Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 66

Ar n-a mhárach immorro éirgit na maithe si go gcóistigip ón diúc go hegluiss Sanct Niclás dá léigi ón chathraigh remráite. Taisselbhthor dóip aroile do lámhoip S. Niclás. Gluaissit asside go baile beg ar brú in ruibéir rémh-epertmar, Luueaniell a ainm. Dia máirt in t-aonmadh lá dég do mí mhárta céimnighit as sin ocht léige gusin mbaile dar comhainm Saungdi. Ba ro-mhaith in aimser agus na sligthe frissin ré sin. Ar n-a mhárach dóip tar sliap Sanct Martín tria shlighthibh doirpe docomhlacha go n-imat sneachta agus oigrid. Comhnaigit sealat a mbaili bheg, dú a n-imchomraic agus a n-etorscar dúthaigh in diúc agus in Almáinn re aroile. Ferann in diúc ro fhágoibhset i n-a ndeghaidh go n-imat ffínemna


p.82

agus cruithneachta agus gach degh-thoraidh archena, go ruibéroibh ro-aoipne, go maighnesoip mór-fhairsingi sroth-imdha uiscemhla, go gcoilltip comharda cnuas-torthacha ar ruibér Nancsií dar comhainm Marsee. Secht tteghdhuissidhi ag in diúc i n-a ndingentor agus i n-a n-ullmhaighther salann. Mellion amháin téit a ttorbha don diúc gacha bliadhna do bíthin chíssa na secht ttegduisidhi sin.

Tabair bennacht for anmain in scribhnóra.

{ms page 36}Cathoir beg oile sa tír as a ffagann in diúc én chéd dég tucsaoit fhína mar chíoss gacha bliadhna. Or agus airget dia bhualadh dó do gnáth. Ní hé gach én rí coróntae sa crístaigecht sháraigess a gcíss agus a ttorbha a tigernuis gacha bliadhna é. Comfhat a dúthaighi cóic léigi dég ar fichit sí mar gárdín a gcert-medhón na crístaighechta gan umhla nó urraim do rígh nó prinnsa fon uile doman, sesmhach sírraide láidir nem-chlaon a gcreidemh eguilsi Dé.