Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 86

Ar n-a mhárach immorro téid O Néill do láthair in chardenáil. Gabuiss chuige go ro-onórach airmitnech forffáilidh é. Bolonía immorro prímh-chathoir ro-mhór ro-dhaingen dhaoineachoir dheigh-dénta degh-fhoirgenta go línmhairecht reclés agus mainistrech. Corp an erláimh uassail adhamra oirrdirc {ms page 48} Sanct Domnic a ttempall onórach sa gcathraigh, Sanct Sém a chomhainm. Páláss ro-mhór is lór láin-fhebhus ag in chairdenál badhdéin a gcert-medhón na cathrach. Tipra fhír-uisce ar n-a suidhiugadh go hinntlechtach assa ffuilit imat srepán ag coimh-éirghe súas a ffír-áirde as urchomhair in páláiss. Ascnait na maithe si assin gcathroigh. Eirgit go baile dar comhainm Sanct Niclás. Assidhe go fort ro-dhaingen lessin pápa dar comhainm Fattio Sancti Petri. Céimnigit tra an oidhche sin go cruinn-baili dess daingen, Imola a ainm, seacht légi.