Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 68

As sin dóip go Bounhom én léigi amháin, an céd-baili ba himfhoixe dóip don Almáinn. Tar in sliab dóib dá léige go baile dar comhainm Ceizerspell. Gabait tria glionn ro-aoibhinn i n-a roipe ruibér ro-mhaith, go n-imat ffínemhna agus degh-thoraidh, go mbeg-bailtip desa línmhara. An oidhche sin dóip trí léige go cathraigh n-oirrdirc dar comhainm Columbier sí ro-daingen láidir daoinechair. An mag is áille fhairsingi chomthruime degh-thorthaighe a fformhór na crístaighechta ar a comhghar. Eiritchide immorro atáit dia hinotacht agus dia haittreabadh. Bátor ann an oidhche sin. Ar n-a mhárach dóip gusin ruibér dar comhainm Campser eidirdealaiges eitir in rann sin don Almáinni agus páirt don m-Borgondíí, dúthaigh gabhus lessin arsadiúc, tría prím-choill dhairghennaig droipeóil


p.84

diamair. Samhalta tra fri dá léige a fod. An oidhche sin go baile beag dar comhainm Hotmers, cóic léige uile.