Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 109

1

Laibheóram begán briathor ar eóluss na Rómha annso síoss mar is ferr fuaramar fria scrúdadh é agus sinn ag inotacht isin Róimh fri haimsir imchéin anossa. Atáit sé tempail ar dá fichit ar dá chét tempall innti gan na seacht prímh-eguilsi do lapramar do chomhairemh orra sin. Aon díp side tempall roi-dhess atá for foradh-chnoc ard aoibinn ar comhghar in páláiss i n-a mbuí comnaidhe na ttigernadh so, Honofrius a chomhainm, suas o des go coimhdírech ó


p.222

Gepta S. Spiritus. Radharc agus faircsin na Rómha uile ass gusin tTibir ag ascnam agus ag céimniugadh tríthe, fós radharc méide áirigthi do shliabh Alpa agus don Edáill mór-thimchell na cathrach. Ameno comhainm an chnuic áirighthe don sliabh for ar tógbadh an eglus. Ord Benedict is sámadh agus is coimthinól innte. Is aire ro hainmnigedh Honofrius fuirre: baí aroile rí amra oireghdha for san Persia fecht n-aill ro thecht mhnaoi a dhingbála. Ba supáilcech airmhitnech oirrderc adhamra in rí sin acht chena ní ro tuismedh clann nó ierdraighe ar doman dó. Ba tuirsech dibergóidech dobrónach leis gan a oigri díles dingmála do bheith ag luamhairecht a ríghi agus a fhlaithemhnuis i n-a dheghaidh. Iar mbeith treimhsi imchian fon dogra agus fon doimenmain sin is eadh ro scrúd agus ro fhorbhair i n-a menmain é badhdéin agus a chomhmaim go roignip a ndeghdhaoine a sruithi agus a senóire do dol gusin egluiss, an Trínóit nemda do atach agus do etorguide i ffrithchétfaidh na sacramente naomhtha maille fri troscadh aurnaighthi agus oilithri um aon tuismedh amháin cloinni dfagáil dó. Gníther samloidh. Eirgit gusin egluis. Aínit urnaighit {ms page 115} cíít a peacaidh agus a ndubáilce co n-a n-uile riachtanus agus amghar. Ro éist an coimdhe comachtach gerán agus égnach na ffírén so. Du-s-fáinic tra dia fertoibh agus mhírbailibh a fforcinn aimsire aithgirre as a haithle go ttarla toirrches don mbanrígain. Ba lúthgháireach ilgairdeach lasin ríg agus la maithibh rígachta na Persia uile ódclos deimin agus deaarbh in scéoil sin. Sen-námha arsanta na ffírén n-irissech .i. in diapal ro-ss-gap étt agus imthnúth adpal fo bíthin in tabartuis agus in tidhlaicthi sin dfagáil don rígh on Trínóid nemda. Is edh ro dholp agus ro scrúd i n-a menmain mailísigh mhíchinnemhnaigh fecht n-aon ru-s-fuair baogal ar in rígh agus é a n-airegal uaignech, éirgis dia innsaigidh a n-aibít oilithrigh imthruaigh. Adfét in rí scéla de. ‘Oilithrech athtruagh tuirsech mé. Ro shiplus formhór in domain ag dénamh turais agus treideanuis. Mesait cách mo beith naomhtha agus go ffuil spirat fháidetórachta innam ier n-inmedhón agus is truagh lim, a rí na Persia, mar do mealladh

