Corpus of Electronic Texts Edition
Eochair-Sgiath an Aifrinn (Author: Geoffrey Keating)

Chapter 18

AN T-OCHTMHADH CAIBIDIL DEUG. In a dtráchtar gá mionca dlighthear Aifrionn do rádh, nó d'éisteacht, agus an áit in a dlighthear a éisteacht, agus cia ó ndlighthear a eisteacht.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, an mhéid bheanas ris an gcéad nidh, do bhreathnughadh mórán doctúr, nach bhfuil d'fhiachaibh ar an sagart (an mhéid gurab sagart é) i bpéin pheacaidh mharbhthaigh Aifrionn do rádh acht ceithre huaire 'san bhliadhain — mar atá, Lá Nodlag, agus Lá Cásga, Lá Cingcise, agus Diardaoin Aluinn. Gidheadh ní bhfuil aon lá 'san bhliadhain nach feudfadh an sagart Aifrionn do rádh acht Aoine an Cheusda amháin, agus atáid, do réir Tolesus, cúig adhbhair fá bhfeudann an sagart dá Aifrionn do rádh in aon ló: — An chéad adhbhar, má bhíonn dhá pharráisde ina gcúram ar an sagart ó'n Eagluis, agus nach féadfadh a riar araon le haon Aifrionn, feudaidh dhá Aifrionn do rádh, mar atá Aifrionn in gach parráisde dhíobh. An dara hadhbhar, dá raibh an sagart i ndeireadh an Aifrinn agus easbog do theacht do láthair, agus gan sagart eile ann adéaradh Aifrionn do'n easbog, feudaidh an sagart an dara hAifrionn do rádh dhó, má lá saoire nó oibre bhíos ann. An treas adhbhar, dá dtigeadh iomad oilithreach do láthair re deireadh an Aifrinn i ló shaoire, agus gan sagart eile ann adéaradh Aifrionn dóibh, feudaidh an sagart bhíos do láthair an dara Aifrionn do rádh dhóibh. An ceathramhadh hadhbhar, dá dteagmhadh duine easlán ar a mbeith easbaidh Comaoine do chaitheamh, agus gan Sacraimint ann re a thabhairt dhó, feudaidh an sagart an dara


p.119

hAifrionn do rádh, chum Comaoine do thabhairt do'n easlán. An cúigeadh hadhbhar, feudaidh an uile shagart trí hAifrinn do rádh lá Nodlag, gion go bhfuil ceangailte air do rádh acht aon Aifrionn, mar nach bhfuil ceangailte ar an dtuata d'éisteacht acht aon Aifrionn 'san ló cheudna, acht gidheadh is somholta na hAifrinn eile do rádh agus d'éisdeacht.

Atáid cheithre reasúin ag an Eagluis fá'r orduigh sí na trí hAifrinn do rádh Lá Nodlag, do réir na gceithre gciall atá ag an Sgrioptúir — mar atá ciall liteardha, ciall áirdeagnach, diamharchiall, agus fáthrún. Do réir na céad chéille, is é chialluigheas an chéad Aifrionn adeirthear i meadhon oidhche, an fiosrughadh dorinneadar na haingil ar na haodhaireadhaibh i meadhon oidhche. An dara hAifrionn, adeirthear ar maidin, cialluighidh an fiosrughadh dorighneadar na haodhaireadha ar Chríost maidin Laoi Nodlag 'san Bheitil. Cialluighidh an treas Aifrionn, adeirthear timcheall meadhoin an lae, an fiosrughadh dorighneadar pobal na Beitile ar Chríost timcheall meadhoin Laoi Nodlag.

Do réir na dara céille, cialluighidh an chéad Aifrionn mar do fóireadh corp gach fhíréin ó bhás síorruidhe. Cialluighidh, fós, an dara hAifrionn mar do saoradh le Críost anam gach fhíréin ó bhás síorruidhe. Cialluighidh an treas hAifrionn mar do osgail Críost dóirse an Fhlaithis Neamhdha i meadhon laoi Nodlag.

