Electronic edition compiled by Beatrix Färber
Funded by University College, Cork and
The RIA's 'Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge' Project, directed by Dr Úna Uí Bheirn donated a proofed and marked-up copy of the text.
2. Second draft, revised and corrected.
Extent of text: 51,135 words
Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G100070
Availability [RESTRICTED]
Available with prior consent of the CELT programme for purposes of academic research and teaching only. This electronic edition is based on a html file available on http://www.ria.ie/projects/fng/l015.html, which is used with kind permission of the 'Foclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge' Project, Royal Irish Academy, Dublin, and for which copyright rests with the RIA.
CELT: Corpus of Electronic Texts
The file was proofed prior to donation, with editorial corrections integrated, and was proofed once more at CELT.
The electronic text represents the edited text. The acute accent and the horizontal overstroke both denote a long vowel and have both been rendered as acute accent. Editorial corrections are tagged corr sic="" resp="PW" with the corrected form given in the 'sic' attribute. Expansions are marked ex. Colophons and other notes by the author, given in footnotes by Walsh, are integrated. Text supplied by the editor is marked sup resp="PW". A few editorial notes are retained and tagged note type="auth" n="". Text other than in Irish is indicated. The English version is available in a separate file.
Direct speech is tagged q.
Soft hyphens are silently removed. When a hyphenated word (hard or soft) crosses a page-break or line-break, this break is marked after the completion of the hyphenated word.
div0=the travel journal; div1=the section; div2=the sub-section; page-breaks are marked. Reference to manuscript pagination is tagged mls unit="ms page" n="".
Dates are standardized in the ISO form yyyy-mm-dd.
Personal names, group and place names are tagged.
This text uses the DIV1 element to represent the section.
Created: By Tadhg Ó Cianáin Date range: 1607-1609.
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Benjamin Hazard (ed.)
Julianne Nyhan (ed.)
Peter Flynn (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Benjamin Hazard (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Beatrix Färber (ed.)
Úna Uí Bheirn, Foclóir Stairiúil na Nua-Gaeilge, Royal Irish Academy, Dublin (ed.)
Ag so páirt do scéloib agus d'imthechtoib Uí Néill ón uair forfhágoip sé Eire. Ar tús buí O Néill a ffochair Iuistis na Héirenn, Sir Artuir Sitsestar, a m-Baili Shláine. Do ghlac sé leitir ó Sheón Bat dia dardaoin, in seachtmadh lá Septembris, a aois in Tigerna in tan sin míle agus sé chétt agus seacht
{ms page 2} Tiaghaid asteach ar bord loinge timchiol mhedhóin láei dia haoine do shonnradh. Tógbhaid a seólta ainnséin. Léigit ar comhghar in chuain iad. Cuirit lucht dá bhát do thógbáil uisque agus d'ierroidh connaidh. Beiris mac Mheic Suipne Fánat agus drong do dhaoinibh in tíre a ttóraigheacht orra. Troidit re aroile. Is ar éigen tugatar foirionn na mbád uisque agus connadh leó. Timchiol mheadhóin na hoidhche cétna sin tógbhait a seólta an athuair. Léigit amach go comhfhairsing sa ffairgi iad. Bá taitnemhach féith-chiúin an oidhche go ngaoith anier-ndesss. Mesait annsin dol asteach go h-Aroinn a riachtanus a less bídh agus dighe do thabairt chuca. Eirgiss ainfine imarcach agus doinionn dermhair maille re ceó agus fleachadh dóip as gur hinnarbadh ó chomhghar in tíre íad. Gabhait in fhairrgi go comhfairsing. Ba marthanach in stoirm agus in míchiúnus sin go medhón oidhche buí ar a gcionn. As a haithle dírgit a gcúrsa cléláimh re Tír Conaill tar chuan Sligigh gach ndíreach go rapatar as urchomhair Chruaiche
Dia domhnaigh in dechmadh lá fichet Septembriss táinic in gaoth go coimhdhíreach a gcertaghoidh na loinge. Gapsat na marnélaigh do láimh, ó nach roibhe ar comas dóip dol don Spáinn, go mbeittis a gcuan Croissic issin m-Britáinn fo chionn dá ló go n-oidhche. Comhairlighit na tigernaidhe {ms page 3} bátor san loing, do bíthin teirce a mbídh agus a ndighe go háirighthe, fós do brígh a ffuaratar gusin tan sin do docomal agus meirten na fairrge, gur uo himairgidhe dóip a léigen gach ndíreach gusin fFrainc. A gcétóir dírgit a gcúrsa gusin fFrainc. Dá lá agus dá oidche dóip ar siobal fo lán seóil. Ní rángator tír ar doman in comhfhad sin. Fós ní maith ro fhitirset cia in cósta áirigthe ba himfhoixe dhóip.
Timchiol mheadhóin laei dia máirt adchíd trí longa adhbalmóra ag ascnamh ón aird uo dhess mar do thicfaitis ón Spáinn. Ge gur imeglaigset in loinges sin gur mesatar gur d'armáil ríg Saxan ar ttoigheacht 'n-a n-íermhoirecht iad, brethnaigit aca féin gur uo ferr dóip dénomh orra do chor a gconáich a gconntabairt, mad náimde iad, nó madh catoilce, d'ierroidh scél agus eóluis orra, inás bheith san guasacht dermhair a mbátor a ttaep seachráin agus aineóluis agus teirce dighe. Riccit féin agus in loinges ar comhghar a chéile deóigh laoi. Eirgis ainfine adpol in tan sin as nach rángator féin agus in loinges go
Adbert Frangcach áirigthi buí san loing: Ná bíodh dibergóit nó imsníomh oraip, a mhaithi, ol sé; treóraighfet-sa ria n-éirgi gréine amárach a ttír sa Normainnti, {ms page 4} prouensi oirrderc gabhus le ríg na Fraingce, sibh. An Chruinne, prímhchathoir oireghdha gapus le rígh na Spáinne, chom ar thriallsat ó thús. Do mhét na scíssi agus in docomail ro fhuilngetair ní mór nach roibhe a urdail do deigh-inntinn agus do shupailchip aca fo dol a ttír sa Normainnti agus mar do ragdaoiss sa gcathraigh sin. Dírgit a gcúrsa gusin gcuan sin. Timchiol medhóin oidche éirghiss in fhairrgi i n-a tonnoibh tul-borba tinnesnacha trén-tuinnsemhacha dóip. Trócaire na Trínóite ru-s-tesairc gan in long co n-a mbuí innte do bháthadh. Drong do na daoinibh uaisle bátar uas taiste, ní mór nach rapsat a gconntabairt a mbreth amach a gcertmedón na fairrgi ó láidire na gaoithe agus ó línmaire na ttonn. Ba héicen dóip a seólta do legad la tolgán agus trethan na ttonn, an long do léigen do réir thoile Dé ar a haradhain féin seachnóin na fairrge.
Bátor dá oilén gabhus le rígh Saxan, dar comhanmanna Gorgi agus Garsíi, a n-imfhoixe dóib. Muna bheith legadh na seóltae bátor a gconntabairt dermhair a gcomhmbualadh fo nechtar don dá oilén sin. Nó dia raghdaois a ttír ó n-a ttoil uodéin, nír uo saigidh deghcharat a gcéin dóip gnúissi na
Tógbhait a seólta ainnséin. Léicit ar siobal iat. Iar ffágbháil radhairc na n-oilén adconnarcatar go comhfhairsing talam na Fraingce. Ar ttoigheacht ar comhghar in chuain dóip gapuis crith-egla agus imfhaitchess in Frangcach. Adbert go roibi aimsir imchian ó ro buí sa chuan ria sunn, go mbuí a n-ainffioss {ms page 5} agus a gconntabairt dermhair um eólus dingmálta do dhénomh asteach sa chuan. Gar ier sin adchíd bátt beg Frangcach ag ascnamh chuca. Fochtait scéla dia fhoirinn. Adbertsat tra gurap ó Ruadhán dóip, prímh-chathair oirrderc gapus le ríg Franc. Tairgit gné chomhadh dóip ar eólus do dénomh astech sa chuan. Geallait a dénomh. Bátor rompa agus na ndeaghaidh car in chaomh-laithe. In tan ro-íssligh in ghaoth deóigh laoi agus nach roipe ar comus don loing dol asteach sa gcuan, gapsat tra muinnter na beg-loingi a gcead acasan. Atbertsat nach roipe maith aca re a dénomh dóip, nach ierrfaitiss lóighigheacht na mathessa nach dernsat. Dírgit féin a gcúrsa go Roán. Gidheadh chena ro sheólatar chuca-san gan mhoille aroile bát i n-a mbuí pilóit Rodháin. Tic tra in pileót ar bord loinge chuca a gcomdhorcha na hoidhque. Tógbait a seólta. Bátor ar siobal seachnóin na hoidhche. Ar maidin ar n-a mhárach treóraigidh in pilóit cétna iad a ruibér Rodháin ar in taep bho deass don chuan nua dar comainn Harboure de Grace. Timchiol meadhóin laoi dia dardaoin, lá S. Pronséiss do shonnradh, in cethramadh lá Octobriss agus in t-aenmad lá fichet dóip ar fairrge, tiagait a ttír a mbaili beg ar brú in ruibéir chétna dar comhainm Cilbuf. Dognít gné chiúnais agus chomnaidhe ann in méide buí rompa don ló gus in oidhche ar a gcionn. Persa d'uiresbaidh ar chét
Ar n-a mhárach tra buí guibernóir in baile a ffochair Uí Néill ar a medhón laoi. Bronnaiss dó na seabaic édála ingantacha sin ro gabadh for in ffairgi. Tar éiss mhedóin laoi glacait bádaidhi. Cuirit in chuntaois agus ingen Uí Domnaill, na leinimh bátar mailli riú, páirt dá ndaoinibh uaisle agus dá
Imthúss na mban uassal, gluaissit as Cilbuf a mbádoibh. Bátor seólta tógaibthe sealat aca, sealat oile ag imramh. Mar sin dóibh go comhdhorcha na hoidhche. Impaidhiss in lán mara i n-a n-aghaidh maille re nert agus láidire in ruibéir as gur cuiredh tar a n-ais aimser imchian íad. Ba dífhaisnéissi re a innissin mar do thigedh tuile agus aithbhe in ruibéir sin. Ní roibhe tra cúiss imthnúith aca re guasacht nó ainfine dier fhuilngetair ar fairrge a n-athfhégmhuis a ffuaratar do dhocomhal agus do chonntabairt a mbáiss in tan sin, acht amháin buí fíon agus uisce ar comus dóibh a n-inbaidh a ttarta. Ticit drong do lucht aittreaptha in tíre go mbádoibh maithe dia gcomhfhortacht. Eirgit an oidhche sin go baile beg buí ar brú in ruibéir. Ar n-a mhárach fuarator aimsir romhaith. Céimnigit seachnóin in ruibéir go rángator baile eguilsi dar comhainm Mainistir Sanct Seoirsi ar in taep ba thuaidh don ruibér. Oirissit ann an oidhche sin. Cuirit teachtaire go Rodhán do threórugadh gach riachtanuis cóistighi agus bhaigínidhe rángatar a les. Téigit co n-a n-uile chuideachta go Rodhán timchiol mhedhóin laoi dia domhnaigh.
{ms page 7} Seachnóin na haimsire si buí Maguidir agus na
Eirgiss Matha O Maeltuile a posta go Pairis. Ba luaithe posta in guibernóra do láthair ríg Franc nó Matha. Fuair freagra. Filliss tar a aiss. Buí in rí ag filleadh ó fhiadhach. Téid Matha i n-a láthoir. Labruis aghoidh a n-aghaidh friss. Adféd dó uile imthúss na ttigernadh, mar do cuiredh in gné thoirmeisc sin orra fo ríghacht na Fraingce do shiopal go breith augdarráis in ríg orra. Adbert in rí go honórach degh-aigtheach gur glac letreacha ar chúiss na ndaoine uassal roimhe sin, gur scríp gus in nguibernóir dia ttaop. Téid Matha do láthair secretáir in rígh. Adubairt in fer sin nach tticfadh urchóid ar bith do na maithibh as chúiss in braigdenuis agus go madh taosga deigh-fhreagra ón rígh ag breith orra nó Matha do thérnódh tar a aiss.
{ms page 8} Dorala ambasadoir rígh Saxan sa gcathraigh
Ar ttoigheacht do Mhatha óg go Rodhán, mar fuair deimin scél gurab é ordugadh agus direxion fuaratar san gabáil go Flonndrus ó thúss, agus gan gabáil gach ndírghe don Spáinn go mbeitiss a fFlonndrus, gluaisis féin a posta go Flonndrus dia innissin do mac Ui Neill, corenél na nEirinnach a fFlonndrus fo chomachtoip ríg na Spáinne, go ttángatar na tigernaidhe si as Eirinn, gur éirigh buaidhirt agus aineólus fairrgi dóibh, a tteacht a ttír a ríghacht na Fraingce, gné thoirmeisc do chor annsin orra as nár léigedh dóip comhghar na sligedh gus in Spáinn do gabáil, do bíthin gur uo héiccen dóip dénamh ar a gcert-agaidh go Flonndrus go rabhatar ag a iarraidh ar in chorenél teacht i n-a gcomdháil go coicrích na Fraingce, fós paspart agus barántus in arsdiúc {ms page 9} d'fagáil
Dia sathairn do shonnradh tig guibernóir chathrach Rodháin gusin dú a mbátar na mná uaisle. Ro fhógair dóibh in gcathraigh d'fágbáil gan mhoille in lá cétna sin, nó térnódh tar a n-aiss gusin loing óa ttángatar. Gabhait sen sin 'n-a imsníomh agus 'n-a dhupachus chuca, óir do messatar gur do bíthin míchinnemhna d'éirghi do na tigernaigibh fuaratar féin in fhógra thul-obann sin. Tré chúis impide agus onórachuis ro aontaigh in guibernóir dóip as a haithle furnaidhe isin gcathraigh gusin luan buí ar a gcionn. Um thráth esparta dia domnaig tigit na tigernaidhi maille re paspart agus barántus rígh Franc go Rodhán.
Bátor sa gcathraigh an oidhche sin. Ar n-a mhárach tra, in cóicedh lá dég Octobriss, gluaissit as Rodhán én-marcach dég ar fhichid ar eachraidh, cúpla cóiste, tri uaigín, timchiol dá fhichid dia gcoiss. Do dheachaidh guibernóir Chilbuf agus mórán do dhaoinibh uaissle in baile dia ttiodhlacadh sealat ón gcathraigh. Gapsat a gced ag in nguibernóir. Glacait barántus ríg Franc uaidh. Tucsat dó mar íoc a sligedh, ge gur thaissealbh a aingidheacht agus a dhroich-inntinn roimhe sin dóip, timchiol dá fhichid éiccin tunna saloinn buí sa loing ar a ttángatar.
Ba haoibhinn éxamail faircsin chathrach Rodháin don fforadh-chnoc ard oiregdha i n-a ndernsat na maithe si ceilibhradh di eroile. Ba hadpal a métt agus fairsinge na cathrach 'sí ro-dhaingen ro-láidir go n-ilimat daoine, go loingess línmhair, go gcéidhe bo lór feabhus, go ruibér ro-mhaith chéimniges sechnóin in tíre go roich Pairis. Línmaireacht mhór d'oilénoip ro-aoibhne ar in ruibér go n-imat fínemna agus do chrannoip torthacha. An talamh is comthroime {ms page 10} agus ba ferr aittrebugadh agus ba torthaighi dier thadhaill na hEirinnaig sin go meinic gusin tan sin timchuairt in ruibéir.
Búi in creidemh catoilce agus comachta na heguilsi naoimhe go ro-oirrderc ro-láidir a Rodhán. Bátor tri tempaill
Iar ngabáil láimhe ar imtheacht do na maithib si bátor tra seacht léige ó Rodhán an oidhche sin a uillage beg dar comhainm Labourshuire. Ag fágbáil Rodháin dóibh tarla gné sheachráin agus aineóluis eidir Aodh óg O Néill, mac Briain mheic Airt, agus in chuideachta. Fillis O Neill Maigbhethadh go Rodhán a n-íermhoracht mheic Briain. Tarla mac Briain don chuidechta. Ier ttérnódh do Maigbhethadh ó Rodhán lenuiss slicht-lorcc marcshlaighi oile ro fhágoib Rodhán. Ní tharla dia muinntir badéin é go rángatar Arass.
Ba nemhonórach in t-ósta fuaratar na maithe sin isin mbaile mbeg ndeireóil adupramar, ge tharla gur uó sgiemhach torthach aoibinn in talomh ro thaistilset othá Rodhán gusin dú sin. An baile beg a nglionn ro-aoibhinn ar abhainn roi-dheiss. A moch-shoillsi na maitne ar n-a mhárach as sin dóip trí léige go baile dar comhainm Nueuochattel. Oirissit ann gor éistset aiffrenn onórach canntaireachta agus orgán go ndernsat a medhón laoi. Gluaisit in lá cétna gusin mbaili dier comhainm Oumalle, cóig léige. An diúc dier uo selb in baile sin, buí in tan sin ar innarbadh agus deóraidheacht ó rígh Frangc a fFlonndrus a ffochair an arsdiúc. Ro buí a uile chíos agus tighernus dia thógbáil chuige go Flonndrus. Léigit as sin iad an oidhche sin gusin mbaili dar comhainm Poeise, cóic léige. Ge go rángatar deóigh {ms page 11} agus ier nóin laoi in baile sin, fuaratar betha imqubaidh agus áit chumhsanta ba cosmail. Atá caisslén daingen go mbárdaibh láidire ó ríg Franc sa mbaili chétna sin. Nir uo imchien in slige in lá sin, acht ba cnocaighi ghairbhe riasganta nemhthorthaighe í oldáit na sligthe oile.
Ar n-a mhárach dóib go prímh-chathraigh oiregdha oirrdirc sa fFrainc dar comhainm Amiaunce .i. aird-gepta cosnamha na Fraingce, sé léige bhega. Do congbhadh sealat a ndorus na cathrach iad go rochtain direxioin ó guibernóir in baile chuca. Eirgit asteach as a haithle. Ier ndénomh a medhóin laei dochotor go tempol ro-breghdha ro-dhealraigtheach dar comainm tempall Muire. Taisselbthor tra dóib cenn Eóin Baptaist. E a ngloine cristail soilléir sofhaircsena do na huilip do bhiadh dia láthoir go n-ilimat fert agus mírbal. Cruinn-chathoir dhess dhaingen in baili sin chom a ttic ruibér ón fhairrge ar a ttathaigit báid gusin mbaili re socomhal agus comfhortacht na fairrge. Atá in ruibér cétna sin ier n-a chomhtharraing agus ier na chomhroinn a ndíbh rannoip dég seachnóin na cathrach, go riachtanus a les droichet ar gach bengán fo leith díp. Ier ttérnódh tar aiss ó thempull Muire dóib gabhait a post-eachraidh nár uo holc. Léiccit go gepta Flonndruiss íad. Ar in taep astigh do ballaigip na cathrach adchíd port ro-dhaingen ba lór láidire ag lucht na cathrach dia thógbáil go n-iliomat lochta saothair agus oibre. Ar in taobh amoig do na ballaigip taispentar dóib na treinnsighe talman agus na daingnidhe díchra dorónadh la ríg Franc in tan buí siege nó forbaissi aige ar Amens, a n-aimsir a beith a seilb ríg na Spáinne, ier n-a gabáil go glic uassail-inntlechtach roimhe sin re trí cuidechtoib Eirenncha.
