh imaille friú la húacht & gorta íerna ttabhairt i nadhailge fheoir & uiscce etha & arbha tuigedh & tenedh & gach neith roba teasbaidh forra cona baoi inna ccumhang curpa an fhianlaigh nó epledh úaidhibh dadhnacal sechtair na múraibh go mbíodh abach an eich & corp an duine mairb hi cumusc frisna beoaibh seachnon na scor etarra ar medhón gurro fhás bréntadh difhulaing desidhe lá hiomgaeith an áieoir etarbhuas iar nuachtur no eirghedh a náirde dona habaighibh don otrach & don chechair ier niochtur. Basí toimde & céttfaidh sochaidhe dhíobh badhdhein co nepeladh a nermhor dia lecthi dhóibh i naonar gan saigidh forra la plaigh & tedhmaim & no elaidhfedh an lucht baitis beoa dia ccoemsatais esrus no conair élúdha dfhaghbail cipindus. Na Spáinnigh tra batarsaidhe i néccumang & i néccomhnart mhor tríasan iomshuidhe baoi ag an Justis cona thoichestal Gall & Gaoidel forra & ni antais acht ag aslach na nGaoidheal imá ttoirithin dóigh ba ferr leo a mudhugad doraith cidh riasiú no fodemdais tár no tarcusal óa
¶183] Monuar amh ba garuair na gaire subha & soimhenman do bretha ós aird aca isin líthlaithe sin co mbatar ina ngairibh dubha & doghailsi og ettarsccaradh friaroile dhoibh ciodh ier ttrioll ierna melachtnugadh laa mbiodhbadhaibh & an lucht ro batar fo mhuich menman i tacha & i teirce nach sasaidh nosfiurfadh gurbo leó baoi a ffolartnadh & a ndaóthain ier ttocht doibh asan ccumhang cuimbreach i rabatar acasomh an tan sin. Ba isna laithibh sin do riachtatar litre lerdiamhra & agalloimh inchleithe ó Donn Iohn ó gheneráil na Spáinneach sin Chind Saile co hÚa Neill co hÚa nDomhnoill & gusna maithibh archena dia aslach forro ionnsoigidh do thabairt aon na naidhche sainredh for champa an Justis an Praesidens & na nÍarladh battar ina ffarradh & no fhoiberadhsomh cona Spainneachaibh íatt don leith oile dus an ccaomhsadh cechtarnae úadibh eisimh cona Spainnechaibh dfhoirithin asin ccúil chumaing inro congbhaitt. Do deachaidh din Ó Néill & O Domhnaill & na maithe do chrudh a ccomhairle imon ailges sin an ghenerala.
¶184] O Neill tra atbertsidhe gurvó haidhlescc lais na Goill do fhuabairt ar daingininnille na múr ndaingen ndithoghlaidhe do reccaimh iompa imaccúairt íerna sreithlíonadh do ghonnadaibh gutharda groittdiubraicthiucha & atbert din ba ferr gan faill do légadh isind iomshuidhe congabhsat forna Gallaibh co
¶185] Acht chena asedh a chummair: ro chinnset fodheoidh an Iustis cona Gallaibh do ionnsoigidh febh ro cuinghedh chuca. Ruccsat ass samlaidh gusan adaigh sainredh inro herbadh friú {MS folio 81b} ionnsoigidh an champa. Ro ghabhsat i nurthosach oidhche a niodnadha áigh & a ttrealmha troda co taoi toithenach & do chotar inn inneall & i norducchadh amhail do rionchoisccset a nairigh & a nuaisle a ccodhnaigh & a ccomhairligh doibh. Roba damhna deabhtha & adhbhar iorghaile eiter na di ardfhlaith do rala for Chenél Conaill & Eogain náro fhodhaimh cechtarnae aca diaroile remhasgnamh ria araill damus & dfhuabairt na nGall la miadh menman & la borrfadh bricche gach neich dhiobh ar andar la gach aon úaidhibh robad tár & tarcusal fair fein & foran ccenel dia mbaoi tria bithe dia ndamadh rémthús na conaire & sedugad na sligedh do shlógh noile ríana shlógh badhdhéin. Robadh lór dia lot & día láinmhilledh dia mbrath & día mbaoghlugadh an mídhuthracht & an míinnethemh ro fhas ina ccridhi friaroile triasan ttuccait hisin cona baoi duthracht deabtha na ailghes ionnsoigidh na talchaire thairismhe i slógh dhiobh la héd & iomfhormad frisan slógh naill gurbat timme tlaithe meirbhe miolaochdha cidh riasiú do deachatar i ccenn móirimnedh & moirgniomh i ngabadh nó i ngúasacht do iomchlaidhbedh fria nesccairdibh gombo hing ma rob éigen dia mbiodbadhaibh
