Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 78

Dia domhnaigh do shonnradh in tress lá fichet do mhí Mhárta, ier n-aiffrenn d'éisteacht dóibh, éirgit gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc n-adhamhra .i. Milan, ocht léige. Slighthe ro-mhaithe rompa, an lá go ffleachadh agus go ndoininn ndermháir. Comhnaighit ag léiccen a scíssi a haithle a n-aistir gusin gcétaoin buí ar a gcionn. Iarla ro-mhór ro-onórach, ar láin-fheabhus sen-saigdiúir in domain i n-a chomhaimsir fóss, mar do dhearp a bhuaidh agus a chonách catha agus a deigh-chinnemain go follus fiadhnach don chrístaigheacht, count de Fonte a chomhainm, búi i n-a árd-guibernóir agus i n-a úachtarán ó rígh na Spáinne uassan gcathraig sin tra agus uassan Lumbardi go huilidhi. Cuiriss ambasadóir in rígh tarla {ms page 42} issin gcathraigh in tan sin .i. ambasadóir Luserna d'forffáiltiugadh friú san agus dia nglacadh go honórach. Eirgit na maithe si i n-a persanoip badhdéin do láthoir an ierla dia cédaoin. Gapuiss chuicce go honórach airmhitneach íad. Bátor tra imat do daoinibh uaisle go ngárda ro-mhór ar gach taep de. Oirissit trí sechtmhaine imlána sa gcathraigh. Fri ré na haimsire sin onórachus dermhair ag in ierla i n-a ttimcheall.