Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 8

Ar n-a mhárach tra buí guibernóir in baile a ffochair Uí Néill ar a medhón laoi. Bronnaiss dó na seabaic édála ingantacha sin ro gabadh for in ffairgi. Tar éiss mhedóin laoi glacait bádaidhi. Cuirit in chuntaois agus ingen Uí Domnaill, na leinimh bátar mailli riú, páirt dá ndaoinibh uaisle agus dá


p.20

lucht {ms page 6} coimhideachta co n-a ttrongcaib san athghairid triasan ruibér go Rodhán. Gabhuiss O Néill agus in t-ierla, na tigernaidhe agus na daoine uaissle bátar maille riú, seacht ffir dég dóibh, ar eachraidh gusin mbaile ar in ruibér chétna dar comhainm Laboill, seacht léige ó Chilbuf, agus ó Chilbuf síos gusin gcuan nua deich léige. Ar n-a mhárach tra re hucht in baili d'fágbáil dóibh adchíd guibernóir Chilbuf chuca. Cuiris gné riastála orrae. Adubairt go gcaithfediss dol do láthair ard-mharuscail na Normainntí. Ro umhlaigset chuige sin. Gabhsat aitherrach eachraidhe. Gluaissit begán buidhne gusin mbaili dar comhainm Liegeuuaie, airm a mbuí in maruscal, seacht léige dég ar comgar na Britáinne. Gabuis in maruscal chuige go ro-onórach degh-aigtheach iad.