Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 65

Céimnigit as sin ar in taop chlé don ruibér trí léige, a mbáttoip ier sin tar in ruibér. Eirgit go Nancside dá léige, prímh-chathoir in diúc badéin. Ba ro-aoibhinn éxamail in


p.78

talomh tria ar gapsat in lá sin go línmhairecht ffínemhna agus cruithneachta, go gcoilltip mes-torthacha, go n-imat n-aittreabadh. Timchiol dá léige ón gcathraigh ar foradh-chnoc ard aoipinn caislén ro-dhaingen go mbárdoip línmhara. Ann bíd clann in diúc ag a ttegusc agus ag á ttapairt suass a n-inbaidh a n-aóide. Cuiriss tra in diúc cóistide agus daoine uaisle i n-a gcomhdháil sealat ón chúirt. Ier ttoirling dóip tic stíbhard in diúc dia ttochuiredh gusin páláss mór. Gapait a leith-scél do bíthin a n-aisstir an oidhche sin. Ier n-éistecht aiffrinn ar n-a mhárach tic in fer cétna go gcóistigib maithi i n-a gcomhairrchis. Eirgit ier sin don páláss. Bátor ag sibal agus ag spaisteóracht a ngalari ba lór métt agus feabhus agus deissi sa doman in comhfhat buí in diúc issin eagluiss ag éistecht aiffrinn. Ticis in diúc ón egluiss as a haithle. E féin a n-édach imchubhaidh. {ms page 34} Drong dia dhaoinip uaisle ag comhrádh friss. A dhíss mac i n-a deghoidh. Gárda roi-dhess. Páitside línmara ar gach taop de. Ar ndol dá halla cuiriss tigernaidhi móra i n-a gcoinne sen. Téighit dia láthoir. Glacuis chuicce go honórach forffáilidh iat, a chlann mar an gcétna. Bátor sealat ag imagallamh agus ag áines bhriathar re aroile. As a haithle suidit ar a medhón laoi. Seiser dóib, an diúc co n-a díss mac, O Néill, in t-iarla agus in barún. Imat do daoinib uaisle ro-onóracha ag feithemh orra. Beiris leis dia sheomra codalta i n-a deghaidh iad. Bátar ann sealat. Gabuit a gced. Eirgit dia lóistínibh. Ierla ba hard-stíuartt don diúc i n-a gcoimhitecht. Fógrais a péin móir gan ór nó airget do glacadh uaidip in airett no-beittiss issin chathraigh, acht a n-uile chosstus frisin ré sin do beith ar in diúc.