Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 47

Rucatar scéla as Bruxel orra gur cuiredh Corbmac mhac an barúin, derbráthair Uí Néill, go Saxoip, a chor a mbraighdeanus a ttur Lonndan, tigerna Beinne hEttoir agus barún Dealpna a láimh a gcaislén in rígh a m-Baili Atha Cliath, fós gur marpadh Mag Mathgamhna a n-Eirinn le guibernóir


p.60

Saxanach buí a Muineachán in uair sin, baile longpuirt Meg Mhathghamhna badéin. Go gar assa haithle rug orra gor cuiredh Brían O Néill, mhac Airt mheic in bharúin, chom báiss le Sar Artuir Sitsetsar, giústíss na h-Eirenn. Bíth nár uo ro-mhaith fuair in giústíss in básugadh sin re a dénomh, araoi sin tra ba neimh-ingnadh ainchridhe agus aingidecht inntinne do beith aige don Brían sin, óir is meinic ro dhísligh féin co n-a shlóghaibh na slinnéin dó in airet bátar araon a gcomh-chomharsnacht cocaidh a tTrían Congail Chláireinigh mic Rughraidhe, agus do bhen a chrecha agus a airccthe de go lán-marbadh a dhaóine. Ro chuirsetar tra ina huile droch-scéla sa gné doimenman ar na maithib si, acht chena tucsat altugadh buideachuiss don trínóit nemhdha um gach éin-chinnemhain no theigémadh dhóip. Gar ier sin fuaratar scéla ba maith leó .i. Mag Mathgamna do mharthain.