Adeirid na heiricighe nach bhfuil Purgadóir ann, agus dobheirid Sgrioptúir (dar leó féin) dá áitiughadh sin as an gcéad caibidil deug in Ecclesiastes, mar a n-abair Solamh Dá dtuiteadh an crann chum na háirde budh dheas nó chum na h-áirde budh thuaidh, gibé ionad in a dtuitfeadh is ann bhias. Is ionann sin re a rádh agus dá ndeachadh an t-anam go Flaitheas Dé, chum na háirde budh dheas, nó go h-ifrionn, chum ná hairde budh thuaidh, gibé dhíobh gus a rachaidh is ann bhias. Ar an adhbharsoin (ar an t-éiriceach) ní bhfuil ann acht an dá ionad sin amháin do réir na Sgrioptúra, agus dá réir sin ní bhfuil an treas ionad ann eadhon, Purgadóir.
Mo fhreagradh ar an eiriceach gurab é tuigeas Solamh 'san ionad reamhráidhte úd nach bhfuil acht dá ionad ann chum áitighthe go síorruidhe ionnta, mar atá Flaitheas Dé agus ifrionn, agus nach ionad áitighthe go síorruidhe Purgadóir, agus dá bhrigh sin nach ráinig a leas labhairt ar Purgadóir 'san áit úd; agus is córaide dhúinn a thuigsin mar so go bhfuilid áite 'san Sgrioptúir in a labharthar go heidirdhealbhtha ar ifrionn íochtarach agus ar Phurgadóir.
Ag so, iomorro, mar adeir Iób, 'san seachtmhadh caibidil, ag labhairt ar Ifrionn íochtarach An tí théid síos (ar sé) ní rachaidh suas, agus ní fhillfidh d'á thigh féin - eadhon, go Flaitheas Dé.
Adeir fós an Sgrioptúir in ionad eile nach bhfuil fuasgladh ar bith ar an tí bhíos in ifrionn, gidheadh adeir Isaias, ag labhairt ar Phurgadóir go fáthrúnda 'san gceathramhadh caibidil fichead Iadhfuighthear iad (ar sé) 'san phriosún, agus tar éis iomad laethe fiosróchar iad, dá chur i gcéill an mhuinntear bhíos i bpriosún purgadóra go mbíonn dáil cabhra
Agus is córaide so do thuigsin mar so an nidh léightear ag Pól, 'san treas caibidil de'n chéad eipistil do sgríobh chum na gCoirinnteach Gibé aiteóchas (ar sé) ar fhundaimint an chreidimh foirmeamhuil, ór nó airgead, nó clocha buadha, nó crannghal, nó feur tirm, no barrach lín, dá ngabhaid losga chuca biaid slán. Ionann (do réir Lisa) na trí neithe úd eadhon, crann, feur tirim, agus barrach lín, agus na peacaidhe thug duine i ndearmad ina fhaoisidin, nó na peacaidhe do chuir duine ina fhaoisidin, agus gach nach ráinig leis leoirghníomh do dheunamh, nó na peacaidhe sologhtha, dá chur i gcéil gibé rachas le ceachtar de na trí gnéithibh úd go purgadóir go nglantar a anam uatha le teine purgadóra.
Is maith fós an suigheamh ar purgadóir an nidh léightear 'san dara caibidil deug de'n dara leabhar de Leabhraibh na Machaibei, mar a n-innistear gur chuir Iúdas Macabeus suim mhór airgid go Cathraigh Ierusalem, d'á ofrálughadh mar íodhbairt ar son peacaidh na marbh; agus fós adeir i ndeireadh an chaibidil ceudna gur naomhtha agus gur socharach an smuaineadh guidhe do dheunamh ar na marbhaibh d'á sgaoileadh ó n-a bpeacadhaibh.
