Corpus of Electronic Texts Edition
Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill (Author: Lughaidh Ó Cléirigh)

section 2

An Chéad Bhliadhain, 1592

¶20] Tuirthechta Aodha Ruaidh iaromh o ro hoirdned ind ionadh a athar amhail roba téchta nísrelicc eisreidhedh na ettarsccaradh ó aroile don uathadh slóigh do rala na fhochair eittir traightheach & marcach go ranuicc isin ccoiccrich go Cenel Eoghain m Neill ar ba holc a fhola friu an tan soin uair batarsaidhe occ forran fora thírsiumh ó ro lá laige & eneirte fora athair & o ro herghabadh é badhdéin la Gallaibh. Fáth oile ann dana ar robtar iad Cenél nEoghain ba coill fosccaidh & ba dos didin dogres da gach aon do Chenel cConaill fadhein nó friothardadh & no imresnaigedh i nagaidh a fflatha fírdhilis & nirbho dóibhsidhe namá acht da gach neach i nechtairchrich no bhiodh i frithbhert nó ind eccraittes fri Cenel Conaill ara mioscais ind. Araill beos nirbot cairdemail & nirbot caratradh imoroile don chur sin Ua Néill (Toirrdelbach Luineach m Néill Chonallaigh) & an tIarla Ó Néill (Aodh m Firdoirche) roba derbhiris dhósomh & dia athair dogres conadh arna fothaibh sin ba forra duthraccair dula i ttossach do fhromadh a chédgaisgidh & dimbirt a ainchridhe & a bharainde. Iar rochtain don uathadh slóigh sin i cCenel Eoghain ro chroithsett & ro indirsett an roba coimhnesamh dhóibh don chrich. Gontar airlighther gach aon rob inéchta ara rugsatt an slógh. Fuairsett édala iomdha bó & damh & gach indile archena isna comhfhochraibhe dóigh ni deachattor raibhthe rempu. Niro shaoilsett tra an tir Aodh Ruadh do eirghe hi ttraitte asan lighe othraiss a mbaoi & ni thardsat dia nóidh & ni bhaoi for menmain doibh teicheadh ria cCenél cConaill ó chein mháir.

¶21] {MS folio 12b} As ann tra baoi dúnáras Uí Néill (Thoirrdhealbaig Luinigh) an ionbaidh sin ar an Srath mBan bail hi comhraic


p.44

an da senabainn fosragaibh díle na dedhaidh fri aroile .i. Fionn & Modharn & nirbo gnath aithtreabh na airisiumh Uí Neill hisuidhe gusan tToirrdelbach hishin. Niruó moide sainsherc Aodha Ruaidh im Ua Néill óttchuala gorro dhálsomh a dhochum (dia nertadh i naghaid Ceneil Conaill & Aodha m Firdhorcha m Cuinn Bacaigh ropa cara & roba cliamhain dósomh) di caiptin airrderca Caiptin UUilis & Caiptin Fulort a nanmanna co ndib cédaibh laoch leó co mbátor lais an tan sin & ni antais dogres acht acc brath & taiscceladh an tíre ina ttimcheall. Ba tochradh menman & ba coimbrisedh cridhe la hAodh Ua nDomhnoill Gaill Duibhlinne do denomh eolais a athardha nach an chuiccid archena ar niruo herusa naidhm a muintiris frisan ccách atchluined hi ccáirdine fri Gallaobh ara aidhble ro bui a netargna & a neolus occa & ara dhaithe ro imbirset a nainchridhe gan fhochann fair. Iar nindredh an tíre dhósomh amail atrubhramor soais for ccúlaibh dia chrich feisin.