p.224

agus mar do toghaothadh thussa lessin mbanrígain.’ ‘Cinnus ón’, ol in rí. ‘Ni hannsa’, ol in t-oilithrech; ‘adbiur-sa frit tré briathraibh fíre. Ba himshnímach athtuirsech let agus í an coimhlín so do bliadhnoibh ad choimhleapaidh gan clann nó ierdraighi agoip. Tarla dissi adaltrannus agus peacadh gránna do dénomh tar do chenn sa as go ffuil taebhthrom torrach in comhfhat so d'aimsir. Ná léic-si in chlann sin do baistedh nó do bheathugadh for do sheilp, agus ar imegla go tticfadh cenél comhaigthech do thruailledh fír-fhola na ríghachta, foláir morc mór tinedh do dénomh agus ar in uair a ngeinfider an chlann sin teilgter let a gcertmedhón na teinedh trichemh-ruaide sin í.’ {ms page 116} Mesais an rí go neimhghlic fo bíthin chealcc agus chathaighthe an aidhbirseóir gur uo fír-bhriathra gach ar chan fris agus gur uo duine naomhtha é agus creidis gach ní ro ráidh. Iar ttuismedh chloinne don mbanrígain cuiris an rí comhchruinniugadh ar roignib a deghdaoine go huilide agus teilcis dia lámhoip badhdéin an mac ro buí ag in mbanrígain a gcertmedhón teinedh romhóire tuc fodera do dénamh. Tarla an mac ar a dá ghlún go dírech isan teinidh. Féchuis uassa. Tógbais a dí láimh a ffidair chroisi agus umlachta don Trínóit nemhdha. Ro buí an bhanríghan for a glúinibh a ffrithchétfaidh in rígh dia atach agus día etorghuidhe as nach básaighfedh an t-aon-mac fuair ó Dhia, maithe na rígachta mar in gcétna, acht chena ba dímhaoin dóibh. Do grássoibh na Trínóide ba follus don rí agus do chách archena aingel Dé uassaibh isin aér agus ro fhorchongair forsan rí an mac do thesarcain, a chor dia bhaistedh, Honofrius do thabairt mar ainm fair. Dogní an rí samhloidh ar comairle an aingil agus ní ro erchóidigh an tene don mac ó beg go mór. Gabuis aithmhéle adbal-mór agus aithrechus dermair an rí agus smuainis gur uo hé an diabal táinic chuici a richt an oilithrigh agus dorat fo n-a inntinn an mac do chor isan teinidh. Is eadh ro scrúd i n-a menmain, ó do thesairc Dia an mac agus a síthcháin a peacaidh, a idhbairt do Dhia agus don egluis. Eirgis go mainistir d'ord Gerelamo agus riagal Benedict aca .i. ord díthreabach. Ro chuir an

p.226

lenamh dia bhaistedh. Ro fholáir Honofrius do thabairt mar ainm fair do réir theguisc agus aithne an aingil. As a haithle tra idhbraiss {ms page 117} agus toirbhiriss as a lámhoip badhdéin do thigerna-ab na mainistrech é a n-onóir na naom-Thríonóide nemhdha. Gabuis an tigerna-ap an bronntanus naomhtha sin chuice go sulchair agus nír uo háil leis a chor assin mainistir amach dia oilemain agus ro buí a ffrithchétfaidh na riaghla co nach tíssadh banscál for bith astech tar ballaighip na mainistrech. Tarla eilit ghléigheal go ngaimnín a comdhatha i n-a fochair a páirc na mbráthor. Eirgis an t-ab gusin dau i n-a mbauí. Ergabthar leis in laogh buí lé. Cuiris in t-ógmhac dia saigidh. Ba cennuis aumhal áilgen ru-s-gabadh an dalta sin lasan eilit. Ro buí Honofrius trí bliadhna comhlána ag a biathadh for lacht na heillti. Ticedh chuici d'oidhque agus do ló go leithimiol na páirce as urchomhair na mainistrech. Ro buí-semh ag fáss agus ag forbairt frisin ré sin. A fforcinn na haimsire sin mesait na bráithri betha dhaonnaighi do thabairt dó. Ba gnáthbés dó-san gach a ffaghadh do bairgenoip agus do blúireach uaidip do breith amach go a buime oilemna. Laithi n-aon ro-s-baoi ag dol amach gusin eilit. Bairgen aráin lais. Ro-s-fuair naomhMuire ógh agus a Mac mírbaileach i n-a hucht a ffidhair a lenbachta for a chionn issin páirc. Fáiltighis a uile chroide ier n-a ffaixin. Du-s-gní umla agus reuerens. Adbert as a haithle: ‘a Thigerna, lenamh sipsi; meisi lenamh oile. Ag so mo bairgen aráin díp. Guidim sip ier n-a glacadh díp ná hithidh í innamail agus ithim féin.’ Glacuis an Tigerna an mbairgin a lámhoip Honofrius. Du-s-rat dó as a haithle. Ro fholáir fair go ru-s-tardadh don tigerna-ab. Bátor sealat ag lenbacht agus ag diamair-naomthacht chomhráidh re aroile. Gabuis Muire agus a Mac a gcet as a serbhóntaighe díles umal as a haithle. Téit Honofrius gusin mbairgin do láthair in tigerna-ab. {ms page 118} Ní mór go ráinic leis a himchar fo bhíthin mar do fháss agus mar do fhorbhair ó lámhoibh an dúileman dia glacadh. Ba machtnadh adpal lassan tigerna-ab agus lasna bráithribh archena an mhéide ro

