Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 104

Día dardaoin do shonnradh in naomadh lá fichet Maíí 1608 comhainm in laithe ro cuiredh coróin ar in athair


p.184

naomhtha Paulus Quinctus cuiris cardenál Burgesiuss aroile dia dhaoinip uaissle mar thechtaire onórach do thochuiredh na ttigernadh so chom aiffrinn sollamanta ro buí ag onóir an athar naomhtha a prímh-thempall Petair. Ro toghadh thra inadh onórach agus áit imchubaidh dhóip a n-imfhoixe agus a gcomhghar in pápa. Bátor badhdéin agus ambasadóir rígh na Spáinne go línmhaireacht do prinnsaigip móra oile a n-aóin-inadh. Ba haoipinn onórach airmitneach oirrderc adhamhra in t-aiffrenn mór-lóighidhechta ro buí annsin. Naomhthacht in pápa badhdéin día rádha go n-idhbairt chuirp Críst. An chóra cheóil-bhinn chomhmbinn ba chaointétnamaighi channtaireachta isan crístaigheacht uile ar gach taobha de. {ms page 92} Do métughadh glóire agus onórachuiss an laoi sin d'áirigthi dorónadh canonsásion ar bhan-naoimh uassail adhamra ro buí isan Róimh dá chétt bliadan roimhe sin Sancta Fransisca Romana a comhainm. Ro tuigedh tra agus ro scrúdadh as a deigh-bethaidh ar in saogal so, triasa nderna Dia d'fertoibh agus do mírbailip tríthe, go roibhi betha naomhtha aice. Onóraighther a hainm agus adhamhraigther issan egluiss agus oirrdercaighther go huassal airmitnech eitir bhan-naomhoibh, acht is eimhilt re a fhaisnéis gach a ndernadh do stát agus d'onórachus agus do dhegh-sermoniass a n-urthimchell a naomhthachta. Cebé do bhiadh do láthair in radhairc adhamra ro buí annsin ba héitir lais a rádha nach ffacatar a shúile riamh compráit nó

p.186

baramail dó ar dhiadhacht ar ghlórmhaire ar onóraighi ar cheólmhaire ar stát saoghalta co n-a uile subháilcip archena cenmothá sin. Ar gcríchnugadh in aiffrinn gussin sermoniass amne dobheir in t-athair naomhtha benedixion bennaigthi do na huilip chatoilcip ro bátor dia láthoir. Do dheachaidh dia páláss ier sin. La sodain tra seinnter agus comhmbuailter trompaidhi agus dromaighi in gárda itir marcshlaigh agus troighthech. Comhscaoilter ier sin uile ordanás mór agus beag Chaisléin na nAingel agus in páláis mhóir. Ro bátar na sráide ar comhchrithnughadh agus bogadh-bertnugadh ó threthan agus ó thorann-chless na heachraidhi áille andrennda égcéillidhi Edáilligi ag trén-tarraing a gcóistidhi go tairptech tric tolgánach trén-tuinnsemhach tinnesnach. Rángatar na tigernaidhi si chom a páláis badhdéin iar sin. Du-ss-riacht chuca pressántaidhi onóracha fuair naomhthacht in pápa isan sermonias amne .i. bascaoit airgdidhe, cúpla do choilmnibh gléigheala, buidél órthaidhe co n-a lán fína, {ms page 93} bairgen aráin ier n-a comhóradh.