¶22] Níruo cian an iodhnaidhe baoi for Aodh Ua nDomhnoill iarsuidhe an tan do dheachaidh dia sechtmhaine doridhisi do indredh Tíri hEoghain. Doiaghaitt aithtreabaigh an tíre an dara fecht cona ccrudh & cona ccethraibh cona nionnmhasaibh & cona hiolmhaoinibh fora theichedh & fora iomghabhail bhail as siriomh conrangatur. Téidsiomh cona shlogh ina leanmhain & ina lurcc co ranuicc Cianachta Glinde Geimhin & ó dothoett i niomdomhain an tíre as ann atchuas dó Ua Nell (Toirrdhealbach) cona shochraide Gall & Ghaoidheal & cona shlogh archena do bith ina ccomfhochraibh & ina nurfhoichill. Ótchualasomh tra an ní sin ro gairmitt fochettóir a chomhairligh & a chuingedha catha cuga & o do riachtattur atféd na sccéla cétna dhóibh & {MS folio 13a} an toiscc ima mbuí occa ttoghairm co nepert friú: Atchualusa éiccin la haos fesa & eólais gurab derbharoscc airrderc o chein gach sluagh nach saigh saighfidher. As de ata lemsa indsin ar esiomh dia bfarccbham an chrioch don chur sa


p.46

& cul do thochar friar naimdibh nonlenfaitsidhe forar lurg & forar ffoilliucht diar ffobairt co feochair inar ndiúidh & bidh derbh leó gurab tlás & timme fodera dhuin gan a nionsoigidh itir. Madh edh doghenaimne cétus a ffobairtsium hifechtsa co hamhnus aindiuid nisrelccfe an uamhan & an cridhenbhas dóibhsiomh nach don ainffine echtronn filet imaille friu ar ttograim dorídhisi.

¶23] Ro mholsat cach archena an comhairle hisin. Doghniatt iaromh fair amail atrubhairtsiumh ar do bertsat fobairt biodhbadh & ammus aindiarraidh forra i midhmedhón laoi doshondradh. Otchiattsomh Cenel Conuill dia saigidh niro ansat friú acht tieghait fora niomghabail gó aroile caistiall ro bhuí for bru na Roa abhann isidhe fil hi Cianachtaib Glinne Geimhin. Ba daingen dithoghlaidhe an caistiall uair ro bui clochall cairrgidhe do thaoibh dhe cona lamhtha a leim don leth dia mbui. Batar iolar múr & mórchlasach & cladh ccomhdaingen don taobh araill de cona lamhtha ní dhó. Ba dion slóigh & sochaidhe an caistiall hisin & niruo herusa a iomshuidhe itir. O rangatarsomh fo dhaingen an dúnaidh riasiú rainicc la hUa nDomhnaill cona shlogh rochtain remhibh geibidh O Domhnaill longport don taoibh araill don abhainn go ara bharach. Dála Uí Chatin Ruaidri m Magnusa m Donnchaid m Seain tóisiuch an tíre faoidhis a thechta do shaigidh Uí Dhomhnaill & scribhenn lais. Asedh bui hisuidhiu ocá agra gurbho dalta dhósomh Ó Domhnaill riasan tan sin & goro nenaiscc a charatrad o chein fris & ro fháidh chucca ba hiomairccidhe dhó (andar lais) araba an charatraidh hisin an ccreich dusfainicc fora fhaosamh & comairce do leged dho an ionbaidh sin & nachasreilccfed chucca doridhisi dia mbethsiomh fora lurcc. Ro thingheall beos da threalam décc marcaigh do Ua {MS folio 13b} Domhnaill ar shaoire & shnadadh don chách do deachatar fora ionchaibh don chur sin.

¶24] Soais Ó Domhnaill for culaibh acht namá ro airis isin ccrich diarbo ruidhles na bú dia ttartt comairce go cenn theora noidhche cona láibh oga lot & occá lainmhilledh go riacht


