Corpus of Electronic Texts Edition
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (Author: Lughaidh Ó Cléirigh)
section 6
An Cúigeadh Bliadhain 1596
¶64]
Iar bforbadh na ngniomh remhraite doleicce Ó Domhnoill cona shluacch tarsan Sligigh sairtuaidh an 15. Ianuari
i nurthosach na bliadhna so. 1596. in marg. 1596. an 5 bliadhain
& do deachaidh tar Duibh tar Drobhaois & tarsan Samaoir
budhthuaidh. Ro airis ina chrich feisin gan foghluasacht co
hurthosach samhraidh iartain. Bá hisin cétshamhain sin sainredh dusfanicc aroile duine uasal ó Righ na Spáine an 3. Pilib.
Alonsa Copis ba hainm don duine uasal ishin. Ba hi tuccait
fodosroghluais co hinis mBanba daithreos & dfhios sccél na
nGaoidel uair robtar aos codaigh & coimhchengail Gaoidhil
Fodla do Righ na Spaine ara ttuidheacht ón Spain feacht riamh
& do ratsat drong do shruithibh & do shenchaidhibh Fer fFeine
hi foraithmhet & i cuimhne don Righ tuirtheachta & scela
mac Mileadh & dana beos anlucht ro laithi forlonguss lasna Gallaip a
hinis Erind iar ngaitt a nathardha foraib no tiaghtaois deccaoine i
nimnidh frisiumh & fria shindseraib o chein máir. Dusfainig
an teachta cipindus febh atrupramar. Así conair ro sheolastair
a lunga lamh dheas fri hor nÉrenn aniar gurro ghaph port i
crích Boghaine hi ccuan na cCeall mBeg sainredh. Foghaib
failti hisuidhiu la huaislibh na criche ier na fhios scél & do
deachator araill dhíobh do eólus lais tré Bearnus Mór co rainicc
Leithbhior airm i mboi Ó Domhnuill an tan sin. Ro fiadhaigedh co forffaoilidh amhail ba dú fri ré theóra noidhche cona
láibh & ro ghabh ag athchomharc sgél an chogaidh atchuala
focerdsat na Gaoidhil forsna Gallaibh. Attcoadhathar dhósomh coleicc. Atbertsomh gurbho dia naithreós & dia ffios
scél do deachaidh for forchongra an Righ & nach ccaomhnagair
dol airm a mbaoi Ó Néill no anadh ni budh siriu la tindenuss
p.122
uair ba homhan lais dia ccloistis Goill a thocht co hÉrind {MS folio 31b} co
laifetis longus remibh foran séd. O ro fhitir Ó Domhnaill
gurbo fíor a nebhairt & an baoghal i mpóisiomh ro sgriobh lais
gusan Righ asa ucht budhdein & a hucht Uí Neill & a hucht
na nGaoideal archeana. Basedh tothacht an sgribind do chuingidh conganta sloigh & sochaidhe airm & iolfnaobhar i nagaid a
namhat & dia saoradhsomh iat on daoire a mbatar occa mbiodhbadaibh dogres (ag gaitt a nathardha forra & aga saobadh on
ccreidiom catholacda Romhanda ro priotchaidh naomhPatraicc dia senaib & dia sinnseraip & ro chongaibhset o chein
mhair) combtis fomhámaighthe dó do shior & dia shíol ina
dedhaidh. Do rat ieromh an techta laimh for imtheacht &
fágbaidh bendachtain. Téit Ua Domhnoill lais isin sligidh &
niro scar fris go ara bharach & ro lá araill dia amhsaibh lais isin
séd dia shnadhadh ar chuanaibh & cethernaib go ranaic darsan
mBernas rémhráitiu. Sliabh doraidh doibeoil eisidhe & ba
hadbha chuan & caibden fri slait & aircell cen co rostoifnestair
an tAodh Ruadh hishin ar nisrelgsidhe slatt na orccain isin
crich ó ro hoirdned i flaithius co farccaibh an innsi colleicc conadh
aire atberthi an Riaghaire rechtach desiomh ara mhed no riaghadh
do choillidhib & chuanaib & daes gach uilc archena. Dála Alonsa
Copis rainiccsidhe gusan bpurt a ffargaibh a lunga & teitt innte
& dobearat muintir Uí Dhomhnaill a fholartnadh feóla lais
isin luing daigibh imreamra & do chethnattaibh cluimgheala.