Do réir na treas chéille, is é chialluigheas an chéad Aifrionn adeirthear i meadhon oidhche, an chéad dlighe do órduigh Dia ar dtalmhain, mar atá dlighe na nádúra; óir, mar is i ndorchadas na hoidhche adeirthear an chéad Aifrionn, do budh dorcha, diamhar, doiléir, dlighe na nádúra i gcroidhthibh na ndaoineadh. Cialluighidh an dara hAifrionn, adeirthear ar maidin, an reacht sgriobhtha; óir, mar bhíos dorchadas na hoidhche agus soillse an lae ag dréim re chéile 'san maidin, is mar sin bhíos dorchadas dlighe na nádúire agus soillse an Reachta Soisgeulta ag dréim re chéile 'san reacht sgríobhtha — eadhon, i nDlighe Maoise. Cialluighidh an treas Aifrionn adeirthear i meádhon an laoi, soillse agus soiléire an Reachta Soisgeulta.

Do réir na ceathramhadh céille, is é chialluighid na trí hAifrinn úd adeirthear, na trí modha ar a mbeirthear Críost, mar atá go síorruidhe ó'n Athair, go spioradálta i n-inntinnibh na bhfíreun, go hinmheádhonach agus go foirimealach ó Mhuire Oigh.

Cialluighidh, fós, an chéad Aifrionn adeirthear i meádhon oidhche, geineamhain an Mhic go síorruidhe ó'n Athair, óir amhail bhíos an meádhon oidhche dorcha, mar sin is diamhair doloirgthe do geineadh an Mac ó'n Athair, amhail adeir Isaias 'san 53 caibidil, ag labhairt ar gheineamhain an Mhic ó'n Athair — ‘Cia inneósas (ar sé) A gheineamhuin súd?’ — dá cur i gcéill


p.120

gur deacair lorgaireacht do dheunamh uirre. Is é chialluigheas an dara hAifrionn adeirthear ar maidin, mar geintear Críost go h-inmheadhonach i n-aigeantaibh na bhfíreun, amhail léightear ag Matha 'san gcéad caibidil — ‘An nidh (ar sé) rugadh uaithe (eadhon, ó aigneadh an fhíréin) is ó'n Spiorad Naomh é,’ agus do bhrigh nach gabhthar ó'n Spiorad Naomh acht Mac Dé, is é Mac Dé ghabhthar i n-aigeantaibh na bhfíreun, agus tar cheann go mbí solus folaightheach ó ghrásaibh an Spioraid Naoimh i n-inntinn an fhíréin, ní dearbh leis féin an solus sin do bheith aige, amhail adeir Pól nach feas do dhuine cia dhíobh do dhíol grádha nó fuatha é féin, agus is uime sin adeirthear an t-Aifrionn, idir iomdhorchadas na h-oidhche agus soillse an laoi. Cialluighidh an treas Aifrionn an treas modh ar ar gineadh Críosd — eadhon, ó Mhuire, agus is uime sin adeir Críost 'san seachtmhadh caibidil ag Eóin (dá chur i gcéill gur follus do na daoinibh E Féin do bheith ar n-a bheith ó Mhuire) — ‘Atá M'aithne (ar sé) agaibh, agus atá a fhios agaibh cia ó dtánag.’

Tuig, a léightheóir, nach féadann an sagart tré aon adhbhar de na chúig adhbharaibh reamhráidhte, an dara hAifrionn do rádh in aon ló, dá raibh tar éis an fhiona churthar 'san gcailís (andiaigh na Fola do chaitheamh) d'ól. Gidheadh, dá dteagmhadh a bheag nó a mhór de bhruar nó de mhinbhriseadh na habhluinne coisreagtha d'fhanmhuin 'san gcailís nó ar an bpaitena nó ar an gcorporas nó i n-ionad eile andiaigh ibhthe an fhíona, no an uisge re a nglantar an chailís, dlighidh sé a chaitheamh, do bhrigh gurab ar céadlongadh thionsgantar an Sacraimint do chaitheamh, agus nach bí oifig an Aifrinn críochnuighthe an tan sin.

