Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 49

Ar ttoigheacht immorro don chléir gusin egluiss deóigh laoi ba hesbadhach aithmélach imnáir leó mar rángatar in delbh Muire gan choróin eidir. Ní fhitirset tra créd dodéndiss. In dís sin ro goid in choróin do sonnradh, ier mbeith ar comhaister dóip ó medhón laói go maidin, is amhloidh fuaratar iad araon astigh a n-egluiss Muire ag soillsiugadh don ló {ms page 26}. Ar toigheacht do díss do mhac-cléirchip áirigthe isin reclés a moch-dheghóil na maitne ro-s-fuaratar in beirt saighdiúir remráiti astig go gcoróin Muire fo oxail in dala n-ae. Dobheredh ierraidh meinic ar a himfholach fo n-a brat. Ní roibi tra sin ar comus dó. La sodain timairgit agus comchruinnigit clier na heguilsi go gcomarsnachaibh comfoixe na cathrach. Ráinic a coróin gusin deilb Muire. Ergapthor in díss amne. Oirrdercaigther in scél mírbaileach sechnóin na cathrach. Ro-s-adaimhset immorro in dís sin a móir-fhiadhnuissi chille agus tuaithe na cathrach amoil tarla dóib ó thúss go deiredh. Ní thucsat claonadh nó clethramh ar bith don scél acht mar atá i n-ar


p.64

ndíaigh, fóss go roipe gné do sceloib in sceóil ag na mnáib remráitte. Nír cuiredh tra pennait nó docomal ar doman orra in airet bátar ag dénomh na hadmhála so acht uile-innissin in sceóil ó n-a ttoil badéin. Téit fioss na móir-mírbal go Bruxel agus go prímh-chathrachaibh oirrderca na ríghachta. Iar sin tra ticc ordugad ón arsadiúc go guibernóir na cathrach fon dís sin do chrochadh. Dorónad samhloidh. Ro nochtadh na mná as a haithle agus nír gapadh comha no cennach dár thairccset gan a ngéir-sgiúrsadh go himnáir aithmélach seachnóin na sráide agus móir-thimchell in mhargaidh móir.