Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 103

Prímh-eaclus dhiadha onórach ro-chatharrdha S. Spiritus ar n-a comdach ó thúss le násion áirigthi don Germáinn dier uo comhainm Saxonie. Ba hedh a ainm as a haithle Sassiae. Ier n-eitirdealugadh agus ier gcomhscaradh dó frisna Germáinneachaibh du-ss-rat in pápa Innosensius Tertius onóir agus airmiten ro-mór dó go mbronntanus agus deuósion dermháir go saidpress císsa agus ferainn. An pápa dier uo comhainm Sextus Quartus do-rat ro-ardughadh mór i n-a uile riachtanus don reclés so. {ms page 89} Ro thógoip agus ro chomdaigh ilimat do theghdhuissibh onóracha costusacha deigh-dénmacha ann. Mestor agus brethnaighther tra, ar in taep amoigh d'ainm in pápa, dia impriulacht agus dia ríghacht, do gach mital óir agus aircit comhmbuailter dhó, go roipe in tegh so amháin a gcompráit chíssa gacha bliadhna friss, óir ba fiú timchell fichet míle coróin gacha míssa é. Iar n-a fhaixin sin don stát Rómhánach ro benatar rannchuid agus uirbhernadh go fiú dá míle coróin gacha míssa de. Ro choimhchengailset sin fri beathaidh in pápa. In méide is lugha dhe ocht míle dég coróin aige-sen gacha míssa. Tic


p.180

sin timchell cheithri míle dég is dá fhichit míle ponnta gacha bliadhna. Cebé do messfadh gurab mór agus gurab dírimh an betha agus an tigernuss aoin-eguilsi amáin so tuigedh tra gurap adhpal agus gurab difhaisnéissi in daidhbhir agus in bhuaidhirt atá i n-a deghaidh. Ní lugha tra nó deich míle persa co n-a n-uile bhethaidh chostus agus gach riachtanuiss archena ag a ttabairt suass a ngioll ar in tig sin a ffégmuis na heguilsi agus innte ier n-inmhedhón gach aon-ló issan mbliadhain. Ospitáil onórach mor-chostuiss ar láin-fheabhus na crístaigheachta issin egluis sin ar a mbí gabáil go gnáth agus forffáilte grássamail fris gach n-aon don uile násion issan crístaigeacht do lucht trebhlaide agus essláinte galoir agus fiaprassa, go ndoctúiribh onóracha inntlechtacha agus go leagoip láin-eólcha dia ffrestal agus dia ffritheóilemh. An méide is lugha dhe céd coróin ón tigh mar chrodh fris gach mnaoi dá ndupramar pósfus fer. An chóra cléirech canntairechta gusna haithribh is onóraige agus is ferr seruíss Dé a fformhór na crístaighechta uile issin egluis sin. A n-imfhulang agus a gcongbáil suass a mbethaidh agus a n-édaigib imchuibhde onóracha mailli fri comdach agus comfhoirgneamh na heguilsi do gnáth ar chostus agus chíos in reclésa sa badhdén. {ms page 90} Congbáil suass agus onórachuss in uachtaráin atá ag guibernóracht uassin egluiss co n-a dhescipal úas a chenn so. Mesait agus brethnaigit cách go ffuil ar na daoinip is onóraighe shoirbhe shuaimhnighe nemmbuaidirthe betha agus tabairt suass issin crístaigheacht uile. Mainistir ro-mhaith go gcailleachaibh dupa línmara ar costuss na heguilsi ier n-a himdénomh agus ier n-a comdach fo íadhadh a ballaidhi. Na hóg-mhná adupramar, gach aon díp gabhuss spirut genmnaighechta do láimh is chuca téighit. Is aca teagaiscther agus tógoipther suass go huilidhi iad go tteacmhann do gach aon díp in fortún agus in chinnemain bhus toltanach la Día. Imat immorro maigistrech ag teacusc agus ag foghloim isin egluiss gacha laithi don chlann-mhaicne si in pápa. Teaguiscit trá creidemh

p.182

eguilsi Dé, canntaireacht agus múissice agus léighenn agus gach foghloim imchupaidh archena dóip go mbeirit ar gné dia gcéill agus dia ttuixin, gach aon díp gussin tabairt suas bus toltanach leiss badhdéin do réir mar thaispénus Dia dia supáilcip dhó. Messait cách fri torbha puiplidhi ann féin íer n-inmhedhón an tegh so fo uíthin go ffuil a uile riachtanuss agus imfulang ann badhdéin. Ní hé amháin acht atá in méide sin do na huilibh chethroip agus treótoip aigi go ttarttann feóil re a cennach d'formhór in tsenaidh Rómánaig co n-a uile riachtanus badhdéin. Fóss atá d'ilimat fínemhna agus do mhaighnessoip mór-fhairsinge cruithnechta agus gacha degh-thoraidh archena aige, ní imfhuilngess dronga móra do na Rómánchaibh ós cinn a riachtanuis; d'eachraidh áloinn adhbal-mhóir Edáilligh agus do greghoip is lór méd agus deissi isin doman, dogní eachraidh mór do na Rómhánchaibh mailli fri saothar agus tinrumh uile thoisci agus timthirthecht an tighi badhdén. {ms page 91} Ar úairip áirighthe go línmhar bíd timchell míle persa do lucht fiaprusa tessaighi teinntighi agus gacha essláinti archena a n-ospitáil in reiclesa remhráite. Adeirit cách gurap é in tegh sin gan imbressain aoin-tegh amháin is dércaighi thrócairighi shaidbhre chostusaighi issan crístaigheacht agus is bith-bhuaine onóraighe seruíss Dé agus is fearr i n-a ffuil gach éin-ní inndénta a modh imqubaidh. Stair agus fidhair chroiche Críst issin egluiss a rann-chuid ro-onóraigh mírbhailigh ó ffuair in egluss adhamhrughadh agus oirrdercugadh dogní ilimat fert agus mírbal gacha laithe, go ndessláimh S. Andriass, go mórán relíciass do thaisip naomh agus fírén mór-luaighidhechta oile. Armass na croiche sin tra atá ar mac-cléirchibh agus sámhadh agus chomhthinól na heguilsi co n-a huile chethroip.