¶1] {MS folio 1a} RO TUISMEDH émh clann adhamhra dUa Dhomhnaill (Aodh m Maghnusa m Aodha Oicc m Aodha Ruaidh m Neill Ghairbh m Toirrdhealbaigh an Fhíona et cetera). An Inghean Dubh ingen Semais m Alaxandair m Eoin Chathanaigh Mec Dhomhnaill do shiol Cholla Uais m Eachdhach Doimhlein roba bainseitigh dUa Dhomhnoill & rob isidhe mathair an robtar aireghda dia chloind. Itiat anmanna a fferscal ier nurd gheine Aódh Rúadh, Rudhraige, Maghnus & Cathbarr.
¶2] Dála an cheidmheic dibhsidhe Aodha Ruaid do radadhsidhe iarna gheinemain fochettoir dia oileamhain & dia leasughadh do shaorchlandaibh soichenelchaibh Chenéil Chonaill Gulban m Néill & nirbho hiadsomh namá ro ett eisidhe for altrom & oilemhain acht ro ghabhsat araill do Chenel Eóghain m Neill ar robadh derbh leo do raghadh ni de madh dia roisedh co haois infhedhma. Ro ghabhsomh iaromh for fás & for forbairt araoi chrotha & chaoimdenmha alaig & erlabhra egna & ergna ionfhais & oirbertais goro leth a ainm & alladh fo chóicc coigedhaibh Éreann eidir Ghallaibh & Gaoidhealaibh cid riasiu rainicc tar áeis mhacdhachta & ro choimhlion a chóig bliadna décc. Attchuas immorro do Dhanaraibh Duibhlinne adbhchlos & erdhercas an meic sin & basedh do ruimensett occa ina menmain na baoi a aithghein dErendchaibh fri haithe a anfaladh & dioghalta greisi a cheineoil dia lecthi co haois fherrdhata. Ro haisneidhedh dhoibh beos gurro thairrngirset faidhe & lucht remhaisneisi & tiorchanta na todhochaidhe co ttiocfadh a ionnsamailsiumh no bherad mesccbuaidhredh forrasom & for inis Ereann archena feibh ro thingheall Columb Cille mac
- Tiocfaidh fer an engha aird
dobera golmairg in gach tir
bidh é sin an donn diadha
is biaidh .ix. mbliadna ina righ.
Atberat foirend co mbadh é Cáillín Fiodhnacha ro thairrngir. in marg.
¶3] Araill ann dana ro omhnaighsett na Goill chetna eisiomh & an tIarla Ua Néill (Aodh m Firdorcha m Cuind Bacaigh m Cuind) do ernaidhm a ccodaigh & a ccaradraidh fri aroile ina naghaidh {MS folio 1b} uair roba deirbirisidhe dia thuistidhibhsiomh ó chein mháir & ba hi deirbhfiúr an Aodha Ruaidh remhebertmar roba comhmáim & roba cédmhuinter don Iarla Ua Neill Siobhan inghen Uí Dhomhnaill a comhainm. An tUa Néill ro hoirdnedh i ccennus for Chenel nEoghain feachtt riamh & dia ngoirthi anmuim an tan sin (Toirrdelbhach Luineach mac Neill Chonallaigh m Airt m Cuind m Enri m Eoghain) ba riarochsidhe do Ghallaibh don chur sin &nírbho tualaing follamhnadh a fhlaithiusa la heineirte & anfobhracht & no biodhsonh dogres occ ionnlach & occ etarcosaoitt an Iarla Ui Neill frisan Justis & frisan Seanadh ar omhan a aithrioghtha lais ar as imne ba oisidhe hi ttuile a ratha & a aoise an tan sin & ba scciath imdeghla & irscclaighe dar cenn a cheneoil. Ba haire sin ro ghabsat Goill Atha Cliath Duiblinne aimhires & mithoimhdin de (gerbho riarach dhoibhsiomh gósin) ar an ccaradradh sin baoi dho fri Cenél cConaill & do ruimensett occ aibh comba lor dacomhal & diomfhostadh fri dligheadh for Chenel cConaill & Eoghain a erghabailsiomh an Aodha Ruaidh ceni baoi acht ina ghiolla biucc an ionbaid sin conadh ar na fothaibh remhraite ro sccrúdsatt na Goill chetna a chuimreach cidh riasiu ro soisedh lais forbhadh an neith ro omhnaighsett do thocht asa loss.
