Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 81

Eidir themploibh agus mhainistrechoip co n-a n-uile choimthinól ord agus sacart trí tempaill is dá fichit is dá chéd sa chathraigh, gan rím ná áiremh ar imat sépél do tógbadh le daoinibh uaissle chom a ndeuósion do choimhlínadh. Altóir ro-maith ar n-a comhdach in gach pláss margaidh seachnóin na cathrach a mbítt aiffrinn gacha laithe. Trí tempaill porráiste isin chaisslén. Stásion agus luaigigeacht a ttemploib agus a reclésoibh na cathrach deich lá is ceithri fichit sa mbliadain. Ní gnáth fir agus mná a n-éinfhecht ag stásion díb, acht roinnit in aimsir timchell in medhóin laoi. Secht prímh-eguilsi ag a ffuilit uile lóighighecht secht prím-eglus gcatharrdha na Rómha issin chathroigh. Ba hé in tres Grigóir dég in pápa do shonnradh dorad na grássa sin don chardenál {ms page 44} Sérlus Boremeus ba hairdespog a Milan in tan sin. Anmanna na n-egluss tra, an prím-eglus mór Sancta Maria del Duomo, S. Simplisiano, S. Uictor al corpo, S. Ambrosio maiore, S. Nastaro maiore, S. Laurentio maiore, S. Steffano Parimente maiore. Ilimat reliciass do thaissib naomh agus fírén isna temploibh sin tra. Gach lá pátrúin ticit lucht ceirde na cathrach a prosesion onórach mórthimchell na reclés remráite go mbratachoib


p.100

agus stannardoip. Dobheirit imat almsan agus dérce uaidibh ag prímh-egluiss na cathrach. Sé laithe sonnradhacha chom déirce gacha bliadhna, lá áirigthe ag gach gepta sa chathraigh go fiú sé ngepta, chom im tempaill móir do chor suass. D'fiachaibh ar lucht inotachta na cathrach badhdéin almsa agus offráil do dénomh ag na geptaigibh is comhgaraighi agus is imfhoixe dóibh. Acht amáin bennugadh agus coissreacadh na sacramente naomtha, neimhionann sermoniass agus ord ceilibartha don chathraigh si agus don chúirt Rómhánaigh, óir ro lensatar stair agus sermoniass in naoimh oirrdirc S. Ambróss. An cethramadh bliadain dég ar tríbh fichtip ar tríbh cédoip d'aois in Tigerna issedh ro gairmedh airdespog a Milan don naem sin .i. S. Ambrós. Ba hé amáin faoi Dia du-s-ratt in Edáill go huilidhi fo chuing chreidmhe agus crábaidh. Conrótacht leiss badhdéin sé reiclésa ro-mhaithe agus ospitél sa gcathraigh. A chorp agus a adhnacal a ttempall díp i n-a ffuil sámhad agus coimthinól manach. Comhainm in laithe dodeachaidh a seilbh na hespogóide taisselbthor a chorp agus a cholann go bliadhnamail. Onórachus agus supáilce mór go línmhairecht almsan agus déirce ag a dénamh sa gcathraigh agus seachnóin na díosis uile in lá sin. Lá na hEpifane do shonnradh, eagluss {ms page 45} Eustorgioss i n-a ttaiselbthor airc na ttrí rígh dodeachator d'aithreóss Críst a n-aimsir a lenbachta, go píssa don ór doratsat dó, dobheirit uachtaráin na heguilsi in lá sin ar son Dé crodh do nónmhar ógbhan. Imat déirce immorro agus do deigh-ghnímarthoibh bennaigthi ag a ndénomh sa gcathraig sin, acht is eimilt iad re a n-uile-fhaisnéis.