Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 28

Ruibér ro-aoibhinn ar n-a chomhroinn a ttríp


p.40

rannoibh go ttrí ndroichetoibh deig-dhénmhacha ar n-a gcomhshuidhiugadh triasan gcathraigh, sí féin i n-a prímh-chathraigh oirrdirc arsanta go sen-teghdhuisip dessa degh-fhoirgenta, go n-imat sliús chomhfhostus agus imtheilges in t-uisce mar is lainn agus mar is toltanach re lucht na cathrach. Caisslén láidir lán-daingen ag a ffuil cennus agus uachtaránacht ar in gcathraigh uile ag rígh na Spáinne sa mbaili gusin ruibér ar n-a chomhtharraing 'n-a mhóirthimchioll.

Tadhg Ó Cienain do scribh isan Roimh 1609.

{ms page 16}

Míle saighdiúir, go síorraidhe co n-a n-uile ríachtanus a less órdanáiss mhóir agus munisioin ar doman, ag bárdacht agus ag forchoimhétt in chaissléin. Reigléss onórach astigh aca ar imfhaitchess go mbíadh comhthathaighi etorra amne agus lucht na cathrach. Mar do bátar tra sligthe salchae agus ard-bhóthair imchomhga aimhréidhe ó Doua go Turnae, ní hinnill rug fer a scríptha agus a fhaisnéissi so mess nó brethnughadh ar in región agus ar in talmhain móir-thimchiol in prímh-róitt.