¶4] Ba hamhlaidh forcaomhnagair an ghabhail hishin. Ro hiorlamhaighedh bairc mbelduibh mbraflangaicch (im fheil
¶5] Tuirthechta na luinge imroráidhsem hi tosaigh iar ttuidheacht di gusan ccuan for ionchaibh Ratha Maolain amail atrubhramar do relccit a seola fri lar & ro suidigit a hangcairedha dia himfhostad hi comhfhochraibh an chalaidh. Docomhlat dream dia foirind for tír iarttain ind eccoscc cennaigedh fo dheilbh siodha & caenchomhraic & gabhaitt for brath & taiscceladh for creic & connradh frisan ccách docuirethar fora ccind & addamhat co mbaoi fion & cormaim leo isin luing. O ro clos la muintir an dúnaidh an ní sin ni tharttsatt hi foill acht ro ghabhsat for cendach an fhíona & an lenda immale &
¶10] Iar ffios scél do Mac Suibhne (dfhior an dúnaidh Domhnall) na daileamain do dhiúltadh imón ffion ba hadhnár lais indsin conadh í airle do rionchoiscc a ainshén dó a thigerna (Aedh Ua Domhnaill) do thochuiredh don luing. Ba sodhaing ón a thoghaothadhsomh an ionbaidh sin uair ni bhaoi aon dia deghchomhairlidhibh dia oidedhaibh nach dia ollamhnaibh ina chaoimhthecht do remhiomthús na do shédugadh comhairle dhó & ni rainicc tar aois coicc mbliadan décc & ni thainic a gaos nach a ghliocus an tan sin. Ba samhlaidh ón don aos baoth borrfadhach batar ina fharradh gidh iatt ba sine araoi naoisi. Iar ccrúdh a ccomhairle don fhoirind ainegnaidh ro lasatt amach luingíne mbicc do rala for ur na tragha & imraiset gusan luing moir go mbatar or fri hor. O ro fhittir an fianlach báttor isin luing go mbaoi Aedh ettorra ro fháiltnighsett friú araoidhe ni relccitt anonn chuca acht uathadh daoine feibh ro thingheallsat im Aodh Ruadh im Mhac Suibhne et cetera. Ro freastlaitt & ro fiadaighitt do shaine bídh & lenda gurbhat subaigh soimhenmnaigh. An tan ba háine dhoibh occ ól ro gatta a nairm forra & ro hiadadh comhla an taiste tara néis & do rata i naragal foiriata bail naro chumaingset engnamh nó
¶7] Dála na luinge imroraidhsem & na fairne baoi innti o ro fhorbhsat an toiscc imma ttangatar & doberatt leo in roba toisccidhe do braighdibh & daittiribh an tíre imsoat as for ccúlaibh la trethan an tsrotha go rangatar an muir móir. Seolaitt iarsuidhe la tuinnsemhaibh na gaoithi aniartuaith fri hor nÉrenn sairdhes friothroscc na conaire remedeochatar gurro ghabhsatt hi ccuan Duiblinne doridhisi. Atchlos fochettóir fon ccathraigh uile a ttuidhecht samhlaidh & don Justis & don Chomhairle sainredh & Aodh Ua Domhnaill hi forchomed leó. Ba faoilidh iadsomh dia rochtain chuca & nirbhó fora sheirc itir & ro thochuirsett eisiomh gan fhuireach dia saigidh co mbaoi eineach i nionchaibh friu & gebhit occ iomaccallaimh fris & occ athchomharc sgel do & ba do thaisceladh & inchreachadh fora airrdhibh ba móamh ro batarsomh. Fodeóidh tra ro forcongradh eisiomh do chor hi ccaistiall comdhaingen clochdha bhail i mbatar soerchlanna mac Míledh hi cuimbreach & hi cimbidhecht occ foimhtin ecca & oidedha & araill duaislibh na bFionnghall dusfangatar an insi fecht riamh ro ghabhsat báidh & condalbhus fri Gaoidheala ind agaidh na nGall dusficcset