As sin dóib cóic léige go biláiste beg dar comhainm Pountau. Ba nemhshásta bátar an oidhche sin. Mar dorala a n-imfhoixe chomraic na Fraingce agus Flonndruiss íad, ní mór nach roibhe {ms page 12} gné imfhaitchis ar dhroing aca. Tugsat ar fhormhór a ndaoine beith suas i n-a n-armaibh ag forchoimét dóib an oidhche sin, agus ge tharla go rapatar go lór a dhaingne as focal agus as onóir rígh Frangc, ní lughaide-sa-chách ro-imeglaighset mar do chonnarcatar drem dá ndaoinibh ro gap aitherrach sligedh ag toigeacht go h-Amens, trúp mór marcshlaighi
A moch-dheghóil na maitne ar n-a mhárach eirgit a n-ordugadh a gcossanta dá léige as sin go coicrích Flonndruiss agus na Fraingci. Comhnaighit ann begán aimsire. As a haithle léigit go h-Aras iad seacht léige. Ní mór nach roibhe gné d'imegla na sligedh orra uidhe in laithe sin d'áirigthe. Ar ndol asteach sa prím-chathroigh sin dóip timchiol mhedóin laoi in t-ochtmadh lá dég Octobris dognít oirissemh agus comnaidhe gusin luan buí ar a gcionn. Magbethadh ro sgar riú ag fágbáil Rodháin fuaratar rompa sa gcathraigh sin é, ge gur mhessatar go mór go madh baoglach in slige dó. An guibernóir buí ó rígh na Spáinne sa mbaili, glacuiss féin agus maithe na cathrach na tigernaidhe si chuca go subhailceach onórach. Ticit ar cuairt dia saigidh go mbangcéd maith agus go ffíntoibh. Cuirit athair onórach maille re cóistigip taitnemhacha dia ttreórugadh gusna prímh-eguilsib oirrderca bátar sa gcathraigh. Taispentar ilimat do religiassoibh ro-naomhtha mór-lóigigheachta dóibh ar a mbuí rann-chuid mhór don chroich chésta, cenn S. San Sem, cuid d'folt Muire Madalén, cupa as ar ibh in Slánaigtheóir féin deoch in tan buí a gcolainn daonna ar in saogal, go n-imat dí-áirmhe oile. Ticis Eogan Mag Mhathgamhna, in doctúir, i n-a gcomhairrchiss ó Doua gus in dú sin.
Prímh-chathoir oirrderc oireghdha in chathair si sí ro-dhaingen láidir daoineachoir degh-fhoirgenta ní is móo dheissi nó Amens, acht gan ruibér ar a comghar. {ms page 13} Státúss onórach a gcert-mhedhón na cathrach ar a mbíonn gárda láidir do gnáth-muinntir in baile féin go sírraidhe. Gárda oile do shaighdiúirip in rígh ag geptaigip in baile
Dia luain in t-aonmadh lá fichet don mhí chéttna ceilibrait do lucht na cathrach. Eirghit cóic léicce oile go cathraigh oirrdirc dar comhainm Doua. Gapsat muinnter na cathrach go ro-onórach chuca iad. Toirlingit ag coláiste Eirennach buí ar costus rígh na Spáinne sa mbaile. Doghnít féin oirissemh sa gcoláiste. Léicit forgla a lochta coimhiteachtae fon gcathraigh. Bátor i n-a gcomnaidhe gusin aoine buí ar a gcionn. Beiriss orra as Flonndrus an t-athair onórach Flaithrí O Maelconaire, prouincial uird minúir S. Pronséiss a n-Eirinn agus in doctúir Roibert Mac Artuir. Rissin ré aimsire si gabsat ag siobal ar choláistibh na cathrach. Glacait coimhthinóil na gcoláistidhe chuca go ro-onórach subhailcech íad mailli re uersaidhip agus oráidip laitne grégissi agus bérla do dénam dóip. Ro chomhairimh aon don chuideachta a gcoláiste na iesuuit begán d'uiresbaidh ar dá chétt dég a n-én-choláiste amháin.
Prímh-chathoir chomhfhairsing neimhsciamhach teghdhuisidhi inaid foirgenta Doua acht amháin na coláistidhe. Ruibér ar a tticcit báit ón ffairrge ar n-a chomhroinn ar dó
Dia haoíne in seissedh lá fichet don mí so gluaissit na maithe si go cathraigh oirrdirc oile dar comhainm Turnuie secht léige ó Dhoua. Fuirighit do bíthin deighenaigh laoi do beith aca a ndorp ar in sligidh trí léige ó Thurnae. Buí ar in sligidh rompa fert agus adhnacal naoimh Eirennaigh, Sanct Linard a ainm. Dogní Dia imat mírbal tríd. Ar n-a mhárach gusin gcathraigh dóip. Adchíd a ndoras na cathrach tor comhdhaingen cloch conrótacht la Iuil Sessair in tan buí sige nó forbhaissi aige fon gcathraigh a n-inbaidh chocaidh chatharrdha na Rómhánach. Anuas ó a bharr téighther asteach air, óir ní fhuil doras ar doman air. Ro cosnadh tra la lucht a hinotachta an gcathraig go séitreach sonairt a gcert-agaidh Iuil Sesair agus an tsenaidh Rómhánaigh an tan sin. Atá a gcroinicil agus a fforaithmhet ag lucht a hai ttreptha nár gabadh agus nár togladh riem go haimhdeónach í.
Glacuit lucht na cathrach na maithe si chuca go ro-onórach airmhitneach. Cuirit cóistidhe día saighidh as go gcéimnigdiss sechnóin na cathrach d'faixin a heguilsi agus a daingnig co n-a hingantus go huilidhe. Tieghait as a haithle ar cuairt go haird-easpog na cathrach. Ru-s-taispein é féin go supailceach ilghairdeach dóib. Oirissit tra gussin luan buí ar a gcinn annsin.
Ruibér ro-aoibhinn ar n-a chomhroinn a ttríp
Tadhg Ó Cienain do scribh isan Roimh 1609.
{ms page 16}Míle saighdiúir, go síorraidhe co n-a n-uile ríachtanus a less órdanáiss mhóir agus munisioin ar doman, ag bárdacht agus ag forchoimhétt in chaissléin. Reigléss onórach astigh aca ar imfhaitchess go mbíadh comhthathaighi etorra amne agus lucht na cathrach. Mar do bátar tra sligthe salchae agus ard-bhóthair imchomhga aimhréidhe ó Doua go Turnae, ní hinnill rug fer a scríptha agus a fhaisnéissi so mess nó brethnughadh ar in región agus ar in talmhain móir-thimchiol in prímh-róitt.
Dia lúain an t-ochtmadh lá fichet don mí chétna céimnigit assin gcathraigh sin. Bátor tra a mbaili bheag dhess dhaingen, Aat a ainm, seacht léige ón gcathraigh remhráite. Tig guibernóir in baili tar ballaighip amach i n-a gcomdháil agus dia nglacadh chuicce go honórach airmhitneach. Do-dheachaidh badéin a persain día ttreórugudh go a ttighthibh ósta. Comhscaoílter uile ordanáss in baile mar onórachus agus mar shupailcibh a ttoigeachtae. Tig féin go maithip an bhaile dia n-áithreóss as a haithle. Taissealbhuiss a shupailche co n-a dheig-inntinn dóip. San mbaili sin tra dorala Caiptín Seón Blint a ngairessún. Buí go háilghen cennsa forffaoilidh rompa san.
Ar n-a mhárach dhóip seacht léige ó Aat go Noutre
Ar n-a mhárach trá. 31. Octobriss ticc mac Uí Néill, corenéil na nEirinnach, chuca go mbuidhin ndermhair ndeigh-innill {ms page 17} do chaiptínibh, do dhaoinibh uaissle do Spáinneachaibh agas d'Eirinnchaibh agus do gach nasión archena dia mbátor. Dia sathairn buí ar a gcinn táinic marcués Spinnala, ard-general armála rígh na Spáinne a fFlonndrus, go n-imat do dhaoinibh ro-onóracha chuca ó Bruxel. Dogní forffáilte friú. Glacuiss chuicce go honórach iad. Do-rad cuiredh dóip chom a medhóin laói ar n-a mhárach a m-Bruxel. Ro aontaighset chuigi sin. Téid trá in marcéiss do shléchtaine go hegluiss Muire búi ar comhghar dóip. Gar ier sin adchíd secretáir in arsadiúc chuca dá iarraidh orra bheith a ffochair in arsadiúc in luan buí ar a gcionn a Marimount, foraoiss fiadaigh buí ag in arsadiúc naoí léige ón mbaili sin. Ar n-a chlos sin don marcéss gabuis a ched. Léigiss tar a aiss go Bruxeil é. Cuiriss chuca san ar maidin dia domhnaigh a riachtanus a less cóistidhe agus eachraidhe as go raghdaoiss go hinnill onórach do láthoir in arsadiúc.
Ier n-éisteacht aiffrinn dia domnaigh in cethramadh lá Nouembriss gluaissit na tigernaidhi a gcóistighip
Gluaissit ar n-a mhárach, an guibernóir dia gcoimhitecht tar tórainn in baili. Tiaghait go Bench cóic léige uaidibh, airm a mbuí in t-arsadiúc. Tic diúc de Suna, in secretari, Don Rodrico, maior dommo {ms page 18} in arsadiúc, go gcóistigip maithe agus go ndaoinibh uaisle onórachae i n-a gcomhairrchiss. Fáiltighit a n-ainm in arsadiúc friú. Téid in diúc badéin issin chóiste a mbátor. Ar ndol dóip don mbaili toirlingit ag páláss in maior dommo. Bátar ann sealat mar do buí in lá go ffleachadh ndermhair roimhe sin. Ro cuiredh tra a lucht coimhitechta agus a n-eachradh a n-áitibh comhnaidhe. Tiaghait as a haithle d'féchain séipéil in arsadiúc.
As sin dóip gusin páláss. Tigiss Infanta ingen rígh na Spáinne agus in t-arsadiúc go dorus in páláiss i n-a gcomhdháil. Glacuit chuca go ro-onórach airmitnech forffáilteach degh-aightheach maille re cúirtissighip móra íad. Beirit leó dia gcodal-tigh íad. Bátar sealat ag comrádh agus ag coimhfhíerfaighe sgéul di eroile. Gabhait a gced. Eirgit féin agus diúc de Sana agus diúc de Oumal agus mórán do dhaoinibh uaissle oirrderca oile do dénomh a medhóin laoi. Gluaissit as a haithle, cóistidhe agus aitherrach eachraidhe ó' n-alteiss leó, go mbátar tar a n-ais an oidhche sin a Neeuel. Ní nem-onóraighi-sa-chách fuaratar an oidhche sin oldáss an chéd-oidhque.
Ar n-a mhárach tra dóibh go Noutre Dam. Oirissit ann an oidhche sin. A moch-dheghóil na maitne léigit go Bruxel iat trí léige. Ticc corenél Francisco go línmhairecht do chaiptínip Spáinneacha agus Eadáilleacha, Eirennacha agus Flonndrusacha, i n-a gcomdháil amach assin gcathraigh. Gluaissit uile tria shráidip oireghdha in baile go rángatar dorass páláiss in marcéiss. Táinic in marcéiss féin agus nunsiuss in pápa agus ambasadóir rígh na Spáinni agus diúc de Suna dia nglacadh as a gcóistighip. Ier fforffáiltiugadh re aroile go línmhar dóip tiaghait assa haithle ar halla in marcéiss. Bátor sealat ag bríathar-chomrádh re aroile. Eirghit 'n-a dheaghaidh gusin tteghduis i n-a ngnáthaigedh in marcéiss a chuid do chaitheamh. An marcéiss badéin ba hé ro shuidigh cách. Cuiriss O Néill {ms page 19} i n-a shuidhe i n-a ionadh féin a gcert-édan in búird, nunsius in pápa dia láimh dheiss, íerla Tíre Conaill dia láimh chlí, clann Uí Néill agus Maguidir síoss ón ierla, ambasadóir rígh na Spáinne agus diúc de Umaar ar in taop oile síoss ón nunsius. Coimhlín in búird do dhaoinip uaissle oirmhitnecha onóracha cenmothá sin, an marcéiss badéin agus diúc de Suna ag fír-chionn in buird as comhair Uí Néill. Ba lór a onóraighi agus a ró-chostusaighi ar bith, dia madh
Baile beg édaingen édlúith in baile sin, acht chena nír toghladh agus nír gapadh go haimhdeónach ríamh re náimhdib é. Ní do nert lámh nó do línmhairecht sochraide nó do daingne ballaidhi dorala sin, acht fiodhair agus pictúir agus dealbh Muire mírbhailighi atá a n-egluiss Muire sa mbaili doghní ilimat fert agus mírbal chom a ttigit ilmílte do na regiónoibh comhfhoixe dia n-oilithre d'adhradh agus d'edorguidhe naemh-Muire óighe. Feacht n-aon ro chuir Gramuiriss agus scristóiridhe na heguilsi catoilce léiger ar in mpaile sin. Na canóin riaghalta gusin ordanáss mór ro sgaoiltidhe friss. Is amhloidh tógaibhthe do na náimhdip bean uassal go n-édaigip glé-glana, naipicín gléigeal in-a dess-láimh sí n-a sessomh ar in mballa i n-a ffrithchétfaidh. Ro-ss-gap issin naipicín ina huile peiléir ru-s-caithedh frissin mbaili gan cumhsgugadh cloch gan brissedh balla gan marbadh duine. Ro léigedh síoss go cennuiss áilghen ar in taep astigh don bhalla na peiléir ar in talmhain assin naipicín. Mairit fóss go marthanach issin reiccléss a fforaithmhet na mór-mírbal. {ms page 20} Ní mar neach nemh-láidir trá do mesfaidhe in fer do thóigébadh én-pelér amháin ó thalmhain díbh. Tógbhait na náimhde ón mbaili mar doconnarcatar na móir-fherta. Gach línmhaireacht aimsire riemh ro shuidhset náimhde i n-a thimchiol táinic a chosnam go mírbhaileach do grássoibh Dé agus naomh-Muire óighe. On pictúir agus ón imháidh sin amháin sloinnter agus ainmnigther an baile agus is bladh bheg sin d'ingantus a móir-mírbal.
A n-aimsir an léigir adupramar do bheith ag Graumoreiss ar in mbaili adbeart aroile caiptín díomsach dia muinntir tré bhogássaigh urlapra agus tré dhánacht glóir fhochuidmidh agus fhanamhait go raghadh féin asteach san egluiss agus go mbenfadh a lámh don imháidh, ós dá mírbailibh buí an baile dia imchosnamh. Gar ier sin éirghis deabaidh agus dechétfaid eidir shlóghaip in bhaile agus in námhait. Eirgiss in caiptín remhráite go mbrígh agus go mborrfadh n-adhbal-mór a gcoma cháich ar in troid. Bentar a dhí láimh de. Ro gabadh é badéin. Admhaiss chena a ffiadhnuissi na himháidhe agus in popail gur chan in méide sin d'uabhar-bhriathraibh mí-tharbhacha. Atáit in dí láimh re a ttaispenadh go follus issin reclés.
Gar ier sin issedh ro taisspenadh do Graumuiriss ar foláiremh aingil na cléláimhe cainneal ba lór métt sa doman do chor da himdénomh, a lán púdair do bheith a n-inmhedhón na coinnle, imdénomh cíera ar in taep amoigh. Cuiriss tré chúiss cheilcce teachtaireacht go huachtarán na heguilsi. Adbeart gur gap aithmhéle agus aithreachus dermhair é 'mun iarroidh sin do thabairt ar in reclés onórach i n-a mbuí an imháidh mhór-mhírbailech, gur chuir lóchrann ciera a gcomartha aithreachuiss agus leapar-gnímha dia saighidh. Ro íarr a n-impidhe agus a n-athchuingidh an lóchrann do bheith ar comhlassadh do ló agus d'oidche a ffiadhnuissi na himháidhe go forcionn a thochaithmhe, ier sin tra go gcuirfedh lóchrann oile i n-a ionadh. {ms page 21} Deimhin leis sen tra madh dia loisgthe in lóchrann go roichedh in púdar, ier gcomhlassadh don púdar, go mbrissfidhe agus go loiscfide in egluis co n-a mbiadh innte, go tticfadh losgadh agus milledh in baile dessidhe. Gapuiss in t-uachtarán agus in chlíar an teachtaireacht go messarrdha iomqubaidh chuca. Adhnait agus comhlassait in lóchrann a ffrithchédfaidh agus a ffiadhnuissi na himháidhe.
Ar mbeith aimsir áirigthe mar sin go ttáinic a gcomhfhoccus agus a n-imfhoixe don áit i n-a mbuí in púdar,
Smuainit agus tuigit ier sin gur go mírbhaileach forcaomhnagair in chúiss agus in chaingen. Léicit ar a nglúinip iatt. Gapsat ag aithrighi agus ag urnaighthe agus ag etorghuidhe naemh-Muire óige a ffrithchétfaidh na himáidhe. Ar mbeith treimhsi agus selat fon samhla sin dóibh, a n-inbaidh in lóchrainn do chomhloscad gusin púdar, mar ná ro thuigset in popal rúndiemhoir na mór-mhírbal, síniss a láimh gusin lóchrann. Ódchonnairc uachtarán na heguilsi sin du-s-rad aithne gur do bíthin adhgaill agus urchóide do beith sa lóchrann ro sínedh in lámh agus ro bensat na cluicc. La sodain tra íermúchaidh in lóchrann. Sochtait na cluig a gcétóir. Comhthairrngit in chlier rann-chuid beg don maiste ro buí a gcert-lár in lóchrainn. Airighit boltanugadh an púdair. Sgaoilit begán don lóchrann. Ba hamhloidh forcaomnagoir nach roipe leth-ordlach amháin gan chaithemh {ms page 22} agus gan chomloscadh de gusin áit i n-a rapatar suim áirigthe do bairillighip púdair ar n-a gcomhshuidhiugadh sa lóchrann. Atá immorro in lóchrann cétna gusin púdar gcealgach re a thaispenadh aniú go follus a fforaithmet na mór-mhírbal.
Dia haoine, in nómadh lá Nouembriss, gluaissis O Néill agus in t-ierla gussna maithip bátar maille riú as Noetor Daam. Bátor an oidhche sin a prímh-chathraigh oirrdirc oireghdha, Louáine a hainm, secht léige. Buí O Néill a ttigh óstae dar comhainm tegh an impire, an t-ierla a ttigh oile. Oirisit tra fon innus sin go cionn deich lá. Ier sin tic Sir Uuilliem Stanlui, senridire saigdiúirthe Saxanach buí a
Dia domhnaigh do shonnradh in cóicedh lá fichet Nouembris tochomhláid na maithe si, deichnemhor ar fichit marcach dóip. Ba háil leó dol don Spáinn. Ro fhagoipset a mná uaissle agus drong oile dia lucht coimhitechta a Louáin. Fuaratar tra ar a gcionn a Sídona trúp marcshlaighi an arsadiúc dia ro herbadh dol dia ttidhlacadh. Bátar an oidhche sin a n-dorp bheg, Puruue a ainm, sé léige do droich-shligidh gránna.
