Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 69

Gapait ar n-a mhárach triasan mbaili dar comhainm Niderharga léige, gusin ruibér ro-oirrderc .i. in Réen. Ascnait go Basalea, cathair des daingen arsanta oiregdha atá ar n-a comhshuidhiugadh ar in ruibér sin. Droichet ro-maith a gcert-medhón na cathrach tar in ruibér, go mbáttoib línmhara beires comgar chuici agus uaithi óthá Flonndrus agus mór-thimchell in ruibéir. {ms page 37} Eritchide thrá lucht a hinotachta agus a haittreptha. Tempall ro-mór a gcert-mhedhón na cathrach i n-a ffuilit dealpa agus pictúiridhe Luter agus Caluuin agus mhóráin do droch-ughdaroip diabhlaidhi oile. An chathoir sin amne stát fo leith lé féin gan umhla nó cennus ag ríg fon domhan uirre. Is í amháin iss prímh-gepta do dúthaigh na Susser dar comhainm Eliuesia. D'imfhaitchess chomhaonta na n-eiritchedh fágbhait in chathoir ass a haithle. Eirgit dá léige clé-lámh risin ruibér go baile beg daingen, Leistel a ainm. Catoilce lucht a aittreptha. Is gnáth a m-Basalea gné chustaim do bhuain as eachroidh na ndeóradh agus na ttraibléir thairmchéimnigit triasan tír. Ba comchomthrom aoibhinn an slige ag com-chéimniugadh rissin ruibér a nglionn lán-fhada go n-imat ndegh-thoraidh. Dí shliap arda go n-imat fínemhna agus degh-thoraidh i n-a thimchuairt.