Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 45

Baoi leac oigridh adpal ar ruibér Anuerp. Ba gnáth re lucht na cathrach dol gacha laithe do chaithemh aimsire agus d'finnfhuaradh a n-aigenta ar in leic. Laithe n-áon dia ndeachatar go línmhar dronga aca ag caithemh bídh agus dighe, ag reapradh agus ag raingce, teighiss in leac ó aidhbhle agus ó línmhaire na ndaoine agus ro-ss-léic béiceadh adpol-mhór ós


p.58

áird. La sodhain tra tic gné imdheghla agus eidirdealoighthe eidir sí agus in tír. Mar fuair in ruibér ro-láidir an comhthuitim sin san leic, agus í ar scaradh frissin tír, gluaississ leiss í co n-a roibhe ag marcaighecht uirre. An lucht ro buí ag fastaeim, ag áiness agus ag aoipness roimhe sin, ní mór nár uo toltanaighe leó beith astigh go comhnaigtheach a gcert-mhedhón na cathrach ináss beith ar in seóltóracht sin, bídh nach beittiss a n-aighthe ar in sen-fhairrgi ar a gcomhghar. Eighit agus gáirit. La sodain in lucht bátar ar tír, cuirit méid {ms page 24} áirighthe do chórdoibh cnáipe agus do refedhoibh agus do pícidhip chuca. Ba toil la Dia go rángatar anacal agus tairrtheachtain acht cóic persana amháin.