Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 106

Día dardaoin chuirp Críst du-ss-riacht ordugadh ón athair naomhtha gusna maithibh si as go raghdaois i n-a persanoibh badhdéin ochtar do roighnibh a ndegh-dhaoine d'imachor chanabí ro buí uassan sacrament naomhtha sí a lámhoip in pápa ag a himchor go honórach a modh prosesioin óthá prímh-thempall Petair in Vaticano go ro riacht tempall Sanct Sém a mBurgouesia, as sin aríss go ro riachtsat tempall Petair. Do deachatar-san do láthoir naomhthachta in pápa. Ro imchradar an canabí uassan sacrament naomtha agus uassan pápa, acht ní fhuaratar Eirennaig riamh a compráit sin d'onóir agus d'airmhitin. Ingantaigit na hEdáilligh go mór a mac-samhla sin d'onóir agus do supáilcibh d'foghbáil dóibh, óir atbertsat dronga díp nach meinic go ffuair én-násión amháin isan doman ríemh bheith ag imchor in chanabí. Ambasadóiridhe uile rígh agus prinnsaidhe catoilce na crístaighechta doralaighset issin gcathraigh an inbaidh sin, ba gnáth-bhés bunaidh leó diaigh a ndiaigh gacha bliadhna a


p.190

seal d'imchar in chanabí d'foghbháil. Ba hétmar imthnúthach ingantach leó mar nach ffuaratar a imchor in lá sin do sonnradh.

Tadc do scriobh agus bennacht for a anmain 1609.

{ms page 95}

Ba honórach airmitneach aoipinn in prosesion, óir bátor formhór ord riaghalta agus uile ord agus chomhthinól prímh-eglus gcatharrdha na Rómha ann go n-imat prinnsaidhe agus diúcaidhe agus mór-thigernadh. Nír uo lugha leó oldás míle lóchrann lasamna ciara. Seiser ar fhichit eitir ardeaspoig agus subespoig i n-a ndeghaidh sein. Sé cardenáil dég ar fhichit as a haithle. An pápa ag imchar na sacramente, na tigernaidhi Eirennacha agus na daoine uaisle ochtar a gcoimhlín fon chanabí. A gárda saigdiúir Suser a móir-thimchell in pápa agus ar gach taop de agus i n-a deghaidh a dhí thrúp móra marcshlaighi. Bator na sráide coimhlínta ó dhaoinip as a haithle. Samalta fri cách nár uo lugha oldás cét míle ro bátar. Iar rochtain tempaill Petair dóibh léicis in pápa in sacrament naomhtha forsan prím-altóir móir. Ier sin ro-s-léic ar a glúinibh é. Du-s-gní sléchtain etarguidhi agus urnaigthi. As a haithle tra dorat benedixion do chách a gcoitchinne. Eirgis dia pálás íer sin. Téigit na huile ro bátar ann dia pálássoibh agus dia gcoimhtheghdhuissibh.