¶88] in marg. 1598. an 7 bliadain. Basi aimser inro ernaidhm Ó Ruairc a chor frisan Goibernoir i forbha Ianuari .1598. Nirvo fóilidh Ó Domhnaill do chloistecht an sceóil uair ba lucht cotaigh an cenél dia mbui Úa Ruairc da shinnseraibh o chein mhair & ba brathair dho eisiomh feisin conadh arna fathaibh sin narbhó menmarc lais ammus fair no inreadh a chriche amail chach & ro fhittir comba héiccen eisidhe mana soadh for culaibh hi combáigh na nGoidel uair ro heitirdeal ighthe a chotachsom fri gach naon ro naidhmedh a charatradh frisna Gallaibh. Ro ghabhustoir oga ail & oga etarghuidhe co hinchleithe an cettna fecht im shoadh ina fhritheing og tomaithemh & og bubthadh fair an fecht naile dia nanadh airm i mbui. Gabais O Ruairc occ coisteacht fris co hurthosach samraidh. Ro imeglaigh ainnsidhe inredh a thire otchonnairc narbot treisi na Goill olttat na Goidil & asedh do róine techt fo ghairm Uí Domhnaill & inro ataigh fris do denamh & do bert a oighriar ndo amail ro chuinnigh fair.
¶89] {MS folio 43b} Tuirthechta Uí Néill setal naile: batar dírimhe a dheabhtha & a dunoirgne frisna Danaraibh gurro ortustoir iliomat dia namhsaibh & dia ttoiseachaibh iomghona. Ro innir na túatha batar oga tturgnam & foa mamus coro chriathrastair na criocha frisan mBofhinn atúaidh go Traigh mBaile genmothat na duine & na daingenchaisteoil hi ttartsat a laechradh & a laith gaile i fforbhaise for Chenel nEoghain & forsna hAirgialla do rala fria ttoebh. Ni dia ndichleith eimh na dia nerdhibhadh na tartsom na comramha hisin for aird comramha & gniomradha na nGaoidel archena & ni fordal na iomroll ro baoi forn ima fforaithmet acht ardhaigh na bad édaigh frinn a ffithire forcthe fealmacacha a nollamhain & a nanshruith beos & na hepertais corbo huaill & imtholta & maoidh-
¶90] As imne forcoemnagair eisidhe: do rala port gabhala occ na Gallaibh for Abhainn Moir frisan Macha atuaidh & ba i nionbaidh síodha & coenchomraic conrotsad cetus & ro cumdaighedh an dara fecht lasan Iustis Tomas Lord Buruogh fri foimdin an choccaidh gurbo mur dithoglaidhe daingen criadh & tuir troda fora thaiblibh imaccuairt forsa mbatar senestri & forlesa fri diubragadh eistibh. Focerttsat na Gaill tri céd laech do roighnibh a lath ngoile isin port i forbaisi for Cenel nEogain. Ro chuir dina Ó Néill an coimlion cedna fria nucht ar na tistais diondrad na ttuath for nach leith ina ttimcheall. Fecht naile do dheachaid Ó Domhnaill i toirithin Uí Néill oro fhitir an eccendál i mboi. Ro acaoin Úa Néill a imneadh fris fodaigh an phuirt remhraite & atbert gurbo scith lais buith occa fhorcoimhed do shior amail no biodh dogres. {MS folio 44a} Atbert Ó Domhnaill ba cora co mór ammus do thabairt fair dia thrasccradh & dia chor dar cend ma conniostais oldas na tuatha do lot & dinredh asa los & narbo sodhaing dona curadhaibh bith hi caithfheis chianfhoda. Ro aontaigh Ó Néill frisan aithesg sin. Forcongartsat dib linaib fora muintir fuabairt an phuirt. Do beratt íaromh ammus calma fair amail ro herbadh friú. Ro gonadh ro marbadh drong mhór uaidibh & ni tarraidhset ní dhe. Ro delighset fris íaromh & tiaghait dia ttigibh.