Ar n-a mhárach dóip a fflichshneachta dhermhair go Namures trí léige. Ar ndol asteach issin gcathraigh dóibh beiriss post ó Bruxel go letreachoibh ón arsadiúc orra dia fhógra dóip gan ascnamh ní badh sía go breith aitherraigh direxioin orra agus térnódh tar aiss aríss go Louáine. Léicit sen in dara post gusin arsadiúc ar go ffesdiss fáth a ttoirmeisc. Bahé ordugadh fuaratar filledh go Louáin. Do-gnít amhloidh. A ffritheing na conaire dóip sé léige go baile beg dar comhainm Uafer. Ní mór immorro nach roibhe gné imfhaitchis {ms page 23} agus choimhegla orra an oidhche sin do bíthin édaingne an baile agus in námhait, armáil Graumores, a n-imfhoixe agus a gcomhghar dóip. Ar n-a mhárach tra in nómadh lá fichet Nouembriss, dia dardaoin ar aoi laithe sechtmaine, go Louáin dóibh sé
Ro buí immorro sneachta adpal-mór agus oighreadh frissin ré sin ann as go nimtheóchdiss eachradh agus cóistidhe agus uaigínide uile locha, aibhne agus ruibéir in tíre. Do grássoip Dé ro roichedh la hordaibh riagalta na heguilsi a gcúrsa aiffrenn, tráth agus senmór agus ernaigthe do dénomh isna heguilsip. Aroile athair Eirennach d'ord Sanct Pronséiss, Diermait Ó Conchubair, ó Chiennacht Ghlinne geimin, ro inniss a ffiadhnuissi Uí Néill gur fhulaing an urdail sin d'fuacht in comhfhad buí ag celibhradh in aiffrinn móir issin mainistir gur shilset páirt dia mhéoraibh frassa fola.
Baoi leac oigridh adpal ar ruibér Anuerp. Ba gnáth re lucht na cathrach dol gacha laithe do chaithemh aimsire agus d'finnfhuaradh a n-aigenta ar in leic. Laithe n-áon dia ndeachatar go línmhar dronga aca ag caithemh bídh agus dighe, ag reapradh agus ag raingce, teighiss in leac ó aidhbhle agus ó línmhaire na ndaoine agus ro-ss-léic béiceadh adpol-mhór ós
Bátor na maithe si tra a Louáin a n-aimsir na notlac buí ar a gcionn maille re menmain maith agus re degh-chaithemh aimsire, mar is onóraighe chostusaighi ba héittir leó. Ticdiss tra maithe na cathrach d'ilghairdiugadh inntinne dóip go n-ilimat d'innstrumeinntibh ciúil agus múissice, do lucht raingce agus clessaigheachta. Daóine úaisle Spáinneacha bátar sa gcathraig, ba gnáth leó beith ag imthathaigidh orra.
Rucatar scéla as Bruxel orra gur cuiredh Corbmac mhac an barúin, derbráthair Uí Néill, go Saxoip, a chor a mbraighdeanus a ttur Lonndan, tigerna Beinne hEttoir agus barún Dealpna a láimh a gcaislén in rígh a m-Baili Atha Cliath, fós gur marpadh Mag Mathgamhna a n-Eirinn le guibernóir
Lá na hEpefane i n-a deghaidh a n-inbaidh agus a n-aimsir mhedóin laoi ier n-éistecht aiffrinn isna heguilsibh éirghit {ms page 25} lucht aittreptha na cathrach dia ttighthibh agus dia tteghduissip. Tarla do beirt saighdiúir d'áirighthe go ndechator astech i n-aroile egluis naem-Muire óige. Forcaomhnagoir tra delb agus imháidh Muire go ffiodhair a meic i n-a hucht forsan altóir, coróin mór-lóig derscnaigthe dealraighthech
Ar ttoigheacht immorro don chléir gusin egluiss deóigh laoi ba hesbadhach aithmélach imnáir leó mar rángatar in delbh Muire gan choróin eidir. Ní fhitirset tra créd dodéndiss. In dís sin ro goid in choróin do sonnradh, ier mbeith ar comhaister dóip ó medhón laói go maidin, is amhloidh fuaratar iad araon astigh a n-egluiss Muire ag soillsiugadh don ló {ms page 26}. Ar toigheacht do díss do mhac-cléirchip áirigthe isin reclés a moch-dheghóil na maitne ro-s-fuaratar in beirt saighdiúir remráiti astig go gcoróin Muire fo oxail in dala n-ae. Dobheredh ierraidh meinic ar a himfholach fo n-a brat. Ní roibi tra sin ar comus dó. La sodain timairgit agus comchruinnigit clier na heguilsi go gcomarsnachaibh comfoixe na cathrach. Ráinic a coróin gusin deilb Muire. Ergapthor in díss amne. Oirrdercaigther in scél mírbaileach sechnóin na cathrach. Ro-s-adaimhset immorro in dís sin a móir-fhiadhnuissi chille agus tuaithe na cathrach amoil tarla dóib ó thúss go deiredh. Ní thucsat claonadh nó clethramh ar bith don scél acht mar atá i n-ar
An t-ochtmadh lá Februarii [1608] ticc gné fhleachaidh agus fherthana issin aimsir. Gluaissis méide éiccin tuile isna mionaib ge nár brissetair leaca oigridh na prímhabhann. An ruibér gabus go Louáine buí bengán beg ar n-a chomh-tharraing ar in taep amoigh do na ballaighibh agus a n-imfhoixe don dí pálás a mbátor na tigernaidhe. Buí glaissín beg- shrotha ba lór laighet ar doman ag dol gusin mbengán remhráiti, é ag céimniugadh óta gáirdín {ms page 27} ro buí eidir in dá páláss. Aroile fer do muinntir in ierla buí ag dol re toisc éiccin gusin pálás i n-a roibhe O Néill, adchí bradán ro-mhór a poll beg tabhuill buí forsan nglaissín. Tairrngidh arm a gcétóir. Marpuiss in bradán. Rug leiss do láthoir in ierla. Tic assin do láthuir Uí Néill. Tángator tra in méide ba himfhoixe dóip do mhaithip na cathrach d'féchain in bradáin. Ingantach leó a roi-mhéd agus a fagbáil mar a ffríth. Adupratar nach ffacatar féin in gcéin bátor i n-a mbethaidh agus nach gcualator ó a seinnseroip rompa go ffríth bradán ar ruibér Louáin nó ar in mbengán sin d'áirigthi roimhe sin ríemh.
Bátor tra na maithe si a Louáin gussin ochtmhadh lá dég don mí chétna. Eirgit ier sin go Maiclín, prímh-chathoir oirrderc do prouensi Flonndruis. Ier ndénomh a meadhóin laoi a ffochair Sar Uuilliam Stanlui léigit tar abhainn móir téid ó Bruxel go Hanuorp iad. Oirisit an oidche sin a mbaili beag ro-baoi a gcomhfhochraibh na
Ar n-a mhárach dóib go Hanuerp. Ar in sligidh rompa gabait tar ruibér ro-mór tic ó Gant. Leac oigridh adbal-mhór ar in ruipér. Beirit a n-eachroidh ar ardadhnoibh leó go methón in tsrotha ar in leic. Cuirit ainnséin a mbátoib íad do chéidhe oighridh, 'n-a mhac samhla a ttír don taobh araill. Rángator fort atá as urchomhair chathrach Anuerp, Cenn Flonndruiss a chomhainm. Fágaibset ann a n-eachroidh. Dodeachator badéin a mbáttoibh gusin gcathraigh. Ier ngabáil tighi ósta éirgit d'fhaixin chaisléin Anueirp. Mesait agus brethnaigit cách go ffuil in caislén sin i n-a méide féin ar oibreachoip lán-daingne na crístaigeachta. An ruibér ar n-a chomhtharraing i n-a móir-thimchioll. Mile Spáinneach go sírraidhe d'oidche agus do ló ag a bhárdacht go ro-imat canón riaghalta agus ordanáiss móir gusin uile chomghar agus ríachtanas ricit a les. Eagluis roi-dess aca astigh. Dá gunna
Céimnigit ier sin timchuairt bhallaidhi in baile. Ge nach sét samhla tra re daingne in chaisléin in balla, ar aói sin atá a gcosmhailes, óir atáit cóic troighthi fichet a ttighi a mhúir agus a thairimtheachta gan an caislén ochta do chomhairem go ro-imat do sconsaigip is lór lán-daingne 'sa doman, iad féin ag coimhétt dia chéile. Díog móir-lethan timchell in balla. O aidple na leice oigridh ní fhettamar a doimhne. Ge tharla gur fhóbair go tteigémadh sgiúrsad urchóidech do lucht na cathrach ar in leic oigridh go gar roimhe sin, amhoil {ms page 29} atá i n-ar ndíaigh, bátor tra timchiol fiche míle persa in tan sin ag reabradh ag raingce a n-éinfheacht uirre. Go haimsir esparta do na maithip si ag déxain na cathrach. As a haithle tiaghait dia lóistínibh.
Ar maitin ar n-a mhárach éirghit ar cuairt gusin gcoláiste Eirennach buí issin gcathraigh. Ba roi-dhes teghduis-línmhar go scoláirip imdha in coláiste sin tra. Eistid aiffrenn onórach canntairechta go n-orgánoib comhmbinne ceólmhara go n-imat d'innstrumainntib múisice agus gach oirfitidh archena. Petarca, duine uassal onórach do threip na Spáinne, buí ós cionn in choláiste. Nír gap uaidip gan bangcéd onórach do chaithemh maille fris. Ruc leiss iad as a haithle d'fhaixin a thighi badéin. Du-s-rad d'Ua Néill agus don íerla dá ímháidh Muire óighe neoch do-rónadh don chrann oirrderc i n-a ffríth in dealp Muire mhírbhaileach dár comhainm Noutre Daam do Buaiss ru-s-fríth go gar roimhe sin agus shlánaighes go línmhar laithemail, do mór-grásoib Dé agus Naemh-Muire, lucht treabhlaite galoir agus essláinte. Eirghit d'fhéchain tighi agus gárdín in bourgomáigistir, ard-oifficigh in baile. Ba roi-dhess aoibinn in taispénadh sin co n-imat
Ascnait assin gcathraigh tar éiss mhedhóin laoi trí léige. Riccit ruibér Gant. Eirgit go baile beg ar brú in ruibéir i n-a ffuil caislén daingen ag in rígh. Céd saigdiúir go sírraidhe dia bhárdacht. Milbruc a ainm. Ar n-a mhárach dóib go Filfort, baile ro-dhaingen i n-a ffuil caislén láidir ag in arsdiúc. Gach aon d'uaisslip an tíre atruilles dia mí-ghnímharthaibh badéin báss d'fhagháil do-geip mar chúiss impidhe agus onórachuiss gan báss fiadhnach nó follus a ffiadhnuisi cáich d'fhagháil, tochuirter iatt gusin gcaislén gcétna sin. Faoí Dia acht in guibernóir ní himda persa ar talmain is fessach créd an oigedh nó in báss geipit, acht ní thérnoíghit tar aiss amach go bráth.
Eirgit in lá sin badéin go Louáine gussin prímh-chathraigh n-oirrdirc n-arsanta. Comhfhairsing a ttimchúairt a ballaidhi. Rannchuid di bán gan aittreabadh nó inotacht, sí des degh-fhoirgenta, go ro-imat tempall agus mainistrech,
Día dardaóin do shonnradh in t-ochtmadh lá fiched Februarii 1608 triallait na maithe si gus in Edáill, dá fher dég ar fhichit dóip ar eachraidh. Cóiste ag a mnáip uaissle. Fágbhaitt díss mac Uí Néill, Seán agus Brian, an barún mac in ierla, agus Aodh mac Cathbharr, O Coinne agus Seáan O Hágáin agus drong oile dá ndaoinibh uaissle agus día lucht lenamhna a fFlonndrus a ffochair in chorenéil.
Bátor an oidhche sin tra a mbaile dier comhainm Uuafer ceithre léige ó Louáin, trúp marcshlaighi in arsadiúc
Cruinn-chathoir dhess dhaingen dheghfhoirgenta in baile sin go tteghduissip ro-maithi deig-dénta ar n-a suidhiugadh a nglionn ro-aoibhinn. Ruibhér ro-mhaith ar n-a chomhtharroing agus ar n-a chomroinn go línmhar thríthe, go n-imat droichet, go mbádoip línmhara. Caisslén ro-láidir ag rígh na Spáinne ar foradh-chnoc ard aoipinn uas an gcathraigh ag a ffuil commanndar, cennus agus uachtaránacht ar in mbaili uile, go marcshlaigh móir go saigdiúirip línmhara go sírraidhe.
As sin dóibh go Mars ocht léige. Tigit saigdiúiridhe in baili i n-a gcomhairrchiss léige ón mbaili. Bátor ann an oidhche sin. Baile beag daingen i n-a ffuil fort ag an rígh go sochraide láidir in baile sin tra.
Ar n-a mhárach día domhnaigh 2.] Martii sé léige dóip go baile dar comhainm Bastoinn. Ní rángatar a less tiodhlacadh in lá sin. As sin dóip sé léige go Harlon, baile gapus lessin rígh.
Ar n-a mhárach dia máirt go baile le diúc de Loréne ceithri léige. Bator conuaidh leó go nuigi sin. Annsin chomraicess agus etorscaruss ferann in ríg agus duthaigh diúc de Loréine re aroile. Fort ro-dhaingen ar n-a imdénamh lessin diúc sa mbaili sin go mbárdoip láidire línmhara d'imdheghoil
Ar n-a mhárach dóip secht léige go baile posta dar comhainm Malatur. Gabhait in {ms page 33} lá cétna sin tria baile roi-dhess Countflaune. Buí ruibér ro-docomhlach go ttuile ro-láidir ar a roibhi droichet tríd. Fuair an t-athair Tomáss Strong agus Magbethadh contabhairt báitte ar in ruibér sin, óir ro trascradh a each fo gach aon aca. Ba héiccen dóip gan a snámh do dhermat.
As sin dóip cóic léige go Pontemountson, baile láidir dess le diúc Lorén i n-a ffuil páláss ro-mhaith ag in diúc. Oirissit ann dá oidche. Léicit daoine rompa gussin diúc dia fhoillsiugadh go roipe a ttriall chuigi. Ruibér ro-oirrderc triassan mbaili go ndroichet is lór feabhas, caislén ro-daingen go mbárdoip línmhara ar chnoc ard uassa, agus is uaidh ainmnigther in baile.
Céimnigit as sin ar in taop chlé don ruibér trí léige, a mbáttoip ier sin tar in ruibér. Eirgit go Nancside dá léige, prímh-chathoir in diúc badéin. Ba ro-aoibhinn éxamail in
Prímh-chathair oirrderc oireghdha ar dhaingne láidire daoineachaire na región gcomhfhocus in chathair-si. Díog ro-domain móir-thimchell a balla. Trí gepta ar druim a chéile go ngárda línmhar. Ceithri slata dég a ttighi in balla gan in caisslén ochta do chomhairiomh. Ar in táob uo dess don chathraigh cúirt derscnaighthech degh-oibrigthi ag a cor suass lesin diúc, go ndá páláss ro-onóracha ar n-a suidiugadh go hinntleachtach. Baile mór ar n-a thógbáil móirthimchell
Ar n-a mhárach immorro éirgit na maithe si go gcóistigip ón diúc go hegluiss Sanct Niclás dá léigi ón chathraigh remráite. Taisselbhthor dóip aroile do lámhoip S. Niclás. Gluaissit asside go baile beg ar brú in ruibéir rémh-epertmar, Luueaniell a ainm. Dia máirt in t-aonmadh lá dég do mí mhárta céimnighit as sin ocht léige gusin mbaile dar comhainm Saungdi. Ba ro-mhaith in aimser agus na sligthe frissin ré sin. Ar n-a mhárach dóip tar sliap Sanct Martín tria shlighthibh doirpe docomhlacha go n-imat sneachta agus oigrid. Comhnaigit sealat a mbaili bheg, dú a n-imchomraic agus a n-etorscar dúthaigh in diúc agus in Almáinn re aroile. Ferann in diúc ro fhágoibhset i n-a ndeghaidh go n-imat ffínemna
Tabair bennacht for anmain in scribhnóra.
{ms page 36}Cathoir beg oile sa tír as a ffagann in diúc én chéd dég tucsaoit fhína mar chíoss gacha bliadhna. Or agus airget dia bhualadh dó do gnáth. Ní hé gach én rí coróntae sa crístaigecht sháraigess a gcíss agus a ttorbha a tigernuis gacha bliadhna é. Comfhat a dúthaighi cóic léigi dég ar fichit sí mar gárdín a gcert-medhón na crístaighechta gan umhla nó urraim do rígh nó prinnsa fon uile doman, sesmhach sírraide láidir nem-chlaon a gcreidemh eguilsi Dé.
As sin dóip go Bounhom én léigi amháin, an céd-baili ba himfhoixe dóip don Almáinn. Tar in sliab dóib dá léige go baile dar comhainm Ceizerspell. Gabait tria glionn ro-aoibhinn i n-a roipe ruibér ro-mhaith, go n-imat ffínemhna agus degh-thoraidh, go mbeg-bailtip desa línmhara. An oidhche sin dóip trí léige go cathraigh n-oirrdirc dar comhainm Columbier sí ro-daingen láidir daoinechair. An mag is áille fhairsingi chomthruime degh-thorthaighe a fformhór na crístaighechta ar a comhghar. Eiritchide immorro atáit dia hinotacht agus dia haittreabadh. Bátor ann an oidhche sin. Ar n-a mhárach dóip gusin ruibér dar comhainm Campser eidirdealaiges eitir in rann sin don Almáinni agus páirt don m-Borgondíí, dúthaigh gabhus lessin arsadiúc, tría prím-choill dhairghennaig droipeóil
Gapait ar n-a mhárach triasan mbaili dar comhainm Niderharga léige, gusin ruibér ro-oirrderc .i. in Réen. Ascnait go Basalea, cathair des daingen arsanta oiregdha atá ar n-a comhshuidhiugadh ar in ruibér sin. Droichet ro-maith a gcert-medhón na cathrach tar in ruibér, go mbáttoib línmhara beires comgar chuici agus uaithi óthá Flonndrus agus mór-thimchell in ruibéir. {ms page 37} Eritchide thrá lucht a hinotachta agus a haittreptha. Tempall ro-mór a gcert-mhedhón na cathrach i n-a ffuilit dealpa agus pictúiridhe Luter agus Caluuin agus mhóráin do droch-ughdaroip diabhlaidhi oile. An chathoir sin amne stát fo leith lé féin gan umhla nó cennus ag ríg fon domhan uirre. Is í amháin iss prímh-gepta do dúthaigh na Susser dar comhainm Eliuesia. D'imfhaitchess chomhaonta na n-eiritchedh fágbhait in chathoir ass a haithle. Eirgit dá léige clé-lámh risin ruibér go baile beg daingen, Leistel a ainm. Catoilce lucht a aittreptha. Is gnáth a m-Basalea gné chustaim do bhuain as eachroidh na ndeóradh agus na ttraibléir thairmchéimnigit triasan tír. Ba comchomthrom aoibhinn an slige ag com-chéimniugadh rissin ruibér a nglionn lán-fhada go n-imat ndegh-thoraidh. Dí shliap arda go n-imat fínemhna agus degh-thoraidh i n-a thimchuairt.