p.48

fodheóidh goa thír feisin. O ranaicsiumh goa dhunarus go Dun na nGall desidh hi suidhiu & do bretha a leighe chucca do choimchighsin a choss & anaidh occa othrus fri ré dá mhios & ro lécc cumhsanadh dia shlogh an airett sin. Ba foda laisium ro bhui Ua Neill cona Ghallaibh gan fhuabairt frisin ré sin. Ro tarccomladh a shlogh dia shaigidh iar ttairccsin an da mhíos atrubhromar & docoislet ass tar Bernus Mor tar Finn tar Modhairn gusan Srath mBan bhaile i mbatar na Gaill & Ua Néill dus an ttairsittis a mboeghal. O na fargbhatar na Gaill daingen an dúnaidh dia ffobairtsiomh amail ba menmarc dhóibh basedh do rónsat teinte & tendála dadúdh & dadhandadh hi cetheora hairde an bhaile & niro sccarsat fris gurro loisgset & gurro indirset a mbui do thoighibh fri múraibh sechtair & gur roscuirset dar cend do ráith comba lór do thochar neich for iomroll & aineól an dluimhcheó diadh do deachaidh edh imchian on mbaile & ba isin ochtmadh decc Iulii do ronadh indsin. O na tangatar tra na Gaill danacal nach dimdheghail an bhaile forra fagbaitsium é iarna orccuin samhlaidh & tieghaitt dia ttigibh cen nach frithbheirt friu.

¶25] Iomthusa Aodha Uí Néill (an Iarla) atfiadar sunn settal naile o ro airighsiomh iomthnudh & aininne a deirbhfhine badhdein fri hUa nDomnaill & saorchlanna Cheineoil Conuill uile acht madh beg & a mbeith ag fubthad Gall Duibhlinni fair asedh do roine saigidh an airriogh ro bui fri laimh righ Saxan i ninis Érenn .i. UUilliam Fiz UUilliam. Asé roba Justis an tan sin & ó do dheachaidh ina dochom atbert fris co ndusfiocfadh O Domhnaill fo chora & chaonchomrac chucca dia ttardadh anacal & iomshnadhadh {MS folio 14a} dhó araba an élúdha atrula. Tingheallais an Justis co bfuighbithe amail ro hiornadhmtha uadhsomh. Scriobhthar protextion ieromh febh do rionchoisg Aodh Ó Néill don scribhnidh & do rat an Justis a láimh fair & do ratsat an Senadh archena. Ro dhál an Justis


p.50

chuga gusan ccathraigh fil for brú Tragha Baile m Buain eittir Dhún Dealgan & muir. An Srátbhaile atacomhnaic & atbert nachasbéradh Ó Domhnaill seacha badhdess go hÁth Cliath. Cieileabhrais Aodh Ó Néill don airrigh & don tSenadh ierttain & msói dia thigh & niruó cian an iodhnaidhe do roine an tan ro asccná i ttraitte isin sétt & isin sligidh ó Dhún Genainn m Cathbaidh siartuaidh gach ndireach go rainicc Dún na nGall airm a mbaoi Ó Domhnaill. Niro rathaighitt goro tharbluingset an diorma forsan ffaithche. Robtar foiltigh remibh an cách baoi fora ccind iarna ffios sccél. Baoi Ó Domhnaill ina lighe fora iomdaidh othruis & niro chumhaing eirghe i neallmha do fhiadhugadh na naoidedh do riachtatar a dhochom & ó na caomhnaccair ittir dothaett Aed Ó Néill dia aithreos góa iomdaidh & attféd dhó an toiscc ttudhchaidh. Athbertsomh nárbó lainn lais & narbhó slán a mhenma dia dhul i freacnarcus na nGall ó ro chedaigh an taoinDia dó etorsccaradh friú ara dhaithe & ara aidhble ro imbirset a nanchroidhe fair gan fhochann cidh riasiú robadh díor mithoimhdin do thabairt dó acht ara aoi nó ragadh laisiomh diamadh edh badh tol dó. Ba duiligh dósomh tuidhecht an turus sin uair robtar créchtnaighthe a chossa & niro híocait do ráith o ro benad a di ordain de febh atrubhramor. Bátar hi ffarradh aroile an adhaigh sin acc cinnedh a ccomhairle & ó ro chinnset ón docomhlat as ara bharach dírim marcach & niro ansat dia réimim (acht madh inn oidhchibh namá) go rangatar Srátbhaile Dhúine Dealgan. Foghaibhit an Jústís fora ccind an dú sin febh do ringheall. Tairbhlingit an dhíorma for iorlainn an dúine & faoidhitt {MS folio 14b} ann an adhaigh sin. Ó Domhnaill tra ó náro chumhgustar céimniugadh fora chossaibh acht mano thisedh for eoch dusficc an Justis fodhein dia shaigidh airm i mbuí & fáiltnighis riamh & dílghais dó an télúdh do róine & gach cion archena.