¶91] Baoi Ó Neill ag coistecht friú ierttain coro scaichset a lóinte acht madh beg. Oro airigh iatsomh samhlaidh ro gabh longphort fora mbelaibh etorra & an Mhacha na tisedh slogh naile dia ffurtacht asin eiccendáil ghabaidh i mbátar, Oro fes don tSenadh & don Chomhairle a mbeithsiomh gan
¶92] Ticcsidhe co lerthionól a loechraidhe eiter traighthech & marcach & araill do choigedh Olneccmocht ina fharradh. Tangatar tra Gaoidil coigid Conchobhair isin toichestal sin co tinnesnach. O robtar fuirithe eallmha na Gaill dusnangatar fochetuair a ccédna huidhe co Droichet Atha. Aissidhe co Traigh Baile Duine Dealgan. Ieromh don Iobhar & go hArdmhacha. Fosaighit i suidiu co relccset a scís. Fosaighitt na Gaeidil don leith araill i comfhochraibh dhóibh eatorra & an port remhraite. Gabhait occ friothaire & occ foichill for aroile & ag tómaithem & ag baigh briathar. O roba mithigh {MS folio 44b} lasna Gallaibh fortacht a muintire atraghat i mucha do ló & gabait oga néittedh dionaraib examhlaibh íarnaidhe & do chathbarraibh ciomhusarda comhsholusta & do scíathaibh allmardha díarann imrighin aithleghtha. Ro ghabhsat a slegha slinnlethna semannchruaidhe asendadh & a mbíála belfhoda blaitheglannacha & a ccloidhme dirghe défhoebracha & a lanna lanfhoda lethfhaobhair & a ngunnadha gutharda granaoibhleacha corbho hinfeachtain dia naithentaibh a netargna mana aithenta íat fora nerlabra lasan leibhenn sciath & cathbarr & éittedh ro baoi foraibh dianechtair ag díchleith & diamlugadh a naighthech & a neinech & la hiliomat a narm archena dia ccomfholach.
¶93] Gabhaitt a nairigh chatha & a ttoeisigh iomghona asa haithle occ suidhiugadh na laechraide & na lath ngaile ina nionattaibh erdhalta co mbatar a ttroighthigh na ttri lorccaibh druim ar druim i ndedhaidh aroile. Fochertsat a lóinte & a naidhilge archeno i medhón etorra. Do ronsat eitedha catha dia
¶94] Tiaghaittsidhe ina trealmaibh troda go tinnesnach foa nerchomhair. Ba sain inneall & éccosg doibsidhe ar nibtar éidighthe na Gaedhil foa nionntsamailsiomh acht madh beg & robtar diairm i naithfhegadh na nGall acht namá ro bator a ffolartnadh do shlegaibh slinnlethnaibh & do laighnibh lethanghlasa leo cona ndícheltraibh daingne daghuinsionn inntibh. Ro batar leó cloidhme dirghe defhoebhracha & tuagha tana taidhleacha fri trasccairt treinfhir. Ni rabhator fhleascca náid ecclonna forro febh baoi for biailibh na nGall. Itíet na haidhme diobhraicthiu do rala leó foghadha fethshnoighthi & fiodhbaca feidhmnertmara cona saighdibh sruibhgéra & gunnadha glésoibne do gnas forsna Gallaibh.
¶95] Ro ghabh Ó Néill & O Domhnaill ag gresachtlaoidedh na ngalgat & ag maoidhem na miledh & ag tionchosg na ttreinfher & asedh atbertsat friú: a deghmhuinter ar síad na huaimnighther sibh & na gebidh grain ríasna Gallaibh ar allmhardhacht a ninnill & ar iongnáithchiu a neittidh & a narm & la torainnbeicedh a ttrompadh & a ttapúr & a ccaismert catha & ara niomatlionmairecht feisin ar as derbh deimin comad forra bus roén isin lo bagha sa aniú. As de ata linn ón ar atáithisi
¶96] Atbertsat na húasail & na hairigh corbo fíor dona flaithibh ar fhuigheallsat. Ro ghabh greim doibsiomh {MS folio 45b} an dúirghresacht do rónsat forna deighfheraibh uair atrachtatar menmanna na míledh & aiccenta na nanradh goro lion bruth & brigh & ailges imberta arm Conaill Eoghain Airghialla & Uibh Eachdach Uladh la haithesgaibh a fflath & a ffiorchodhnach & ro thingheallsat doibh na tiubhratais troigh for ccúlaibh & no foidhemtais a naidedh for aonlathair riasiú robadh raon forra. Fath oile dna ima ro eirigh aiccenta na nóg. Atchoadhatar doibh coro thiorchan naoimhBerchán faidh Dé co ttiobartha cath an dú sin for Ghallaibh Duiblinne la hOedh Ó Néill & lasan ccoiced archena uair ro thingheall co ttiocfatais ina thoirithin & Cenél Conaill sain redh. Ro chroitset na curaidh na heperadh an fáidh naomh goa. Asé ro fhoillsigh doibh cétus remhtherchanta an naoimh aroile fili airderc do shainmhuíntir Uí Domhnoill do rala ina fharrad foran sluaiged fri haireg tuile dhó Ferfesa O Cleirigh a chomhainm. Ro iomchomhaircsidhe cia hainm baoi foran maighin sin. Ro háisnéidedh dhó. Atbertsom gurro thairrngir naoimhBerchan sraoined for Ghallaibh an dú sin ria nAedh Úa Néll amail atrubromar & gurbo meamhair lais fri re fhoda an tairchetal do roine an firnaomh & ro ghabh acc gresacht & occ laoided na
- A ccath an Atha Buidhe
as lais thuitfit na Danair
íar ndíthugadh allmhuireach
bid faoílidh fir o Thoraigh.