Ar n-a mhárach dóip cóic léige gusin mbaile dar comhainm Sursei. Sliap ard aoibhinn go n-imat crann giúaiss agus d'fiodhbhaidh oile dia ttairrngther pic ar in sligidh rompa. Ascnáit in lá sin tré dá baile dar comhanmanna Oula agus Ophinga siad go mballaigibh ro-daingne
Tar ruibér na Réene dóibh ar n-a mhárach, dia domnaig in seissedh lá dég do mhí Mhárta, ar droichet lán-fhata go gcomhdach ro-maith ós a chionn go huilide. Fágbuit gné chustaim ag doirseóiribh in droichit. Gabhait tria baili roi-dhess dar comainm Desampach. Asside tra go prímh-chathraigh oirrdirc, Luserna, dá léige lánfhota. Catoilce tra lucht a hinotachta. Nunsius in pápa sa chathraigh sí ar n-a suidhiugadh ar in Réen go mballaigibh ro-dhaingne go tteghdhuissip deghfhoirgenta {ms page 38} dessa línmhara go n-ilimat bád agus ethor. Trí droichit tar in ruibér. As sin dóip tria loch chomhfhairsing a mbáttoip co n-a n-eachraidh. Naoi léige a chomfhat, léige amháin i n-a leithet. Ampse a ainm. Sliap Alpa i n-a mhóirthimchell. Ar imramh dóip triasan loch go rángator baile beg, Fliella Pourlacu, a n-aimsir mhedhóin oidhche. Comhnaighit ann an oidhche sin.
Ar n-a mhárach tra, lá fhéile Pátraig do shonnradh, in sechtmadh lá dég do mhí Márta, gapait go baile beg oile, Flelan a ainm. As sin dóib tré shliap Alpa. Buí immorro an sliap línta lán do shneachta agus d'oighredh, do shligthib agus do chassrachoip caol-chumhga corracha. Rángatar droichet comhartt buí i nglionn ro-domain, Droichet in Diabail a chomhainm. Aroile d'eachroidh Uí Néill ar a roibhi páirt dá airget dia imachor, timcheal sé fichit éigin ponta, tuitiss síoss re beinn an ailt imaird oighreta
Ar n-a márach léiciss in t-ierla tar sliap Alpa é. Airississ O Néill sa mbaili adupramar. Léiciss drong dia daoinibh d'athiarraidh in airgit. Ge gur fhulaingset gné shaothair, acht chena ba dímhaoin dóip. Fo bíthin snechtamhla chorraighi oigreta in tsléipe rompa, ní mór go mbuí ar comus dóip ar n-a mhárach bheith ag marcaighecht acht mar is gnáth tar sliap Alpa. Bátor doimh {ms page 39} ro-láidire go slemhnánoibh i n-a ffoilenmhain ag treórughadh gacha méide nár uo hinaistir dhíbh tar in imdhoraidh. Sépél onórach a ffír-mhullach in tsléibhe ar n-a imdhénamh agus ar n-a chomhdach a n-onóir S. Gotardo. Uaidhe ro-s-gap in rann sin don sliap ainmniugadh. Tegh ósta imchubaidh i n-a ffaghait deóraidh agus lucht gabála na sligedh comhfhortacht bethadh re a chennach a n-imfhoixe dó. Nír uo rígróit rígdha agus nír uo sligthe comthroma coimhlenga ar eachroidh égcennaiss uaiprigh aimhriadhta na sligthe i n-ar gapsat ón sépél sin a gcétóir, acht ag toirnemh don sliap sligthe oigreta clochacha caol-chumhga corracha go rángator go baile dar comhainm Airola. Trí léige amháin anacair agus
Ar n-a mhárach dóip tria glionn ro-aoibhinn, é go n-imat fínemhna {ms page 40} agus cruithnechta agus degh-thoraidh agus gacha messa archena, go maighnessoip mór-fhairsinge, go ruibér roi-dhess, go min-srothoip fír-uisce. Eirgit go baile dess daingen dar comhainm Belunsona, ocht léige. Trí caissléin láidire ag a ffuil cennus agus uachtaránacht ar in mbaili agus ar imfhoixe na sligedh ann, go mbárdoibh láidiri línmhara.
Ar n-a mhárach dóip ag céimniugadh triasan nglionn chétna. Riccit páirt oile do shliab Alpa dar comhainm Mons Senerum. Coillte línmhara ar gach taep don sligidh sí aimhréidh clochach corrach docomhlach díaistir, bíth nach roipe sneachta uirre. Búi ilimat fínemhna ar bennoip agus ar taepoibh in tsléibhi timchuairt na sligedh. Rángator glenn ro-aoibhinn oile, Lucana a ainm. An
Assidhe dóib co n-a n-eachroidh a mbáttoip tria loch Lucana eidirdealaighess in Edáill agus Eliuesia, dúthaigh na Susers, re aroile. Trí léigi amáin tarsna agus leithet an locha. Sé léige is dá fichit issedh ro chéimnighsed do dúthaigh na Susers sí láidir ro-dhaingen aimhréidh sléptemail daoineachoir droich-shligtheach, gan cennus umhla nó uachtaránacht ag rígh nó ag prinnsa for talmain orra. Stát éxamail ingantach áirigthe iad badhdén. Toghait tra a rogha deissi do guibernóracht in tíre gacha bliadhna. A cethair dég immorro do prímh-chathrachaibh oirrdherca aca. A leith i n-a gcatoilcip, araill i n-a n-eiritchibh siad ó choinghioll agus ó mhinnoip móra coimhchengailte re aroile chom a n-imdhítin agus a n-imdheghla badhdéin ar in uile chomharsain fon doman do thriallfadh fuachtain nó frith-chétfaidh friú {ms page 41} an tarbha puiplidhi do chongbáil suass go messarrda imqubaidh. Anmanna na gcathrach remhráite immorro Luserna, Basillea, Ualis, Soluturum, Iug, Sesnort, Buriegh, Uernu, Uríí, Ueredinasdea, Glaris, Friburg, Siafusial, Appensel. Atá immorro do thuaruscbáil ar lucht an tíre si gurab íad is fírinnighi dhírghe neimhfhealltaighi nemhchoillemhnaighe ar a ffocloibh fon doman. Ní léicit tra slad nó duine-mharbhadh do dénomh i n-a ttír gan díghailt a gcétóir. Ass foirfeacht a ffírinne issíad amháin iss gárdae do ríghoip agus prínnsaighibh catoilce na crístaigheachta.
Eirgit na maithe si a ttír a mbaili bheag dar comhainm Codelacu. Assidhe go cathraigh ro-mhóir ro-oirrdirc
Dia domhnaigh do shonnradh in tress lá fichet do mhí Mhárta, ier n-aiffrenn d'éisteacht dóibh, éirgit gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc n-adhamhra .i. Milan, ocht léige. Slighthe ro-mhaithe rompa, an lá go ffleachadh agus go ndoininn ndermháir. Comhnaighit ag léiccen a scíssi a haithle a n-aistir gusin gcétaoin buí ar a gcionn. Iarla ro-mhór ro-onórach, ar láin-fheabhus sen-saigdiúir in domain i n-a chomhaimsir fóss, mar do dhearp a bhuaidh agus a chonách catha agus a deigh-chinnemain go follus fiadhnach don chrístaigheacht, count de Fonte a chomhainm, búi i n-a árd-guibernóir agus i n-a úachtarán ó rígh na Spáinne uassan gcathraig sin tra agus uassan Lumbardi go huilidhi. Cuiriss ambasadóir in rígh tarla {ms page 42} issin gcathraigh in tan sin .i. ambasadóir Luserna d'forffáiltiugadh friú san agus dia nglacadh go honórach. Eirgit na maithe si i n-a persanoip badhdéin do láthoir an ierla dia cédaoin. Gapuiss chuicce go honórach airmhitneach íad. Bátor tra imat do daoinibh uaisle go ngárda ro-mhór ar gach taep de. Oirissit trí sechtmhaine imlána sa gcathraigh. Fri ré na haimsire sin onórachus dermhair ag in ierla i n-a ttimcheall.
An chathoir sin tra acht Pairiss sa fFrainc agus Lisboarn a ríghacht na Portengál ar prímh-chathrachaibh
Ticcit tra na maithe si ar cuairt gusin egluiss remráite deiredh laoi áine in chésta. Adchítt ilimat do chédoip fer a prosession onórach go ttóirsigibh comhlasta ciera i n-a n-uirthimchell, a ngnúissi agus a n-aighthe ar n-a n-imfholach as nach aitheóntaidhi iad. Bátar ag gér-sciúrsadh, ag coimletrad agus ag comthuarcain a gcorp agus a gcolann gur uó cródherc na sráide agus na heguilsi a sibhlaitis dia ffuil agus dia ffulradh. Ba mór immorro in grád agus in scrúdadh croide a gcoimdécsain.
Eidir themploibh agus mhainistrechoip co n-a n-uile choimthinól ord agus sacart trí tempaill is dá fichit is dá chéd sa chathraigh, gan rím ná áiremh ar imat sépél do tógbadh le daoinibh uaissle chom a ndeuósion do choimhlínadh. Altóir ro-maith ar n-a comhdach in gach pláss margaidh seachnóin na cathrach a mbítt aiffrinn gacha laithe. Trí tempaill porráiste isin chaisslén. Stásion agus luaigigeacht a ttemploib agus a reclésoibh na cathrach deich lá is ceithri fichit sa mbliadain. Ní gnáth fir agus mná a n-éinfhecht ag stásion díb, acht roinnit in aimsir timchell in medhóin laoi. Secht prímh-eguilsi ag a ffuilit uile lóighighecht secht prím-eglus gcatharrdha na Rómha issin chathroigh. Ba hé in tres Grigóir dég in pápa do shonnradh dorad na grássa sin don chardenál {ms page 44} Sérlus Boremeus ba hairdespog a Milan in tan sin. Anmanna na n-egluss tra, an prím-eglus mór Sancta Maria del Duomo, S. Simplisiano, S. Uictor al corpo, S. Ambrosio maiore, S. Nastaro maiore, S. Laurentio maiore, S. Steffano Parimente maiore. Ilimat reliciass do thaissib naomh agus fírén isna temploibh sin tra. Gach lá pátrúin ticit lucht ceirde na cathrach a prosesion onórach mórthimchell na reclés remráite go mbratachoib
Gapait tra na tigernaidhe si a gcead ag count de Founte in dara lá dég Aprilis. Degh-aightheach forffáilidh é rompa ag toigeacht, tuirseach i n-a ndeghaidh. Doratt dóibh mar chomartha cuimhnigthe buiden do rápéroip agus do daigéroib ro-dessa, go mbeirtibh cloch uaissle cumdaigh,
Tochomhlait ar n-a márach seacht léige go sen-chathraigh sonnradaigh dar comhainm Pesense. Ruibér ro-oirrderc a n-imfhoixe na cathrach. E ro-mór ro-lethan. Ingantach re lucht a nemthathaighi mar téigit daoine agus eachroidh thairiss a mbádoip, óir is báid oile go gcordoibh cnáibe bhíoss ag a n-imluadh go hinntlechtach gan seólta gan imramh. Ainm in ruibéir El Po. Sen-chaislén daingen go mbárdoip línmara láidire go ffaithche gcoimhréidh is lór feabhus agus imfhairsingi isin gcathraigh. Dá beg-loing dessa go tteghduisip lonnradhacha ag diúc de Parma ar in ruibér i n-a mbí féin ag áines agus ag caithem aimsire sechnóin in ruibéir an tan ba toil leis. An sruth sin amne etorscarus agus eidirdealaighes dúthaigh diúc de Parma agus in Lombardíí re aroile.
{ms page 46}Ar n-a mhárach dóip go Parma, dá léige dég. Ruibér ro-aoipinn rompa forsan sligidh go ndroichet lán-fhata ba lór díen-fheabhus, go n-imat do ruibéroibh oile. Ier ttoirling dóip ag cathraigh Parma tig íerla onórach don tír d'forffáiltiughadh friú agus dia nglacadh go honórach a n-ainm diúc de Parma. Táinic ar n-a mhárach immorro go gcóistighip ro-mhaithe i n-a gcomhdháil dia ttreórugadh gusin airm a mbuí in diúc. Gabuis tra in diúc chuicce go honórach airmhitneach iatt. Bátor sealat ag imagallamh agus ag áiness briathor re aroile. Gapait a gcead as a haithle. A n-imfhoixe gáirdín in diúic taisselbthor
Dia máirt in cóicedh lá dég Aprilis tochomhlaid na maithe si dá lége dég gusin mbaili dar comhainm Bologna. Ascnait in lá sin tria fort ro-dhaingen gabhus le diúc de Parma. Assa haithle tra tar ruibér ro-aoibhinn eidirdealaighes agus etorscarus dúthaigh diúc de Parma agus dúthaigh diúc de Modona re aroile. Gabhait immorro tré prímh-chathroigh Modona. Triall agus ullmhugadh mór ag a dénomh sa chathraigh sin trá d'oirchill reabraidh agus giústála in láoi ar n-a mhárach. An lá sin do shonnradh buí mac in
Ar n-a mhárach immorro téid O Néill do láthair in chardenáil. Gabuiss chuige go ro-onórach airmitnech forffáilidh é. Bolonía immorro prímh-chathoir ro-mhór ro-dhaingen dhaoineachoir dheigh-dénta degh-fhoirgenta go línmhairecht reclés agus mainistrech. Corp an erláimh uassail adhamra oirrdirc {ms page 48} Sanct Domnic a ttempall onórach sa gcathraigh, Sanct Sém a chomhainm. Páláss ro-mhór is lór láin-fhebhus ag in chairdenál badhdéin a gcert-medhón na cathrach. Tipra fhír-uisce ar n-a suidhiugadh go hinntlechtach assa ffuilit imat srepán ag coimh-éirghe súas a ffír-áirde as urchomhair in páláiss. Ascnait na maithe si assin gcathroigh. Eirgit go baile dar comhainm Sanct Niclás. Assidhe go fort ro-dhaingen lessin pápa dar comhainm Fattio Sancti Petri. Céimnigit tra an oidhche sin go cruinn-baili dess daingen, Imola a ainm, seacht légi.
Dia dardaoín in seachtmadh lá dég don mí chétna ascnáit tria fort ro-dhaingen gabhus lessin pápa, Castel Burneis a chomhainm. Tria chathroigh ro-mhóir oile dóip, Faensa a hainm, go baile mór, Farlingrando a chomhainm. An oidhche sin dóibh go baili mór oile dar
Ar n-a mhárach dóip trí léige go fort daingen lessin pápa, Salignano a ainm, go prímh-chathraigh n-oirrdirc n-oireghdha dar comhainm Riminí. Annsin rángatar radharc agus faircsin forsan ffairgi dar comhainm Adricatia. Uirre amháin conrótacht an prímh-chathair oirrderc adhamra, Uéniss a hainm. Fiche léige ón gcathraigh remráite go cathraigh Ueníss. An oidhche sin dóip clé-lámh re fairrgi gussin mbaili mbeg Catolica. Deich léige a n-aister in lá sin. Ba ro-mhaith na slighthe aca. {ms page 49} Talomh torthach aoibhinn go n-imat fínemhna agus cruithneachta agus gach degh-thoraidh archena móirthimchell na sligedh amne. Iomat do thoraip dessa daingne ar brú na fairrge ag in pápa d'imfhaitchess na tTurcach do thecht do dénamh urchóide na h-Edáille.
Dia domhnaigh ier n-éisteacht aiffrinn an fichetmadh lá don mí chétna ascnait go prímh-chathroigh n-oirrdirc gabhass le diúc de Borti, Pensaro a comhainm. Assin dóibh go cathroigh ndeiss ndaingin oile .i. Feno, go prímh-chathraigh oirrdirc oireghdha oile gapus lessin diúc chétna, Sinigaglia a comhainm, sí ar n-a suidhiugadh go hinntlechtach ar ruibér ro-aoipinn go línmhaireacht sochraide dia himchosnam. Ní mór do daoinip dhomain léiccit d'faixin in chaisléin ier n-inmhedhón. Tegh ósta ba lór feabhus agus deissi sechtair na cathrach. Ruibér roi-dhess go ffaithchi nóinínigh sgoth-shemraigh chomthroim chomh-fhairsing
Ar n-a mhárach dóibh clé-lámh re fairrgi gusin prímh-chathraigh n-adhamra n-oirrdirc .i. Ancona. Trí caissléin ro-dhaingne ag in pápa sa gcathraigh sin go mbárdoip láidire línmhara co n-a n-uile riachtanus. Cennus agus uachtaránacht na cathrach agus imfhoixe in chuain aca. Ascnait as a haithle go Loreta. Naoi léige a n-aister. Comhnaigit agus airissit immorro an oidche sin. Ar n-a mhárach tra dognít turus na heguilsi bennaigthe mór-lóigighechta sin. Comhnaigit issin mbaili in dara hoidche.
Do réir mar fuaramar scríptha a sen-starthachaibh, a n-ainm Dé laipeóram uaite do ilibh .i. begán do mórán ar shupáilcip Loreta: Séppél Loreta immorro buí ar n-a ordugadh agus ar n-a thogha ón Athoir nemdha cien-aimser ria n-a thógbáil for talmain do threibh Iesse. A prím-chathraigh oirrdirc adamra oirdnide, Nasaret Galale, {ms page 50} conrotacht in tegh sin ó thúss. Ann ro chomhnaig agus ro thairissimh Iaicim agus Anna, athoir agus máthoir náomhMuire óighe. Ann fóss ro coimpredh, ro geinedh, ro hoilemhnaigedh in naem-ógh. Isin tegh chétna sin du-s-rat in t-archaingel uassal Gabriel in techtaireacht ón Athoir nemhdha go naomMuire triasa ttáinic saoradh na hAdhomh-chloinne ó chintoip agus turcbháloip peacadh na seinnsear. Isan tegh sin tra gan caillemhain a hóghachta isseadh rugadh ar Slánaigtheóir Issa Críst. Ro hoilemhnaigedh as a haithle ar geil-chíchoip
Ro buí immorro impire áirigthe íer n-a thogha issin Róimh an inbaidh sin, Heraclius a ainm. Coimhchengluiss a n-aghoidh reachta agus chreidimh eguilsi Dé fri Cosrat, rí na Persia. Scrissait agus innarbait in creidemh catolice as talomh Ierosolima go huilidhi. Tógbhait suass go hainffesach míchreidmheach gné dée, Mahomet a chomainm. Ní ro léicc immorro in t-imfhaitchess do lucht aittreptha na cathrach nó in régióin umhla nó adradh do chreidemh Dé sa naomh-shépél sin. An pápa in cethramadh Niclás buí issin Róimh trialluis cocadh agus conblicht a gcertaghaidh na n-eritched sin. Cuiriss páirt dia armáil go prímh-chathraigh
Aroile prióir ro-onórach ro-s-buí i n-a uachtarán a mainistir Sanct Seóirsi. Brethnaigit cách fo bhíthin a deigh-beathadh a bheith naomhtha. Allexandro a chomhainm. Gapuiss fiaprass teinntighe neimhneach in prióir. Earbais a threórugadh go naoímh-theagh Loreta. Gníther samhloidh. Ernaigiss agus etorguidhiss in prióir gusin naomh-óigh a ffrithchétfaid na himháidhe. Do connarcus don óigh naomhtha eachtra fholaigtheach agus rúndiamair ro-dhiadha in tséipéil oirrdirc adhamra sin d'foillsiughadh agus do thaisselbadh don naomh-prióir remráite. An prióir immorro,
Tigit a gcétóir ilimat do légiónoibh aingel agus archaingel de neimh a gcomairrchis {ms page 54} agus a gcomhdháil na naómh-óige. Gabuiss a ced ag in athair naomhtha sin ieromh. Fo bhíthin ruithenta lógmaire shubháilcighe in boltanaighe dhíadha glórmhair buí ar gach taep di dogeibh in t-athoir sláinte a gcétóir. Du-s-rat in t-athoir altugadh buide don naomh-óigh agus dia Mac mírbaileach. Aistrighis dia thigh ier sodhain. Aisnéidhiss na scéla sin do na huilibh adchídh.