Is follus as an áit so go bhfuil Purgadóir ann; óir do budh diomhaoin guidhe do dheunamh ar son na marbh atá in Ifrionn íochtarach, do bhrigh nach bhfuil dáil chabhra 'san mbith i ndán dóibh, agus nach fóghnann guidhe ná maith ar bith d'á ndeintear ar a son dóibh, do réir na Sgrioptúra. Mar an gceudna, ní dlighthear guidhe do dheunamh ar na marbhaibh atá i bFlaitheas De, do bhrigh go bhfuil an uile shásughadh dlighthear do bheith aca ina seilbh, do réir Dáibhidh 'san 18 Sailm, mar a n-abair, i bpearsain an anma, ag labhairt go fíoraonda Sáiseóchar mé (ar sé) an tan bhus leór dam dod' ghlóire-se. Do bhrigh nach féidir fortacht do thabhairt do na marbhaibh bhíos i n-Ifrionn, agus nach bhfuil riachtanas ar na naomhaibh atá i bhFlaitheas Dé, ní fuláir an treas áit do bheith ann d'á rachadh déirc, guidhe, agus deaghoibreacha na droinge bhíos ar an saoghal so i sochar, agus fós bhíos i ngeall na nguidhe agus na ndeaghoibreacha ceudna; agus ó nach é Ifrionn ná Flaitheas Dé a ionamhiul so de ionad, ní fuláir an treas ionad d'fhághail, agus ní bhfuil an treas ionad ann acht purgadóir, nó má tá, inniseadh an t-éiriceach é. Ar an adhbharsoin atá purgadóir ann.
Agus is córaide a mheas go bhfuil purgadóir ann an nidh léightear ag Matha 'san dara caibidil deug Gibé dodheunadh peacadh (ar sé)
Léightear 'san gceathramhadh caibidil ag Thobias briathra as a dtuigthear purgadóir do bheith ann, mar a labhrann leis an ndéirceach Cuir (ar sé) d'arán agus d'fhíon féin ar uaigh an fhíréin, ionnus na boicht sáiseóchar leó sin go nguidheadaois ar son anmann na marbh. Adeir, fós, Solamh, 'san seachtmhadh caibidil in Ecclesiastes, nídh thig leis an áit ceudna Sín do lámh (ar sé) chum na mbocht, ionnus go rachadh do thrócaire agus do bheannacht i soileas dóibh; agus ná cuir toirmeasg ar ghrásaibh d'fhagháil do'n mharbh. As na hionadaibh so, agus as mórán d'áitibh eile 'san Sgrioptúir, is iontuigthe go dtéid guidhe na mbocht agus na bhfíreun agus an deaghmodhmhartha i sochar do na marbhaibh bhíos i purgadóir. Agus is iontugtha dúinn d'ár n-aire gurab iad an drong bhíos beó ar an saoghal so fhóireas an drong úd bhíos i mbruid i bpurgadóir, agus nach iad féin fhóireas a chéile an feadh bhíd i bpurgadóir, agus is ina fhíoghair so atá an nidh léightear 'san treas caibidil in Ecsodus mar a n-abair nach daoirseach ar bith dá raibh 'san Eigipt féin do chuir Dia d'fhóirighthin Chloinne Israel as an mbruid agus as an moghsainne in a rabhadar ag Pharaoh, acht Maoise ó thalamh Midian, do bhí ina dhuine shaor. Mar an gceudna, amhail adubhramar, ní haon anam dá mbí i ndaoirse i bpurgadóir fhóireas na hanmanna eile bhíos i bpurgadóir an gcéin bhíos féin eatorra, acht saoirsigh beathadh an tsaoghail so. Agus dá mbeith ina iongnadh ar neach creud as nach go Flaitheas Dé théid anam an fhíréin gan cháirde andiaigh an bháis, biodh a fhios aige gurab é snas nó sal an pheacaidh, mar atá salachar na coire agus salachar na péine aimseardha, agus má tá de dhruim na haithrighe agus na habsolóide go nglantar an t-anam ó salchar na coire, bídh cáidheach ó shalachar na péine, muna ndeárnadh leóirghníomh 'san tsaoghal so re linn a bheathadh, agus is sé sin chongbhas ó dhul ar neamh é, do bhrigh go n-abair Eóin 'san dara caibidil deug de Leabhar na dTaisbeántadh nach téid nidh ar bith cáidheach nó neamhghlan isteach 'san bhFlaitheas Neamhdha.