p.228

fháss forsan mbairghin. Mesait agus tuicit aca badhdéin gur go mírbaileach éxamail ingantach ro-s-fuair Honofrius an taispénadh sin.

2

Ro buí rath diadha a ffoilenmhain Honofrius óir ro lín d'egna agus d'foghloim agus do shupáilchip an Spirait naoímh. Fóss ro fhorbhair a mhét a mhaissi agus a mhiadhamhlacht. Fecht n-ann ro thoghsat an t-ord Honofrius mar uachtarán orra badhdéin. Ní ro fhaomh-samh an togha sin. Atbert go raghadh fo dhiamraibh agus droibhéloibh for ierroidh an leinb chompánta dorala dó a n-ucht naomhMuire óighe isin páirc ria sunn. Ní ro gabh toirmesc. Ceilibrais don tigerna-ap, do na bráithribh archena. Léicis go fássach na h-Eigipte é. Ag toigheacht dó ar comhghar an fhássaigh adchí an lóchrann teinntidhe for comhlassadh issin aér etorbhuass. Bidgais agus comhchrithnaigis la sodain. Léicis for a glúinibh é. Feacaidh for aithrighi agus aurnaigthi. Tic aingel Dé i n-a chomhdháil agus adbert fris: Ná ro-t-imeglaigther, a uassail, a Onofrius, óir ro fortachtaigh Dia duit agus is mar chomharrdha mírbaileach deit ro thaissealbh an lóchrann lassamna adchí. Fáiltighis Honofrius la cloisteacht uríathar an aingil. Du-s-rat altugadh buide mór do Dia. Eirgis isin díthrebh as a haithle. Ag ascnamh astech a ndroibhél deirrit diemhoir dó adchonnairc chuice senduine ro-arsanta a n-aipít oilithrigh nó díthrebhaigh. Forffáiltighis an senóir ier n-a fhaixin uochétóir, óir ba lainneach lúthgháireach lais an macaómh óg aoidedhach go rath agus go supáilcip diadha i n-a choimhitecht do chor chuice. {ms page 119}Treóraigis leis é as a haithle gusin duirrtheach ndeirrit ndiemhoir, airm a mbáui a aittrebh agus a inotacht do ghnáth. Is amhloidh immorro buí an duirrtheach .i. bothnait beg chumhang fo bhun chroinn chomhaird pailme. Airisit agus comhnaigit ann a gcomhaontaidh aroile agus a chéile. Is edh ba tuara agus ba hacnamhadh dóibh toradh an chroinn pailme do thomhailt maille fri fír-uisque na tipraiti ro-s-buí fo bun an chroinn. Barrghar agus duilleabar an chroinn isseadh ba himdíten dóibh for dherdain agus doishín, fuacht agus tes. Nir uo himchien tra


p.230

dóip a gcomhaontaidh in tan ro-s-fuair in sendíthrebhach bás. Fágbuis a ttimna tholtanach an crann pailme gusin mbothnait mbic gusin ttiprait ffír-uisce ag Honofrius a n-oighrecht. Ro hadhlaicedh an senóir la Honofrius sealat beg ón chrann. Buí féin go n-aoine agus go n-urnaighthe fo bhun an chroinn sin fri ré deich mbliadan ffichet ag moladh agus ag etorghuide na Trínóite nemdha ag aithrighe agus ag urnaigthi do ló agus d'oidhque. Toradh an chroinn gusin ffír-uisce isseadh fo betha dhó frisin ré sin.