¶97] O thairnic dona maithibh a muinter do theccoscc & do thréinghresacht ro suidighit ierttain ina nionataibh iomairgidhe fo erchomhair na nallmharach & ro bhui urspraic forra ona flaithibh na rémhthíastais hi comdháil na nGall co ndusficcdis i ffail i mbatar cluidh & clasacha & úamhfhochladha talmhan ro chlaidhset an Gaoidelshluagh for ciund na nGall an conair in rob erdhalta leó a ngabhail. O ro chomhfhoiccsighset na Goill doib ro seindit a stuic & a nadharca & a ccaismerta catha gurbho hadbar adhuatha & urgraine daradaibh anffanna anárrochta & do aos oirmeta anaichnidh coisteacht fri caismertaibh {MS folio 46a} na ccath nechtrann. O do rúachtatar an sluagh Gall darsan ccedna lethanchlais lándomain ro claided fora ccind atraghat Gaoidil ina nagaid & ro chomhghairset dhoibh go dighair dásachtoch. Rob eiccen dia ttosach anmhain re hiomghuin & oirisiomh re himdhiobhragadh. Ro ferait froischetha fogadh nionnchaol nuirettrom doibh & saighet sruibgher & ubhaillmheall luaidhe. Gabhaitt na Goill occa ndiubhraccadsomh fon ccumma ccétna a coelghunnadhaibh certa cobsaidhe & a muscaéitibh moralaidh go ccloss a ffúamanna & a bfogharthormán i fedhaib & i fáscoilltibh i coccuasaibh carrac & hi cumhdaighthibh cloch na ccrioch ccomfhogus. Ro gonait ro crechtnaighit dirímhe don tsluagh cechtarda lasna coimdiubraicthibh acht nama ba sia amh ro soichtis diubraicthiu na nGall. Ba hedh airmimbert do ronsat na Goidil desidhe ro heisreidhit imna Gallaibh imaccuairt & ro iadhsat ina niomthacmhang & ro dhluthaighset a ndeabaidh frisna Danaroibh coro lásat na heitedha catha ro bui forra dianechtair & an toes diobraicthi & an óccbadh imechtrach inntibh ar medón coro
¶98] Oro dheonaigh an Fiadha forordha & an Coimdhe cumhachtach cosgar & cathbhúaidh an laoi sin dona Gaoidelaibh ro chedaigh do laech sainredach dona Gallaibh íer ccaithemh a mbui do phúdar lais dul gusan mbairille ba coimhnesa dhó dona bairillibh pudair batar for imochor aca i neitermhedhón an tsloigh do fhorlionadh a bulgphócóide doridhisi & an tan {MS folio 46b} ro righ a láimh gusan púdar ro ling mindrithle narba mór asan maisde baoi for adhannadh lais isin mbairille & aissidhe in gach bairille co aroile gurro togbait i nionaibh & i nellaibh aeieoir etarbhuas in roba comfhoccus don ionadh i ttarrusair eiter ógbaidh & eachaib airm & eidedh & gach ní archena rob adhlaic leo do beith ar an lathair sin aca. Ro cumscaigedh dna an gonna mor bhaí leo for iomochor asan maigin i mboí gó aroile ionadh la treathan & la tendaltacht an tiormphúdair ag trenlasadh co niulla nimhe. Baoi beós an tealach ina ttimcheall ina haoinmeall dorcha duibchíach go cenn athaidh íerttain co narbo herusa do neach uaidib aithne do thabairt for fhior dia mhuintir budhdein tar aon dia eccraittibh. Acht chena ro horta generáil an tsloigh Gall & a ccuingidh catha .i. Henri Beging & iliomat día núaislibh & dia naireachaibh imaroén ris. Ro mheabaidh tra forsna Gallaibh lasodhain amail as gnaithbhes don tslogh fria netarscarthar a naireach catha & a ccenn costadha & comairle. Gabhait na Gaoidil aga leódh & occa leadradh oga marbadh & occa mudughadh na ndeisibh na ttriaraibh na fichtibh na ttriochtaibh na ccuiribh na ccédaibh go rangatar isteach tar na muraibh medhonchaibh i nArdmhacha. Imsáiset a nglaslaith & a ngiollanradh