Ag so sompla ar an nidh ceudna. Dá mbeith sladaighe i bpriosún tré chionn bó do ghoid ó ná chómharsain, féadaigh an rígh an choir do mhaitheamh dhó, agus gan a chur chum báis, gidheadh, is éigean dó fanamhuin 'san
Adeir Pól 'san dara caibidil chum na bhPhilipenseach briathra as a dtuigfeam go bhfuil purgadóir ann In Ainm Iosa (ar sé) feacfuighear an uile ghlún ar neamh, ar talmhain, agus in Ifrionn. Agus adeir Eóin, 'san gcúigeadh caibidil de Leabhar na dTaisbeántadh, go dtabhair an uile chreatúr ar neamh, agus ar talmhain, agus fá thalmhain, cádhus, glóire, agus onóir do Dhia tré shaoghal na saoghal.
Tuig, a léighthóir, go bhfuilid dream fá thalmhain do réir an dá ionad so, doghnídh feacadh ghlún in Ainm Iosa, agus dobheir onóir agus glóir do Dhia, ghidheadh adeir Dáibhidh, 'san 118 Sailm, nach molaid na mairbh théid go h-ifrionn íochtarach an Tighearna. Ar an adhbhar sin atá ionad eile fá thalmhain in a moltar Dia, agus is í sin purgadóir, nó munab í, abradh an t-éiriceach an t-ionad eile.
Tig Chrisostomus leis an nidh so, 'san 21 Homilia ar Ghníomharthaibh na nAbstal Ní diomhaoin (ar sé) doghnídhthear íodhbairt ar na marbhaibh, ná úrnaighthe, ná deirc. Adeir S. Augustín, 'san 22 Seanmór ar Bhriathraibh na nApstal, nidh thig leis an bhfírinne so Ní hionchur (ar sé) i gconntabhairt, urnaighthe agus déirc agus íodhbairt na hEagluise, go dtabhair furtacht ar na marbhaibh.
Léightear 'san 31 caibidil de'n chéad leabhar de Leabhraibh na Ríogh go ndeárnadh fir na Galaad trosgadh seacht lá andiaigh adhlaicthe Shauil agus Ionathan. Léightear 'san chéad chaibidil de'n dara leabhar de Leabhraibh na Ríogh, an tan dochualaidh Dáibhídh bás na droinge ceudna gur chaoidh sé féin agus an drong do bhí ina fhochair, agus go ndeárnadh siad trosgadh go heaspartain.
Léightear fós 'san dara caibidil deug de'n seiseadh leabhar do sgríobh S. Augustín in a Fhaoisidin, go n-abradh an t-Aifrionn go minic ar anam a mháthar, d'ár bh'ainm Monica. Adeir Dáibhidh, 'san 85 Sailm, nidh as a dtuigthear purgadóir do bheith ann Is mór, a Thighearna (ar sé), Do thrócaire orm, do bhrigh gur shaorais m'anam ó ifrionn íochtarach. Creud is ionntuigthe as so acht go n-admhann Dáibhídh go bhfuil ifrionn íochtarach ann, mar atá purgadóir.
Is follus, do réir a ndubhramar, gibé thuigfeas go glinn na háite do haithleigheadh linn go bhfuil purgadóir ann, in a mbíd anamna na bhfíreun ar a mbí sal na péine aimseardha; agus, fós, go ndlighthear guidhe do dheunamh orra, agus go bhféadthar a saoradh agus a nglanadh ó'n tsalachar le déirc agus le deaghoibreachaibh na droinge bhíos beó ar an saoghal so.
Adeir S. Augustín 'san naomhadh caibidil de'n leabhar dárab ainm Enchiridion briathra as a dtuigthear go dtéid an t-Aifrionn i bhfoghnamh do na marbhaibh Ní bithte bheith ag á sheunadh (ar sé) go dtugthar saordháil d'anmaibh na marbh an tan ofráltar íodhbairt an tSlánuightheóra ar a son.