Ráinic tra clú agus alla agus oirrdercass in sceóil gusin uachtarán buí ag guibernóracht an tíre, Nicolauss Fransisfane a chomhainm. Treóraigis chuicce an t-athair remráite ar go ffessadh deimin agus bunadhus na mór-mírbal. Ier n-a gcloss dó cuiris d'fiachaibh fair ascnámh gan moille gach ndírech go prím-chathraigh Nasaret d'fioss agus do dearbadh an sceóil. Cethror immorro do daoinibh oiregdha oirdnidhe adhamra onóracha in tíre i n-a choimhiteacht. Rángatar Nasaret. Buí tra in slige go soirp socomhlach aca. Fochtait imthúss agus turthechta in tigi do maithib na cathrach. Adfédsat dóip uile scéla agus eachtra agus mírbaile in tige in airet buí aca badhdéin agus a thógbáil uaidhip assa haithle ar guaillibh agus ar ochtoip aingel go mírbaileach agus ná fitirset cia leth do deachaidh. Araoi sin tra toimsit na teachta fundaimint in tige, a fod, a lethet, a himthacmhac. Térnoidhit tar ais go Tarsato. Ba cudruma coimhinann don tegh íer n-a thomhus in tan sin frissin tomhus dorónsator a Nasaret. Iarsna huile dearpthoip sin immorro dognít lucht aittrebhtha na gcathrach gcomfhocus agus an régióin go huilide onóir agus airmitin adbal-mór mun tigh, go n-imthathaidhi línmair, go ndeuósion ndíchra. Seacht míssa ar tríbh bliadhnoibh ro buí in teagh i n-a chomhnaighe issin inadh remráite. Imeglaigit immorro aittreabaigh in tire ainmíen agus ansmacht, borrfadh agus díberg an impire .i. Heraclius.
Bátor tra aodhairidhe ag forchoiméd a ttreód ar a comhgar. Ar ffaixin an ingantuiss adpail éxamail fágbuid a ttréda. Ar teithedh dien-tinnesnach iad gusin prím-chathraigh remráite. Adfétsat tra dia ttuistidip in scél uathbásach ingantach forcaomhnagoir. La sodhain tra attrachtsat lucht na cathrach éirgi athlamh aoinfhir. Ascnait gusin ffidbhaidh a ttraide. {ms page 56} Iar ffaixin an ingantuiss adbal-móir dóibh gabuis omhan agus imecla dermhair iat. Eirgit dronga aca go gcrith-egla agus go gcomhfhaitches sechnóin na fidbaidi as a haithli. Rángator immorro i n-a cert-medhón. An teagh onórach airmitneach íar n-a imdénomh go haughdardha inntlechtach go ffidhair-dheilbh Muire óige agus na croichi césta ann ier n-inmedhón. Bidhgait
Ba gnáth-béss la lucht na cathrach ier sin in gach uile aimsir imthathaidhi ro-onórach maille re uisitátion agus reuerens go n-imat adhartha Dé agus naemMuire óighe do dénom isin tig si amne. A aois galair agus essláinti agus gach treablaidi archena ag foghbáil chomfhortachta agus imaisic a sláinte gacha haimsire isin teg so do grásoibh Dé {ms page 57} agus do thrócaire óghMhuire a ffrithchétfaidh na himháidhe agus na croichi adupramar. Dia bhíthin sin immorro ticdiss ilimat do dhaoinip ó na régiónaip oile do dénomh turaiss agus deuósioin agus oilithre gusin naoimh-theghdhuis sin ier n-oirrdercughadh a mhór-mhírbal. Ba gnáth le himat eiritchedh agus bithbenach, mar ro buí in teagh a ndíthreb uaigneach imdorcha agus comhthathaidhi na n-oilithrech chuice agus uaidhe, teacht do dénomh sladaigheachta agus duine-mharptha ar a chomfochraip. Ar n-a fhaixin sin immorro do Dhia uile-chomachtach earbuis ar dhroing dia ainglip an sépél d'aitherrach agus do threórugadh go magh coimhréidh comhfhairsing buí ar comhgar na fidbaidhi remhráite. Dognít samhloidh. Comhshuidhigit é ar gáirdín-chnoc aoibhinn oirrderc oireghdha go línmhaireacht luibinn degh-bholtanach. Daoine
Assa haithle sin immorro ingantaigit daoine simplidhe neimheacnaidhi issin tír éxamhlacht agus ingantaighi eachtra agus imircedh in tséipéil. Cuirit i n- for inntinn-chroidheadhoip lochta na cathrach gné fondaiminti do chor n-a urthimchell, óir ro imeglaighset tré ainffioss a athrugadh uaidip in cethramadh feacht. Teaglamait immorro agus comhchruinnigit lucht na gcathrach gcomhfhocus agus an tíre go huilidhi. Dognít go lán-obbann gné oibre agus fondásioin timchuairt in tsépéil. Bátor tra na hEdáilligh agus lucht na régión gcomfhocus ag imthathaidhe go lán-línmhar fair. Ba machtnadh
Aroile senóir naom-arsanta go ndegh-airilte agus go gcaóin-bhéssoip dorala i n-a gnáth-chomnaighe ar comgar in tsépéil. Ro gnáthaigedh a imthathaidhi go meinic maille re deuósion díchra agus re dúthracht inntinni. {ms page 59} Taisselbuiss in naemh-ógh í badhdéin cétna a persain dó. Adfétt dó feip ro innis don athair irisseach Alexandro, prióir Tharsato, toighecht agus imthecht agus uile eachtra agus imthúsa in tséipéil ón chéd-uair riam gusin tan sin, a aistriughadh agus a imachor go mírbhailech ar guaillip agus ochtaibh aingel agus archaingel, an aimsir agus an inbaidh i n-a nderna gach athrugadh agus gach imirce dia nderna. Earbuiss agus foláiris fair ina huile scéla sin d'oirrdercugadh agus d'fír-fhaisnéis do na huilip poipleachaibh no-bheitiss i n-a chomhgar. A gcétóir téit in senóir go cathraigh Recanati. Aisnéidiss na scéla mírbaileacha do lucht inotachta na cathrach gusna huilibh choipnessoibh. Gapait tra na poipleacha d'formhór na scéla so go héttrom nemfhoirpthe míchreidmheach chuca. Is suaill nach ag fochuidmedh agus fanamait bátor fon senóir. Ar aoi sin chena mar do chonnarcatar ilimat na ffert agus na mírbal gacha laithi, cinnit agus comhairligit do chomhaonta aroile sé fir dég do roighnip na ndaoine ba crínna foghlomtha chocubhassaigi fírinnighe a prouensi Marca do thogha agus a gcor go Nasaret Galalee do chomhshaothrugadh bunadhuis agus séicréide scél in tsépéil. Gapsat tra na sé fir dég remhráite loingess co n-a n-uile riachtanus aistir agus imtheachta. Ascnait assa haithle. Dírgit a gcúrsa tar cuan Adriatico. Mar sin dóib go riachtsat cuan agus caladh-port a Sinonia. Asside gan mhoille go magh Tarsato. Innissit immorro agus coimderpait
Aroile duine uassal irisseach ro buí a n-aoiss foirpthe, a n-imfhoixe don sépél remráiti ro buí a aittreb agus a inotacht. Batar maithe a degh-airilte agus a cháin-béssa. Paulus dela Silua a chomhainm. Ba gnáth-bés dó uisitátion meinic agus tadhall gnáthach ar in sépél naomhtha sin go línmar gacha laithe. Oidhche n-aon a fféil natiuitatis Beate Marie Uirginis dó issin sépél ag adhradh agus ag etorguidi naemMuire óighe, adchonnairc día shúilip corparrda in soillsi ro-mhóir .i. prímh-lóchrann lassamail ag toirling anuass ar in sépél. Ba hí a thoimdin agus a baramail dá throigh dég i n-a chomhfhat go sé ttroigtibh i n-a lethet. Dá uair in chluig riassan ló do shoillsiugadh ba hedh ro thoirling samhloidh. Deich mbliadhna diaigh a ndiaigh comhainm na hoidche sin do shonnradh agus a n-inbaidh na huaire cétna don duine uassal ag faixin rúndiemair na mór-mírbal. Ní ro fhaisnéis frissin ré sin do neach. Aimsir aithgerr ria mbáss cuiriss techta do thochuiredh espoig Recanati go n-espogoibh maithi oile. Adféd tra dóibh na mór-mírbaili éxamhla ingantacha forcaomhnacair issin sépél co n-a uile derbthoibh agus deg-chomarthoibh. Deimin lasna sruithibh sin amne gur uo hí in naom-ógh badhdéin ináid aingil uaithe ro-s-ficedh comhainm na féle {ms page 62} uaissle ro ráidh-sem d'onórugadh agus d'airmhitniughadh an tsépéil uassail adhamra. Comhoirrdercaigther ier sin in scél fo na régiónoibh comfhoixibh amail is folluss.
Feacht n-aon du-s-riacht espog chathrach Recanati dia oilithre go Loreto, Terremano a chomhainm. Dogní a thurus. Ier gcloisteacht ilimat fert agus mírbal an tsépéil térnoidhiss ar ais go cathraigh Recanatí. Duine fírénta uassal Paulus Rinaltinus ro buí issin gcathraigh in tan sin, ro dearp don tigerna-easpog, a ffoirfecht aoissi agus aimsire a shen-athar badhdéin, gur mhinnaig go fiadnach go ffacatar
{ms page 63}Buí aroile duine uassal adhamra issin fFrainc ria sunn, Petro Orgentoris a chomainm. A gcathraigh oirrdirc Granobile ro buí a inotacht agus a chomhnaighe. Ro theacht mhnaoi a dhingbála, sí ro-uassal go ndeilb nderscnaigthigh do threibh ro-onóraigh issin fFrainc, dier uo comhainm Donna Antonia. Gapuis tra ben oile issin gcathraigh gcétna doigh étta, imthnúith, agus acaissi di imon ffer-scál remhráite. Dealbhuis breachta diablaidhechta agus draoithechta, ídhalachta agus ainchreidmhe, i n-a haghaidh. La sodain gabuis mire agus dássacht dífhulaing in chéid-ben. Ro thréic a céill agus a cétfaidh. Brethnaigit lucht a faircsena gur uo droch-spirut buí ag inotacht innti amoil ba hoirrderc i n-a dheghaidh. Ascnais in duine uasal gusin mban-scál remráiti ag iarraidh caomhna agus comfhortachta di in gach reclés agus in gach ionadh bennaigthe mírbaileach adcloss dó seachnóin na Fraingce. Nír uo tarba dó. Treóraigidh ier sin go prímh-chathraigh Melan issin Edáill í, go huasail-eclais S. Iulio, dú a ngnáthaigdiss lucht na haicíde sin do
Báoi aroile ardespog onórach airmitnech a prímh-chathroig Cambria a rígacht na Portengál. Odcloss dó clú agus alla agus oirrdercus ilmat fert agus mór-mírbal sépéil Loreto is ead ba menmarc agus ba hinntinn toltanach leis sépél do thógbáil agus do chomdach {ms page 69} a n-onóir agus a n-airmitin sépéil Loretolo. Ro siacht gusin Róimh. Buí aimsir imchian issin Róimh ag siúit lessin pápa ag a iarroidh a n-athchuingidh agus mar grássoip aon chloch amháin do sépél Loreto do thabairt dó badhdéin as go mbiadh aigi mar reliciass onórach issin sépél ba menmarc leiss do thógbháil i n-a espogóide féin issin Portengál. Iar n-aimsir imchéin du-ss-rat in t-athoir naomhtha maille re comairle agus re foghar ro-mhór an aiscidh agus an athchuingidh sin dó. Cuiriss a letrecha agus a aithne co n-a shéla mór go prióir Loreto dia erbadh fair aon chloch amháin don sépél naomhtha do thabairt don airdespog adupramar. Sagart altóra in airdeaspoig badhdéin mar thechtaire dearptha frisna letreachoib. Ier rochtain Loreto dóip taisspénait augdarráss agus aithne in pápa agus na cúirte Rómhánaighe don prióir. Ní ro léic imegla in pápa don prióir, ge gur dobrónach díbergóidech leiss, gan a aithne do choimhlínadh. Ascnáis in t-airdespog ón Róimh go cathraigh Thrent. Adbert go ndingnadh oirissemh agus comhnaighe issin gcathraigh sin go roichedh in gcloich gusin sacart altóra é. Benuis in prióir agus maccléirigh na heguilsi aon chloch amháin assin sépél. Ier ffogbáil na cloichi don athoir gluaisis as Loreto an céd lá do mhí Decembris do shonnradh, asside go cathraigh Ancona. Ro fhágoipset Ancóna in tres lá don mí chétna. Bátor ar siopal car gach aon laithe go forcinn na míssa sin amne, siad badhdéin co n-a n-eachroidh go mbrisedh croidhe saothair agus docomail agus gach imdhoraidh archena frisin ré sin. Ier sin rángator Terento. An t-airdespog ar a gcinn ag furnaidhe friú isin gcathroigh. A gcétóir ru-s-fuaratar a n-eachraidh uile báss
O'd-chonnarcatar immorro na haithrecha naomtha ru-s-bátar i n-a pápaidhip issin Róimh an ilimat fert agus mírbal so, ó ré agus ó reimhess in dara Paulus .i. in cóicedh pápa dég ar dá chét bátar a gcathaoir Petair issin Róimh gusan inbaidh sin, aóiss an Tigerna in tan sin míle ar cheithri chétt ceithri bliadhna ar trí fichit, du-s-rat in pápa so badhdéin, in dara Pauplus remráite, na loghaidh imlána so do {ms page 73} mhaithem a chinadh a peacadh agus a thurcbál do gach aon téid maille fri hinneithemh agus aithrechus agus lebargnímh do thurus Loreto, ó aóiss na haimsire sin gusin tan so, gach uile pápa dia ttáinic isin Róimh, go fedh dá pápa ar fichit go reimhess in athor naomhtha so Paulus Quintus, a aois in Tigerna in tan so míle ar sé chéd ar naoi mbliadhnoibh, ardaighit agus onóraigit mór-lóigidhecht Loreto diaigh a ndíaigh maille re daingniughadh gach priuiléide dia ttardsat na pápaidhi rompa dó. Messait agus brethnaighit cách gurab é Loreto, gan imressain gan cúiss chompráite nó chommórtuis ar bith, aoin-tegh amháin is onóraighi airmitnighe naomhtha mhírbailighi mór-lóighidhechta fon uile doman. Doratsat tra na pápaidhi remráiti ro-línmaireacht bronntanus agus deuósion don teg so as go ffuil ro-shaidbir costusach gusin uile riachtanus rices a les. Rígha agus prinnsaighi
Pápa áirigthi dar comhainm [gap: left vacant for name] dorat mar ardughadh glóire agus onórachuis don sépél naomhtha so, ro ordaigh aonach agus lá margaidh lá áirigthi do mhí Decembris gacha bliadhna do bheith i n-a fhochair, a bheith coimdíless do násion sa chrístaighecht toigecht gusin aonach sin. Dobheirit in lucht sin tra gusin mbaili agus gussin tír archena in uile riachtanus agus socomal ricit a less, as go ndeachaidh sin a ttormach agus a saidbres adbal-mór don mbaili agus don tír go huilidhi. {ms page 74} Is gnáth in línmairecht sin d'fertoip agus do mírbailip ó aimsir go haimsir issin sépél naomtha sin agus do shonnradh a n-inbaidh agus a n-aimsir na n-aonach so, dia mbeittis tengtha in domain a gcenn aon-duine, nach roichfedh leiss a rímh, a n-áiremh, a ttuiremh nó a ffaisnéiss. Ba himairgide són tra fo bíthin nár uó duine talmaidhi nó corparrda amail Adhomh ro cruthaigedh don talmain choitchinn ro inotaig agus ro aittreb ann acht ar Slánaigtheóir Iossa Críst ar n-a duiniugadh go mírbaileach on Athoir nemhdha a mbruinne na naomh-óighe, fóss nach do chnáimh duine amail Eupa ro cruthaigedh í, acht a geinemain i n-a hóig genmnaigh isin tigh sin amne a n-agoidh chúrsa nádúrtha. Ní trí haingil amháin ro bhátor issin tig si chena coimhinann agus buí ag in uassal-athair Apraham, acht comnaighe agus tairissemh an uile ord aingel agus archaingel. Ann fóss buí sossadh agus comnaighi ar Slánaightheóra Issa Críst fri ré naoi míss a mbruinne na náomh-óighe ó n-a ffuair in tegh sin adhamhrugadh agus oirrdercughadh fo bhíthin gurap ann amháin ro coimhchengladh diadhacht agus daonnacht Meic Dé bhí.
Doratsat tra rígha agus prinnsaighe agus aoss gach titail archena do chatoilcip na crístaigheachta in gcoibhéis sin do bronntanus óir agus aircit, do chlochoip uaisle, do sheódoibh éxamhla ingantacha airmitnecha, don uile innstrament na heguilsi naoimhe ó deuósion díchra dó go ffuil ar thigthib saidbre costusacha na crístaigechta gusin prímh-egluis is deissi deg-fhoirgenta deig-dénmaighe a fformhór na crístaigheachta go srethoip do cholomhnaib marmair aíngil i n-a urthimchell go ttairimthecht chomthrom choimhréidh do chlochoib coimlethna marmair. Sibal laoi go n-oidhche
An pápa dar chomhainm in dechmadh Leo conrótacht leis {ms page 76} múr daingen díthoghlaidhi, go n-iúdúsaip deptha agus dechétfaidhi agus go túroip treapar-dhaingne trén-láidire, go n-ilimat canón riagalta agus gach ordanáiss móir archena, co n-a n-uile riachtanus i n-a móir-thimchell agus a uir. Trúp marclaighi gárda línmar saigdiúir go sírraidhi suthain ón pápa ag a imchoimhét d'oidhche agus do ló ar nach ttairsitis bith-náimhde na hecuilsi a bhaogal.
Cebé dianab áil turus mór-lóigidheachta Loreto do dhénomh ní foláir dhó go ru-s-tarda dia úidh gurab o deuósion díchra agus ó innfheithemh fírinneach aistrighess chuicce agus nach ó chúis no chaingin saogalta nó aimserrdha. Ier ttabairt a choipsen go huilidhi gan urchuidmedh fon doman an sacrament naemhtha do chaithemh. Seachnadh tra agus imgabadh droich-descipal gussin uile chúis as a tticfadh peacadh marptha. Madh dia ttegmha immorro egluss isin mbaili i n-a n-oirisfe in t-oilithreach gach n-oidhche, dénadh sléchtaine go n-urnaighthe ndíchra ndúthrachtaig go naomMuire. Bíodh nach biadh eglus issin mbaili dénadh-san urnaigthe go séicréideach rúndiamair a n-aimsir luighe agus éirghe i n-a chubhachal chodalta. Eistedh aiffrenn gacha domhnaigh do shonnradh. Ní seachbaidh go ttarta go fiú a chomhaing déirc agus almsa do bochtoip agus d'aidhilgneachaibh in choimdedh chomhachtaigh. Madh día tteghma go nach biaidh ar commus dó in déirc do thapairt úaidh taisselbadh tra a dheigh-inntinn do na bochtaibh. Canadh Aue Maria amháin do ráith anma gach aoin. Dia nu-s-teacmha
Tadhc O Cienain do scrip agus tabairsi mile [b]ennacht for a anmain et cetera 1609.
