Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 38

Gar ier sin issedh ro taisspenadh do Graumuiriss ar foláiremh aingil na cléláimhe cainneal ba lór métt sa doman do chor da himdénomh, a lán púdair do bheith a n-inmhedhón na coinnle, imdénomh cíera ar in taep amoigh. Cuiriss tré chúiss cheilcce teachtaireacht go huachtarán na heguilsi. Adbeart gur gap aithmhéle agus aithreachus dermhair é 'mun iarroidh sin do thabairt ar in reclés onórach i n-a mbuí an imháidh mhór-mhírbailech, gur chuir lóchrann ciera a gcomartha aithreachuiss agus leapar-gnímha dia saighidh. Ro íarr a n-impidhe agus a n-athchuingidh an lóchrann do bheith ar comhlassadh do ló agus d'oidche a ffiadhnuissi na himháidhe go forcionn a thochaithmhe, ier sin tra go gcuirfedh lóchrann oile i n-a ionadh. {ms page 21} Deimhin leis sen tra madh dia loisgthe in lóchrann go roichedh in púdar, ier gcomhlassadh don púdar, go mbrissfidhe agus go loiscfide in egluis co n-a mbiadh innte, go tticfadh losgadh agus milledh in baile dessidhe. Gapuiss in t-uachtarán agus in chlíar an teachtaireacht go messarrdha iomqubaidh chuca. Adhnait agus comhlassait in lóchrann a ffrithchédfaidh agus a ffiadhnuissi na himháidhe.