Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 23

Prímh-chathoir oirrderc oireghdha in chathair si sí ro-dhaingen láidir daoineachoir degh-fhoirgenta ní is móo dheissi nó Amens, acht gan ruibér ar a comghar. {ms page 13} Státúss onórach a gcert-mhedhón na cathrach ar a mbíonn gárda láidir do gnáth-muinntir in baile féin go sírraidhe. Gárda oile do shaighdiúirip in rígh ag geptaigip in baile


p.34

d'oidche agus do ló. Cúirt ro-mhór agus tempol Muire. Cathair ard-easpoig na prouensi gusin reilic is ferr agus is onóraighe a fformhór na crístaigheachtae ar in taep amoigh do ballaigibh na cathrach. Isin egluiss Muire sin ro thuit do nemh prímh-lóchrann lassamail cíera. Do ratsat lucht aittreptha na cathrach fo dera sépél onórach do thógbáil ar in taop astigh do na ballaighip fo chomhair in lóchrainn naemtha sin d'imfhaitchess námat dia rochtain. Dá chéd bliadain imlán ar adhnadh agus ar comhlasadh don lóchrann d'oidhche agus do ló, ní ro caithedh tra én-lethórdlach amháin de frissin ré sin. Feacht n-aon ticc aroile banscál áirigthe do dhénomh urnaigthe gusin altóir ar a mbuí in lóchrann. Ro ingantaig go mór métt mírbal agus grássa in lóchrainn. Ro fholáir in mhí-cheinneamain fuirre ar go ffessadh créd in mital d'áirigthe dia mbuí in lóchrann. Amhoil fuair in séipél go huaigneach agus lucht coimhétta an lóchrainn seachnóin na cathrach téid ar amus in lóchrainn, glacuiss dia lámhoip é, benuis screapall beg don chiaraigh de. Gabuis tra in lóchrann ag comhlassadh agus in chéir ag tionadh agus ag legadh. Bidgaiss in ben ier n-a fhaixin sin. Ba haithmhélach imnáir lé a ndoróine. Ar ndol amach assin reccléss teacmhait lucht coimhétta in lóchrainn di. Ba machtnadh dermhair leó mar fuarator in lóchrann dia chomhchaithemh. Oirrdercaigther in scél fon gcathraigh. Comhchruinnigit clier agus meic eguilsi in baile 'mun aird-easpog. Cuirit a gceist agus a n-ingantus dermhair mar do éirigh don lóchrann. Innissit lucht a choimhétta gur fhágoibset i n-a aignedh badéin é ag dol fon gcathraigh dóib, gan duine saegalta i n-a fhochair acht in banscál remráite, ar ttegmháil na mná dóip ar a ttoigeacht astegh san egluiss, go ffuaratar in lóchrann {ms page 14} ag tinadh agus ag leghadh agus ar n-athrugadh a staide. Du-s-radadh in macaomh mná do láthoir. Dorónadh tra examen agus scrúdadh gér uirre. Ro adoimh a ffiadhnuissi Dé agus na heguilsi naoimhe gur ben screapal beg don lóchrann. Du-s-rad a coibhsena as a haithle. Comhairligit an chlier ieromh an lóchrann do mhúchadh agus a chomhdach go sírraidhe a fforaithmhet a mór-mhírbhal. Adhantor agus soillsigther a prímh-fhéstoibh uaisle é.

p.36

Mairidh fóss ag dénomh fert agus mírbal, na mílte do dhaoinibh ag toigheacht chuicce agus uaidh dia n-oilithre d'adhradh agus d'ettorguide naemhMuire óighe n-a fiadhnuissi. Fuaratar na maithe si a thaispenadh.