Corpus of Electronic Texts Edition
Imeacht na n-Iarlaí (Author: Tadhg Ó Cianáin)

section 1

A n-ainm Dhé.

Ag so páirt do scéloib agus d'imthechtoib Uí Néill ón uair forfhágoip sé Eire. Ar tús buí O Néill a ffochair Iuistis na Héirenn, Sir Artuir Sitsestar, a m-Baili Shláine. Do ghlac sé leitir ó Sheón Bat dia dardaoin, in seachtmadh lá Septembris, a aois in Tigerna in tan sin míle agus sé chétt agus seacht


p.4

mbliadhna. Buí ar in litir remhráite go ttáinic Maguidir Cúchonnacht Maguidir, Donnchadh O Briain, Matha óg O Maeltuile, Seón Rat, go loing fFrangcaigh a gcomhairrchiss Uí Néill agus Ierla Thíre Conaill go cuan Suiligi Móire as urchomair Rátha Maoláin a fFánait. Gapuis O Néill a ched ag in Iustis in sathorn 'n-a deghaidh sin. Téid an oidhche sin gus in Mainistir Móir, áit a mbuí Sir Geróid Modhar. Ar n-a mhárach dó go Srádbaili Dúna Dealgan. Gluaissis dia luain

p.6

as in Srádbaili tria bhealach mór in Fhedha go Bél Atha in Airgit, tar Sliap Fuait go Hard Macha, tar Abainn Móir, go Dún Genainn, gus in gCraoip .i. baile oiléin dia bailtibh. Dogní sé comnaidhe agus oirisemh ar in Chraoibh dia máirt. Gluaisidh a n-ainm Dé dia cédaoin ón Chraoibh tar Sliap Síoss. Buí an oidhque sin a Muinntir Luinigh ar comhgar Locha Beigfhine. Ar n-a mhárach dó go Bun Diennoide. Buí i n-a chomhnaidhe ó aimsir mhedhóin laoi go comthuitim na hoidche. Iar sin léigis tar Fersait Móir ar Loch Feabail é gach ndíreach go Droichet Adhamnáin. Buí mac Uí Domnaill Cathbarr mac Aoda meic Magnusa ar a gcionn annsin. Gapsat go Ráith Mealltain, an lá ag soillsiugadh orra in tan

p.8

sin. Eirgit go Ráith Maoláin áit a mbuí in long adupramar ar angcairip. Fuaratar Rugraighi O Domnaill, Ierla Thíre Conoill, gus na daoinibh uaisle remráite maille re mórán d'oireacht agus do lucht lenamhna in Ierlae ag cor stóruiss bídh agus dighe asteach 'san loing.