Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 122

{ms page 131} Assa haithle sin tra éirgis O Néill go tempall S. Gregorí in tress dég. Státion agus loghadh ro-onórach mór-lóigh ann an lá sin. E amháin ba háruss bunaidh agus ba histadh gnáth-chomnaidhe don Grigóir chétna sin. Runn-tápla ro-onórach marmair aoingil ann for a ngnáthaighedh sé comhshássadh bídh agus dighi agus gach dérce olchena do thabairt do bochtaip agus d'aidhilgneachaibh an choimdhedh chomhachtaigh gacha laithe. Fecht n-aon tig an Tigerna féin cétna a persain forsan mbord a mesc na ndeóradh, fer mar chách, mar shupáilcip agus mar airmitin dhó-samh fo bhíthin a dhéirci agus a thrócaire go ro lapair aghaidh a n-aghaidh friss agus é ag aurgnamh agus ag coimhriar


p.252

na mbocht. An darna bliadain ier pápa do gairm de ro bheannaigh an prímh-eglus sin a n-ainm agus a n-onóir S. Andriass apstail. Fuil a lámh badhdéin go ffiacail Petair go n-ilimat do thaissip naomh agas fírén issin egluis chétna sin.