Adeir S. Augustín, 'san Eipistil chum Ianarius, briathra fá nab iontuigthe go bhfuil sé ina ghnáthughadh 'san Eagluis ó aimsir na n-Abstal i leith, Corp Chríost do bheith d'á chaitheamh ar céadlongadh — ‘Fa thoil leis an Spiorad Naomh (ar sé) agus d'ordiugheadar na hApstail é, agus atá dá choimeád ar feadh an domhain, gan bhiadh do chaitheamh roimh Chorp Chríost.’

Is ina fhioghair so atá an fhógradh thug Dia d'Aaron agus d'á chloinn, amhail léightear 'san deichmheadh caibidil in Lebhiticus, mar do thoirmeasg Dia orra gan fíon ná nídh ar bith eile do chuirfeadh ar meisge iad d'ól re hucht dulta isteach 'san tSanctóir dóibh.

Acht, cheana, dá mbeith sagart nó tuata ag nighe nó ag glanadh a bheoil re hucht na Sacraiminte do chaitheamh dhó, agus go rachadh braon de'n uisge re n-a anáil dá aimhdheoin, ní bhriseann an céadlongadh agus ní lughaide dhligheas an tSacraimint do cháitheamh go somholta é; agus, fós dá mbeith duine anbhfann easlán re broinn bháis, ní lughaide dlighthear an tSacraimint do thabhairt dó re a chaitheamh go mbiadh air dul ó chéadlongadh.


p.121

Ní dlighthear, iomorro, Sacraimint Chuirp Chríost do thabhairt do leanbhaibh ag nach beith ciall, nó nach roichfeadh i n-aois deiscréideach, nó do lucht buile, nó baoithchéille, ná d'oinmhidibh, nó d'amadánaibh ar a mbiadh easbaidh céille folláine.

Ní dlighthear, fós, do shagart ná do thuata do chaithfeadh biadh ná deoch tar éis meadhoin oidhche, Comaoin do chaitheamh arna mhárach, dá mbeith go gcodladh iar gcaitheamh an bhídh nó na dighe dhó; gidheadh, dá mbeith gan biadh ná deoch do chaitheamh tar éis meadhoin oidhche, ní lúghaide fheudas Comaoin do chaitheamh, dá mbeith sé ina chodladh, ó do chaith sé biadh roimhe sin, má sagart nó tuata é.

Tuig, fós, dá dteagmhadh do dhuine roimh Chomaoin bruar nó iarmhar an bhidh do bheith ina fhiaclaibh do shlugadh go neamhthoil do féin, nach cuireann sin toirmeasg air gan an tSacraimint do chaitheamh go fiúntach.

Tuig, fós, nach dlighthear do thuata ar bith Comaoin do chaitheamh in aon ló acht aonuair amháin. Ní hionann agus an sagart, bhíos ina phearsain phuiblidhe, le a bhféadtar Aifrionn do rádh níosa mhionca ioná aon uair amháin, do réir an riachtanais, amhail adubhramar.