¶8] Iomthusa Aodha Uí Dhomhnaill baoisidhe samhlaidh hi cumma chaich ina chuimbreach fri ré teora mbliadhan & theora mis occ cloistecht frisan daorbhroitt i mbatar Gaoidil. Ba tochombracht & ba galar menman & ba sniomh adhbhal lais a beith ionuss ro baoi & nirbhó ara dhaigh bhadhdein acht fobhith an éccumhaing éccomhadhais i mbatar a cháirde & a chomhfhuilidhe a urradha & a ardtóisigh a neimedh & a naoimheccalsa a fhiledha & a ollamain a fhomhámaighthe & a oireacht for athchur & for ionnarbadh i nailechriochaibh sechnón Éreann. Nó bhíodh occa innethemh & occa scrúdadh dogres caidhe an tesrus elúdha foghébadh. Nirbhó sodhaing dhósomh ón an ní sin ar dusfucctha hi cubhachail foiriata isin caistiall gach noidhche dia iomchoimhétt condusficcedh teirt ara bhárach. Ba imne baoi an caistiall hisin & lethanchlais lándomhain lionnuiscci ina uirthimcheall & clardroichet comhdlúta fuirre fo erchomhair dorais an dúine & gasradh gruamaineach na nGall amuigh & istigh imon dorus dia dhúrchoimhéd cona diccsedh aon táirsibh anunn nach amach gan athchomarc don fhianlach allmhardha. Ara aoi ni bhi friothaire ar nach ffaghthar faill fadheóidh. Fecht naon dia mbaoi Aodh co ndruing dia aos comtha i ndeiredh geimridh doshunnradh i nurthosach oidhche riasiú do rata isna cubachlaibh foiriata i mbittís gach noidhche basedh arriacht leó téittréfedh rofhoda do breith gusan ffeineistir baoi fora nionchaibh & dusrelccet sios frisna suainemhnaibh goro tharbhluingset for {MS folio 4a} san urdrochat ro baoi allamuigh do dhorus an dúnaidh. Baoi idh imremhar iarainn asan ccomhlaidh fria tarraing chucca amach do neach tan badh adhlaicc. Do rattsatsomh balc lán glaice do chrond comdaingen tresan idh ar na
¶9] Nírbho coim ria ccioth do Aodh Ua Domhnaill a elúdh uair nirbo tualaing asccnam laa oes cumtha asin ionadh a mbaoi doigh robtar athgaoite ilchrechtnaighthe a throighthe toinngheala tanaidhe lá haiten & la himdresaibh la haimhreidhe & la hiomdhoraidh an tsléibhi tarsa ttudhchaidh ar ro heitirdeilighit a assa fria throighthibh iar ndíoscaoiledh a nuamann & a naidhmchengal lásan ffleachadh ná fuairset gósin. Ba saeth mór & ba galar laa aos cumtha ná ro éttsat leó é ní bad síriu & ó naro cumhaingset ní dhó tiomnaitt celebradh ndó & fagbhaitt bendachtain occa. As fair desidh laisiomh iarttain (iarna fhágbáil i nuathadh buidhne) a fher muintire do fhaoidedh go aroile duine uasal do shoerchlandaibh choiccidh Gailian do reccaimh hi ccaistiall hi ccomhfhochraibh do dus an ffoighbedh innilles no iomshnadadh occa Félim Ó Tuathail a shlondadh. Ba cara don Aedh riasan tan sin (andar lais) ar do choidh fecht for ceilidhe chuga isin ccuimbreach i mbui i nAth Cliath & ro naidmset a ccarattrad dibh linaibh cecib tan docuirethar neach uaidibh for ionchaibh aroile gurbo