{ms page 78}Ascnáidedh agus céimnigedh diaigh a ndiaigh gacha laithe, do réir a neirt agus a chomhaing, nó go roichidh forcinn a thurais. Tuigedh tra agus smuainedh ó n-a uile chridhe go ffuil a reimhes agus a ré ar in mbith ffrecnairc si ag a tochaithemh gacha laithe go ru-s-siasat fo dheóigh gusin gcrích ndeigenoigh.
Guidhmit-ne tra aitchimit agus adhramait in coimde comachtach ro-dus-cruthaigh agus ro-dus-cennaig in Adhomhchlann, in naom-ógh nemda ru-s-fuair na mór-mírbaile si don sépél uassal éxamail si, go ru-s-tardat dúinn ar in mbith ffrecnairc si slighi a n-ascnaidfem, a gcéimnigfem, a ttreóraigfem gussin sossadh nemda agus gusin síodh suthain, go ná rabam a n-inotacht nó a gcomhaittreb re diapal co n-a daoscar-shlogh, acht a n-aontaidh aingel agus archaingel, uasal-aithrech agus fháidhedh, naomh agus naomh-ógh in domain, a n-aontaidh apstal agus descipal meic Dé uile-chomachtaigh, a n-aontaidh déachta aguss daonnachta meic Dé, {ms page 80} a n-aontaidh naoi ngrádh neimhe ná tairmdhechator, a n-aontaidh naomMuire óighe, isin aontaidh is uaisle nó gach áontaidh, a n-aontaidh na naomThrínóide uaisle, Athair Mac Spirut naómh. Ailem trócoire Dé uile-chomhachtaig tre impidhe naomMuire go ríssam go ro aittrepam an aontaidh sin in secula seculorum. Amen.
Iar n-atach agus ier n-etorguide naomMuire óige agus a meic mírbailigh issin sépél naomhtha sin agus ier ndénamh a tturais do léir do réir uird na heguilsi, ceilibhraiss O Néill agus in t-ierla, na tigernaidhi agus na maithe ru-s-bátar maille friú, don fhiodhair-dheilp grásamail, don chroich ro ráidhsemar, don naom-shépél diadha, don prímh-egluiss archena. Ascnaid agus céimnigit for sligidh na Rómha an tres lá fichet aprilis, dia cédaoin ar aoi laithi sechtmaine do shonnradh, 1608. Gabhaít tre prímh-chathraigh Recanati aon léige amháin óthá Loreto, iar sin go cathraigh Maserata, ria ndeóigh laoi go Tolentino. Seacht léigi ro aistrigset in lá sin.
Ar n-a márach dóip triasan mbaili dier comhainm Ualsimára tre baile oile Poluerina. Assa haithle tra go Mutsia go Nueuocasa, naoi léige uile. Dá loch chomfhairsinge, do leith-leith na sligedh in lá sin. Iar sin dóibh go baile dess daingen dar comhainm Sarauale, des-lám fris ba hedh ru-s-gapsat, as a haithle tre baili ro-fhata édlúith Uerchianno gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier comhainm Fulino. Baoi aroile díthrebach go ndeigh-bheathaidh a scailp comhadhpail cairrgi do leith-imel na sligedh. Duirrtheach agus aittreb dia lámhoip badhdéin ar n-a imdénomh leiss a n-inmedhón na cairrgi cenn-gairpe sin. Eirghiss in t-íerla agus an barún, Maguidir agus mac Uí Domnaill, drong do daoinibh {ms page 81} uaissle dia gcoimhiteacht, do dénomh oilithre agus turaiss ótá Fulino gusin prímh-chathraigh n-oirrdirc dier chomhainm Assidhis, airm i n-a ffuil corp in naoimh-érloimh uassoil oirrdirc adhamra oirdnide, id est, Sanctus Fransiscus, dier comhlán in chrístaighecht go huilide dia shupáilcip agus fertoibh agus mírbailip, for ar mhuidhset cóic créchta a ffidhair agus a fforaithmet páisi Críst agus na gcóic n-áladh do shonnrad. Atá immorro a chorp go n-onóir agus
Gabuis O Néill go Montefalto. Aroile reclés issin mbaili sin i n-a ttaispéntar go follus do na huilibh corp Sancta Clara ro buí i n-a hingin ag diúc Lombardi, ier gcomchlaochlúdh bethadh dá chét bliadan roimhe sin, sí go ndeigh-bethaidh naomhtha ar in saogal. Ní mór aittherrach nó claochlódh ar bith doróine a corp, acht mar do bhiadh i n-a toirrchim codalta. Céssadh Críst eitir a lámoip bennaigthe. Ord onórach chaillech ndup ro bennaigedh i n-a hainm badhdéin ar gach taopa di. In tan ro scoiltedh a croide ier n-a hégoip ru-s-fríth stair agus instrament páissi Críst ier n-a gcruthugadh agus ier n-a n-imdénomh ann, fidhair chroiche agus choróine, chassúir agus pinnsúir, sleigi agus sgiúrsa, go ttrí ttairrngibh. {ms page 82} As a haithle sin tra ro-s-fríth trí gema uaisle oireghdha i n-a croidhe. Cutruma comthroma coiminann comméide dóip. Aon chloch amáin díb do chor a meidh thomuis dobeir comthrom don dí cloich oile. Feacht n-aon dia ro tescadh screpal beac dieroile chloich ndíp, an screpal amne do chor a meidh thomais, dobeir comthrom cert do na trí clochoip. Messait tra agus brethnaigit diadhairidhi na heguilsi agus tráchtairidhi in screptra naoimhe gurab a ffidhair agus a fforaithmet na naemTrínóide
Ier ndénom a thurais d'Ua Néill agus día lucht coimitechta issin reclés sin ascnaidhis as a haithle go ro siacht gussin prímh-chathraigh díer comhainm Spoleto léigi sí daingen daoineachair ar n-a comhshuidiughadh ar ferann chomthrom choimhréidh do lethtaop sléibhe ro-airtt. Is meinic immorro urchóidigess tuile teinnesnach tolcánach trén-tuinnsemach in tsléibi sin do lucht inotachta agus aittrebtha na cathrach ier n-inmheadón. Gnáthaigit gné dhroichet thairmchéimniges adiu agus anaill uas na sráitibh itir theghduissip na gcomharsan a n-inbaidh agus a n-inam in tuile threathain sin do bheith aca. A cethoir dég d'eguilsip onóracha uassan gcathraigh ar lethtaop in tsléibhi. Sépél is lór feabhus i n-a fhír-mhullach go n-ord S. Pronséis gusin altóir is daoire dheissi dealraighthighe issin rann-chuid sin don Etáill. Caislén lán-daingen go mbárdoip láidire línmara ag in pápa isin gcathraigh. {ms page 83} Droichet ro-maith is lór comháirde issin doman ier n-a imdénomh go hinntlechtach óthá in caistél go leith-imel in tsléibhi.
Gluaisit na maithi si ar n-a márach go Strectura, go Terni, go Nerni, go Hotriocli. Aon léige dég issedh ro ascnaidset in lá sin. Dia domnaigh in t-ochtmadh lá fichet aprilis 1608 céimnigit rompa ier n-éstecht aiffrinn go Teuere, cathair i n-a mbít báit ag imchor daoine agus eachraidhi tar ruibér ro-láidir na Tipiri. Asside tra go Borgeto, go Ciuita Castellana, go cathroigh Rignano go Castel Nouo.
Ar n-a márach dóip go Prima Porta trí léige. Furnaigit ann an oidhche sin. Léicit daoine rompa gusin Róimh. Ier sin go Pounte Male dá léige. Du-s-riacht Petrus Lombardus ardespog Aird Macha agus prímáidh na h-Erenn go ndescipal onórach i n-a choimitecht go línmaireacht cóistidhi ó chardenáloip i n-a gcomdáil agus i n-a gcomairrchis cusin dau sin. Téit stíuartt gach aoin fo leith do droing áirigthi do na cardenáloip i n-a gcoinne d'forffáiltiugadh friú agus dia nglacadh go honórach a n-ainm na gcardenál. Eirgit a cóistidhip as a haithle. Céimnigit go ro riachtsat in Róim. Porta Popule comhainm an gepta do shonnradh ar a ndeachsat astech isin gcathraigh. Gluaisit ier sin go ro-onórach tré prímsráidip oireghdha na Rómha. Nír hairissedh leó go ro riachtsat prímthempall Petair in Uaticano. Scuirit a n-echraidh ann. Eirgit astech isin eacluis. Dognít sléchtaine. Timchillit a modh thurais na secht prímh-altóra príuiléidecha mór-lóigidhechta fuilet isin egluis. Ascnaidhit ier sin go pálás ro-onórach ro ordaigh naomhthacht in pápa dóip a m-Burgouechio Sancti Spiritus. Bátar tra cóic cóisti dég gusin sé d'eachroidh {ms page 84} ag comhtharraing gacha cóiste acht madh beac ag tairmchéimniugadh
An cethramadh lá do mhí maíí domhnach ar aoi laithi sechtmaine aoiss in Tigerna in tan sin míle ar sé chét ar ocht mbliadhnaibh ro thoiligh naomhthacht in pápa dóip as go ragdaois i n-a persanoibh badhdéin dá láthair in tres uair ier medhón láoi. Cuirit na cardenáil buidhen do chóistidhip ro-mhaithi go n-eachraidh ba lór feabus agus deissi issin doman i n-a gcomhairrchis dia gcoimh-threórughadh gusin dú i n-a mbaoi in pápa. Eirgit gussan páláss ro-onórach dar comhainm Monte Caualle. In t-athair naomtha Paulus Quintus ar a gcinn annsin. Ar ndol dia láthair dóip gabuis chuice go ro-onórach grássamail móránta forfáilidh iad. Ier sin doratsat badhdéin co n-a lucht coimhitechta diaig a ndiaig póic dia chois bennaighthe maille fri humhla agus reuerens. Bátar tra timchell uaire do ló i n-a láthoir, é onórach supáilcech degh-aigthech ag comfhierfaighi a scél agus a n-echtra frisin ré sin. Gabhait a gcet ier mbenedixion mbennaigthi d'fogbáil. Dobeirit altugadh do Dia agus don athair naomtha fo bhíthin a onóraighi airmitnighi ro thaisspéin a shupáilce mór-thrócairecha dhóip. As sin dóip go cardenál Burgeis mac derpsethar in pápa. Ba fáilidh rompa. Ier sin gussin páláss i n-a mbátar díss derbráthar in pápa. Fáiltigit friú. Ro gapsat as a haithle go hambasadóir rígh Frannc ro buí ag fágbáil na cathrach ar n-a márach do shonnradh. Comnaigit cusin día dardaoin buí ar a gcinn. Bátar tra cardenáil na cathrach
{ms page 85}A haithle a scíssi agus a n-aistir cuirit rompa cuairt do dénomh ag na cardenéloip diaig a ndiaigh i n-a pálássoip badhdéin. Dia dardaoin do shonnradh in t-ochtmadh lá maíí éirgit do láthoir chardenáil Colona, sen-Rómánach uassal d'fír-threib in tsenaidh Rómánaig. Gabhuis chuigi go honórach. Acht atá ní chena, do rónsat cuairt fo leith ag gach aon do sheacht gcairdenáloip dég ar fichit diaig a ndíaigh. Bátor uile tra go degh-aigthech forffáilidh onórach rompa. Bátor cóicer cardenál oile issin gcathraigh nach rángatar a ffaixin sol do fhágoipset in gcathraigh.
Día dardaoin desgabála do shonnradh in cóicedh lá dég maíí gacha bliadhna dobeir in pápa benedixion generáilte go follus do ua huilip catoilcip theagmus as a urchomhair. An lá cétna sin chena ro togadh do na maithip si bheith a páláss chardenéil Ascoli a ffrithchétfaidh páláis móir in pápa. Is gnáth lasna hilmíltip do daoinip toigheacht d'ierroidh in benedixion sin. Iar sin adchíd an t-athoir naomhtha ag teacht ar ailiff1 aird aoibhinn fuil a leith-imiol in páláiss sí ar n-a himfholach do bratoip saitín agus síoda d'éxamhlacht na n-uile dhath. É féin ag a imchor go honórach airmitneach a gcathaóir dheiligthe dealraigthigh sí ar n-a comdach d'ór agus do miliuent deirg, a choróin derg-óir ier n-a himchengal do démont agus do chlochaibh uaissle um a chenn. An chloch uassal ro buí ag comdúnadh a bruit éxamail ro chosain [gap: space left vacant]. Na cairdenéil agus na hespoig i n-a urthimchell go canánchaibh agus maccléirchip thempaill Petair. A gárda saigdiúir Suser ar gach taepa de. Dá thrúp ro-mhóra marcslaighi ba lór dian-fheabhus
In sathorn buí ar a gcinn in t-ochtmadh lá dég maíí 1608 do deachaidh in t-ierla go ndroing do na daoinibh uaisle do dénomh turais mór-lóigidechta seacht prímh-eglus gcatharrdha na Rómha. Oidche domnaigh chingcíssi do shonnradh ro buí espart sollamanta ag in pápa isin sépél dier comhainm Capella Paulinus. Du-s-riacht tochuiredh ar na maithib sin chom an espairt. Eirgit uile a gcétóir acht amáin ro buí gné égcruais fiaprasa ar in ierla. Ro togadh inadh onórach d'Ua Néill a n-imfhoixe an athar naomhtha as a urchomair badhdéin. Ier gceileabhrad in espairt onóraigh ticit buiden do bhráithrib sanct Dominic, timchell dá míle éicin bráthar, do láthair in pápa. Ro bátar tra a modh prosesioin ier ttogha generáil áirigthi orra badhdéin agus ar a n-ord sechnóin na crístaigeachta in lá sin. Doratsat uile deóigh a ndeóigh póic do choiss in pápa. Dobheir benedixion dóibh agus do chách archena. Gluaisis dia pálás ier sin. Eirgit cách dia ttigthibh. {ms page 87} Domhnach cingcíssi do shonnradh ro buí státion onórach go loghadh na n-uile peacadh a prímh-eclais S. Spíritus. Do-deachatar na maithi si chom aiffrinn agus esparta ann. Seruís
Ar n-a mhárach dia luain éirgit orpháin na heguilsi sin a prosesion onórach go tempall Petair. Drong do gárda in pápa a remhthúss na sligedh rompa agus ar gach taep sagart onórach airmitnech ro buí i n-a ierla agus i n-a chommendator uassin egluiss go maccléirchip na heguilsi go huilidhe siad go gcanntairecht chomhmbinn ag céimniugadh i n-a ndeghaidh. Eitir fer-scáil is ban-scáil ba hedh a nuimhir re a gcomhairemh triar ar cheithri fichit ar cheithri chéd. Bátar tra móirsheiser ar dá fichit ar tríbh cétoip d'óg-mhnáibh díb sin. D'fer-scáloip óga ná ro sháraigh in t-aon ba sine a cheithre bliadhna dég sé fir dég ar chéd. Clann in pápa comgairmther díp so fo uíthin nach mór go ffitirset cách aithre bunaidh mhóráin díp, acht grássa an athar naomhtha dia n-oilemain agus dia gcongbáil suass ar son Dé. Tré gráta áirighthi ieroinn comhchuirther gach lenbán díp astech issin eacluis ria gcoimhlínadh cheithri ló go n-oidche dia n-aoiss ar in saoghal. An coimhlín ná ro gap baistedh roimhe sin díp baitsither an tan sin íed. Tógoibhther suas ón aimsir sin amach gach aon díp a ttaop oilemna agus foghloma agus gach taparta suass is imchuibhde archena go cor deigh-chríche orra. Is gnáth ueronica .i. naipicín uassal oirrderc mls unit="ms page" n="88"[gt ] mór-mírbaileach ro chomail ban-naomh in chomhanma sin do gnúis geil-deirg gruadh-chorcra agus do glan-aghaid glórmair chréchtnaighthi ar Slánaigtheóra Issa Críst in tan ro buí fo dhaoirsi agus docomal agus aimhnirte fo lámhoibh námat n-éttrócar ag imachor chroichi a páissi agus a martra gussin gcoróin spíne um a chenn a haithle a ffuair do péin agus do
Prímh-eaclus dhiadha onórach ro-chatharrdha S. Spiritus ar n-a comdach ó thúss le násion áirigthi don Germáinn dier uo comhainm Saxonie. Ba hedh a ainm as a haithle Sassiae. Ier n-eitirdealugadh agus ier gcomhscaradh dó frisna Germáinneachaibh du-ss-rat in pápa Innosensius Tertius onóir agus airmiten ro-mór dó go mbronntanus agus deuósion dermháir go saidpress císsa agus ferainn. An pápa dier uo comhainm Sextus Quartus do-rat ro-ardughadh mór i n-a uile riachtanus don reclés so. {ms page 89} Ro thógoip agus ro chomdaigh ilimat do theghdhuissibh onóracha costusacha deigh-dénmacha ann. Mestor agus brethnaighther tra, ar in taep amoigh d'ainm in pápa, dia impriulacht agus dia ríghacht, do gach mital óir agus aircit comhmbuailter dhó, go roipe in tegh so amháin a gcompráit chíssa gacha bliadhna friss, óir ba fiú timchell fichet míle coróin gacha míssa é. Iar n-a fhaixin sin don stát Rómhánach ro benatar rannchuid agus uirbhernadh go fiú dá míle coróin gacha míssa de. Ro choimhchengailset sin fri beathaidh in pápa. In méide is lugha dhe ocht míle dég coróin aige-sen gacha míssa. Tic
Día dardaoin do shonnradh in naomadh lá fichet Maíí 1608 comhainm in laithe ro cuiredh coróin ar in athair
Domhnach na Trínóide i n-a dheghaidh sin éirgit na mná uaisle do láthoir náomhthachta in pápa. Gabhuis chuige go honórach sulchair degh-aighthech iad. Dobeirit diaigh a ndiaigh póic dia choiss. Dorat benedixion dóibh. Fillit dia ttigh. Rángatar immorro formhór ord agus mhac-cléirech in tsenaidh Rómhánaigh go línmhar agus go ro-onórach airmitnech adhamra a prosesion go tempall Petair in lá cétna sin mar uaissle agus mar oirrdhercass don mban-naoimh ro remráidhsemair. Ascnaidhit as a haithle óthá tempall Petoir go ro riachtsat Sancta Maria Noua airm i n-a ffuil fert agus tomba na ban-naoimhe uaissle sin. Ro bátor tra imat do mhíltibh persa eguilsi. Nír cuimhgedh rímh nó áiremh forra re a n-imat-línmaire. Adhnait na Rómhánaigh teinnte agus tennála i n-a pálássoip agus a n-imdoirsip a tteghdhuissighe go n-ilimat do choinnlip agus do lóchrannoip lasamna uas a ttighip. In tairimtheacht uas Chaislén na nAingel ar n-a coimhlínadh
Día dardaoin chuirp Críst du-ss-riacht ordugadh ón athair naomhtha gusna maithibh si as go raghdaois i n-a persanoibh badhdéin ochtar do roighnibh a ndegh-dhaoine d'imachor chanabí ro buí uassan sacrament naomhtha sí a lámhoip in pápa ag a himchor go honórach a modh prosesioin óthá prímh-thempall Petair in Vaticano go ro riacht tempall Sanct Sém a mBurgouesia, as sin aríss go ro riachtsat tempall Petair. Do deachatar-san do láthoir naomhthachta in pápa. Ro imchradar an canabí uassan sacrament naomtha agus uassan pápa, acht ní fhuaratar Eirennaig riamh a compráit sin d'onóir agus d'airmhitin. Ingantaigit na hEdáilligh go mór a mac-samhla sin d'onóir agus do supáilcibh d'foghbáil dóibh, óir atbertsat dronga díp nach meinic go ffuair én-násión amháin isan doman ríemh bheith ag imchor in chanabí. Ambasadóiridhe uile rígh agus prinnsaidhe catoilce na crístaighechta doralaighset issin gcathraigh an inbaidh sin, ba gnáth-bhés bunaidh leó diaigh a ndiaigh gacha bliadhna a
Tadc do scriobh agus bennacht for a anmain 1609.
