¶33] in marg. 1594 an treas bliadhain. I neacmhaing na rée & na haimsire sin ro theglaim an Justis sluagh mór gan rathucchadh don chách lasar mhioscais. Dusficc tar na criocha bator comhfhoiccsi gan nach niomfhuireach go ranaig i traitte co hInis Ceithleann for Loch nEirne i neitirmhedhón Criche Monach. Ba heisidhe dunárus & ba port oireachais Méguidhir Aodha & gach aoin no hoirdnighthe hi ccennus na criche. Ba dúnadh daingen & ba múr dithoghlaidhe fri slogh nechtrand acht na batar na ffoimhtin an tan sin. Deisidh an Justis i forbhaisi forsan dunadh & gabhaitt an sluagh for togail an mhuir feibh conrangatar & nirbo torbha dhoibh indsin co ttarttsat araill dia aos iomchoimheda an baile uadaibh fodheoidh dar cenn lóighi. O ro bhaoi an baile for commus an Justis Ser UUilliam Fitz UUilliam fáccbaidh triocha laoch dia chomhdha forsan ccách frisro hettarscartha cona congaibh techta do bhíudh & darm & soaidh as feisin for cúlaibh doridhisi. Foraighit iaromh for gach leith gan chreich gan orgain for aroile fri ceitheora míosaib o Februari co hJun. Ba hadhnár lá hUa nDomhnaill Aodh Ruadh a fhod ro bhuí gan tocht i ffortacht Mhéguidhir ar asé ro aslaigh an coccadh & ba fora fhorchongra ro hadhnadh ar tús. Basedh fodruair dósomh gan dul i nellmha ina fhoirithm amail roba menmarc lais a beith occ iodhnaidhe & occ iomfhuirech frisna hAlpanchaibh do ringheall chuga for amhsaine. O roba foda laisiomh ro batarsidhe gan tuidhecht tarcclomtha Cenel cConaill lais coleicc & dothoet reimibh cona shlogh co hInis Ceithleann. Deisid isuidhe i forbhaisi forsan dúnadh o thosach Jun co medhón August goro chroithsett goro airccsct & goro indirset a mbuí fó mhamus na nGall {MS folio 18b} hi crich Airghiall & i mBreifne Uí Raighilligh co ttarttsat a mbú & a mbeócheathra i lón slóigh dia namhsaibh & dia naos tuarustail.
¶34] Iomthusa Ui Dhomhnaill buisidhe cona shochraide i forbhaisi & ind iomshuidhiu for Inis Cethlenn co hurthosach Fochmhuine feibh atrubhramar coro scaich a mbiadh don fhianlach batar isin ccaistiall acht madh beg. Ó ro fhedatar Gaill Duiblinne co mbatarsomh samlaidh faoidhit techta gusna Gallaibh batar hi coigedh Olnéccmacht dia fhorchongra forro tuidhecht go lóintibh bidh & dighe leó gusan ccaistiall. Tarcclamait na Gaill sluagh mór i naoinionadh amail ro forchongradh forro co mbatar cóig ced décc laech dóccbaidh armtha co ndruing dfherbaidh Midhe do Breifne Uí Raghallaigh & do Bhiongamachaibh coigidh Connacht. Iar tteglomadh doibhsidhe gabhaid occ báigh & occ bubthadh forna Gaoidhealaibh & occa thinghealladh go ttaotsadais hi toirithin an baile dia naimhdheoin acht chena nisrelic a noman dóibh tuidhecht i ttraitti. Batar Gaoidil ina ffoimtin cecib tan dusfiocfadais.