hiomairgidhe {MS folio 5a} laisiomh dol for eineach Fhélim araba an chottaigh sin ro ershnaidmsett. Docoisle ass an techta bail a mbui an Félim & atfétt dhó an toisg ima ttanuicc. Ba faoilidhsiomh riamh & ro thingheall a thoirithin an Aedha im gach ni ba toiscide dia ccaomsadh. Araoi ni conrairleiccsiott a charaitt nach a chomhfhuilidhe dhó a dichleith nach a diamhlugadh ar uamhan smachtchana na nGall dia aithe fair. Ro fess forra iaromh a beithsiomh isin bfiodhbaidh feibh atrubhramar & atraghat an cách atchualaidh fora iarair & dorelccet cona luirg fora fhoillecht. O rob erdhalta la Félim & lia braithribh cách oile dia fhoghbháilsiomh as fair desidh leo iad budhdein dia erghabail & a breith gusan ccathraigh for cúlaibh dochum an tSenaidh. Do gníth samlaidh. O rainicsiomh co hAth Cliath robtar subaighe an Senadh imshodhain & do ronsat neiffni & brigh mbicc don uile ghiall & aittiri atrula uaidibh & batar buidhigh don toicthen ro thathchuir chuca doridhisi. Gerbha
¶10] Baoisium samhlaidh isin ccarcair chéttna fot na bliadna go deiredh geimhridh doridhisi go hoidhche Nottlacc Stell doshonnradh anno 1592. An tan robo mithigh la Mac na hÓighe a elúdhsomh arrainicc feisin & araill dia aos comtha eill forsna coimhéttaidhibh i nurthosach oidhche riasiú do ratta isin prainntigh & gattaid i ngeimhle díobh. Atraghatt iarttain gusan ffiailteach & suaineamh siothfhoda leo & dorelccet sios lasan suaineamh tresan fféltigh go riachtatar gusan cclasaigh ccomhdhomain forcaomhnagair i niomthacmhang an dúnaidh. Ro dringset iarsuidhiu frisan mbruach alltarach go mbatar for ur na clasach don taobh araill. Itiatt géill atrulatar ass imaraon frisan Aodh Énrí & Art da mhac Seaain m Cuinn Bacaigh m Cuinn m Énrí m Eóghain. Ro bhaoi aroile gille tairisi occ athoigidh chuca don chaistiall i ndon echlaighi frisi relccet a run condusrala tul i tul tan ba hadlaic co mbuí deolus rompo. Lotor ass iarsodhain tresan sraittshlighid sreathbuidhnigh
¶11] Ba móo deilligh an dianaister annamh ainmeinic forsan Art inás for Aodh & ba haidhlescce ionmoille a cheimim ar as imne baoisidhe & é collnach remhairshliastach & ba cianfhoda ó ro cuimrighthi isin carcair i mbuí Nírbo samhlaidh don Oedh ar ni rainicc tar aois macdhachta & niro anustar dfhás na dionfhorbairt an ionbaidh sin & ba háith éttrom eisiomh desidhe & ba hutmall ésgaidh a imthecht. O ro rathaighsium Art occa eneirtiugadh & iomthruime a chéime asedh do roine fris a lámh do chor fora ghualoinn & an laimh naill ar gualainn an ghille. Doieghat as fon ionnus sin tar muinchind an maighshléibhe. Robtar scithigh tuirsigh iaromh & niro ettsat Art leó ni ba síriu & ó na fuairsiot fosaighitt i ffosccadh allbhruaich iomaird isind ermhona baoi ara mbelaibh. Iar nairisiomh dhóibh ainnsidhe faoidhit a ngiolla uadhaibh lia scelaibh go Gleand Maoilugra bail i raibe Fiacha m Oedha. Glenn daingen diothoghlaidhe
