Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 72

Ar n-a mhárach tra, lá fhéile Pátraig do shonnradh, in sechtmadh lá dég do mhí Márta, gapait go baile beg oile, Flelan a ainm. As sin dóib tré shliap Alpa. Buí immorro an sliap línta lán do shneachta agus d'oighredh, do shligthib agus do chassrachoip caol-chumhga corracha. Rángatar droichet comhartt buí i nglionn ro-domain, Droichet in Diabail a chomhainm. Aroile d'eachroidh Uí Néill ar a roibhi páirt dá airget dia imachor, timcheal sé fichit éigin ponta, tuitiss síoss re beinn an ailt imaird oighreta


p.88

shneachtaigi buí as urchomhair in droichit. Fríth saothar dermhair ag tabairt an eich amáin aníoss. Cinniss agus comhairligiss in t-airget anmhain ag imchoimhét in tsrotha aggairp imdomain ainiarmartaigh gabhus faoi in droichet tria cert-lár in ghlenna. Bátor tra an oidhche sin a mbaili beg dar comhainm Pede Montain. Sé léige a n-aister in lá sin.