Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 51

Bátor tra na maithe si a Louáin gussin ochtmhadh lá dég don mí chétna. Eirgit ier sin go Maiclín, prímh-chathoir oirrderc do prouensi Flonndruis. Ier ndénomh a meadhóin laoi a ffochair Sar Uuilliam Stanlui léigit tar abhainn móir téid ó Bruxel go Hanuorp iad. Oirisit an oidche sin a mbaili beag ro-baoi a gcomhfhochraibh na


p.66

habhann. Maiclín dono cathoir oirrderc is lór métt ar n-a comhshuidiugadh a nglionn ro-aoibhinn. Roi-dhes a tighthi agus a tegduisidhi deg-dénmacha. Ruibér is lór métt agus feabhus triasan gcathroigh, é ar n-a chomhroinn agus ar n-a tharraing tré uile shráidibh in baili, go n-imat droichet, go mbádoib línmhara. Prím-thempall ro-mhór a gcert-meadhón na cathrach 's é ar n-a imdénomh agus ar n-a oibriugadh go ro-shaothrach deig-feruistighi, go n-altóiribh peinntélta dealraigthecha degh-ímháidheacha gusin gclocáss is aidbhle agus is airde a fformhór na crístaigheachta. Fert agus adhnacal naóimh Eirennaigh isin egluis sin. Do-rinne Día ilimat fert agus mírbal trítt. Ba mac do rígh Eirenn é. Ro-mhór airmhitnigit agus adhamraighit lucht na cathrach tomba agus fidhair in naoimh sin do bíthin oirrderca na mírbal do-rinni Dia tríd. Lóchrainn lasamla chiera ós a chenn d'oidchi agus do ló go seruís Dé go síorraidhe. {ms page 28} Atá ospitél ar mhaithip in domain isin chathraig i n-a ngapthor gach én-duine galraighthe don uile nasión ar chostus rígh na Spáinni.