¶12] Lasodhain do roega an tí Fiacha fianlach dia oes gradha do neoch batar tairisi lais diobh & ro erb forra techt lásan ngille for ammus na nócc. Atraghat fochetoir febh ro herbadh friú & docomlat ass & fer fo bhíudh leo & aroile fo lionn & cormaim go riachtatar gusan sliabh bhail hi farccaibthi na fiora. Monuar ámh nirbhó soinmheach sádhal suidiugadh & samhugadh na soerchloinne sin for cind na ccuradh do deachatar fora niarair. Ni rabhatar brothracha nat brecána inat éttaighe cumhdachta foa ccorpaibh dia ccaomhna ar fhuacht & oighredh na ga irbhshíne geimriutu acht ased ba coilctheacha cottalta foa ccaoimhchnesaibh & ba cerchaille foa ccennaibh colbadha cladharda ciomhaisgheala cloichshnechta ag reódh da gach leth iompaibh & ag iomuaim a nionar nuirettrom & a sreabhoinnleintedh snathchaol fria sethnachaibh & a nassan imleabhor & a niallchrann fria noircnibh & traighthibh comba samhalta lasna fiora dusfangatar nárbot daoine itir iatt acht base a ccubat dfhottaib an talmhan chena baoi ann iarna nionfholach isin sneachta uair niro ráthaighset {MS folio 7a} bedhgadh ina mballaibh acht marbtis mairbh & as imne on bátorsomh acht madh beg. Lasodhain tuarccabhait an laochradh asa lighe iatt & fororchongartsat forra ní
¶13] Dála Aodha hUi Dhomhnaill iar nimthecht doibhsidhe uadha & iarna fhágbáil na oenar acht an toenóglach .i. Toirrdelbach Buidhi Ó Ógáin do deachaidh fora iarair isin nGlenn nairrderc: do shainmhuintir ind Aedha Uí Néill dóisidhe & no labhradh bérla na ttuath nechtrond & rob aithnidh eólach etorra dóigh no biodh i niarsháile an Iarla Uí Néill tan dusficcedh fria thosccaibh go cathraigh Átha Cliath. Robtar iolardha bheós cairde an tí Aedha Uí Néill dona Gallaibh fadhéin uair dobeiredh tiodhlaicthe & tuarastail mhóra óir & argaitt dhóibh tar cenn gabhála aige & labhartha ara shon isin tSeanadh. Ba dána an tócclach imna tuccaidibh hisin & nirbho himecclach im ghabháil tre gnaithshlighthibh na nGall. Lotar ass iaromh Aodh Ua Domhnaill & eisiumh for dibh neachaibh ána uttmalla i ródaibh raoindírghe & i sligthibh salcha na sein-Mhidhe go mbatar for ur na Bóinne ria mattain edh gairitt o Inbher Colptha siar. Ro cumhdacht cathair airrderc lasna hallmarchaibh fecht riamh occ Inber Colptha forsan abainn & droichett tairsi dana. Droichet Atha do gairthi don baile hisin & basedh conair choitchend Gall & Gaoidel gabháil tresan ccathraigh. Acht chena nisrelicc a nomhan doibsidhe gabhail treithe conadh edh do rónsat gabáil go hur na habhann atrubromar bhail i mbiodh iascaire {MS folio 8a} dínnimh deróil & lestar becc occa fri hiomluchtadh. Do chotarsomh isin ccurach conusfarccaibh an portiomarchurthaigh forsan mbruach alltarach iar ttabhairt a loighe co saidhbhir dhó. Ba maith laisiomh a mhenma ara mhétt fuair darccat & ba machtnadh mór lais ar niro étt a urdail riamh ó nach ndruing dia ttard a churach. Gaibidh an fer céttna lasna heocha tresan ccathraigh condusrad chucca iad don taobh araill don abhainn.