¶26] Iar naidhm síodha & caratraidh dhósomh fris an Justis asa haithle celeabhrais dó & fágbaidh bennachtain. Do bert iaromh laimh for imthecht. Doghni Aodh Ó Néill an ccéttna


p.52

iar ndénomh a thoscca amail roba data lais. Iompait dibh lionaibh friothroscc for culaibh an chonair tudhchatar óa ttighibh co ttorrachtatar go Dún Genainn. Batar athaidh isuidhiu occ fledhugadh & occ airiucc tuile guruó mithigh la hUa nDo mhnaill imthecht & ó ro thriallsomh indsin etorscaraidh don chur sin frisin Aedh naile gerbho haidhlescc leó ina ndís imscaradh do bith etorra. Dothaot iaromh Ó Domhnaill go riacht go Dún na nGall & airisis coléicc ina ligiu othrais doridhisi ó focherd a uaman de tria iornaidhm siodha & caonchomhraic frisan Justis. O ro haisneidedh don fhoirinn batar i frithbheirt frisiumh do Chenel Conaill a chodach & a charadradh do naidhm dhósomh frisna Gallaibh dusficcett fochéttóir go fomhámaighthe fo shidh dia shaigidh & dobertsatt a oighréir ndó fobith narbot tualaing tochar no tairisium fris (gerbhat iolardha a nóicc) ar as treisi flaith fiora.

¶27] Ba hedh indso inas aireghdha don lucht dusfangatar fo chóra chuccasomh. Donainicc ann ccttus Aodh m Aedha Duibh Uí Domhnaill sinnser sleachta Dálaigh m Muirchertaigh cenmothá Aodh m Maghnusa & ba fris do samhailte a beith hi cendacht na criche dia éisi. Fer seghainn soibhésach cennais cairdemhail eisidhe co neineach co naoidhedhchaire & co nengnamh féindidh ar fhéindidhecht fili ar fhilidhecht & ba fris atbeirthi seachnón Erenn hi coitchinde guruo heisiomh glún deidhenach gaisccidh Ghaoidel uair ba samalta do Lugh m Cén no do Throilus m Priaimh ar mharcaigheacht. Ba haithghin do Choin na {MS folio 15a} cerda ar ni thelccedh nach norchar niomruill & as ing má ro thérna neach riamh forar fhuiligh no forar fhoirderg feibh robo bés don ghaisccedhach Graegdha do Aichil m Peil & dana ni dheachaidh i cath nó hi cliathach i niomaireg nó i niomarghail na gonfadh neach éiccin cipindus. Ba fer diogalta & aithe a anffhaladh amail Conall Chernach m Aimirgin cona frith a bhaoghal cein baoi i mbiú. Acht


p.54

chena nirbo nár nó meabhal dósomh amail ro fhás & ro ionfhorbhair airbert & aindiúidecht détlacht & dánatus an riaghaire ríoghda rémhthiorchantaigh thairis .i. Aodh Ruadh m Aodha m Magnusa oir ba fer dúr dochoiscc dana degherlabhrach go ngnúis sochraidh suilbir go namhainsi & co náirde aignidh go ninntlecht & co naireag menman go ffos & go ffollamhnacht flatha go ttomaithemh & go nurepraic ina fhorchongra cona lamhtha urthuasacht a fhorngaire nách a bhreithre amail biodh é an Cesair airderc fora scriobhait filidh samail na tesda hisin. Conadh aire sin nárbho hadhbhar adhnaire & nárbo damhna dímiadha dAodh m Aodha Duibh Uí Domhnaill ina da nach aon dia bunaidhfhremh ina ré an macthairrngertach mórghlondach atrubhramor dia fhoruaisliugadh ar do roiscce do ilchenélaibh na hinsi in ro genair ó chein mháir & dana ba dalta dhósomh fadéin an tan ro bui ina mhacbhrataibh gerbo foirmteach fris don chur sin imónfflaithius.