Ro baoisim i foichill na gaeithe anair cecib tan dusfiocfadh.
Ro sheolustair fodeoidh la cédthinfedh na gaithe anairtuaidh
laimh cli fri hor nErenn siairdhes gach ndireach co rainicc
don Spain.
¶65]
Iomthusa Uí Domnaill ro buisidhe i ffos go tosach
Jun. Niruo cian dó iertain an tan rugsat techta ó Mac Uilliam
fair dia aisneis dho co ttanaic generail cogaid na Bainríoghan
Ser Seon Norais co himelbhord a chriche turchomrac slóigh
p.124
mhóir ar dháigh co ccuirfedh coigedh Connacht uile i naenfhabhall daenrann & daoinleith la Prionnsa Saxan. Atiet na
hairig & na huaisli batar i sochraide an ghenerala Iarla Tuadmhuman Donnchad mac Conchobair m Donnchaid Uí Briain co
lion a shloigh & Iarla Cloinne Riocaird Uillec m Riocaird
Saxanaigh m Uillic na cCenn cona thoichestal. Acht chena
atbertis cach i coitchindi an tan sin naro tiomairgedh & náro
tionoladh fri haimsir imchéin inn Érinn a hucht Prionnsa
Saxan coimlíon i mbatar for an slogh sin. Ni thard Ó Domhnaill
na sgela sin atchoas dó i foill nach for dáil uair robtar fuirithe
eallmha a shlúaghsomh do thecht i ccoigedh nAilella cidh
resiú {MS folio 32a} ro siachtatar na teachta. Scriobhthar litri & scribhenna
la hUa nDomhnaill go Gaoidelaibh an choiccidh & ro dhálustar
chuga iat gusan iarthar airm atchóas dósomh an sluagh echtaircheneóil do ghabail longphuirt.
¶66]
Lasodhain doleige Ua Domhnaill i ccenn tséda cona
shlogh lais tarsan Érne siar tar Sliccech lámh dhes fri srúibh
Slébhe Gamh tré Luighne & tré chrích Gaileng co ranuicc
fodheóidh i nairis dala fri Seón Noruis airm i mbui occ fubthad
& occ báigh techt dindredh na criche mana thárttadáis géill &
aittiri uaidhibh. Ó rangatar dina techta Uí Dho mhnaill go
Gaoidelaibh an choigid amail atrubhromor dusficcetsidhe gan
essnadadh gan iomfhuirech fon toghairm hisin. Tainic ann
céttus allanair Ua Ruairc Brian Og m Briain na Múrtha m
Briain Ballaigh m Eóghain go sochraide chatha Ó mBriúin.
Tanaic ann Ua Conchobhair Ruadh Aodh m Toirrdhelbaigh
Ruaidh a himelbhortt Mhaighe hAoi fri hÁth Slisen anair.
Tanaic ann Ó Ceallaigh (Ferdorcha) a hUibh Maine anairdhes
fri Sionainn aniar. Tanaic ann Mac Diarmatta (Conchobar
Ócc) a Muigh Luirg an Dághda fri Coirrshliabh na Seghsa
anairdhes. Tangatar ann bheós na hí ro aitreabhsat an ccrích
ó Choirrshliab go muir hi tuaiscert an choiccidh edhón an da
Mac Donnchaidh & an dá Ó Eghra & Ó Dubhda. Iar ttorrachtain na nGaeidel go hait noénbhaile fosaighitt for ionchaibh
Seon Norais ar gach taoibh don abhainn dianad ainm an Rodba.
p.126
Ro baoi iomaithigidh desiú & anall fri sídh & chaonchomhrac
etorra & niba hedh ón iar ffior acht ba do brath & taisccéladh &
do thabairt bréicce im aroile dia ccoémhsatais. Baoi dana
Mac Uilliam Teabóitt m Uateir Chiotaigh co líon a thionóil
isin toichestal sin Uí Dhomhnaill. Anait athaidh an tucht
sin einech ind ionchaibh aroile go ttairnectar a lóinti lásna
Gallaibh. O ro scaich ieromh a mbiadh doibhsidhe as fair
deisidh leó deirghe an phuirt a mbáttar {MS folio 32b} ó na caomhnagatar
ní dona Gaoidelaibh. Doghniett samhlaidh. Soaitt friothroscc & niruó slán la Seon Norais a mhenma ar niruó gnath
lais a iompúdh a hiethaibh éccratt imne. Dothoett Ua
Domhnoill & na Gaoidil archena dia ttighibh go subach
soimhenmnach.