¶14] Tieghait fora neachaibh & lottar ass iarsuidhiu ina réimim go mbátar míle céimend fó dí ón abhainn. Atchiatt doire dosach díoghainn ara ccionn an conair ro ghabhsat & dúnchladh
¶15] O roba laininnil leósomh an tionad i natrala ro ansat ann go ara bharach dadaigh. Doléiccet ass iaromh fora neachaibh feisne la capurdhorcha thosaigh na hoidche tar Sliabh mBregh & tre Mhachaire Conaill go rangatar go Traigh Baile m Buain ria mattain. Conrótacht cathair hisuidhe for ur na tragha lasan echtairchenél imroraidhsiom eitir Dun Delgan & muir. O robtar ersloicthe doirsi na cathrach isin matuin mhuich as fair deisidh leósomh gabáil gan anadh gan airisium treithe. Lotar iaromh fora neachaibh ina réimim gan rathugadh go riachtatar triasan mbaile samhlaidh & ni thugsat cach imonair co mbatar don taobh araill. As aire eimh rob éccen dóibh gabhail tresan ccathraigh tar {MS folio 8b} chonair naile uair ro bhátar forairedha & etarnaidhe óna Gallaibh isin coigcrich in gach enach erdhalta in gach séd & in gach sligidh in roba doigh leó Aodh O Domhnaill do thochar chuca amail ro baoi for abhainn Life & do ruimenset nisléiccfedh an omhan dó gabhail trias an ccathraigh cipindus. O rangatar tar sraitshlighthibh na cathrach robtar subaigh forbfaoilidh araba a tternáidh tar gach mbaogal baoi rempo ar niro imeacclaighset nach ní ar rochtain do hisuidhiu ar ba fo mámus Aodha Uí Néill baoi an chrioch fri cathraigh atuaidh. Lotar as go Fiodh Mór an adaigh sin do leiged a scísi & ba hinnill dóibh i mbith an dú sin gerbo garfhoccus do Ghallaibh iat. Ba cara & ba comhalta
¶16] Dala Aodha Uí Domhnaill iar ccor scísi a aistir & imnidh de isin dunadh fri ré cetheora noidhche cona láibh do bert laimh for imthecht & tiomnais ceileabrad do Aodh Ua Néill & fagbaidh bhendachtain occa. Docuirethar dírim mharcach lais dia shnadhadh ar chuanaibh & ceithernaibh go ranuig co hoirer Locha hEirne. Ba cara dhósomh triath an tíre sin & ba brathair hi rainn a mathar {MS folio 9a} Aodh Mháguidhir atacomhnaic. Ba faoilidhsidhe dia thuidhecht chucca & fogheibh a fhiadhucchadh co hadhamra lais. Do bretha ethar derscaighthe duibhshlemhain a dhochum & dothaot ind & fágbhaidh bendachtain ag Maguidhir. Iomraiset ass iersodhain gusan ccael ccuarchumhang baoi forsan loch remhepertmar bail hi toet ass an obh adbhchlosach iaichiomdha frisi ráiter Érne. Bá dia athardha feisin an feronn hisin. Dusnáirthetor araill dia oes tairisi & dia shainmhuintir badhdhein & doberat eocha ána utmalla ina dhail an dú sin & lotar aissidhe co hÁth Seanaigh. Baoi caistiall comdaingen hisuidhiu for ur an atha tuargaibhthe i ttosach la sinnser an Aodha (Niall Garbh m Toirrdelbaigh an Fhíona anno 1423). Ba dúnárus adhamra & iostadh flatha dia chenélsom an caistiall & dia athair sainredh ar asé baoi hi cennus na criche an ionbaidh
