Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 93

Ar n-a márach dóip triasan mbaili dier comhainm Ualsimára tre baile oile Poluerina. Assa haithle tra go Mutsia go Nueuocasa, naoi léige uile. Dá loch chomfhairsinge, do leith-leith na sligedh in lá sin. Iar sin dóibh go baile dess daingen dar comhainm Sarauale, des-lám fris ba hedh ru-s-gapsat, as a haithle tre baili ro-fhata édlúith Uerchianno gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier comhainm Fulino. Baoi aroile díthrebach go ndeigh-bheathaidh a scailp comhadhpail cairrgi do leith-imel na sligedh. Duirrtheach agus aittreb dia lámhoip badhdéin ar n-a imdénomh leiss a n-inmedhón na cairrgi cenn-gairpe sin. Eirghiss in t-íerla agus an barún, Maguidir agus mac Uí Domnaill, drong do daoinibh {ms page 81} uaissle dia gcoimhiteacht, do dénomh oilithre agus turaiss ótá Fulino gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier chomhainm Assidhis, airm i n-a ffuil corp in naoimh-érloimh uassoil oirrdirc adhamra oirdnide, id est, Sanctus Fransiscus, dier comhlán in chrístaighecht go huilide dia shupáilcip agus fertoibh agus mírbailip, for ar mhuidhset cóic créchta a ffidhair agus a fforaithmet páisi Críst agus na gcóic n-áladh do shonnrad. Atá immorro a chorp go n-onóir agus


p.164

go n-airmitin, go ffertoip agus go mírbailip, a soilér thalman ag a chongbáil suass go grásamail éxamail ingantach gan buain aigi frissin talmain faoi nó frissin boutain uassa chenn. Ní cetaigther lessin egluiss a fhaixin acht mailli re haughdarráss agus ced spesialta ón pápa. Generál in auird minúir sechnóin na crístaigechta gusna cétoip do bráithrip agus d'aithrechoibh onóracha for a gcinn issin mainistir. Gabhait chuca na hEirennoigh sin go ro-onórach forffáilidh. Ier sin dognít a tturas mór-lóigidhechta. Taisealpthar ilimat do roignibh relicias dóip. Ascnaidhit a n-iermoracht Uí Néill ierdain.