Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 6

Bátor dá oilén gabhus le rígh Saxan, dar comhanmanna Gorgi agus Garsíi, a n-imfhoixe dóib. Muna bheith legadh na seóltae bátor a gconntabairt dermhair a gcomhmbualadh fo nechtar don dá oilén sin. Nó dia raghdaois a ttír ó n-a ttoil uodéin, nír uo saigidh deghcharat a gcéin dóip gnúissi na


p.14

n-eritchedh náimhdidhi n-éttrócar bátar ar a ccionn isna hoilénoip. A moch-shoillsi na maitne adchíd go follus na hoiléin ar a gcomhghar. Du-s-rat in Frangcach remráite aithne forra. Adbert gur uo Saxanaigh bátar dia n-inotacht agus dia n-aittreabadh.