¶67]
Otchíett Senadh Duiblinde gaisccedh & geraittecht
Gaoidel dfhás & dinfhorbhairt & gombtar eolaigh i nairmimbirt & i nerndailibh an choccaidh ro imecclaighset remhibh.
Adhbhar oile beos ima ro omhnaighsett an ernaidhm caratraidh
& combagha fri Righ na Spaine & an long remhraiti do riacht
ón Spáin amail atchóadhatar doibhsiomh. Así airle arriocht
lásan Senadh & lasan cComhairle dhesidhe techta do chor do
shaigidh Uí Néill & Uí Dhomhnaill dfhuláiremh & daslach
síodha & coenchomraic forra. Basiat techta do tagoadh lasan
Senadh fri hiomluadh naithiscc na siodha etorra & na Goidil
Iarla Urmhumhan Tómás Buitiler a anmaim (a Saxaibh dusfangatar an cenél dia mbaoi: ro baoiside i naois enirt sendata
an ionbaidh sin) & airdepscop Caisil Maolmuire Mac Raith.
Dusficcetsidhe lásan techtairecht go rangatar gusan ccathraigh
fil for brú tragha Baile m Buain dia ngaror an Srátbhaile. Ro
fhóidhset techta dú i mbói Ó Néill do reladh na toscca ima
ttudhchatar. Foidhis Ua Néill na sccela cétna i ndochum Uí
Dhomhnaill. Ticcsidhe ieromh dirim mharcach co hairm i
mboi Ó Néill. Doieghatt dib linaibh co Fochaird Muirtheimhne for ionchaibh tragha Baile bhudhthuaidh. Tanaic
an tIarla atrubhromar & an tepscop for ionn na tolcha cettna.
p.128
Atféttad dona flaithibh an toiscc ima ttangatar & atbertsat
gorbho ferr córa oldas ceallach & no biadh iomaithbir chaich
diobh for aroili mana dernta an sídh. {MS folio 33a} Atchuadhatar doibh na
comtha do rairngirtsat an Senadh uaidhibh tar cend an tsí odha
.i. dílsiucchadh choiccidh Conchobhair dhóibhsiomh génmothá
an mbloidh tíre fil o Dhún Delgan co Bóinn ro tallta dhe ó
chein mháir lásna Gallaibh & na tístais na Goill forro tar toroinn
acht namá Gaill Cairrge Ferghusa do léccedh fri creic & connradh do shíor & na Gaill batar i cCairlinn & ind Iobhar Cind
Tragha ón mudh ccédna & dana na tochradaois maoir ináit
airríogha forra no a ccumat naile do thobhach chíosa nó chána
acht namá cecip cíos do bretha fora sinnseraibh do iodhnacal
dóibhsiomh go hÁth Cliath & na cuingifithe geill na aitiri
forra acht madh sin & foghebhdais an ccé tna na Goidhil atrachtator ina ccomhbáigh cogaid i ccóigedh Olnéccmacht.
