Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 113

Ro buí in barún agus mac Uí Domnaill i n-a luighi issin ffiapras frisin ré aimsire si go huilide. Tochuirter do réir


p.242

teguisc na ndoctúiridhi iat go pálás onórach a monte Sitorio do glacadh aitherraigh aiéir ba ferr oldáss beith a m-Burgo airm a mbátar gusin tan sin.

Forior ní mor gur lan-binn na scela so.

{ms page 126} Ar mbeith dóip aimsir annsin fuair mac Uí Domnaill báss in cóicedh lá dég Septembriss. Is inmesta immorro nach don degh-fhortún nó don degh-chinnemain iss ferr tárraidh Eire an aurdail sin do degh-roignib mhac Míledh Espáinne d'foghbháil bháiss go hobann diaigh a ndiaigh a n-echtar-chrích imchéin ainiúil a gcoimhfhégmhuiss a n-atharrdha bunaid badhdéin. Ro hadhnacht tra mac Uí Domnaill a n-aipíd Sanct Pronséiss go sochraiti línmair laiss agus go ttorramh ro-onórach a prosesion i n-a thimchiol issin mainistir chétna S. Petro Montorio ar én-dénamh agus a n-imfochroib do thomba in iarla.