¶28] Dusfainicc chugasomh fon ccruth ccétna Niall Garbh m Cuinn m an Chalbaigh m Magnusa m Aodha óig dia ngaror Aedh Dubh. Ba fer dian deinmnedach díchonnairchel esidhe ósé aingidh eccratach go neimh nathrach go luinne leomain. Ba géraitt gaile & gaisccidh ba cenn sloigh & sochaide fri cath & fri coccadh acht nama ba foirmteach frisiomh amail cach gerbo hi deirbshiur an Aodha roba bainchele dhó. Dorala caratradh oile etorra ar ro halta an tAodh ina macdhacht occá thuistidhsiomh ara aoi ni tria shainsheirc dusfainig acht ba ar oman itir. Dothaot ann bheós O Dochartaigh .i. Seaan Ócc m Seaain m Felim m Conchobair Charraigh taoisioch triochaitt chéd Insi hEoghain m {MS folio 15b} Neill. Ba tuiridh catha & ba hécclonn iorghaile & ba costadh sloigh iar sraoined forro an fer dothaott hisuidhiu. Acht ara aoi ba tria rinn & fhoebhar dusfucc Ó Domhnaill ina


p.56

mhuinterus geruo hanglonn. Ba imne omh: boisiumh an tí Ó Dochartaigh og tochuiredh Uí Dhomhnaill chucca i naires dála dhó do dheilbh síodha fris & ro chuinnigh chucca gan tocht isin dáil acht madh dá mharcach décc & bad samhlaidh tísedhsomh ina dhochum don taoibh araill. Niro naisg lugha na daingen fair & niro shirestair rátha inaid aitire acht madh sin. Dusficc Ó Domhnaill isin dáil & ni thard lais acht an lion atrubradh fris. Tanaicc tra O Dochartaigh don taoibh naile an lion céttna co mbatar tul hi ttul. Ba sníomh adhbal la hUa nDomhnaill & niruó miadh nó maisi lais aontóiseach dia mhuintir dhilis badhdein do bhith occ frithbheirt & occ forran fris conadh é ní do róine ionnsoigidh foithibh co ffeirg & co bfuasnadh go raoimidh for Ua nDochartaigh cona mhuintir & geibhther é badhdein & do bert lais & donucc egimel glaisiaroinn foa & nisrelicc ass conustard a óighréir ndó & geill & aitire fri comhall dogrés. O roba fomámaighthe Ó Dochartaigh & Cenél Conuill archena gusna hibh ro batar hi frithbeirt fris dhósomh ro gabh occ follamhnugadh a fhlatha febh roba téchta og coscc meirle & migniomh og tofann chuan & caibden & occ riagadh gach aoin no bhíodh fri slaitt & aircheall co narbo héiccen do chách deithittin im chomdha a nalmha ná a ninnile acht donesairtis for chona & cheachair namá go mbuí an chrioch gan cosnamh gan comoirb gan nach frithorgain ó chách fria cheile & no thuiltís an dí námhait for aoindérgadh ar nisreilgedh a nomhan dóibh foraithmhet a ffaladh diaroile. Bá daoineach dálach caithmech conghaireach aistreach essadhal aircctheach ionnsaighthech ro thochaith Aedh Ruadh Ua Domhnaill an cheittbliadhain sin do fhíorthosach a fhlatha & as forbairt baoi fairsidhe occa gach bliadain diaidh i ndiaidh co ttangatar a thiughlaithe.


p.58