Léightear ag Greagóir Naomhtha, 'san 55 caibidil de'n cheathramhadh leabhar de Leabhraibh na hAgallmha go raibh sagart d'áirighthe in Eaglais Eóin 'san mbaile dárab ainm Taurena, agus go gcleachtadh dul d'á fothragadh i dtobar do bhí 'san mbaile ceudna as a mbuinnigheadh uisge teith do ghnáth. Agus lá n-aon dá ndeachaidh an sagart reamhráidhte dá fhothragadh féin 'san áit sin, agus iar ndul isteach do'n árus do bhí ós cionn an tobair, fuair óglaoch anaithnidh ar a chionn istigh, agus dorinne an t-óglaoch timpireacht go h-umhal, agus do bhain a eudach de'n tsagart, agus doghníodh an nidh ceudna dá mhionca thigeadh an sagart ann. Dála an tsagairt, uair éigin dá dtáinig chum an tobair, tug leis dá bháirghín aráin chum a dtabhairt do'n fhear reamhráidhte. Agus an tan do bhí ag á dtairsgin do'n óglaoch, do labhair-sion go truaighmhéileach, tuirseach, agus adubhairt nachar dhuine beó é féin, acht gurab é spiorad an tighearna dobhi ar an bhfearann sin é uair éigin. Gidheadh (ar sé), déin-se an t-arán so d'ofrálughadh do Dhia Uile-Chumhachtach ar son mo pheacaidh, agus is amhlaidh bhias a fhios agat an éistfighear led' ghuidhe, muna bhfaghair mise annso ar do chionn. Leis na briathraibh sin d'imthigh sé as amharc an tsagairt, ionnus gur bhfollus do'n tsagart gur spiorad do bhí ann. Dála an tsagairt, do bhí ar feadh seachtmhuine ag rádh Aifrinn gach aon lá, agus i gcionn na haimsire sin, táinig d'ionnsuigh an tobair, agus ní bhfuair an fear reamhráidhte ann, agus do thuig gur fóireadh ó phurgadóir é.
Léightear ag an úghdar ceudna, 'san áit ceudna, go raibh in aon mhainistir ris manach d'ár bh'ainm Iustus, ag á raibh trí coróinnidhe d'ór i bhfolach, fuair sé de shochar leighis do dheunamh, agus an tan do ghabh galar euga é, frith na trí coróinnidhe sin i bhfolach aige. Do gabh fearg Greagóir uime sin, agus tug imdheargadh mór do'n mhanach, agus tug fá deara (ar bhfághail bháis do'n mhanach go haithrigheach) a chorp d'adhlacadh 'san gcarn aoiligh, agus na trí coróinnidhe mar aon ris; agus níor fhulaing ghuidhe do dheunamh air go ceann triochad lá; agus i gcionn na rae agus na h-aimsire
Léightear i Sgáthán na Sompladh gur chuir easbog naomhtha, d'ár bh'ainm Tiobóid, drong d'iarraidh éisg in aimsir an fhóghmhair, agus gur gabhadh leó blodh mór de leic-oighreadh ina líon, agus fa luathgháireach leó sin d'fhagháil do bhrigh go raibh tinneas cos ar an easbog. Tugsad leó an t-oidhreadh, agus do chuireadar re bonnaibh an easbuig, ag tabhairt ionnfhuaradh dó. Feacht n-aon, ar mbeith do'n leic-oidhreadh re bonnaibh an easbuig, dochualaidh an t-easbog guth duine 'san oidhreadh, ag labhairt go truaighmhéileach. Iar gclos an ghotha sin do'n easbog, do chuir fá gheasaibh (as hucht Dé) ar an spiorad do bhí ann, sgeula d'innsin dó cia hé féin, nó creud a thoisg. Freagras