{ms page 95}Ba honórach airmitneach aoipinn in prosesion, óir bátor formhór ord riaghalta agus uile ord agus chomhthinól prímh-eglus gcatharrdha na Rómha ann go n-imat prinnsaidhe agus diúcaidhe agus mór-thigernadh. Nír uo lugha leó oldás míle lóchrann lasamna ciara. Seiser ar fhichit eitir ardeaspoig agus subespoig i n-a ndeghaidh sein. Sé cardenáil dég ar fhichit as a haithle. An pápa ag imchar na sacramente, na tigernaidhi Eirennacha agus na daoine uaisle ochtar a gcoimhlín fon chanabí. A gárda saigdiúir Suser a móir-thimchell in pápa agus ar gach taop de agus i n-a deghaidh a dhí thrúp móra marcshlaighi. Bator na sráide coimhlínta ó dhaoinip as a haithle. Samalta fri cách nár uo lugha oldás cét míle ro bátar. Iar rochtain tempaill Petair dóibh léicis in pápa in sacrament naomhtha forsan prím-altóir móir. Ier sin ro-s-léic ar a glúinibh é. Du-s-gní sléchtain etarguidhi agus urnaigthi. As a haithle tra dorat benedixion do chách a gcoitchinne. Eirgis dia pálás íer sin. Téigit na huile ro bátar ann dia pálássoibh agus dia gcoimhtheghdhuissibh.
An sathorn ro baoi ar a gcinn do shonnradh gabais Maguidir .i. Cúchonnacht Maguidhir a ched ag na maithibh si. Léicis gussin Naples é, prímh-chathair oirrderc oireghdha gabhus fri rígh na Spáinne, léigi ar dá fichit léige ón Róimh. Sémus mhac Eimir meic Cúuladh meic Aodha Ruaidh Meg Mathgamhna go n-uathadh oile i n-a choimhiteacht agus immailli friss.
Dia dardaoin in dechmadh lá don mí chétna éirgis O Néill agus in t-ierla co n-a mbátar i n-a gcoimhiteacht do thurus seacht prímh-eglus gcatharrdha na Rómha. Ro
Forior gér ataid scela derptha agoinni o urchoid aeir na Romha. Ane 24. Septembris 1609 ro hadhlaicedh mac agus oigri diles dingbala Ui Neill .i. Aodh O Neill, barun Duin Genainn, adhbar tigerna Cheneil Eogain agus an taopa uothuaidh d'Eirinn gan imreasain gan fresapra.
{ms page 97}Attracht in duine uassal la cloisteacht in sceóil. Ascnaidhiss gussin dau i n-a ffuil in reclés. Du-ss-fairnic an cnoc línta lomlán do shneachta agus d'oighredh. Ba machtnadh són. Eirgis gussin espog ba huachtarán uassan rann-chuid sin don chathraigh. Is amhloidh tra forcaomhnagair go ro taissealbadh sét samhla na haislinge sin badhdéin don tigerna espog in oidhche chétna sin. Tochomhlait ieromh díp línaibh go n-imat díairmhe oile immaille friú. Rángatar gussin maigin i n-a mbuí in snechta. Timaircit agus tógbait é dia lámhoibh badhdéin. Ier sin comhdaighther agus comhthógaibhther prímh-eglus chatharrdha chostusach cháin-dénmhach is lór mét agus feapus issan uile doman ier n-a bennugadh agus ier n-a coisrecadh a n-onóir na naomh-óighe issin inadh chétna sin.
As a haithle tra do dheachatar go hegluis S. Lauráss míle céimenn seachtair ó ballaigip na Rómha. Ier ndénomh a tturais do réir auirtt na heguilsi taisselbhthor dóip aon do na clochaibh dia ro tuairgedh Steffán martír gusin leic gcoimhlethain mharmair for ar léicedh corp S. Lauráis ier n-a róssadh for greidil. Is écnach do na huilip páirt dia fhuil agus dia fulradh fuirre ueós go n-ianoip gloinidhip i n-a fuil rann-chuid dia fhuil agus anbhroth, cuid d'ieronn na greidle ar ar róssadh agus for ar commbruithedh é. Isan egluis chétna sin atáit cuirp S. Laurás agus S. Steffáin martír, soigthech bennaigthi i n-ar baistedh ban-náomh uassal dier uo comhainm Lucilla maille fri hilimat relicias oile. An t-impire Constantinus Magnus ba hé ru-s-tógoibh agus ru-s-comhdaig in eglus sin a n-onóir na naomh-martír remráite. Siluester pápa issé ru-s-bennaigh in naoimh-eglus sin.
{ms page 98} Térnóidhit na maithe si astech tar ballaigip na Rómha in dara feacht. Eirgit go S. Cruce a n-Ierusalem. Doghnít a tturus. Taisselpthor dóibh aroile soigtheach i n-a ffuil páirt d'fuil luachmhoir Íssa Críst, gussin spongia i n-ar chuirset in cinedh Iudaidhe domblas ae in dragúin gusin ffínéacra chuice a gcrann na croichi, dí delg don choróin spíne, do mesfadh fer a ffaixena nach ssia oldás cóic laithe
La sodain tra éirgit ier sin go prímh-ecluis ardespoig na Rómha .i. in pápa S. Iohannis Lateraní a comhainm. {ms page 99} Ier ndénamh a tturaiss taisselbhthor dóip cenn Acarías athair Eóin baiste, cenn S. Pancratius ro buí trí ló go n-oidhchi ag coimhsileadh fola cró-deirge feacht n-aon dia ru-s-loiscset eritchide agus scristóiridhe in chreidimh chatoilce an n-eglus so tra .i. S. Iohannis Lateraní, páirt do thaissip Muire Madalén, slinnén S. Lauráss, fiacoil Petoir, an chailíss as ar ibh Eóin bruinne digh neimhe for foláiremh an impire éttrócair aingidhe Domisianuss agus do chomhfhortacht Dé ná ro urchóidigh dó, an slabhradh aggarp ieroinn dia mbuí in naomh-apstal uassal adhamra Eóin bruinne cengailti cruaidh-chuibrighthe óthá Efeso go ro riacht gussin Róimh gusin édach día ro éirigh sé slán go hopann a haithle a bássaighthe do réir inntinne na n-Idal agus na n-anchrístaighe,
Feacht n-aon dia ru-s-gap treplait lupra agus essláinti neimneach dhásachtach an t-impiri Constantinus mór ro-s-baoi go n-anacair agus go ndocomal n-adpal-mór, nír chuimgetair doctúiridhe teacaiscthi ináit fisicidhe fáthacha comfhortacht nó caomhna do dénomh dó. Ro baoi a pennait agus a peirical anbháil. Aroile senóir glic naomh-arsanta dorala issan chathraigh comhairligis don impiri go ro thochuiredh Seluester pápa ru-s-buí ag a díthladh badhdéin a ndiamroibh agus a ndroibéloib a sliap chorrach chomadbal ceithri míle dég ón Róimh. Gníther samloidh. Ar rochtain naomhthachta in pápa do láthair umhlaigis in t-impiri ó a uile chroide agus innfheithemh do chreidem Críst do réir na heguilsi catoilci agus ier ngabáil baisti issin omar remráiti dó ba hógh-shlán uo chétóir gan doig gan galar gan lupra gan essláinti. Ro timain in t-impiri in pálás so i n-ar comhdaigedh an eclus don pápa do chéid-neithibh. E ba sossadh comhnaidhe dó badhdéin gussin tan sin. Siris a n-athchuingidh ar naomhthacht in pápa in eglus so do bennachadh agus do choissrecadh a n-ainm agus a n-onóir Eóin baiste agus Eóin bruinne. Gníther samhloidh in dechmadh lá do mí Nouembris ro buí for a ccionn. Ocht mbliadhna dég ar tríp cétoib aois an Tigerna in tan sin. A n-inbaidh agus a n-aimsir in chonsecrátioin do beith ag a denomh ro thaispéin pictúir diadha agus fidhair fír-naomhtha an choimdedh chomhachtaigh í féin go follus mírbaileach. Atá aniú uasan altóir móir. {ms page 103} Ro loiscedh in eglus so la hainchrístaigibh agus la
As a haithle tra éirgit na maithi si go Scala Sancta díer comhainm an staighre naomhtha a gcomhfhochraibh agus a n-imfhoixe don prímh-egluis remráite. Ocht gcoiscéim fhichet a gcomhfhat in staigri sin sé ar n-a oibriughadh do chlochaibh comhfhata coimhlethna gléigheala marmair. An pálás sainigthi sonnradhach i n-a mbuí Piláit a gcathraigh Ierusalem ba hann ro suidhigedh agus conrótacht ó thús. An tan tra go hergapadh an Slánaightheóir Iossa Críst la hIudachaibh aimhirseachaibh a n-aimsir a páissi is triasan staigri chomhard sin rucatar ceangailti cruaidh-chuiprigthi a ffrith-chétfaidh agus a ffiadhnuisi an breitheman Piláit é. On trén-tarroing tric thuinnsemaigh nemchoiceltaigh mhí-trócairighe du-s-ratsat dó ro trascradh é a gcert-meadhón an staigri as gur doirtedh páirt dia fhuil luachmoir. Mairidh ueóss slicht-lorcc na fola fír-uaisle fírinnighi forsan gcloich. Gráta iernaidhe uas a cenn dia himchoimét. A fforcinn an staigri atáit trí doirrsi do mharmar aoin-gheal ru-s-bátar a n-Ierusalem ar n-a suidiugadh a pálás in Piláit chétna sin. Ro gap in Tigerna triasna tríbh doirrsip sin ria ndol do láthair Piláit dó. As urchomhair an staighre tabernacal onórach dier comainm di sancta sanctorum. Atá immorro for na sépéloip is línmhaire reliciais mhór-lóighidhecht isan uile crístaighecht. Ann atá fidhair agus pictúir Iossa Críst doróine Lúcás suiscél dia lámhoibh badhdéin {ms page 104} an tan ro baoi Críst forsan saogal so a n-aois agus a n-aimsir a dá bliadhan dég sí ar n-a comdach go honórach airmitneach adhamra go n-ór go n-aircet go gclochaibh uaissle ingantacha éxamhla. An tres Niclás ro baui i n-a pápa issin Róimh ba hé du-s-róine consecrátion forsan sépél naomhtha sin for impidhe S. Lauráss martír. Ní línmhar tra oscailter nó taisselpthor an naomh-shépél sin ier n-inmedhón. Go bráth
Glúaissit na maithe si as a haithle óthá Scala Sancta gusin prímh-eclais n-oirrdirc S. Sebastian a comhainm. Gapait tra forsan sligidh gusin sépél n-adhamra dier comhainm Domine quo uadis. Is amhloidh forcaomhnagair ainmniugadh an tsépéil remhráiti ó thús: feacht n-aon dia ro bhaói ingreim foilenmain agus persecution ag anchrístaigip, ag scristóiribh na heguilsi a ndeghaidh prinnsa agus uachtaráin na n-apstal naomhtha .i. Petor, smuainis Petar an Róimh d'fágbáil Uch uch ro chraidh agus ro treghd bass Aoda ar gcroidi. {ms page 105} agus dol dó a ndiemhroip agus a ndroibéloibh agus a ffoithribh fássaigh sechtair for imegla a bhássaigthe acht ge ro baoi i n-a pápa. Ar ttoighecht go haonda duaithnidh go hinadh in reclassa sin dó adchonnairc an Slánaigtheóir i n-a chomdháil. Adbert Petor ier ttabairt aithne fair Domine quo uadis .i. 'a Thigerna cia leth raghair'. Atbert an Tigerna: Ragat gussin Róimh as go ffuiléngat croch agus céssadh agus martra an dara fecht. Atbert Petor: A Thigerna is do chúis inghrema agus inchreachaidh oramsa adeir bhar n-onóir-si na briathra sin agus raghat-sa tar mh'aiss gusin Róimh agus fuiléngat báss agus martra ar bar son-sa. Ba fíor són. Fillis Petor gusin Róimh. Ro buí innte go ro bássaigedh é mar uassal-martír onórach adhamra amail is follus do na huilibh.
Rángatar Sebastian prímh-eglus ro-onórach conrótacht la ban-naoimh ro uassail do threip na Rómhánach badhdéin .i. Sancta Lucina a n-onóir S. Sebastian. Taibernacul ro-onórach issan egluis sin airm a mbaoi corp Petair agus corp Póil fri haimsir imchéin. Gach aon tra raghus astech ó deuósion agus o chongain cride isan ionadh sin atá a chudrama do logadh a peacadh aige ionnamail agus dodhénadh turass tempaill Petoir agus Póil. Eirgit a n-uamaidh thalman as a haithle Semiterium Calistí a comainm .i. relec Calisti. Ro hadhnacht isan reilic sin ceithri míle dég ar trí fichit ar chéd míle martír. Isan uamaidh sin tra ro bhíttiss apstail agus descipail {ms page 106} an Tigherna for imgabáil agus for teithedh na n-anchrístaigedh. Ro hadhnacht immorro ocht pápa dég ier n-a mbásugadh mar martíreachaibh uaissle adhamra oirrderca la heiritchidhip aimhirseachaibh issin uamaidh sin tra. Atá maithemh agus loghadh na n-uile peacadh ag gach aon téit ó deuósion agus ó chongain cride tríthe. Isan egluis sin tra aroile do na saigdip dia ro básaigedh S. Sebastian gussin gcloich mbennaigthi marmair for ar shessoimh an Slánaightheóir an comhfhat aimsire ro buí ag briathradh fri Petor apstal ag in sépél remhráite dier comhainm Domine quo uadis agus atá foillicht a choss issin ailigh ueóss. Atá tra corp S. Sebastian agus corp na ban-naoimhe uaisle adhamra Sancta Lucina agus corp Steffáin pápa issin egluiss chétna sin maille fri hilimat relicias oile.
As a haithle sin tra éirgit go Cauarello .i. inadh aoibhinn onórach go mbortt marmair go n-imat sreabhán d'fír-uisce fhinnfhúar ar n-a gcomhtharraing go hinntleachtach éxamail ingantach lassan senadh Rómhánach ier céin mháir a gcomdháil an impire. Iar ndénomh a medhóin laoi issin inadh sin dóip éirgit go tempall Muire na sanuissi. As a haithle go hegluis ro-onóraigh mhór-lóigidheachta oile
As sin dóip go tempall Póil. Dognít turus a shecht prím-altóir mór-lóigidechta. Taisselbthor dóib aon do lámhoip S. Anna, an slabradh aggarp iernaidhe dia mbaí Pól cengailti cruaidh-chuibrigthi an tan ro-n-baí a ngialna lasna Rómhánchaibh, cenn in samaritana, aroile do méroip S. Niclás, mailli re himat relicias ro-onórach oile. Atá immorro corp Timmoteus naomh {ms page 108} ro buí i n-a descipal díograisech ag Pól ar in saogal so isin egluis sin, corp Selsus, corp Iulianus, corp Basilisa, maille re corpoip móráin don
As a haithle tra éirgit go tempall Petoir in Vaticano prím-chathaír Petair isin Róim. Gabait forsan sligidh go sépél beg dar comhainm sépél Petair agus Póil. In tan ro hergabadh Petor is Pól la Rómhánchaibh aimhirseachaibh ro treóraigedh amach asin gcathraigh gusin dau sin iat. {ms page 109} Ceilibrait di eroile. Ier sin du-s-ratadh in tí Pól dia díchennadh go Tria Fontania fo bíthin go roibi léx ag na Rómánchaibh gan neach d'fír-threib in tsenaidh Rómánaigh badhdén do básugadh acht fri cathraigh anechtair. Petor immorro ro baí i n-a Galaleus du-s-ratadh astech tar ballaigip na cathrach go sliap ro-ard do shecht prímh-shléibtip na Rómha dier comainm Ianicolo. Treóraigit é gusin gcnoc don sliap dar comainm Montorio. Cuirit croch
Ier ndénomh turais seacht prímhaltór príuiléidech thempaill Petair dóip taispéntor tra cenn in apstail uassail adhamra S. Andriass dóibh sé ar n-a threórughadh gusin Róimh feacht naill la prinnsa na Muraighe a ré agus a reimhes in dara Pius do bheith i n-a pápa agus do deachaidh badhdéin cétna a persain {ms page 110} dá míle ó ballaigip na Rómha sechtair go Ponte Molle a prosesion ro-onórach do glacadh chinn in naom-apstail uasail ón prinnsa. Ro taisselbadh dóip as a haithle cenn Lúcáis suiscél, cenn Sanct Sém óig, cenn S. Sebastian, cenn S. Tomáis espog Cantorbi, cenn S. Amando, lámh Steffáin martír, lámh S. Cristoforus martír maille fri hilimat oile do thaissip naom agus fírén. Fo prímh-altóir móir na heguilsi in dara leith do thaisibh Petoir agus Póil. Taipernacul ro-onórach uas uillinn descertaigh na prímh-altóra móire airm i n-a ffuil volta sancta .i. an aghaidh naomhtha .i. an naipicín ro chomail an ban-naomh uassal adhamra Veronica do glan-ghnúis chréchtnaigthi an tSlánaigtheóra Issa Críst in tan ro bháoi fo dhaoirsi agus fo mhartra ag imchar na croichi césta. Is follus agus is écnach do na huile dhaoinibh pictúir agus fidhair ghnúissi agus aigthi an Tigerna dia
A fforcinn in turais mór-lóighidheachta sin éirgit na maithi si dia páláss. Airissit agus comhnaigit ag léicen a scísi agus a mertin a haithle a tturais neoch ba subáilceach {ms page 114} dia n-anmannoibh agus ba saothrach dia gcolloibh.