¶99] Do chotar na maithe do chrúdh a ccomhairle imon ccaingen sin. Atbertsat foirend díbh corbo hiomairgidhe a légadh dona Gallaibh imthecht ardaigh fágbhala an phuirt ar ba treimhidsidhe do rala etorra & ro chuirset an cath. Ro gonta & ro marbtha iliomat dia muintir & ba cosccar mór leo a thrasccairt & a chor dar cend. Do batar aroile dibh oga thairmesccsidhe & occa rádh narbo coir na Gaill do thelgadh asna hiomchumhgaibh a mbátar & na fuighbithe i néislis doridhisi dia nernaitis uaidibh an tan sin. Ara aoi sin as fair deisidh lasna maithibh fo dheoidh a légadh úaidibh. Ro naidhmedh ratha etorra disiu & anall im chomall diaroile acht namá niro cheadaigset Gaoidil nach nerndail bidh archena arm ná órdanás púdar na lúaidhe do légadh la haon asan bport sin cénmóthá a thronc & a arm do legad lasan ccaiptín bui ann. Fosragaibhset na Gaill lasodhain an port & do ronadh a ffaosamh & a ccomairghe go riachtattur co hArdmacha. Lotar Gaill dib linaibh ara bharach a hArdmacha gusan Iobhar & dia ttigibh asendadh & ro lásat airdmhes fora slogh dus cia lion do esta forra ó thudhchatar fora ttirus. Basedh a lionsaidhe febh atrimhet a neolaigh dí mhíle ar chóicc cédaibh imá ngeneráil co nocht ccaiptinibh décc imaille fris dúaislibh & do dhaghdaoinibh. Acht atá ní chena atrulatar drong mhór dibhsidhe gan oidedh do ráith itíett crechtnaighthi & atrímhet
¶100] Dála Uí Domhnaill baisidhe {MS folio 47b} cona shlogh i ffos coléicc occ leiccen a scísi íarsan ccath sin an Átha Buidhe. Baoí dna dúnadh daingen dithoglaidhe hi ccoiccedh nAilealla isin cCorann doshunnradh Baile an Mótaigh a chomhainmsidhe. Batar Goill dogres fri ré theóra mblíadhan décc i forbhaisi isin dúnadh ishin dus an ttairsitis eill na criche ina comhfhochraibh ass & niro cuimhgedh a ghabhail forra an airett sin. Rosfuairsett araill dona húaislibh diarbo toich an baile & na feroinn robtar comhfhoiccsi dhó baoghal an bhaile gurro ghabhsat ar éiccin é forsna Gallaibh. Do Chloinn nDonnchaid an Chorainn na hí lásro gabadh. Cathal Dubh & Tomaltach Óg da mhac Cathail Mic Donnchaid iaidsidhe & ba dóib roba ruidhlius araoi ndúthchusa an dúnadh. Roba sníomh adhbal la Goibernóir an choigidh Ser Coneus Cliofort an baile do ghabáil fora mhuintir & ro ghabh occ aslach Chloinne Donnchaid imon dúnadh do thabairt dhó doridhisi & do rairrngir comhadha móra dia chind la taobh firdhilsi a forba doibh baddein & dia siol ina ndeadhaidh. Oro haisnéidedh dÚa Domhnaill indsin ro tarcclomad a shlogh lais i mís September & niro airis go rainic go Baile an Mótaigh & ro ghab occ imshuidhe in baile og báigh og bubthadh for Cloinn nDonnchaidh feacht ann mana thabhradais an baile dhó budhdhein seach cách. An feacht noile nó bhíodh oga náil & oga neadarghuidhe imó thabairt ndó dar cenn lóighe febh no brethaighfidis fein fair conadh fair desidh lasan cCathal & lasan tTomoltach atrubhramar an baile do thabairt dUa Domhnaill & dia chenél do shior ar ceithri ched ponnta & ar tri chéd bó. Óro naidhmsiot