an guth, agus adubhairt Anam mé (ar sé) atá ag á phianadh 'san oidhreadh so trém' pheacadhaibh, agus do fuaisgeóltaoi mé dá n-abarthaoi tríochad Aifrionn tríochad lá, diaigh in dhiaigh, ar mo shon, gan aon lá eatorra. Dála an easbuig, do thionnsgann na hAifrinn do rádh, agus an seiseadh lá deug, ria ndul dó chum an Aifrinn do rádh, do shéid an diabhal cogadh agus coinbhliocht idir cathruigheoiribh nó lucht áitighthe na cathrach; agus leis sin do cuireadh teachta d'ionnsuidhe an easbuig, d'á iarraidh air teacht do cheannsughadh an chatha sin. Cuireas an t-easbog leis sin an chulaidh Aifrinn de, agus téid d'á n-ionnsuighe ionnus go ndeachaidh ó Aifrionn an lae sin, agus i gcionn aimsire ina dhiaigh sin, iar gcríochnughadh dá dtrian na n-Aifrionn do'n easbog, do foillsigheadh dó sluagh líonmhar do bheith re hucht na cathrach ar tí mórmhadhmaighthe uirthe, ionnus gur bh'éigean do'n easbog Aifrionn an lae sin do leigean de. Agus iar tionnsgnadh an Aifrinn deighionach dhó, dar leis féin, dochonnairc an baile go léir agus a theaghlach féin tré theine, agus adubharadar cuid d'á mhuinntir féin ris an t-Aifrionn do leigean de, agus dul d'fhóirighthin a thighe. Agus adubhairt-sean dá loisgthí an baile go léir tríd nach leigfeadh an t-Aifrionn de. Agus, iar gcríochnughadh an Aifrinn dó, do ghabh an leac-oidhreadh in a raibh an t-anam leaghadh chuice, agus an teine fanntaiseach dochonnarcadar cách
Is iontuigthe as an sgeul so go bhfóirighthear leis an Aifrionn ar na hanmannaibh bhíos i bpurgadóir.
Léightear 'san leabhar ceudna go raibh i mBreatannaibh bráthair d'ár bh'ainm Iuo, agus fa prior 'san Talamh Naomhtha seal d'á aimsir an fear so, agus fa dhuine umhal, caondúthrachtach, grásamhail é. Acht, cheana, ar mbeith dhó 'san oidhche ag rádh a thráthadh 'san eagluis, dochonnairc sé samhuilt bráthar eile ina sheasamh láimh ris an lochrann do bhí 'san gcorr, agus aibíd shalach, riabhach, athchaithte uime. Cia thú? ar Iuo. Mise (ar sé) an bráthair so d'áirighthe fa hionmhuin leatsa lá éigin, fuair bás beagán de laethibh ó shoin, agus atá d'fhiachaibh orm bheith i bpurgadóir cúig bliadhna deug, muna bhfaghad furtacht, agus táinig dá iarraidh ortsa guidhe ar mo shon chum Dé. Dála Iuo, iar dteacht na maidne, adubhairt Aifrionn ar anam an bhráthar sin, agus silleadh dá dtug seacha, iar rádh an Aifrinn, dochonnairc an bráthair reamhráidhte ina sheasamh láimh ris an lochrann, agus earraidhe áluinn ionaonaigh uime. Cia thú? ar Iuo. Mise an bráthair (ar sé), agus, go raibh maith agatsa, fuarais ó Dhia, maille red' ghuidhe, mo shaoradh óm' phianaibh, agus atáim anois ag dul i gcaidreamh na spiorad mbeannuighthe. Agus leis sin dochuaidh ar neimhnídh uaidh.
Is iontuigthe as an sgeul so go dtabhair íodhbairt agus guidhe an Aifrinn furtacht do na hanamnaibh bhíos i bpurgadóir.
