Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 39

Ar mbeith aimsir áirigthe mar sin go ttáinic a gcomhfhoccus agus a n-imfhoixe don áit i n-a mbuí in púdar,


p.52

aroile oidhche, ier n-íadhadh agus ier gcomhdhúnadh uile dhorass na heguilsi, timchiol mhedhóin oidhche do shonnradh, benait cluig agus ceóláin na heguilsi go mírbaileach uaidhip féin go gclos fon mbaile uile íad. La sodhain tra éirghit in chlier agus muinnter an baile a gcétóir. Ar ndol dóip go dorass in recléssae dogeibhit na doirrsi foriadhta ar a gcionn. Ticc in t-aistreóir gussna heochrachaibh. Tiaghait astech assa haithle. Fuaratar in lóchrann ar lassadh a ffiadhnuissi na himháidhe agus na cluig ag comhmbuain. Ba machtnadh agus ba hingantus dermhair leó.