¶186] Dala an Iustis cona shochraide ranaig rabadh & reimhfhios da shaigid ó druing sainredaigh a longphort na nGaoídel co bfoibertha íatt an adhaig sin co mbaoisidhe cona shlóghaibh hi caithfheis fod na hoidhche co madain fora neanaigibh erdalta & fora mbernadaibh baoghail & fora ttaibhlibh troda ina niodnaibh aigh cona nuilibh aidhmibh cathaighthe & cosnamha inn erlaimhe occaibh condusfacator Ó Neill cona shloghaibh fora nionchaibh foran abairt atrubhramor. Nirvo cían doibh occa midhemain an tan tarlaicset cetha coimhreamra cruinnphiler (dia bfiaducchad) a morgonnadhaibh glanaillne glesfoibdithe & a musgaettaibh mindruimneacha morchostais & a glacghonnadaibh geraimseacha glésoibne & ro tleiccset fóthaibh cech cenel diubraicthiu & imtelgthe naile cenmotha indsin. Ro bruchtdoirtset
¶187] Soait muinter an Justis iar mbuaidh ccosccair & iar melachtnugadh a mbiodhbadh amhlaidh sin an tan as lugha ro shaoilset. Ba follus a nainshen for Cenel Conuil & for Chenél Eoghain m Neill isin laithe sin in roba techta doibh & in badh móo
¶188] Acht chena gén co ttorchrator acht uathadh biug o Ghaoidhelaibh isin maidhm sin Chind Sáile ná rathaighfitis dia tteasbaidh i ceand athaigh & dan naro rathaighset ciodh an tan sin fodein niro fágbadh i naón mhaidhm dia ro fighedh isna deidhenchaibh inn Inis Eremhóin cuttroma frisar farccbadh and. Ro fágbadh ann céttus an aoíninis & an taoínoilén ba suthaighe & ba torthaighe & roba mesardha tes & úacht baoi i nermhór Eorpa in rob iomda mil & cruithneacht in rob íesciomdha aibhne essa & inbhera in rob ciúine caóntorthaighe cuanta feibh do ratt an céidfher do shiol Gaoidil Glais m Niúil donanuicc i nÉrinn riamh {MS folio 83a} na testmolta sin fuirre (.i. Íth m Breoghain) fíadh na rioghaibh deidhenchaib batar do Thúathaibh Dé Dhanann for Éirinn. Do fágbhadh ann beos a ndoernáttar ass do shaorchlannaibh soera soichenelchaibh mac Miledh & do aireachaibh aghmhara ionnsoightheacha do thigernaidhibh tire & treabh do thóiseachaibh túath & triochait ched ar as derbh deimhin na bía ind Érind i comhaimsir friaroile co bráth lucht robtar ferr & robtar aireghdha olttat na maithe batar hisuidhe & atbathsatt iaromh i nailechriochaibh díaidh i ndíaidh ier
¶189] Óro iompáidhsiot sochraiti an Justis fo iolaigh cosgair & comhmaoidhme amail atrubhramor ro asgnator na Gaoidil tara nais siar co hInis Eóghanáin an adaigh sin & ro ghabhsat ag crúdh a ccomhairle co hudmall anbhsaidh co naithbir & iomaithbir for aroile. Atbertsat foirend aca basedh robadh díor dóibh inn iomshuidhe do drud doridhisi fri campa an Iustis & gan a deirghe itir araba a ttorchrator úaidibh día muintir & narbo tanaitte a ccongaibh chatha a ttesbaidh forra dóigh ro batar daighlíon tabhartha catha ina neccmais dia mbeith an toice & an conách ag congnamh friu. Ro ráidhsiot dronga oile ba headh robadh córa dhoibh gach ardfhlaith & gach tigerna tíre aca do shoadh do imdhiden a athardha & dia cosnamh fri Gallaibh an ccéin conniocfadh. Ó Domhnaill imorra ro raidhsidhe ná sóidhfedh dia thir & na hoirisfedh éccin isin iomshuidhe ni badh síre & ro thingheall fíadh ardmhaithibh fher nErenn batar isuidhe na tiobhradh troigh tairismhe i ccath nó i ccliathach do chothucchad caithglíadh maroén re Gaoidelaibh na naonar & go sainredach i ffarradh na druinge forsro sraoínedh céttus an tan sin doigh ro ghabh dásacht & mire menman eisidhe & ba fó lais combadh é feisin cétna no mudaighfaidhe isin maidhm sin riasiú robadh fiadha foran méla sin fósfúairsiut Gaoídil. Robadh imegal dan laa shainmhuintir co nimberadh bás fair fodhein lasan ffúalang rotusgabh co naro thuil & naro luing i sáimhe fri re tri lá & theora noidhche {MS folio 83b} iaromh. Ba isin 3. lá Ianuari .1602. ro sraoined an maidhm sin Chind Sáile.