Léightear 'san treas leabhar do sgríobh Béda ar Ghníomharthaibh na Sagsan go raibh dhá rígh ar Shagsaibh do bhí ag cogadh anaghaidh chéile, agus tugsad cath dá chéile, agus do fágbhadh i gcruth mharbh duine-uasal óg de mhuinntir an righ ar a dtugadh an maidhm, agus rug an righ le a rugadh buaidh leis é d'á thigh féin, agus do chuir leigheas air; gidheadh, do chuir geibheanna faoi, agus do sgaoileadh gach geibheann d'á mbiodh air uatha féin ar an naomhadh buille de'n chlog gach lá, agus do bhí amhlaidh sin go bheith slán dó. An tan dochonnairc an rígh go sgaoiltí na glais do ghnáth go míorbhuileach gach aon lá uatha féin, do budh hiongnadh leis é, agus tug uaidh an bráighe d'iarla onórach d'á mhuinntir i ngeall re fuasgladh, agus do sgaoilidís na glais de ag an bhfear sin amhail doghnídhdís roimhe. Do fhiafruigh an t-iarla lá éigin de an raibh a fhios aige creud an t-adhbhar fá sgaoilidís na glais. Adubhairt-sean náchar bhfeas do féin sin, acht amháin go raibh abb do dhearbhráthair aige do chleachtadh Aifrionn do rádh timcheall na huaire sin de'n ló, agus is dóigh (ar sé) gur mheas an t-abb gurab bás fuaras-sa, agus dá bhrigh sin go n-abradh sé Aifrionn gach lá ar mo anam, agus go mbudh de sin dothiocfadh na glais do sgaoileadh. An tan dochualaidh an t-iarla na briathra sin dorighne grása ar an duine uasal, agus tug
Is iontuigthe as an sgeul so go saorann an t-Aifrionn as bruid na daoine bhíos beó 'san bheatha so.
Léightear, fós, go raibh duine uasal d'áirighthe ag fághail bháis, agus go dtug de theagasg d'á mhac trí neithe do choiméad. An céad nidh dhíobh, gan bheith i gcaidreamh ná i gcómhluadar droch-chuideachtan. An dara nidh, Aifrionn d'éisdeacht gach laoi. An treas nidh, é féin do chur in oireamhuin do na deaghdhaoinibh. Agus ina dhiaigh sin do fhágaibh sé cúram an mhic ar rígh na críche in a raibh. Do ghlac an rígh an macaomh go honórach, agus do bhí fá cion aige. Dobhí, iomorro, feadhmannach formadach ag an rígh, agus de líon sé de thnúth ris an macaomh ar mhéid an cheana dochonnairc air, ionnus go ndeárnadh tuaithleas agus tromuidheacht air ris an rígh, annsacht antoile do bheith aige do'n bhainríoghan, agus d'á dhearbhughadh gur bhfíor an sgeul sin, an tan dobhiadh brón nó dólás ar an mbainríoghan go mbiadh-san lán de dholás léi ar mhéid a ghrádha dhi. Dála an rígh, go grod ina dhiaigh sin, ar mbeith dhó ag comhrádh ris an mbainríoghain, do bhuail sé bas cruaidh ar a leacain uirre, ionnus gur ghuil sí. Ar n-a fhaicsin sin do'n mhacaomh, do ghuil sé go hobann ar a cómhair tré rói-mhéid a ghrádha dhi. Gidheadh, ní grádh mailíseach do bhí aige dhí, amhuil adubhairt an feadhmannach. An tan dochonnairc an rígh sin, do thuig gur bhfíor gach nidh d'á ndubhairt an feadhmannach, agus do fhiafraigh de cionnus do chuirfeadh chum báis an macaomh go foluightheach. Adubhairt an t-aimhleasach gur mhaith an gliocas do'n righ fios do chur ar lucht aoil do losgadh do bhí aige i gcoill dhiamhair láimh ris an mbaile, agus a fhógradh dhóibh an chéad duine dothiocfadh in ainm an rígh d'á n-ionnsaidhe, do theilgeann d'á losgadh 'san tsoirnéis teinntigh imeasg an aoil, agus rún do dheunamh