3

Feacht n-aon dia ro smuain forsan gcompánach lenbaidhi dia mbuí n-a fhoilenmain, cuiris de uo chétóir in méide ro mhair d'iersma na senaipíte du-s-rat asin mainistir tricha bliadan roimhe sin. Fágbuis an crann gusan ttiprait gusin mbothnait. Gluaisis as a haithle seachnóin an díthribh. Aimser imchíen dó fon samhla sin gan comhfhortacht bídh nó édaigh. Ier sin tra téit a n-énerte agus a égcruass adpalmhór. Laithi n-aon dó isin imdhoraidh sin adchonnairc aingel in choimdedh chomhachtaigh chuici go proinn agus go ttomaltus do neimh. Du-s-rat-san altugadh buide dia Thigerna. {ms page 120} Coimhinann ro bheiredh an t-aingel an sásadh nemhdha .i. an sacrament naomhtha dhó gacha domnaigh dia lámhoibh badhdén agus do bheiredh an sássadh aimserdha seachnóin na seachtmaine. Deich mbliadhna fichet oile isin díthreb gan comhthathaigidh nó comaontaidh ó neoch for talmain acht cuairt an aingil. Finnfadh a chinn agus a ulchan, a ochta agus a chuirp archena, ba himdíten dó ar fhuacht agus tes frisin ré sin. A aittreb agus a inotacht fo barroibh crann. Smuainis a fforcinn na haimsire sin tra dol do thaistel agus do chomhsibal gacha méide ná ro shipal go sin don díthrep. A mbaoí ann confhaca a ndroibél dorcha a n-inmedhón na coilledh an duirrthech dess deirrit deighdénmhach. Ba machtnadh adpalmhór lais. Atchonnairc tra for a chomhghar senóir aosmhar arsanta. Eirghis for a amus. Mar atchonnairc an senóir an créatúir imthruagh anaithnidh sé ar n-a thuighi


p.232

agus ar n-a imfholach dia fholt agus dia fhinnfadh óthá a bhonn go a bhathuis bidhgais agus imomhnaighis agus ru-s-léic a ráon madhma agus ro-theithidh é. Ro-s-len Honofrius é. Siris fair a n-onóir na Trínóide nemdha furnaidhe agus airisemh i n-a chomnaidhe. Dearcuis an senóir i n-a dheghaidh. Suidhis Honofrius forsan talmain. Tuigis tra an senóir gur a modh umhla agus cennsachta agus nemhurchóide doróine Honofrius an suidhe. Ier sin du-s-riacht for a chomhghar go himeglach faitchesach. Fochtait araon scéla di eroile. Atfét an senóir gur uo díthrepach é badhdéin ro-s-buí fri ré imchéin ag inotacht agus ag aittrebhadh isin díthrebh sin, gur uo Pamplutius a chomhainm. Léicis Honofrius for a glúinibh é la cloisteacht an sceóil sin. Ro inniss a imthús agus a uile echtra badhdéin. Athchuinghis agus etorghuidis an senóir naomhtha {ms page 121} um Dhia do ghuide ar a shon. Odclos immorro lasin senóir gur uo heissen Honofrius ru-s-léic for a glúinibh é. Siris a n-impidhi agus a n-athchuingidh fair Dia do guide ar a shon. La sodain tra etorghuidit an Trínóit nemdha do ráith anma aroile agus a chéle. Ier sin atchonnairc an senóir an t-aingel do neimh go mbairgin agus go mbuidél fína ag toirling ar cúloip Honofrius. Ba dearb laiss ó sin suas gur uo duine diadha go ndeigbhethaidh naomhtha é. Bator sealat a gcomhaontaidh. Laithi n-aon dóip ag urnaigthi adchluin in díthreabach guth an aingil do neimh agus issedh ro ráidh: Honofríí, audita est petitio tua .i. a Honofri, ro héistedh h'ierratus. Ba móite sa chách grádh toltanach in díthreabaigh d'Onofrius cloistecht briathar in aingil.

