Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 35

Ar n-a mhárach tra dóibh go Noutre Dam. Oirissit ann an oidhche sin. A moch-dheghóil na maitne léigit go Bruxel iat trí léige. Ticc corenél Francisco go línmhairecht do chaiptínip Spáinneacha agus Eadáilleacha, Eirennacha agus Flonndrusacha, i n-a gcomdháil amach assin gcathraigh. Gluaissit uile tria shráidip oireghdha in baile go rángatar dorass páláiss in marcéiss. Táinic in marcéiss féin agus nunsiuss in pápa agus ambasadóir rígh na Spáinni agus diúc de Suna dia nglacadh as a gcóistighip. Ier fforffáiltiugadh re aroile go línmhar dóip tiaghait assa haithle ar halla in marcéiss. Bátor sealat ag bríathar-chomrádh re aroile. Eirghit 'n-a dheaghaidh gusin tteghduis i n-a ngnáthaigedh in marcéiss a chuid do chaitheamh. An marcéiss badéin ba hé ro shuidigh cách. Cuiriss O Néill {ms page 19} i n-a shuidhe i n-a ionadh féin a gcert-édan in búird, nunsius in pápa dia láimh dheiss, íerla Tíre Conaill dia láimh chlí, clann Uí Néill agus Maguidir síoss ón ierla, ambasadóir rígh na Spáinne agus diúc de Umaar ar in taop oile síoss ón nunsius. Coimhlín in búird do dhaoinip uaissle oirmhitnecha onóracha cenmothá sin, an marcéiss badéin agus diúc de Suna ag fír-chionn in buird as comhair Uí Néill. Ba lór a onóraighi agus a ró-chostusaighi ar bith, dia madh


p.48

rí no-biadh ann, láin-fheabhus in medhóin laoi dorónsat. Nír uo messa-sa chách in bangcéd. Do taispenadh pláta óir agus airgit astigh nár uo himnáir do rígh nó prinnsa sa crístaighecht do bheith aige. Bátor sealat ag conuersáit agus ag áines bhríathar. Gabhait a gcet maille re buidhechus do thabairt dia chéile. Léigit tar aiss an oidhche sin go Noutre Dam iad.