Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 50

An t-ochtmadh lá Februarii [1608] ticc gné fhleachaidh agus fherthana issin aimsir. Gluaissis méide éiccin tuile isna mionaib ge nár brissetair leaca oigridh na prímhabhann. An ruibér gabus go Louáine buí bengán beg ar n-a chomh-tharraing ar in taep amoigh do na ballaighibh agus a n-imfhoixe don dí pálás a mbátor na tigernaidhe. Buí glaissín beg- shrotha ba lór laighet ar doman ag dol gusin mbengán remhráiti, é ag céimniugadh óta gáirdín {ms page 27} ro buí eidir in dá páláss. Aroile fer do muinntir in ierla buí ag dol re toisc éiccin gusin pálás i n-a roibhe O Néill, adchí bradán ro-mhór a poll beg tabhuill buí forsan nglaissín. Tairrngidh arm a gcétóir. Marpuiss in bradán. Rug leiss do láthoir in ierla. Tic assin do láthuir Uí Néill. Tángator tra in méide ba himfhoixe dóip do mhaithip na cathrach d'féchain in bradáin. Ingantach leó a roi-mhéd agus a fagbáil mar a ffríth. Adupratar nach ffacatar féin in gcéin bátor i n-a mbethaidh agus nach gcualator ó a seinnseroip rompa go ffríth bradán ar ruibér Louáin nó ar in mbengán sin d'áirigthi roimhe sin ríemh.