Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 123

In fichetmadh lá do mí Nouembriss tic don Róimh ó rígh crístaighe na Fraingci do thaispénadh aidite agus umhlachta an rígh do naomhthacht in pápa agus do thabairt póice dia choiss as a ucht extraordinaríí ambasadóir, diúc de Neuers a chomhainm. E ba diúc a Retel, ba hard-prinnsa Arceis, prinnsa Porsian, marcéis an Oiléin, iarla Manudess, guibernóir agus leptinont generál fo láimh an rígh a prouensi Compania agus Bria. Karalo Consago Decleuess a chomhainm baiste. Ba honórach airmhitnech adhamra du-s-riacht an diúc astech is in Róimh, for Gepta na n-Aingel do shonnradh, ar comghar agus a n-imfoixe tempail Petair. Ro bátor tra trí fichit múl fo n-a3 {ms page 132} charáiste, airm a mbuí a libhré a pláta agus a chostus, a remhthúss na sligedh, bruit ingantacha éxamla ildathacha go mbroidinélacht agus go gcír-chimhsoip suaithenta sídaidhi uass a gcennoibh. Dá múl dég fo throngcoip dessa gerra peinnteáilte i n-a ndeaghaidh sein, brat do miliuent deirg ier n-a oibriughadh lá hór-shnáithe agus airget-snáithe uas gach múl, armus in diuc badhdéin ier n-a chomhtharraing go ro-inntlechtach in gach brat. Clarcraithe coimhlethna capcainn-reamra for gach múl síat uile d'airget aoingeal aithleghtha. Bacáin chomhfhata co n-uile bhúclaidhi agus tairrngide a srien agus a n-audhaim d'airget mar in gcétna. Cleitighe comharda go n-éxamhlacht na n-uile dhatha a ffír-airde uas cennoip na múl. Aradhna comhfhota coimremhra do shída dherg go sgoth-dhossaibh móra for a gcennoip ass sríen gach múil. Gárda mór marcshlaighi in pápa i n-a ndeghaidh sein ar ndol amach


p.254

assin gcathraigh la deruráthair in pápa Seón Bautista Burgeis a gcomdháil an diúc. Múil persan na gcardenál timchell dá fichet dóip go ffudclocaibh coimhderga i n-a ndeghaidh sein, searbóntaidhe cardináil for gach múl. Tríer do dhaoinibh uaisle agus trier trompóir assa haithle. Coissighi in diúc badhdéin go libré ro-ingantaigh fichi a lín for eachraidh i n-a ndeghaidh sin. Páitsidhe an diúc i n-a ndeghaidh dá fer dég dóip, a n-édaighi do meleuent buidi. Na Rómhánaigh timchell dá chét marcach do dhaoinibh uaissle ro-onóracha for eachaibh áille uaibreacha a n-étaigibh comhdhorcha i n-a ndeghaidh. Na Frangcaigh ceithri fichit marcach for eachraidh roi-deiss lúthmair luath-léimnigh degh-áudhaim assa haithle, co n-imat slabrudh {ms page 133} óir fo a mpráighdibh. Da fichit barún agus tigerna as a haithle siet a n-ordugadh deissi bátar a gcompráit stáit frisna Frangcachaibh acht a n-étaigi do bheith dorcha. Cethror do thrompóiribh in pápa agus a cethoir do dromatóirib in tsenaidh Rómhánaig i n-a ndiaigh sin. Edaighe derga dealraighthecha buí leó. Trí fichit marcach d'oifficeach agus do lucht fedhma in pápa i n-a ndeghaidh. Bátor féin agus a n-eachradh a n-étaigib derga. Buidhen mór d'uaislib in tsenaidh Rómánaigh as a haithle. Cethror do daoinip uaisle ro-onóracha do mór-thír rígh na Spáinne a n-étaigip dupa i n-a ndeghaidh. Fichi do dhaoinibh uaisle mór-thitail i n-a ndeghaidh, don Frainc dóip. Lóghmhar éxamail mór-lóigh a n-étaighi féin co n-a n-eachraidh. Diúc de Forsa go ndírim móir marcshlaighi do diúcaidhip agus prinnsaidhip na Rómha agus na h-Etáille archena i n-a ndiaigh sin. Ba lór a onóraighi agus a státúsaighe fon uile doman du-s-riacht diúc de Fors. Derbráthair in pápa as a haithle, gárda Suser in pápa i n-a urthimchell. Cethror marcach a n-étaigibh derca go gcolbhaip commóra airgit aíngil a remthús na sligedh roimhe. Dí leacaidh dég do muinntir in diúc agus seiser Suser a n-étaighip buidhi as a haithle. Beirt d'feroip gorma i n-a ndeghaidh, a n-étaighi

p.256

do damusc dherc go n-imat do lássaigibh lethna ór-snáithe. Cuingir d'eachraidh roi-dheis go ndiallaitibh do meleuent deirg ier n-a n-imfholach do broidinélacht ór-snáithi i n-a n-aice. In diúc badhdéin as a haithle, é for chruinn-each beg roi-dess bhán, futcloc do melement uinnsinn os é línta do lássaigip órraidhe for a dhiallait. {ms page 134} Bacáin chomhfhata choimhreamra in tsríen co n-a búclaidhip, go stiróipib na diallaiti, co n-a huile ballaibh, ier n-a n-imdénomh do derg-ór go huilidhi. Edach ro-onórach mór-lóigh uime badhdéin ier n-a uile-broidinélacht lá hór-snáithe. Mórán démont agus do chlochaibh uaissle coimchengailte a gcorda in hata ro buí for a chenn, acht chena ba nemhchomhnaigthech dia láimh ag sír-buain in hata sin de ag tabairt umhlachta agus cúirtissighi do lucht a fhaixena agus a forfáiltighi. Ro buí immorro patriarca Hierosolima dia dess-láimh, ardesspog Uitail dia chlé-láimh. Mounseignour de Breues i n-a ndeghaidh, ambasadóir gnáth ro buí ó rígh Franc isin gcathraigh, ardespog onórach for gach taep de. Bátar tra leithchéd eitir espoig is preláit onoraigh eguilsi as a haithle, múillidhi ro-dessa go ndiallaitib agus futclocaibh ba lór feapus fo gach n-aon.