¶17] Baoisiumh i ffos hisuidiu coleicc corustarcomlaiset an tír (do neoch baoi ina chomfhochraibh) dia shaigidh bail i raibhe. Nírbhó herusa éimh eisidhe ar as amhlaidh baoi an chrioch ina céide creach & caibden ag Gallaibh & ag Gaoidelaibh & atrachtatar deabhtha & dechétfaidhe dermára etorra féin armedhón co narbot riaraig dia fflaith amail roba téchta doibh ar ba forusócclach an ionbaidh sin é & nirbhó tualaing tathugadh a thuath ná ernaidhm a ngiall nach a naitire ó ro herghabadhsomh & dana deilligh an tsendata fair siú roba sen coleicc. Ótchiatt Gaill Duiblinne an chrioch samhlaidh fororchongarsat forsan ffianlach baoi uaidibh i ccoiccedh Olneccmacht ar {MS folio 9b} oile sochaidhe dhíobh do thuidhecht hi tír Conuill m Néill. Batar iad robtar codhnaig forsna hibh forro herailedh tocht hisuidhiu Caiptin Wilis & Caiptin Conuill. Docuislet ass co ndíbh cétaibh laech tar Duibh tar Drobhaois tar Eass Ruaidh & niro ansat dia réimim go rangator Dun na nGall for ur Iasccaighe. Baoi Ó Domhnaill isin mbaile co nuathadh sochaidhe & niro fhédsat nach ní dhó. Ro bhaoi mainistir bhláith bhennchobhrach hi comhfhochraibh an chaisteoil allathiar for ur na tragha & ba he Ua Domhnaill attredbairt durd S. Franseis fecht riamh anno 1474 & doieghatt a sruithe & a céledha Dé eiste an tan sin for techedh & iomghabháil na nGall. Airisit na Goill isin mainistir & doghniat puiple & pailliúin do thegdhuisibh diadha deirrite & do chubachlaibh claruaighte na cceledh nDé & na mac mbeathadh. Ro chuirset dina an mbloidh tíre ro bhuí ó Bernus Mór co hÉrne & go Glenn Coluimb Chille m Feidhlimidh co fomamaighthe fóthaibh & ba héccen i ngéill & a naittiri do thabairt dóibh uair ba hadhbhal uaman & imegla Gaoidel an ionbaidh sin ria slogaibh Saxan & ria laochraidh Londan (gemadh uathadh doibh) ar allmardhacht a ninnill & a néccuiscc & ar iongnaithe
¶18] An tan ba háinemh dona Gallaibh foran abairt atrubhramor as ann atchóas dóibh an Ruadh atrula do thuidhecht don tír. Rosgabh crioth omhain & imegla iatt & ba fair deisid leó deirghe na criche dia ccaomhsatais & ba fó leo na tístais inte ittir. Dála Aodha Uí Dhomhnaill ro thochuir an tír chucca & niro an friú colléicc (ótchuala milledh & mídhiach na mainistrech) go ranuicc go Dún na nGall eineach hi nionchaibh frisna Gallaibh. Ara aoi ni tarttsat an tír éisiomh hi foill gan tocht foa thoghairm (do neoch ro charsat é) na néisibh & na mbuidhnibh amail as déine conrangatar. Lasodhain ro lásom
¶19] Dála Aodha Uí Dhomhnaill luidhside co hAth Senaigh ifrithisi & deisidh ind & do bert leighe chuga do choimcighsin a choss & niro fhétsat freapad do coro heitirdhelighthe a dhi orduin fris fodheoidh & nirbo hoghshlán co diúidh mbliadna. Arái sin nisrelccsium de frisan ré sin gan dénomh secip ní ba toisccidhe do thathugadh tuath do mhalairt & do mudhugadh mheirleach & daithe a anffaladh ara essccairdibh. Bóisiomh ina othairlighe amail atrubhramar ó Iomelcc co hApril. Otchísiomh adhuaire na haimsire errchaidhe ar nimthecht & erthriall na síne samhrata chucca ba foda lais ro bhói ina othairlighe cen deirghe an phuirt a mbaoi ceni chonrairleiccsett a leghe dhó & basedh do róine tara nerghaire techta do chor go Cenél Conuill do neoch roba riarach dia thuistidibh dhiobh & a ttarcclomadh & a ttionól a dhochum allathair don tsliabh airderc .i. Bernus Mór Thíre hAedha. Dusratsom asendadh {MS folio 11a} láimh for imthecht ina ndáil & doionálat chucca i mbuí allathiar don tsliabh atrubhramor.