Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 62

Ar n-a mhárach dia máirt go baile le diúc de Loréne ceithri léige. Bator conuaidh leó go nuigi sin. Annsin chomraicess agus etorscaruss ferann in ríg agus duthaigh diúc de Loréine re aroile. Fort ro-dhaingen ar n-a imdénamh lessin diúc sa mbaili sin go mbárdoip láidire línmhara d'imdheghoil


p.76

agus d'imchosnamh tóronna a thíre ar chomharsnachaibh. Ní mór immorro léigther d'fhéchain nó do brethnugadh in daingin sin amháin. Ba ro-olc aimhréidh uisgemoil na slighthe ó Namures gussin dú sin, go gcoilltip imdha, go tteirce n-aittrebadh. Eirgit in lá cétna sin dá léigi go baile dar comhainm Feilirs.