¶35] Tuirthechta an nAlpanach do ringheall fora namhsaine do shaigidh Uí Dhomhnoill dusficcettsidhe murchoblach mór go Loch Feabhail m Lottain eitir Cenél cConaill & Eoghain coro ghabhsat fos isin ecclais nairdirc dianad ainm Doire bhail inro bendach Criomhthann mac Fedhlimid m Ferghusa dia ngaror an Columb cennais. Atfiadhor dhóibhsiomh co mbuí Ó Domhnoill for slóigedh isin ccoiccrich febh atrubhramor. Foidhitsiom techta dia thochuiredh chuca & scribhenna. Ó rangatar na techta co hairm a mbuí Ó Domhnaill doberat a litre dó. Airleghais iat. Basedh a ttothacht .i. Domhnall Gorm Mac Domhnoill & Mac Leóid na hAra do thocht fo thoghairm Uí Dhomhnaill foran murchoblach atrubhramor go riachtatar an Doire remráitiu & muna thisedhsom i traitiu dia ffostadh
¶36] Ceileabhrais Domhnall Gorm dUa Dhomhnoill & fosragaibh a brathair ba soamh occa go ccóig cédaibh laoch dóccbaidh armtha & do laochraidh leidmhigh. Airisidh Mac Leoid an coimhlíon céttna & fostais Ua Domhnaill iad díbh linaibh. Ba suaichnidh on ietsomh hi tréchumuscc Fer Fene la saine a narm & a nerraidh a naladh & a nerlabhra ar asedh ba hédgudh dhóibh dianechtair breacbruit ioldathacha i forciupal gó nesccataiv & oircnib a ccresa tara náirdnibh allamuigh dia mbrataibh drong dhiobh co ccloidhmhibh benndornchuir itiet móra mileta ósa fformnaibh. Ba héiccen don laech a dhi laimh do thabairt i naonfhabhall ind urdurn a chloidimh an tan no benadh a béim de. Araill dhíobh go bfiodhbhacaibh féthshnoightibh feidhmnertmhara go sreangshnáithib secrighni siothchnáipe & go saighdibh srúibhgéra siaineteacha.
¶37] Dála na nGall otchuas doibside deirghe an longphuirt dUa Dhomnaill & go bfargaibh a shluagh dia éisi isin bforbhais i mbátar & a nermhor deludh dia ttighibh ar therce lóin dusficcitsidhe i noibne la cloistecht an sceóil go mbátar ind imeal Criche
¶38] Dála Uí Dhomhnaill ier ffostadh na nAlbanach dósaidhe docomhla go Crich Monach do thuidhecht isin iomshuidhe chettna i raibhe for Inis Ceithliund. An tan baoisiomh iarna shétt atchí chugu araill dia amhsoibh ro bátar occ sraoinedh an mhadhma forsna Gallaibh cona nédélaibh leó. Atfiedhot a sccéla amail forcaomnagair. Ba faoilidhsium dhibhsidhe acht namá ba tochomracht lais na baoi feisin isin {MS folio 20a} tachar ar nach éláidedh as dona Gallaibh i natrula dhíobh. Soais Ua Domhnaill cona Alpanachaibh for ccúlaibh & ro airis ina thír go rugsat techta Mhéguidhir fair hifrithisi dia aisneis dhó co mbui an Justis (Ser UUilliam Russel) ag tómaithemh & ag tinghealladh techt go hInis Ceithlenn dia gabhail an dara fecht. Ar ccloistecht na sccel sin dUa Domhnaill ro teccmalta a shlogh lais eitir urradh & deóradh & docomhlá go Crich Monach. Fosaighis iaromh hi Tír Cennata fri Loch nErne anair. Doghniat an slogh botha & belsccátha ainnside & anait samhlaidh ó dheiredh August go 5 dOctober. Otchualaidh an Justis Ó Domhnaill do bheith ina urfhoichill & Maguidhir cona shochraide dib linaibh ó ro fhittir co ttiocfadh Ó Néill ina ttoirithin ro ághustair iad co naro fhágaibh Áth Cliath an tan sin. Ó roba deimin la hUa nDomhnaill nach ttiocfadh an Justis co hInis Ceithlenn don chur sin iompáis ina fhritheing dia thír & ro léicc a Albanaigh uadha ier neirnedh a ttuarustail dóibh & ro gheallsat chucca doridhisi i nurthosach samraidh ar ccind anno 1595.