Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 52

Ar n-a mhárach dóib go Hanuerp. Ar in sligidh rompa gabait tar ruibér ro-mór tic ó Gant. Leac oigridh adbal-mhór ar in ruipér. Beirit a n-eachroidh ar ardadhnoibh leó go methón in tsrotha ar in leic. Cuirit ainnséin a mbátoib íad do chéidhe oighridh, 'n-a mhac samhla a ttír don taobh araill. Rángator fort atá as urchomhair chathrach Anuerp, Cenn Flonndruiss a chomhainm. Fágaibset ann a n-eachroidh. Dodeachator badéin a mbáttoibh gusin gcathraigh. Ier ngabáil tighi ósta éirgit d'fhaixin chaisléin Anueirp. Mesait agus brethnaigit cách go ffuil in caislén sin i n-a méide féin ar oibreachoip lán-daingne na crístaigeachta. An ruibér ar n-a chomhtharraing i n-a móir-thimchioll. Mile Spáinneach go sírraidhe d'oidche agus do ló ag a bhárdacht go ro-imat canón riaghalta agus ordanáiss móir gusin uile chomghar agus ríachtanas ricit a les. Eagluis roi-dess aca astigh. Dá gunna


p.68

móra práiss 's íat ar n-a suidiugadh go hártt, sé troigthe dég ar fichit in gach gunna. Ní mór nach gcuirit trí léige d'athchor a pelér, mar aithrisit in uárda. Ní léicit nasión ar bith oile d'fhéchain nó do brethnugadh na hoibre acht Spáinneach nó Eirennach amháin.