¶68]
Iar ttairccsin a aithiscc & a orfhuighill don Iarla atracht
Ó Néill & Ó Domhnaill & a mbátar ina ffochair do chuingedhabh an choigidh asa náitibh s uidhe & doieghat don taobh araill
don tealaigh. Gabhaitt ag crúdh a ccomhairle & occ airlegadh
gniomradh na nGall ó ro chédghabhsat an innsi cétus gusan
tan sin. Ba sodhaing dóibhsiomh ón uair bátar meabhra leó
& la hUa nDomhnaill sainredh dóigh baoisidhe ag coistecht
friú na ceitheora bliadna & na teóra míosa ro bhuí isin ccarcair
in Ath Clíath & ba hi sin aicept as moamh ro meabhraigh ona
cimbidhibh focerdta isin ccarcair imaroén fris & bator hi
ccuimhne & i foraithmhet lais & atbert gurbhót cédluithigh
toghaóthaigh tingheallta Gall dogrés & gurbho tria gúthairrngire
ro ghatsat a nathardha for Ghaoidelaibh choiccidh Ghailían &
choiccidh Conraoi m Dáire & ni hedh namá acht cecib neach
dia ttallsat a ttír inn Ériu bá tria thangnacht & bhreiccshith do
bertsat dhe. Bidh imne doghenatt fribhsi {MS folio 33b} an ionbaidh bus
p.130
teirci bhar ccongaibh chatha & coccaidh & bhus tana bar ccliath
ghabhala & an tan gétar foroibh na Góidhil atracht in bar
mbáigh ria sunn diaidh i ndiaidh & faghabhat cecip ní chuinghifett ar bar ttrégadh. Doberat na Gaill bréig iomaibhsi ainnsihde
& saigfit foroibh an tan foghabhat co hainerlamh anfhuirithe
ibh i nuathadh arm & eidedh ócc & erredh madh síth
dognethi friu & gan rátha náid aitiri forro fri comhalladh fribh
in do rairrngirset dhaoibh. Adhbhar oile bheós. Ro athchuirsidh a charatradh for Righ na Spáine madh sith dognethi
& bidh nár & bidh meabhal daoibh gó do dhenomh frisan tí
na hepir goi & chomhalnafus inro tharrngair & robadh ainffíor
már daoib aimhiris do ghabhail de & dina fris sin nít cobhrathar
uadh doridhisi tan beithe i rriochtain a leas iar soadh foraibh
dona Gallaibh. Ro mholsat araill dona maithibh a nerpert &
ro aentaighsiot frisna haithiusccaibh sin ro fhuighill. Batar
foirenn oile dibhsidhe lasar lainn an sidh do dénomh &
atbertsaitsidhe ba hiomairgidhe denamh an tsiodha & bad
aithriuch muna dhernta. Monuar ámh ba fíor dóibhsiomh
inro raidhsiot cidh ierttain uair batar iomdha mna & miondaoine
& forusócclaoich do chotar écc duacht & ghorta fodaighin an
choccaidh hisin. Robtar iomdha beós laech lonnainnsclecha &
tóisigh troda & soerchlanna soicheneoil do chóttar aidhedha
anaipche etorra disiu & anall fobithin an chocaidh chétna.
Cidh fil ann trá cecip les nó aimhles donainicc ass ba héiccen
an sídh do thairmescc tria aslach & forchongra Uí Dhomhnaill.
Iompais an tIarla & an tepscop co hAth Clíath & atfétsat don
Justis & don Chomhairle a ndiultadh imón sith & a ffreagra
óna Gaoidelaibh.
¶69]
{MS folio 34a} Lasodhain ro láiset an Senadh a scela co críochaibh
Saxan gusan mBainrioghain Elizabeth. Ro ghabh ferg &
lonnus isidhe. Ro tionóiledh & ro teglamadh iolar ndaoine
lé dia ccor co hÉrinn cona congaibh théchta da gach nadhailge
archena conarbho lugha olttát fiche míle does tuarustail & do
amhsaibh ro bhátar i nurfhoichill choccaidh na nGoidhel. Ro
p.132
cumhscaigedh an goibernóir & an tairrigh baoi for choiccedh
Medbha an ionbaidh sin a cendacht an chóigidh .i. Ser Risderd
Biongom cona bhraithribh & ro gairmit co hÁth Cliath & ro
cuiritt aissidhe co Saxaibh. Dusfainicc aroile i nionadh an
ghoibernora ba ferr oldas & ba firiu gealladh dona Gaoidelaibh
i mís December doshunnradh. Coneus Clifort a chomainm.