Dá bhfiafruigheadh duine ar bh'ionchaithmhe do'n Chríosdaighe Comaoin gach aon lá, mo fhreagradh air go bhfuil dá nídh 'san gCríosdaighe mar atá grádh agus eagla, agus dá raibh grádh an Chríosduighe ag méadughadh gach lá, feudaidh Comaoin do chaitheamh gach laoi; gidheadh, dá raibh eagla air chomh mór sin, ionnus nach measfadh é fein do bheith ionchuibhe do ghlachadh na Sacraiminte, feudaidh go somholta fanmhuin uaidh, agus is uime sin dobheir S. Augustín sompla uaidh ar Sacheus tug cuireadh do Chríost le rói-mhéid a ghrádha dhó, agus ar an Centurion do ghabh leithsgeul ris ar mhéid a eagla roimhe, mar a n-abair go rabhadar araon somholta leath ar leath trés na neithibh sin do dheunamh dhóibh.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab i dteampallaibh nó in ionadaibh beannuighthe amháin dlighthear an tAifrionn do radh, acht muna raibh cead speisialta ag an sagart chum a ráidhte in ionadaibh eile neamhchoisreachta.

Tuig, fós, nach dlighthear éisteacht re hAifrionn an t-sagairt ar a mbeith coinnealbháthadh, nó insce na hEagluise; agus ní dlighthear fós, i bpéin pheacaidh mharbhthaigh, Aifrionn do rádh gan altóir ná gan solus gcoinnleadh; gidheadh, do réir Toletus, ní héigeantach an choinneall do bheith de chéir, i bpéin pheacaidh mharbhthaigh. Feudaidh, fos, an sagart, tré chúis dlisdionach Aifrionn do rádh sul a déaradh a thrátha.


p.122

AG SO SIOS FUASGLADH

Ar na cásaibh teagmhaiseacha in a dteagmhann an sagart ria rádh an Aifrinn, agus creud is indeunta dhó re hucht gach cáis díobh.

An chéad chás, dá dteangmhadh anbhfainne nó bás do'n tsagart sul a dhéaradh na briathra coisreactha, ní rightear a leas an tAifrionn do chríochnughadh le sagart eile. Gidheadh, dá dteagmhadh ceachtar de na neithibh sin andiaigh na mbriathar coisreactha do rádh, feudaidh an sagart eile theagmhas do láthair, an tAifrionn do chríochnughadh. Gidheadh, ní abraim go bhfuil d'fhiachaibh ar an sagart beó, dá raibh gan a bheith ar chéadlongadh, an tAifrionn do chríochnughadh, agus, dá ndeárnadh é, atá sé somholta aige, acht muna raibh sagart eile ar chéadlongadh do láthair. Agus is uime sin adeirim gurab ceaduightheach do'n tsagart an tAifrionn do chríochnughadh dá mbeith gan a bheith ar chéadlongadh, do bhrigh go bhfuilid dá aithne 'san chás so nach féidir do chóimhlíonadh i n-aoinfheacht — mar atá aithne Dé fhógras an íodhbairt do bheith iomlán; agus aithne na h-Eaglaise, adeir bheith ar chéadlongadh ag deunamh na h-íodhbartha. Agus, 'san gcás so, is córa aithne Dé (adeir an íodhbairt d'iomlánughadh) do choiméad ioná aithne na hEagluise (adeir dul ar chéadlongadh). Gidheadh, dá teagmhaidh i gcás gan sagart eile do bheith do láthair, dlighthear Sacraimint an Chuirp agus na Fola do choiméad no go gcaithtear le sagart eile iad, nó dá mbeidis an fad sin i gcoiméad nó go ngabhadh an fíon truailleadh sul dothiocfadh sagart eile dá chaitheamh, dlighthear a dhortadh 'san choisreacán — eadhon, 'san ‘Sacraris.’