¶101] I neacmhaing na ree sin dothoet Mac Uilliam Teaboit mac Uater Chiotaigh do shaigidh Ui Dhomhnaill do chuingidh conganta sochraide fair dia nertadh i nagaidh a eccrat. Ro fhaoidhsiomh dréchta dermára dia mhuintir lais día amhsaibh & dia oes tuarustail im Ua nDochartaigh Seaan Óg & im Mac Suibhne mBoghuinech Donnchad mac Maelmuire Mergigh. Do dheachaidh iaramh Mac Uilliam riasan slogh sin go toí tóithenach gan airiugadh gan fhorcloistecht (acht madh beg) tre gach tír tríasa ttudhchatar co riachtatar na hUmhaill ar as ainnsidhe bui crodh & cethra innile & áirnéis Rainn Mic Uilliam uile durmhor. Ro leiccedh eisreided & sgaoiledh da ffednachaibh díghaire diochoiscce ar fhud an tíre ina ttimchell goro theglaimset almha & airnéis buar & beochrodh na criche chuca do neoch nát buí for insedhaibh uisccidhe no for oilénaibh mara co mbatar a lordhaothain leó da gach cenel cruidh archena. Gerbhó sodhaing a ttograim ar thruime a ccreachghabhál rangatar gan guin gan gabadh cona nairccthibh & cona nedálaibh co Tír nAmhalgadha & Mac Suibhne co Tír Bóghuine & Úa Dochartaigh co hInis Eogain.
¶102] Ro leth tra an chomhghoil choccaidh fo chrich nErenn ierttain & ro goiredh Iarla Desmumhan an ionbaidh sin la nert Gaoidel do Shemus mac Tómáis Ruaidh dar terthugadh Gall & atracht isin ccogadh amail chach. Do Geraltachaibh a shlondadhsaidhe iar mbunadhus íer ngabáil ainmnighthe do
¶103] Iomthusa Uí Dhomhnaill óro scaich lais gleodh gacha caingne ro remaisnedhsium ba hann baoi a airisiom & a chomnaidhe i mBaile an Mhotaigh. Ba foda lais ro batar Spainnigh gan techt hi toirithin Fer Feine febh ro thingheallsat conadh
¶104] An tan tra do rat Bainriogain Saxan dia huidh an choimheirge cogaidh do ronsat Gaoidil & araill do Fhionnghallaibh Érenn ina hagaidh & inro hortadh dia huaislibh & dia hardmaithibh dia hogbaidh & dia hamhsoibh i ccath {MS folio 49b} an Atha Buidhe & in gach maigin archena inro mudaigit a muinter sechnón Érenn ro la hi sniomh & hi toirsi ndermair isidhe conadh fair deisidh le & la Comairle Saxan Iarle of Essex do chur co hErinn isin mBeltaine ar cind gusan lion ced & cathbhuidhen ba móamh innisit liubair do thocht i nErinn a Saxaibh riamh go sin. Hi fiorthús Februari ro trialladh indsin .1599. As aire émh ro cindedh leó an tIarla of Essex atrubhramar do fhaoidedh go hErinn tar aon eile dus an bad ferr a chonach catha oldas conach na foirne dusfangatar inte ón mBainriogain fecht ríamh úair ba hesidhe ceim iomarbagha na Saxan & a rinn agha & iomaircc & ba tuairgnidh catha dia phrionnsa in gach maighin i fforcongradh fair dul isin Eoraip.