4

Laithi n-aon siris Honofrius a n-onóir Dé for in senóir a chulpa do éistecht agus apsulóit na heguilsi do thabairt dó i n-a auile peacthoip agus dupáilchip. Du-s-gní in senóir samhloidh. Ier ttabairt a uile choipsen d'Onofrius ro scar a spirat anma fria chorp ar mbreith buadha ó doman agus ó


p.234

deaman agus é eitir díbh lámhoip an díthreabaigh. La sodhain tra éirgis crith agus cumsgugadh adpolmór issin díthrebh i n-a n-uirthimchell agus gapait na croinn ag coimhletradh agus ag comthuargain a chéile seachnóin na fidbaidhi. Ier sin tra adchí an senóir na sé haingil go lóchrannoib lassamna go n-ilcheóloib éxamhla ag toirling do neimh ar gach taep do chorp Honofrius. Dá aingel oile i n-a ndeghaidh-sein, long thúissi a láimh nechtair aca, turibulum a láim in dara haingil. Comscaoilit supáilci agus boltanugadh na túissi mórthimchell an chuirp. Ba hécnach agus ba follus don senóir ag ternódh suas do na hainglip in dara fecht anam in fhíréin uassail Honofrius ag a imchar ag dí aingel díp a richt agus a ffidair choilmne gléigile. {ms page 122} Adchonnairc as a haithle an Slánaigtheóir badhdéin ag toighecht do dingnoip rígthighi nemda ag gabáil an anma sin i n-a lámhoip bad-deissin. Ba tuirsech imshnímhach an senóir a haithle a chompáin charthanaigh agus a choicéle comhaduis. Ro buí in méide sin d'foirfeacht aoissi agus d'aimneirti fair coná fitir fon uile doman cinnus do adhlaicfedh an corp. Gar ier sin atchonnairc an dá leoman lonna léidmecha chuici. La sodain tra crithnaigis agus commbidgais. Derbh leis go muirfitis na leomain é budéin maille fri coimhithe chuirp a chompáin. Iar sin tra ticit na leomain ar amus chuirp Honofrius. Léicit for a nglúinibh iet. Gapsat tra ag pócadh agus ag lighi a chos agus a lámh. Ro bátar ier sin ag commbualadh a gcos forsan talmain agus ag tabairt chomarthadh don senóir cia in t-inadh áirigthi in badh toltanach leis fert agus adnacal do chlaide. Ro thogh in senóir aroile inadh imchubaidh dóip. Gerrais co n-a throstán comartha na croichi césta isin talmain. Cumais fot agus leithet an adnacail. La sodain tra comhthochlait na leomain in talmain co n-a gcosoip. Treóraigit ieramh corp an érloimh uassail adhamra leó go mbuí for brú an adhnacail. Cuirit a ttalmain as a haithle do réir forchongra an díthreabaigh. Léicit fon ffidbaidh

p.236

iet as a haithle ier gcoimlegadh chloch agus chriadh forsan corp agus ier ngabáil a gceta go humal áilgen ag an díthrebhach. An comhfhat tra ro buí an t-adhnacal ag a dénomh teglamait agus comhchruinnigit uile fhiadhmíla agus ethaiti allta égcennuis an díthreib go léic. Ro bátor tra go taoi tostach táoithenach go ttairnic an t-adnacal. Comscaoilit seachnóin an díthreibh ieromh. Atá immorro rannchuit dia chorp go ffertoibh agus go mírbailip issin reclés remráiti. Atá immorro a anam a n-aontaid uassal-{ms page 123}aithrech agus fháidedh, a n-aontaidh náemh agus náemh-óg in domain, a n-aontaidh apstal agus descibal, a n-aontaidh deachta agus daonnachta mic Dé uile-chomachtaigh, a n-aontaidh naoi ngrád neime ná airmdeachatar, a n-aontaidh aingel agus archaingel in choimdedh na ndúla, isin aontaidh is uaisle gach n-aontaidh, a n-aontaidh na naom-Thrínóide uaisle Athair Mac Spirat náomh. Ailim trócoire Dé uile-chomachtaigh tre impide in naoimh-érloimh uassail sin go ríssam go ro aittrepam an aontaidh sin in cecula ceculorum amen. Gar ier sin tic aingel Dé gusin díthreabhach. Earbuis fair athascnamh dia atharrdha ndílis badhdéin .i. gusin Eigipt. Du-s-gní samhloidh. Aisnéidis agus oirrdercaigis fiadh na huilip uile scéla agus betha agus naomthacht Honofrius et cetera.