An dara cás, dá dteagmhadh do'n tsagart re linn Aifrinn do rádh go gcuimhneochadh ar pheacadh mharbhthach ar bith d'á ndeárna sé agus náchar chuir ina fhaoisdin, má's andiaigh na mbriathar coisreactha thiocfas sin chum a chuimhne, dlighidh dul ar a aghaidh go deireadh an Aifrinn, agus doilgheas do bheith air trés an bpeacadh sin, agus rún a fhaoisdine do bheith aige, agus dá ndeárnadh amhlaidh sin, ní dhéin peacadh nuadh, do bhrigh an Aifrinn do rádh; agus, fós, dá dteagmhadh an cás ceudna dhó sul adéaradh na briathra coisreactha, déanadh an nídh ceudna. Gidheadh, dá n-airigheadh an sagart é féin ar neimhchéadlongadh, nó bang, nó insce, nó coinnealbháthadh air roimh na mbriathar coisreactha do rádh, dlighidh an chuid eile do'n Aifrionn do leigeann de, acht muna raibh i nguais a chlú do chailleamhuin do thaoibh an neith sin.

An treas cás, an tan theagmhas nidh ar bith i bhfíon na cailíse do chuirfeadh toirmeasg fá n-a chaitheamh, ag so an nidh dlighthear do dheunamh; teagmhaidh so, iomorro, ar trí mhodhaibh. An chéad mhodh dhíobh, dá gcurthaoi


p.123

go neimhfheasach do'n tsagart nidh i bhFuil na Cailíse nach dlighfeadh do chaitheamh, agus go bhfaghadh sgeula sul do chaithfeadh an Fhuil, is é dleaghthear do dheunamh riú, a gcur 'san gcoisreacán — eadhon, an ‘Sacrario,’ nó go ngeabhadh aicíde an fhíona truailleadh chuca, agus go dteilgthear ina dhiaigh sin é 'san ghuitéar dárab ainm ‘piscina’; agus dá dtuiteadh ainmhidhe neamheamhuil 'san gcailís, deuntar an nidh ceudna ris. Dá dtuiteadh, fos, ainmhidhe nach biadh neimheamhuil, agus do bhiadh déisteanach 'san gcailís, buaintear as an gcailís é, agus nightear é, agus ibheadh an sagart an nidh le'r nigheadh é, agus loisgthear an beathadhach, agus cuirthear an luaith i gcumhdach in ionad choisreactha. Gidheadh, má's beathadhach neimhdhéisteanach é, mar atá cuil nó coirrmhíoltóg, sluigeadh an sagart é, maraon ris an bhFuil; agus má's roimh an bhfíon do choisreacadh theagmhas aon nidh dhíobh so i gcás, doirtear an fíon as an gcailís, agus cuirthear fíon eile ina áit.

An ceathramhadh cás, dá smuaineadh an sagart rés na briathraibh coisreactha do rádh, nachar chuir uisge i bhfíon na cailíse, cuireadh ann é rés an gcoisreagadh. Gidheadh, má's andiaigh na mbriathar gcoisreactha chuimhneóchas gan an uisge do chur ann, ná cuireadh ann é ar chor ar bith; do bhrigh nach de shubstaint na Sacraiminte an t-uisge. Gidheadh, dá dteagmhadh do'n t-sagart gan an fhíon do chur 'san gcailís go caitheamh na habhluinne dhó, dlighidh an fíon do chur 'san gcailís, agus na briathra coisreactha do rádh ós a chionn, agus a chaitheamh mar sin, ar an adhbhar gurab éigean an íodhbairt do bheith iomlán, agus nach féidir a bheith iomlán gan an Corp do chaitheamh fá ghnéithibh aráin agus fíona.

An cúigheadh cás, dá dteagmhadh go miorbhuileach de chomhachtaibh Dé an abhlann nó an fíon d'iompódh i gcruth Feóla nó Fola, is follus nach fuil d'fhiachaibh ar an sagart a gcaitheamh 'san chruth sin, acht a gcur i gcoiméad 'san gcoisreacán. Gidheadh, ní bhfuil d'fhiachaibh ar an sagart athchoisreacadh do dheunamh do bhrigh go saorann an miorbhuil ó'n gceangal sin é.

