Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 4

Timchiol mheadhóin laei dia máirt adchíd trí longa adhbalmóra ag ascnamh ón aird uo dhess mar do thicfaitis ón Spáinn. Ge gur imeglaigset in loinges sin gur mesatar gur d'armáil ríg Saxan ar ttoigheacht 'n-a n-íermhoirecht iad, brethnaigit aca féin gur uo ferr dóip dénomh orra do chor a gconáich a gconntabairt, mad náimde iad, nó madh catoilce, d'ierroidh scél agus eóluis orra, inás bheith san guasacht dermhair a mbátor a ttaep seachráin agus aineóluis agus teirce dighe. Riccit féin agus in loinges ar comhghar a chéile deóigh laoi. Eirgis ainfine adpol in tan sin as nach rángator féin agus in loinges go


p.12

cenn aimsire toigeacht a gcóir chomhráidh re aroile. As a haithle tra laprait re lucht na loingsi. Ierroit scéla orra. Innissit gur do chríchoibh Lochlann a mbunadhus, go rapsat ag térnódh tar aiss ón Spáinn go a n-atharrdha badéin. Adbertsat gur sa ffairrge fFleminnaig bátar-san d'áirigthe. Mar do buí in cuan sin ar comghar chósta na Saxan ní mór gurab ann ba rómhaith lesna maithib sin tegmháil a n-aois na huaire sin. Fós ní roipe pilóit fessach nó eólach sa chuan sin aca. Gapsat ag foilenmhain na loingsi remráite gur ben comdhorcha na hoidhche a radharc díp.