Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 100

Día dardaoin desgabála do shonnradh in cóicedh lá dég maíí gacha bliadhna dobeir in pápa benedixion generáilte go follus do ua huilip catoilcip theagmus as a urchomhair. An lá cétna sin chena ro togadh do na maithip si bheith a páláss chardenéil Ascoli a ffrithchétfaidh páláis móir in pápa. Is gnáth lasna hilmíltip do daoinip toigheacht d'ierroidh in benedixion sin. Iar sin adchíd an t-athoir naomhtha ag teacht ar ailiff1 aird aoibhinn fuil a leith-imiol in páláiss sí ar n-a himfholach do bratoip saitín agus síoda d'éxamhlacht na n-uile dhath. É féin ag a imchor go honórach airmitneach a gcathaóir dheiligthe dealraigthigh sí ar n-a comdach d'ór agus do miliuent deirg, a choróin derg-óir ier n-a himchengal do démont agus do chlochaibh uaissle um a chenn. An chloch uassal ro buí ag comdúnadh a bruit éxamail ro chosain [gap: space left vacant]. Na cairdenéil agus na hespoig i n-a urthimchell go canánchaibh agus maccléirchip thempaill Petair. A gárda saigdiúir Suser ar gach taepa de. Dá thrúp ro-mhóra marcslaighi ba lór dian-fheabhus


p.174

isin doman, eitir arm eachroid agus éideadh co n-a persanoip urdhalta, as a urchomair. {ms page 86} Eirghiss in t-athair naomtha as a haithle. Du-s-rat benedixion bennaigthi grássamail mór-lóigidechta do na huilip chatoilcip ro bátar as a urchomair. Gluaississ issin innioll chétna gusin páláss as a haithle. Ro seinnit na trompaidhi maille re commbualadh na ndromaighi íer sin. Ro scaoiledh ordanáss mór in páláiss agus Chaisléin na nAingel diaigh a ndiaigh. Do badh cúiss ingantuis le fer a nemthathaidhi bheith ag faixin a ttrethain agus a ttormáin eitir chóistidhip agus eachraidh agus ordanáss. Ro buí cardenél Ascoli go forfáilidh supáilcech frisna maithip si. Ier ffogbáil benedixion an athor naomhtha dóibh du-s-rat-san bangcéd onórach costusach dóip. Eirgit assa haithle dia pálás badhdéin.