Ridire airderc eisidhe araoi ngarma ba huasal iar ffuil ba fer
tiodhnaicthi sed & maoine. Ro tharmnaigh dhósomh indsin
uair ro soait chucca drong mhor duaislibh coiccid Medhbha
ara dheghairilledh. Ro soait chucca céttus Ó Conchobhair
Ruadh Aodh m Toirrdelbaig Ruaidh m Taidhg Buidhe & Mac
Diarmata Mhuighe Luirg Conchobar mac Taidhg co mbatar
ina mhuinterus & ro naidhmset a ccura friss. Tainic bheós
Ó Conchobair Sliccigh a criochaibh Saxan isin bhfoghmhar
doshunradh .i. Donnchadh mac Cathail Óig m Taidhg m
Cathail Óig ierna oirdnedh hi ccendus ón mBainríoghain for
ilchédaibh slóigh & saighdiuradh i nurfhoichill in roba
comfhoccus dó dUltaibh & do Chonnachtaibh do chennsughadh
fria laimh. Ticcsidhe co Connachtaibh fochétuair do thochar
fri Cenél Conuill & do chath friú i ccombáigh na nGall uair
roba mór a mifholta frisan ccenél hisin ó ro dhelighestair a
chelsine friú la forran & forlonn Gall & narba riarach dhóibh
amhail ba dúthaigh dó & cia no beithsiomh co fomhámaighthe
dUa Dhomhnoill nírbhó cóir iongnadh de ar ro bhaoi Brian m
Eachdach {MS folio 34b} a shinnser samhlaidh do Niall fa soamh inás ro
batar clann Mhoingfhinne archena & as la Fiachra mac Eachdach
ro halta antí Conall Gulban & hi cóigedh Olnéccmacht boi a
domnus cen co rusléiccestair hi foill ó rosghabh an mbloidh
tíre fil frisan Samhair atuaidh co Loch Feabhail iar nairther &
iarna gabhail a los a lámha dhósomh ro rann í fora braithribh
& do ratt an triochait chéd fil ó Abhainn Mhóir sairtuaidh co
Call Caoin ag Loch nÉirne do Chairpre mac Néill dia dherbhrathair & ó ro threabhsatt sliocht Briain m Eachdach an feronn
iar ndíobadh Ceineoil Coirpre acht madh becc ro lásat Cenel
p.134
Conuill fo chíos & sluaigedh doibh budhdeisin araba fheroinn a
mbrathar. Níruó machtnadh eimh dheisidhe cia no thairisedh
Ó Conchobair Sliccighe a muinterus & hi celsine Uí Dhomhnuill
& cia budh riarach dhó cen frithbheirt fris acht chena ro dlecht
an ccéttna do Chonnachtaibh coléicc cénmothá sin uair ro
foruaislighset siol Néill m Eachdhach for Ghoidhealaibh ó
chein & as doibh ba duthaigh righe na hinsi.
¶70]
Dála an Uí Chonchobair imrordaighsem ó rainiccsidhe
co cóigedh Medhbha ro failtnighset a oés cottaigh & cairdesa
riamh & ro lionsat a aés gradha & tairisi duaill & do diumus
dinnire & dimtholta dia thuidhecht & ro ghabhsat og báigh
& occ bagar occ táinsiumh & og tomhaithemh for Cenél
cConaill. Muinter Airt a slondadhsaidhe & asiad ba tairisigh
dfhior a ionaidsiomh dogres. Otchualaidh Ó Domhnaill a
ttuidhechtsomh fris & a mbaighbriathra & a ndul hi ccomhbáigh Gall na agaidh níro airis fri teglamad a shloigh do léir
go ttoét tarsan Sligech siar cona amhsaibh & cona oes tuarustail
lais go rusoirg an toes tairisi & ionmhaine imroraidhsem
ro bui la hUa cConchobhair in gach dú i mbátor i mendattaibh
mothardaingne & i ndroibhélaibh {MS folio 35a} diamra cona fargaibh
míol ninnile leó & ni roscroith don chrích acht ietsomh namá
cia roscoigill dóibh gósin ara ndínnimhe & ara nderóile lais
cen go rosbrost a mbriathra borrfadhacha a nainchridhe &
a ninnire feisin na coemhnacctar do dichleith a norccain forra.
Gabaid Ua Domhnoill longphort ierttain hi mBréifne Connacht
fri Sliabh Dá Én anoir. Ro oiris ainnsidhe conustorracht a
shlogh dia shaighidh as gach dú i mbátar.
p.136