Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 111

Ba tuirseach nemgnáthach la hierla Tíre Conaill re mac Uí Néill, re mac Uí Domnaill in comhfhat ru-s-bátar i n-a ngnáth-chomhnaidhe isin Róimh. Smúainit agus comairligit


p.238

etorra badhdéin an Róimh d'fágbáil sealat, dol do spaisteóracht agus do glacadh aitherraigh aéir. Gluaisit a ttriar, buachail agus coisighi i n-a gcoimhitecht. Monuar nír soirb sóinmhech a tturus deóraidhechta. Eirgit go baile áirigthi ar comhghar na fairrgi for brú {ms page 124} srotha Tipir dar comhainm Ostia cóic míle dég ón Róimh. Dognít gné chomnaidhe ar gach taep don ruibér fri ré dá ló go n-oidqibh. Téit in doctúir onórach Domnall Ua Cerbhaill i n-a ndeghaidh. Térnoidit na maithe si tar ais gusin Róimh. Ní mór gur uo cúis ilghairdis dia gcairdip a ttoisc gusin dau sin óir mesait cách gur do hinadhoip is messa anffalláine aér mór-thimchell na h-Etáille uile an t-inadh sin d'áirigthi. Fóss nír dermait sé sin do thaispénadh dóip-sen óir ro gap fiaprass tessaighi teinntighi neimhneach an t-iarla an t-ochtmadh lá dég don mí chétna dia haoine do shonnradh ar aoi laithi sechtmaine 1608. Ar n-a mhárach dia sathairn gabuis in fiapras cétna mac I Domnaill .i. Cathbarr. Ro leagadh an barún isin ffiaprus an luan ro buí for a gcinn, fós Domnall O Cerbaill go gar n-a dheghaidh. An buachaill agus in coisighi ru-s-bátar maille friú gabait araon fiapras go lán-gairit i n-a dheghaidh. Ro buí an t-ierla go tteinnes ndíchra agus go ndocomal n-adpal fri ré én-lá dég. Dorat a uile choipsena. Gabuis chuice an sacrament naomhtha. Ro scar a anmain fria chorp. Fuair bás do moladh Dé agus na heguilsi ier mbuaidh ó doman agus ó deman timchell medhóin oidque dia luain. Ar n-a mhárach immorro dia máirt lá Sancta Márta an t-ochtmadh lá fichet do mi Iulíí ro hadhlaicedh in t-ierla a mainistir S. Petro Montorio. Sochraiti línmar agus torramh ro-onórach ar n-a n-ordugadh ó naomhthacht in pápa a prosesion onórach

p.240

go n-imat-línmairecht do lóchrannoibh lasamhain ciera go gcanntaireacht gcaoin-bhinn ttaidiúir ttuirsigh ar gach taeba de. E a n-aibít Sanct Pronséis mar do theguisg féin a cor i n-a urthimchell. Muiriss, buachaill in iarla, d'fagáil báiss in tress lá Augustíí. An t-ochtmhadh lá don mí {ms page 125} chétna ro-s-fuair in doctúir diadhachta Domnall O Cerboill mac Uaithne Uí Cherboill ó Moigh Dreithne a n-Urmumain báss et cetera.