Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 102

Ar n-a mhárach dia luain éirgit orpháin na heguilsi sin a prosesion onórach go tempall Petair. Drong do gárda in pápa a remhthúss na sligedh rompa agus ar gach taep sagart onórach airmitnech ro buí i n-a ierla agus i n-a chommendator uassin egluiss go maccléirchip na heguilsi go huilidhe siad go gcanntairecht chomhmbinn ag céimniugadh i n-a ndeghaidh. Eitir fer-scáil is ban-scáil ba hedh a nuimhir re a gcomhairemh triar ar cheithri fichit ar cheithri chéd. Bátar tra móirsheiser ar dá fichit ar tríbh cétoip d'óg-mhnáibh díb sin. D'fer-scáloip óga ná ro sháraigh in t-aon ba sine a cheithre bliadhna dég sé fir dég ar chéd. Clann in pápa comgairmther díp so fo uíthin nach mór go ffitirset cách aithre bunaidh mhóráin díp, acht grássa an athar naomhtha dia n-oilemain agus dia gcongbáil suass ar son Dé. Tré gráta áirighthi ieroinn comhchuirther gach lenbán díp astech issin eacluis ria gcoimhlínadh cheithri ló go n-oidche dia n-aoiss ar in saoghal. An coimhlín ná ro gap baistedh roimhe sin díp baitsither an tan sin íed. Tógoibhther suas ón aimsir sin amach gach aon díp a ttaop oilemna agus foghloma agus gach taparta suass is imchuibhde archena go cor deigh-chríche orra. Is gnáth ueronica .i. naipicín uassal oirrderc mls unit="ms page" n="88"[gt ] mór-mírbaileach ro chomail ban-naomh in chomhanma sin do gnúis geil-deirg gruadh-chorcra agus do glan-aghaid glórmair chréchtnaighthi ar Slánaigtheóra Issa Críst in tan ro buí fo dhaoirsi agus docomal agus aimhnirte fo lámhoibh námat n-éttrócar ag imachor chroichi a páissi agus a martra gussin gcoróin spíne um a chenn a haithle a ffuair do péin agus do


p.178

pennait roimhe sin, do taispénadh don chloinn si in pápa in lá sin é.2 Atá go ffidair dheilbhi agus aigthi Críst ier n-a choimhlínadh agus íer na uassal-peinntéladh go mírbaileach éxamail dia fhuil luachmhoir badhdéin. Ro taisselbadh dóip íer sin cenn na sleighe slinn-leithne do chuir Longinus tre chompar croide Críst in tan ro buí marp gan anmain a gcrann na croichi. Bátar na hóg-mhná tra a n-édaigip maithi dessa, drong díb go n-innill agus go ndeilp n-imchubaidh. Ro póssadh sé mná dég in lá sin díp, an pápa ar n-íc a ttinnscra. Mar chúiss onórachuis agus sollamantuis do na hóg-mnáip pósta sin ní lugha ná dá míle persa fuair fésta agus fledhachus a S. Spiritus in lá sin agus an oidhchi do shonnradh a ffécmhuis sámaidh agus choimthinóil gnáthaigh na heguilsi badhdéin.