Laibheóram begán briathor ar eóluss na Rómha annso síoss mar is ferr fuaramar fria scrúdadh é agus sinn ag inotacht isin Róimh fri haimsir imchéin anossa. Atáit sé tempail ar dá fichit ar dá chét tempall innti gan na seacht prímh-eguilsi do lapramar do chomhairemh orra sin. Aon díp side tempall roi-dhess atá for foradh-chnoc ard aoibinn ar comhghar in páláiss i n-a mbuí comnaidhe na ttigernadh so, Honofrius a chomhainm, suas o des go coimhdírech ó
Ro buí rath diadha a ffoilenmhain Honofrius óir ro lín d'egna agus d'foghloim agus do shupáilchip an Spirait naoímh. Fóss ro fhorbhair a mhét a mhaissi agus a mhiadhamhlacht. Fecht n-ann ro thoghsat an t-ord Honofrius mar uachtarán orra badhdéin. Ní ro fhaomh-samh an togha sin. Atbert go raghadh fo dhiamraibh agus droibhéloibh for ierroidh an leinb chompánta dorala dó a n-ucht naomhMuire óighe isin páirc ria sunn. Ní ro gabh toirmesc. Ceilibrais don tigerna-ap, do na bráithribh archena. Léicis go fássach na h-Eigipte é. Ag toigheacht dó ar comhghar an fhássaigh adchí an lóchrann teinntidhe for comhlassadh issin aér etorbhuass. Bidgais agus comhchrithnaigis la sodain. Léicis for a glúinibh é. Feacaidh for aithrighi agus aurnaigthi. Tic aingel Dé i n-a chomhdháil agus adbert fris: Ná ro-t-imeglaigther, a uassail, a Onofrius, óir ro fortachtaigh Dia duit agus is mar chomharrdha mírbaileach deit ro thaissealbh an lóchrann lassamna adchí. Fáiltighis Honofrius la cloisteacht uríathar an aingil. Du-s-rat altugadh buide mór do Dia. Eirgis isin díthrebh as a haithle. Ag ascnamh astech a ndroibhél deirrit diemhoir dó adchonnairc chuice senduine ro-arsanta a n-aipít oilithrigh nó díthrebhaigh. Forffáiltighis an senóir ier n-a fhaixin uochétóir, óir ba lainneach lúthgháireach lais an macaómh óg aoidedhach go rath agus go supáilcip diadha i n-a choimhitecht do chor chuice. {ms page 119}Treóraigis leis é as a haithle gusin duirrtheach ndeirrit ndiemhoir, airm a mbáui a aittrebh agus a inotacht do ghnáth. Is amhloidh immorro buí an duirrtheach .i. bothnait beg chumhang fo bhun chroinn chomhaird pailme. Airisit agus comhnaigit ann a gcomhaontaidh aroile agus a chéile. Is edh ba tuara agus ba hacnamhadh dóibh toradh an chroinn pailme do thomhailt maille fri fír-uisque na tipraiti ro-s-buí fo bun an chroinn. Barrghar agus duilleabar an chroinn isseadh ba himdíten dóibh for dherdain agus doishín, fuacht agus tes. Nir uo himchien tra
Feacht n-aon dia ro smuain forsan gcompánach lenbaidhi dia mbuí n-a fhoilenmain, cuiris de uo chétóir in méide ro mhair d'iersma na senaipíte du-s-rat asin mainistir tricha bliadan roimhe sin. Fágbuis an crann gusan ttiprait gusin mbothnait. Gluaisis as a haithle seachnóin an díthribh. Aimser imchíen dó fon samhla sin gan comhfhortacht bídh nó édaigh. Ier sin tra téit a n-énerte agus a égcruass adpalmhór. Laithi n-aon dó isin imdhoraidh sin adchonnairc aingel in choimdedh chomhachtaigh chuici go proinn agus go ttomaltus do neimh. Du-s-rat-san altugadh buide dia Thigerna. {ms page 120} Coimhinann ro bheiredh an t-aingel an sásadh nemhdha .i. an sacrament naomhtha dhó gacha domnaigh dia lámhoibh badhdén agus do bheiredh an sássadh aimserdha seachnóin na seachtmaine. Deich mbliadhna fichet oile isin díthreb gan comhthathaigidh nó comaontaidh ó neoch for talmain acht cuairt an aingil. Finnfadh a chinn agus a ulchan, a ochta agus a chuirp archena, ba himdíten dó ar fhuacht agus tes frisin ré sin. A aittreb agus a inotacht fo barroibh crann. Smuainis a fforcinn na haimsire sin tra dol do thaistel agus do chomhsibal gacha méide ná ro shipal go sin don díthrep. A mbaoí ann confhaca a ndroibél dorcha a n-inmedhón na coilledh an duirrthech dess deirrit deighdénmhach. Ba machtnadh adpalmhór lais. Atchonnairc tra for a chomhghar senóir aosmhar arsanta. Eirghis for a amus. Mar atchonnairc an senóir an créatúir imthruagh anaithnidh sé ar n-a thuighi
Laithi n-aon siris Honofrius a n-onóir Dé for in senóir a chulpa do éistecht agus apsulóit na heguilsi do thabairt dó i n-a auile peacthoip agus dupáilchip. Du-s-gní in senóir samhloidh. Ier ttabairt a uile choipsen d'Onofrius ro scar a spirat anma fria chorp ar mbreith buadha ó doman agus ó
In nómadh lá fichet Iuníi .i. lá féle Petair do shonnradh táinic ambasadóir ríg na Spáinne fri cíos rígachta na Napless gusin pápa. Ba honórach airmitnech cath-réimech du-s-riacht. Ro buí timchell a cóic nó a sé do chétoib marcach maille fri ro-imat cóistidhi go gcoisigib línmara a libhré ro-onóraigh. Each roi-dess bán go ndiallait mhór-lóigh ier n-a himfholach d'ór-snáithe a remthúss na sligedh, gné sparáin nár uo beg fo a brágait i n-a mbuí cíoss na Naples. Ar ndol do láthair naomthachta in pápa dó du-s-rat dia onóir an t-each gusin gcíos a n-ainm in ríg. Iar sin térnoidis dia thigh.
Ba tuirseach nemgnáthach la hierla Tíre Conaill re mac Uí Néill, re mac Uí Domnaill in comhfhat ru-s-bátar i n-a ngnáth-chomhnaidhe isin Róimh. Smúainit agus comairligit
Scéla Meguidir. Ier mbeith dó fri ré secht sechtmain imlán issin Napless smuainis agus comairlighis dol don Spáinn. Gluaississ for fairrgi óthá in Napless do dénamh ar in prímh-chathraig n-oirrdirc n-adhamra darab comhainm Genua. Táinic féin agus a chuidechta a ttír go fedh én-oidque amháin isin áit a gcomraic sruth Tibir frissin ffairgi a n-imfochroib agus a n-imfhoixi an inaidh chétna i n-ar glacatar na maithe adupramar romhainn in droch-aér mímessardha anffalláin. Glacuis tuile agus dássacht fiaprassa neimhnigh náimhdemail Maguidir agus Sémus mac Eimir meic Cúuladh Meg Mathgamna. Treóraigther ier sin gusin prím-chathraigh Genua iat. Fuarator araon báss ier ttabairt a n-uile choipsen agus ier gcomhchaithemh na sacramenti naemtha in dara lá dég Augustíí 1608. Sé huaire an chluig amháin isseadh ro buí etorra gur uo lúaithi fuair Sémus Mag Mathgamna báss nó Maguidhir. Ge tharla tra nár uo línmar a gcuideachta nó a lucht lenamhna issin gcathraigh sin, ar aoi sin tra mar doclos a scéla agus a n-uaissle comchruinnighit suim áirigthi do chléir agus do daoinibh maithi na cathrach i n-a n-urthimchell a prosesion onórach go ro hadhnacht iet agus aibídidhi S. Pronséis umpa a mainistir oirrdirc bhráthor minúr issin chathraigh chétna sin.
Ro buí in barún agus mac Uí Domnaill i n-a luighi issin ffiapras frisin ré aimsire si go huilide. Tochuirter do réir
Forior ní mor gur lan-binn na scela so.
{ms page 126} Ar mbeith dóip aimsir annsin fuair mac Uí Domnaill báss in cóicedh lá dég Septembriss. Is inmesta immorro nach don degh-fhortún nó don degh-chinnemain iss ferr tárraidh Eire an aurdail sin do degh-roignib mhac Míledh Espáinne d'foghbháil bháiss go hobann diaigh a ndiaigh a n-echtar-chrích imchéin ainiúil a gcoimhfhégmhuiss a n-atharrdha bunaid badhdéin. Ro hadhnacht tra mac Uí Domnaill a n-aipíd Sanct Pronséiss go sochraiti línmair laiss agus go ttorramh ro-onórach a prosesion i n-a thimchiol issin mainistir chétna S. Petro Montorio ar én-dénamh agus a n-imfochroib do thomba in iarla.
Buí mac Uí Néill leith-bliadhain imlán i n-a luighi a pericail ro-marbthaigh agus a nguasacht báiss agus buideachas mór do Dhia ro thoiligh dó térnód ó báss sealat oile maille fri comhaisseg a shláinti d'fagáil, acht gurab é sin bladh do mhíchinnemain cháich agus dia ndíghbáil re haér neimnech náimdighi Ostia.
In cét lá Augustíí .i. lá Lughnusa do shonnradh 1608 éirgis O Néill go tempall ro-onórach mór-lóighideachta darab comainm S. Petri ad Uincula .i. eglus ro-onórach ro tógbadh agus ro cumhdaigedh a n-ainm agus a n-onóir Petair apstail. Taisselbtor dó in slabradh imremar aggarp iernaidhi dia mbuí Petor cengailti cruaidh-chuiprighthi in tan ro buí a ngialna la Iudaidhip aimhirseachaibh. Fecht n-ann ro-s-buí in dara leth don slabhradh chétna isin Róimh. Du-s-rat Elena in bainimpir an dara rann gusin Róimh de. Ar n-a gcoimshínedh araon re aroile iadhait agus comhtháthait le chéile go mírbaileach éxamail mar nach biadh etorscaradh ar bith etorra remhe sin ríamh. Fós ba hé in slabradh sin
An cóicedh lá dég don mí chétna .i. lá chéid-fhéile Muire éirgiss O Néill go hegluiss oirrdirc oile dier comhainm Sancta Maria in Trasteuere. Ro buí státion onórach mór-lóighighechta go loghadh na n-uile peacadh issin eglais sin. Ba hé in teg sin tra fo taibernacuil agus fo tegh comhchruinnighthe ag an senadh Rómánach fri ré aimsire imchéine. Comhairlighit as a haithle a thabairt mar inadh oirissimh agus comhnaidhe d'athlaochaibh trógha tuirsecha agus do sen-saighdiúirip arsanta ier sgithlim a lúthmaireachta agus a neirt. Ro buí aca fri ré fhota. Oidhche gheineamhna Críst .i. oidche notlac mór do shonnradh sguchaiss agus comhsgeinnis tipra imdhomain ola go mírbailech ingantach assin egluis sin. Ro-s-buí tra ag snighe agus ag tebersain mar badh sruth comhadpal fri ré laói go n-oidhche go ttéigheadh amach a n-inmedhón srotha Tibir. Odclos sin tra la Calisto Primo an seissedh pápa dég ier Petor conrotacht sépél onórach laiss uassin tiprait sin tra. Ro bennaigh ieromh an sépél a n-ainm naemhMuire óighe. Acht madh teagh Loreto amháin do bheith ier gcéin máir roimhe sin ier n-a thogha agus ier n-a bennugadh a gcomhainm Muire agus a Meic, ag sin céid-eglus ro bennaigedh a n-onórachuss do Muire issin crístaighecht go huilidhi. Fichi bliadan for díp cétoip aíss an Tigerna an tan sin tra. A reimhess in treass Grighóir do beith i n-a pápa issin Róimh ro métaighedh an eglus so leiss as go ffuil i n-a prímh-egluiss chatharrdha mhór-lóigigheachta. Fichi bliadan ar sheacht gcét aoiss in Tigerna an tan sin. Ferta agus adnacail a cethair do pápaidhip {ms page 128} issin egluis sin .i. Calistuss, Innocentiuss, Iuliuss.
An cethramadh lá fichet don mí chétna .i. lá fhéile Parthaláin do shonnradh éirghis O Néill go hoilén oirrderc atá forsan Tibir dier comainm Insola Tiberina. Mainistir onórach go n-ord Sanct Pronséiss forsan oilén sin. Corp Parthalóin apstail issin mainistir sin ier n-a threórughadh lassin impir in darna Hotono óthá Beneuento gusin Róimh. Ilimat do thaissip naomh agus fírián cenmothá sin issin egluiss naomhtha sin, fóss pictúiridhe agus fidhracha Sancta Caterina, Sancta Agata, agus móráin do ban-naomhuibh uaissle adhamra oile, íer n-a n-oibriugadh agus ier n-a n-imdénomh go healadhanta inntlechtach éxamail issin staid agus issin innioll chétna a mbátor a n-aimsir a martra agus a mbássaighthi la Iudaidhip aimhirseachaib. Mainistir Eóin go n-ospitáil ro-mhaith, airm a ndingentar do gnáth imat déirce agus trócaire, forsan oilén sin.
In nómadh lá fichet Septembris i n-a deghaidh .i. lá féle Míchéil téit O Néill go tempol Míchéil a m-Burgo. Gregoriuss pápa is laiss conrótacht ó thús. Aroile aimser imchien ro-s-buí pláigh adpal-mór issin Róimh. Fuaratar tra formhór lochta a haittrebhtha agus a hinotachta an inbaidh sin báss. Gluaissis Gregoriuss agus gach méide ru-s-mair do na Rómhánchaibh a prosetion onórach aithrigeach óthá mainistir Arass Celi go tempall Petair, fidair-dhealbh naomMuire óighi atá issin mainistir sin rompa. Ag céimniugadh dóip tar Droichet na n-Aingel fuil {ms page 129} for sruth Tibir adchonnarcatar dia súilibh corparrdha aingel Dé uasaip issin aeiér, cloidemh nochtaighthi línta lom-lán d'fuil chrói-deirg i n-a láimh. Toirlingis as a haithle forsan gcarraic gcomaird for ar comdaighedh Caislén na n-Aingel. Ar ffaixin naomhthachta in pápa dó cuiris a chloidemh i n-a
Dia cétaoin in treas lá Septembris téit naomhthacht in pápa a prosesion ro-onórach go maithibh na Rómánach a prosesion mailli fris óthá tempol Muire na n-Aingel go ro riacht Sancta Maria maiora agus an aoine ru-s-buí for a gcionn ó thempall Muire Menerua go Sancta Maria de Pace. Buí O Néill i n-a coimhidecht frisin ré sin.
In cethramadh lá Octobris .i. lá Sanct Proinséiss éirgis O Néill go mainistir onóraigh darab comhainm S. Fransisco. Tegh bunaidh agus inadh oirissimh agus comhnaidhe aíne agus apstanaite S. Pronséiss issin Róim in reiclés ro-onórach sin. Sépél ro-onórach i n-a mbíd ag aithrighe agus ag urnaigthi agus ag etorguide in choimsigh chomhachtaigh issin mainistir cétna sin.
Tabair bennachtain for anmain in sgribnora.
{ms page 130} Crann ingantach éxamail oráistidhi issin mainistir chétna sin. Naomhthacht Sanct Proinséis ru-s-cuir a ttalmain ó thúss dia lámhoip bennaighthi badéin. Cóic cnapáin bhega chomhchruinne a ffidair chroissi for gach n-oráisti dia ffásann forsan gcronn. Baramail lasna diadhairidip agus la tráchtairigip inna screptra naoimhe gur a ffidair agus a fforaithmet na gcóic n-áladh ro shilset fuil S. Proinséis a gcuimhne agus a ndibergóit páissi Críst bít na cóic
In cét-lá Nouembris .i. lá samhna do shonnradh éirgis O Néill go Sancta Maria Rotunda egluss ro-onórach airmitnech adhamra conrótacht lassan senadh Rómhánach ier céin máir aimser imchien ria ngeinemain Críst. A n-onóir na n-uile dée ro tógbadh in egluss ó thúss. Coimhinann fot airde agus leithet di. En-fhuinneóc amháin i n-a ffuilit deich ttroighthi fichet i n-a fír-mhullach sí comhchruinn comfhairsing du-s-gní soillsi d'uile altóirip in reclésa i n-a fír-mhullach. Dorass na heguilsi ier n-a imdhénomh d'aon-chloich amháin itir dí ursain is fordhoruss, ocht ttroigthe fichet in a leithet, samalta a chomhairde fri dá píce deóigh a ndeóigh. Dealp Muire mhírbhaileach doróine Lúcáss suiscél dia lámhoip badhdéin a n-inbaidh agus a n-aimsir naomhMuire do bheith forsan saogal so issin egluis sin tra. Ceithri colaman dég ar láin-mhét cholaman na crístaigheachta go huilidhi siat ar n-a gcomhshuidhiughadh a ndorus na heguilsi. Innte atáit cuirp S. Anastatio, Sancta Ratio, ilimat do thaisibh naom agus fírén archena.
{ms page 131} Assa haithle sin tra éirgis O Néill go tempall S. Gregorí in tress dég. Státion agus loghadh ro-onórach mór-lóigh ann an lá sin. E amháin ba háruss bunaidh agus ba histadh gnáth-chomnaidhe don Grigóir chétna sin. Runn-tápla ro-onórach marmair aoingil ann for a ngnáthaighedh sé comhshássadh bídh agus dighi agus gach dérce olchena do thabairt do bochtaip agus d'aidhilgneachaibh an choimdhedh chomhachtaigh gacha laithe. Fecht n-aon tig an Tigerna féin cétna a persain forsan mbord a mesc na ndeóradh, fer mar chách, mar shupáilcip agus mar airmitin dhó-samh fo bhíthin a dhéirci agus a thrócaire go ro lapair aghaidh a n-aghaidh friss agus é ag aurgnamh agus ag coimhriar
In fichetmadh lá do mí Nouembriss tic don Róimh ó rígh crístaighe na Fraingci do thaispénadh aidite agus umhlachta an rígh do naomhthacht in pápa agus do thabairt póice dia choiss as a ucht extraordinaríí ambasadóir, diúc de Neuers a chomhainm. E ba diúc a Retel, ba hard-prinnsa Arceis, prinnsa Porsian, marcéis an Oiléin, iarla Manudess, guibernóir agus leptinont generál fo láimh an rígh a prouensi Compania agus Bria. Karalo Consago Decleuess a chomhainm baiste. Ba honórach airmhitnech adhamra du-s-riacht an diúc astech is in Róimh, for Gepta na n-Aingel do shonnradh, ar comghar agus a n-imfoixe tempail Petair. Ro bátor tra trí fichit múl fo n-a3 {ms page 132} charáiste, airm a mbuí a libhré a pláta agus a chostus, a remhthúss na sligedh, bruit ingantacha éxamla ildathacha go mbroidinélacht agus go gcír-chimhsoip suaithenta sídaidhi uass a gcennoibh. Dá múl dég fo throngcoip dessa gerra peinnteáilte i n-a ndeaghaidh sein, brat do miliuent deirg ier n-a oibriughadh lá hór-shnáithe agus airget-snáithe uas gach múl, armus in diuc badhdéin ier n-a chomhtharraing go ro-inntlechtach in gach brat. Clarcraithe coimhlethna capcainn-reamra for gach múl síat uile d'airget aoingeal aithleghtha. Bacáin chomhfhata co n-uile bhúclaidhi agus tairrngide a srien agus a n-audhaim d'airget mar in gcétna. Cleitighe comharda go n-éxamhlacht na n-uile dhatha a ffír-airde uas cennoip na múl. Aradhna comhfhota coimremhra do shída dherg go sgoth-dhossaibh móra for a gcennoip ass sríen gach múil. Gárda mór marcshlaighi in pápa i n-a ndeghaidh sein ar ndol amach
Ag céimniugadh astech tar Gepta na n-Aingel dóibh dognít tra na Rómhánaigh mórán ciúil. Ba línmar trompaidhe agus uile aightheacha ciúil agus múissice aca. Trompóiridhi in pápa ag in páláss mhór. Comhscaoilit gárda in páláis an ro buí d'ordanáss mhór agus beg aca in tan doratsat in marcshlach a ndromanna friú. Nír uo lugha sa chách la gárttae Chaisléin na n-Aingel ag sír-sgáiledh ordanáiss móir. Do mesfadh tra fer a nemfhaixena go sin ó fhuaim agus ó fhothromh in ordanáis mhóir ag a chomhscáiledh, ó lúth-léimnigh na heachraidhi aindiúiti áille aindrennda, go rabatar na sráitte agus na margaidhi trissa gcéimnighdiss for comhchrithnughadh agus bogadh-bertnugadh. Ascnaidis an diúc ier sin tré prímh-shráidip oirrderca {ms page 135} na cathrach gusin stát agus gusin onóir gcétna n-a thimchell go ro riacht dia páláss neoch ba hurdhailte for a chomhair.