Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 2

{ms page 2} Tiaghaid asteach ar bord loinge timchiol mhedhóin láei dia haoine do shonnradh. Tógbhaid a seólta ainnséin. Léigit ar comhghar in chuain iad. Cuirit lucht dá bhát do thógbáil uisque agus d'ierroidh connaidh. Beiris mac Mheic Suipne Fánat agus drong do dhaoinibh in tíre a ttóraigheacht orra. Troidit re aroile. Is ar éigen tugatar foirionn na mbád uisque agus connadh leó. Timchiol mheadhóin na hoidhche cétna sin tógbhait a seólta an athuair. Léigit amach go comhfhairsing sa ffairgi iad. Bá taitnemhach féith-chiúin an oidhche go ngaoith anier-ndesss. Mesait annsin dol asteach go h-Aroinn a riachtanus a less bídh agus dighe do thabairt chuca. Eirgiss ainfine imarcach agus doinionn dermhair maille re ceó agus fleachadh dóip as gur hinnarbadh ó chomhghar in tíre íad. Gabhait in fhairrgi go comhfairsing. Ba marthanach in stoirm agus in míchiúnus sin go medhón oidhche buí ar a gcionn. As a haithle dírgit a gcúrsa cléláimh re Tír Conaill tar chuan Sligigh gach ndíreach go rapatar as urchomhair Chruaiche


p.10

Pátraic a gConnachtoip. Imeglaigit ainnséin loingess in rígh buí a gcuan na Gaillbhe do thegmháil riú. Léicit amach sa ffairrge iat do dénomh ar in Spáinn gach ndírech dá mad éidir leó. Bátor ier sin trí lá dég for fairrge maille re hainfine imarcaigh agus re droich-shín chonntabartaigh. Tug comhfhortacht adpol dóip mar do chuiretair sa ffairgi a ffoilenmhain na loinge cros óir buí ag O Néill i n-a roipe rann-chuid don chroich chésta go n-imat religiass oile. A fforcionn na haimsire sin tegmhaidh do chúiss ingantuis dóibh a gceirt-mhedhón na fairrge dá sheapac bhega .i. merilliúin do thoirling forsan luing. Ro gapadh na seabaic. Do bethaigedh as a haithle.