¶29] in marg. 1593. An 2 bliadain. O ro dheisidhsium (.i. an 24 Ianv. 1593) ina shuidhe flatha & ina iostadh aireachais i Lethber for ionchaibh a namhat Ua Néill Toirrdelbach Luineach ro ghabh occ imbeirt {MS folio 16a} a ainchridhe & a eccraitiu fair dia thofann asa fhlaithius & dia enertugadh hi foimhtin Aedha Uí Néill do oirdnedh ina ionad. Do deachaidh for bail dósomh an remhdheccsi do roine uair do rochair an flaithius fodheoidh do shaigidh Aedha Ui Néill & do ratt Toirrdelbach Luineach oenta & aittittin dó imon ainm as Ua Neill do ghairm dhe. Dogaror iaromh & leigidh an tí Toirrdelbach uaidh na Gaill ro bator lais ó do deachaidh i ccottach & hi ccairdes Uí Dhomhnaill. Hi mís Maii doshunnradh do roinesiumh indsin anno Domini 1593. O roba siodach Ó Domhnaill frisiomh do ratsatt an da Aodh cóicced Conchobhair m Nessa foa smachtchain siodhamail coleicc & ro bensat a ngéill & a naitire diobh dia nacomal & dia ccuimbrech fri tairisi dogres. O do bert Ó Domhnaill Aodh dia úidh gurbho tairisi & guruo hinnill lais an coiccedh uile an tan sin ro chuimnigh a mhifholta fodhéin fri Gallaibh & baoi occa fhoraithmhet on modh ccétna do Ghaoidhelaibh archena aidhble a nanffaladh friú & a nderghensat dulc & daindligedh ó chéin mair fri siol Ghaeidil Glais. m Niúil ag goid a ttochais ettarscartha & nemhetarscartha forra oga ttabairt hi ccarcraibh & hi ccimbidhecht oga riagadh tria ainchridhe & aininne & bad imne do meltais a ré co diúidh mbetha in gach tan no gebtáis eill nó baogal forsna Gaoidelu & dana atfet dóibh gurro fhaoidh feisin a thechta & a scribhend do shaigidh na Spáinne do thochuiredh conganta sloigh i nagaidh na nGall & gurbo lanshaoilechtain lais a ttuidhecht i ngaruair. Ba fíor dósomh indsin ar ro lá epscop Chille hAlaid
¶30] An tan atchlos la hAodh Mhaguidhir tigerna na ttuath im Loch nErne an terthriall do rinnscain Ó Domhnaill ba fó lais gomadh é badhdeisin cétna-imrordaighfidhe isin combáidh choccaidh hisin. Ba fer díumsach iomtholtanach eisidhe co mét menman co náirde aignidh miledh ar mhiltnecht greitt ar ghniomaibh goile & gaisccid tigerna ar thiodhnacal go niolar nócc & ndaoine lais. Focharttsomh araill dia shainmhuintir isin ccoiccrich baile i raibhe ócclach amra do Ghallaibh gurro ortsat & gurro oirccset an baile. Feacht naile dia ndeachaid Máguidhir Aodh (tria chomhairleccedh & tionchosg Uí Domhn aill) & basí conair do luidh go líon a shochraitte tria dheiscert Breifne Connacht láimh clé fri Loch nAillinde tria uachtar Ua nAillealla triasan cCorann tar droichet Mainistrech na Búille aisidhe co machaire Mhaighe hAoi dia ngaror Machaire Chonnacht. Ro léicc scaoiledh da sgeimheltaibh i ndobharshoillsi na maittne muiche imon tír ina thimcheall. Ba hann do rala do ghoibhernóir choiccidh Connacht (Sir Risderd
¶31] Atchuas tra do Ghallaibh Duiblinne indsin. Ro lionait do lonnus & dinnire. Ro herfhogradh iertain lasan Justis for morshloigedh Midhe Laighen & Leithe Mogha dul hi coicced Conchobair isin foghmar doshonrad daithe forra i nderghensat & do ratt a ccennus uile don Iarla Ua Néill ce nirbo lainn lais dol isin toichestal sin & beos do Mharuscal an Iobhair. Ro fhorchongair dina an Justis for goibhernoir choiccid Connacht cona mbaoi do shlogh o Shionainn go Drobhaois dul ina nairisidhe co hÉirne. Iar tteglamad an chetnashloigh sin atrubhramar docomhlat reimibh go Loch Eirne ingine Buirg
¶32] Iar ttocht do ghoibhernoir coigidh Connacht & dIarla Tuadhmhuman Donnchad mac Conchobair m Donnchaid Uí Briain co heochairimlibh Erne co sochraide coigidh Connacht imaille friu soait ina ffritheing go Mainistir na Búille & doiaghat iaromh dia ttigibh amail do deachatar an slogh naile. Acht chena fosrágaibh Ua Neill (Aodh) & an Marascál drechta dermara dóccbaidh & do shoighdiúiribh Gall i ffarradh Conchobhair m Conchobair Ruaidh Mhéguidhir ro buí i neissídh & i néccraites fri Máguidhir dogrés im chendus na criche. Ua Domhnaill dana ba tochradh mór menman & aiccenta laisidhe na Gaill do thionntúdh {MS folio 18a} samhlaidh. Ara aoi sin ó naro shaighsett fair níro shaigh forra ara anfhúirithi ro bhaoi & ro fagbhaitt dream mór dia mhuintir isin ath rémhráite do ratt hi furtacht Mhéguidhir ge ro iomghabh é feisin ar fhoraileamh Uí Néill uair ro buí techtairecht etorra fo dhichleith gan ráthucchadh dona Gallaibh. Bátar dina Goill & Gaoidil iarsin occ coistecht fri aroile gan nach friothorccain o cheachtar nae fri aroile fri teoraibh míosaibh geimhridh co hIomulcc na bliadhna araill anno 1594.