An seiseadh cás, dá dteagmhadh le seachmall nó de mhainneachtna an tsagairt braon de'n Fhuil do dhortadh ar chlár, feudaidh an clár do líghe agus a sgrios re sgin ina dhiaigh sin; agus dá dtuiteadh ar talmhain loisgthear an úir, agus cuirthear an luaith in ionad choisreactha agus deunadh an sagart aithrighe ar feadh dá fhithchid lá. Gidheadh, dá dtuiteadh ar an altóir, sughadh an sagart le n-a bheul é, agus deunadh aithrighe ar feadh trí lá; agus dá dtuitfeadh ar an mbrat uachtarach, agus go rachadh gus an dara brat sughadh as é, agus deunadh aithrighe cheithre lá, agus má théid gus an treas bhrat, deunadh an nídh céadna agus aithrighe naoi lá. Gidheadh, ní bhfuil an aithrighe so ar gnáthughadh anois, má tá go ndéin an sagart peacadh nuadh ró-throm ann; agus is é orduighthear anois, an chuid de'n líonbhrat le a mbeanann an Fhuil do losgadh, agus an luaith do


p.124

chur i gcoiméad. Dá teagmhadh urrshlugadh do dhruim chraois nó eugcumais do dhuine ar bith andiaigh na Sacraiminte do chaitheamh dhó, má do bhí i nguais urlaighthe do theagmháil dó rés an tSacraimint do chaitheamh, nó gur bh'eagal leis a theagmháil dó ina dhiaigh, doghnídh peacadh ró-throm ann, agus is é dlighthear do dheunamh ris an urrshlagadh, a chur i gcoimeád 'san gcoisreacán.

An seachtmhadh cás, dá dtuiteadh an tSacraimint 'san gcailís sul bristear í, ionnus nach bheith aon chuid dí gan bheith fliuch, dlighidh an sagart dul ar a aghaidh 'san Aifrionn, gan aithfhriotal aon nidh dhá ndubhairt roimhe, do bhrigh nach de shubstaint na híodhbartha an briseadh. Gidheadh dá n-anadh aon chuid de'n abhlainn gan fliuchadh dlighidh an roinn ghnáthach de dheunamh uirthe.

An t-ochtmhadh cás, dá dteagmhadh do'n tsagart aonfhocal do thabhairt i ndearmad ionnus nachar dheaghchuimhin leis go ndubhairt é, ní righthear a leas aithfhriotal do dheunamh air, acht dul ar a aghaidh, acht munab focal de na briathraibh coisreactha é. Gidheadh dá raibh i gcontabhart aon fhocail díobh sin, dlighidh a aithfhriotal, ar coinghioll muna ndubhairt roimhe sin iad.

An naomhadh cás, dá dteagmhadh do'n tsagart go mbeith an teach ag tuitim ar ria rádh an Aifrinn dó, nó go mbeith a namhaid ar tí thoigheacht d'á mharbhadh, agus gur roimh na briathraibh coisreactha do theagmhadh sin dó, feudaidh dul ar teitheamh, agus an chuid eile do'n Aifrionn do leigeann de; nó má's andiaigh na mbriathar coisreactha theagmhas aon ghábhadh díobh sin dó, feudaidh an tSacraimint do chaitheamh do láthair, nó a bhreith leis mar aon ris an gcorporás. Gidheadh, dá mbeith aon duine ar tí a mharbhtha, mar tháir nó mar tharchuisne ar an gCreideamh, acht muna leigeadh dhó an t-Aifrionn do chriochnughadh, dlighidh sé bás d'fhulaing níos taosga ioná do leigfeadh dhé an t-Aifrionn do chríochnughadh, dá mbeith gur roimh na briathraibh coisreactha theagmhadh an ghuais sin dó, agus is é Toletus chuireas na cáis so síos go soiche so.

Ag so Cáis Eile Theagmhas do'n tSagart.

