Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 73

Ar n-a márach léiciss in t-ierla tar sliap Alpa é. Airississ O Néill sa mbaili adupramar. Léiciss drong dia daoinibh d'athiarraidh in airgit. Ge gur fhulaingset gné shaothair, acht chena ba dímhaoin dóip. Fo bíthin snechtamhla chorraighi oigreta in tsléipe rompa, ní mór go mbuí ar comus dóip ar n-a mhárach bheith ag marcaighecht acht mar is gnáth tar sliap Alpa. Bátor doimh {ms page 39} ro-láidire go slemhnánoibh i n-a ffoilenmhain ag treórughadh gacha méide nár uo hinaistir dhíbh tar in imdhoraidh. Sépél onórach a ffír-mhullach in tsléibhe ar n-a imdhénamh agus ar n-a chomhdach a n-onóir S. Gotardo. Uaidhe ro-s-gap in rann sin don sliap ainmniugadh. Tegh ósta imchubaidh i n-a ffaghait deóraidh agus lucht gabála na sligedh comhfhortacht bethadh re a chennach a n-imfhoixe dó. Nír uo rígróit rígdha agus nír uo sligthe comthroma coimhlenga ar eachroidh égcennaiss uaiprigh aimhriadhta na sligthe i n-ar gapsat ón sépél sin a gcétóir, acht ag toirnemh don sliap sligthe oigreta clochacha caol-chumhga corracha go rángator go baile dar comhainm Airola. Trí léige amháin anacair agus


p.90

docomal in tsléibhi. Gabhuit assa haithle tré ghlionn ro-aoipinn go rángatar gusin ngepta dar comhainm Gepta Iffrinn. Buí scríptha uassa a ttengaidh Edáillisi, fo péin báiss, gan duine ar doman do dol faoi nó thairiss acht le custam do dhíol. Nír dhermait tra in doirseóir gan in custam d'iarraidh agus d'fagáil. Slighe garp chorrach chumhang aimhréidh go n-abhainn ndocomhlaigh ndoirp rompa go rángator Faido. An t-íerla ag furnaidhe friú annsin a ttigh ierla don tír bhíoss go forfáilidh onórach re gach ndeóradh agus re gach aos n-anaithnidh chéimniges triassan sligidh. Dobeir proinn agus tomhaltus go hullamh degh-thapaidh dóibh. Ní mó nó leth-choróin amháin dhíluss gach aon aca sa chionn cunntuis re máigistir in stápla ar son na heachraidhi, gan in seomairlín ináid oifficigh in tighi do dermat ós a chenn sin. Oirissit ann an oidhche sin tra. Sé léige a n-aister.