Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 56

Eirgit in lá sin badéin go Louáine gussin prímh-chathraigh n-oirrdirc n-arsanta. Comhfhairsing a ttimchúairt a ballaidhi. Rannchuid di bán gan aittreabadh nó inotacht, sí des degh-fhoirgenta, go ro-imat tempall agus mainistrech,


p.72

go línmhaireacht ord agus degh-sheruíssi Dé. Tempall Petair a gcert-lár in baili ar n-a dénomh agus ar n-a oibriugadh go ro-mhaith go ndeilbh ndeiligthe ndealraigthigh Muire óige do-gní go follus laithemail imat fert agus mírbal, go leith-chéd altóir onórach go pictúirip peinntélta, {ms page 31} seiruíss Dé go sírraidhe for gach n-altóir díop. Míle beg ón gcathraigh cúirt roi-dhess ag diúc de Ascot, sí ar n-a himdénomh agus ar n-a hoibriugadh go ro-shaothrach mór-chostuiss, go ruibér ro-mhaith ag a timchiolladh, go ngáirdínip deigh-dénmhacha inntleachtacha uisgemhla. Sépél ro-onórach ar dheissi in domain ar n-a chomdach lesin diúc badéin as urchomhair na cúirte i n-a ffuil pictúir, stair agus tomba in diúc, go starthachaibh agus go pictúirip a sheinnser roimhe ó Adhamh anuass. Ar ruibhér na cúirte cétna sin muilionn ro-inntleachtach do-ghní a n-éinfheacht bleith in arbha agus sgoltadh in adhmaid gan lámh-chongnamh ar doman acht a oifficech dia dírgadh i n-a aignedh cóir.