Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 74

Ar n-a mhárach dóip tria glionn ro-aoibhinn, é go n-imat fínemhna {ms page 40} agus cruithnechta agus degh-thoraidh agus gacha messa archena, go maighnessoip mór-fhairsinge, go ruibér roi-dhess, go min-srothoip fír-uisce. Eirgit go baile dess daingen dar comhainm Belunsona, ocht léige. Trí caissléin láidire ag a ffuil cennus agus uachtaránacht ar in mbaili agus ar imfhoixe na sligedh ann, go mbárdoibh láidiri línmhara.