Bíodh a fhios agat, a léightheóir, gurab de phlúr cruithneachta agus d'uisge nádúrtha dlighthear an abhlann do dheunamh d'á ndeuntar Corp Chríost; agus gurab d'fhíon dogheibhthear i bhfíneamhuin dlighthear Fuil Chríost do dheunamh, agus go ndlighthear uisge nádúrtha do chur 'san bhfíon, re linn bheith 'san gcailís dó, roimh na briathraibh coisreactha do radh, agus a chur ann i gcaindigheacht is ró lugha ioná an fíon, dlighidh na neithe so bheith gan truailleadh. Is éigean fós a bheith d'aigneadh ag an sagart


p.125

a mbeannughadh go speisialta, agus is uime sin, dá mbeith busga na habhluinneadha nó cuirbhéad an fhíona ar an altóir, nach ghabhaid na habhlanna ná an fion bhíos ionnta coisreacadh chuca, do bhrigh nach bí d'aigneadh ná d'inntinn ag an sagart a choisreacadh do'n chor sin.

Dá dteagmhadh i gcás go bhfuadóchadh an ghaoth an abhlann choisreactha ó'n tsagart, má dogheibh airís í, cuireadh ar an altóir í, agus caitheadh í amhail mar is gnáth; nó, dá dteagmhadh nachar bhféidir a fághail, gabhadh abhlann eile chuige agus tionnsgnadh na briathra coisreactha do rádh, agus abradh roimhe an tAifrionn do réir ghnáthuighthe na h-Eaglaise.

Dá dteagmhadh uisge 'san gcailís i riocht an fhíona, agus gan an sagart dá mhothughadh nó go n-íbheadh é, dlighidh fíon arís do chur innte, agus na briathra coisreactha do rádh ó's a chionn, agus a chaitheamh mar sin, tar cheann go mbriseann an ceudlongadh, do réir an reasúin tugamar thuas 'san gcéad chás.

Dá dteagmhadh do'n tsagart iomad abhlann do chur ar an gcorporás le haghaidh an phobail do riar, agus gurab é fa rún dó a gcoisreacadh uile maraon ris an abhlainn is mian leis féin do chaitheamh, bíd arna gcoisreacadh maraon ris an abhlainn gceudna, tar cheann nach cuimhneóchadh an sagart orra re linn na mbriathair coisreactha do rádh dhó.

Is follus nách féidir do'n tsagart Aifrionn do rádh ina aonar, acht munab angcaire nó dithreabhach é, agus ní ceadaightheach do mhnaoi ar bith Aifrionn do fhriothólamh. Dá ndeachaidh an cléireach re gnóithibh nó re toisg éigeantaigh i n-am an Aifrinn do rádh, dlighidh an sagart an chuid eile de'n Aifrionn do fhriothólamh dhó féin, dá raibh an cléireach gan filleadh chuige i dtráth chóir.

Dlighidh an iomaltóir bheith do chloch, agus a bheith d'fhaid agus de leithead inte go dtuillfeadh bonn na cailíse agus an abhlann uirre.

Dá mbeith an sagart gan amharc, ionnus nach feudfadh nídh do léigheadh, nó comh balbh sin, i gcruth nach feudfadh na briathra do chantainn; nó dá mbeith i n-easbuidh na méar le a dtadhallann an tSacraimint; nó comh bacach, agus sin i gcruth nach feudfadh seasamh ná sleachtan do dheunamh gan maide do bheith ina láimh; nó dá mbeith ar buile, nó i ngalar na sligheadh, i gcruth go gcuirfeadh cubhar tar a bheul, nó iachtach shiabhartha as, re linn bheith 'san teidhm sin dó, ní dlighthear dó Aifrionn do rádh.

Is leór a ndubhrmar ar na cásaibh teagmhaiseacha in a mbí conntabhart ag na sagartaibh re linn an Aifrinn do rádh; agus gach cás eile bheanas ris an nídh ceudna feudtar a léigheadh ag Nauar, nó ag na hughdaraibh eile thráchtas ar na cásaibh coguais.