ar an ngníomhsan. Dála an righ, do chuir sé an macaomh go moch arna mhárach le gnóthaibh go lucht an aoil do losgadh; agus, ar mbeith dhó ag triall trés an gcoill dobhi roimhe, dochualaidh sé clog an Aifrinn ag á bualadh i séipéal beag do bhí láimh ris an slighe, agus, arna chlos dó, dochuaidh d'á fhios, agus do fhan ag éisteacht an Aifrinn no gur chríochnuigheadh é. Iomthusa an fheadhmannaigh, do lean sé go moch an macaomh 'san gconair cheudna d'eagla nach diongantaoi cómhairle an rígh ris, agus do budh luaithe é go lucht an aoil do dheunamh ioná an macaomh, agus do fhiafraigh díobh a ndeárnadar an nídh adubhairt an rígh riú do dheunamh. Adubhradar-san nach dearnadar fós, acht go ndiongnadaois gan mhoill é. Leis sin, do ghlacadar an feadhmannach go hobann, agus do theilgeadar 'san tsoirnéis
Léightear i Sgathán na Sompladh go rabhadar drong de lucht oibre ag saothrughadh mianaigh airgid in ionad d'áirighthe, agus ar ndul dóibh i bhfad i dtalmhain, do thuit blodh mór de'n talmhain orra, ionnus gur mharbh iad uile acht aon duine amháin, a tárla i gcuas de leathtaoibh na huaimhe. Agus an tan dochualaidh bean an fhir sin a thásg, rug sí báirghean aráin, agus buidéal fíona, agus coinneall, d'fhios an tsagairt, d'á iarraidh air Aifrionn do rádh ar anmuin a fir, agus doghníodh sí an nidh ceudna gach lá ar feadh bliadhna, acht trí lá amháin do thoirmisg an t-aidhbheirseór í, ar mbeith i gcruth dhaonda, dá chur i gcéill dhi go raibh an t-Aifrionn ráidhte gach lá dhíobh sin róimpe. Acht, cheana, i gcionn bliadhna iar marbhadh na droinge adubhramar, tangadar drong eile do thochailt na háite ceudna d'iarraidh mianuigh ann, agus fuaradar an fear reamhráidhte beó ar a gcionn, agus an tan do fhiafruigheadar de cionnus do saoradh ó bhás é agus creud do chothuigh beó é ar feadh na haimsire sin, do innis do chách go mbíodh báirghean aráin, agus buidéal fíona, agus coinneall aige gach lá go n-oidhche, acht trí lá amháin; agus dofrith gur bh'iad sin na trí lá do chuir an t-aidhbhirseóir toirmeasg ar an mhnaoi gan an Aifrionn do chur d'á rádh, amhuil budh follus do lucht mheasda na haimsire é. Is iontuigthe as an sgeul so, go bhfóireann an t-Aifrionn duine ó bhás chorpordha.
Léightear go raibh duine saidhbhir in ionad d'áirighthe do ghnáthuigheadh dul ar marcuigheachd d'fheuchain a fhuinn agus a fhearainn an tan dochluineadh sé clog an Aifrinn ag á bualadh. Lá n-aon, dá ndeachaidh amach mar sin in aimsir an Aifrinn, thárla an diabhal air, agus adubhairt ris tuirling d'á each, agus a aifrionn féin d'éisteacht ó nach éisteadh Aifrionn cháich. Agus leis sin do tharraing anuas go heasaontach é, agus rug leis ós cionn deirce doimhne é, agus do theilg i bhfodhomhain agus i bhfíríochtar ifrinn idir chorp agus anam é.
Is ionntuigthe as an sgeul so go ndéin Dia díoghaltas ar an droing dobheir tarcuisne ar an Aifrionn.
TUILLE EILE SUIGHTE AR PHURGADOIR.
Léightear 'san gcúigeadh caibidil deug de'n seiseadh siosmadh de Chomhairle Thriont go mbíd peacaidhe sologhtha ar na fíreunchaibh. Tig Solamh leis so 'san 24 caibidil de Leabhar na Seanfhocal Tuitidh (ar sé) an fireun seacht n-uaire 'san ló, agus aithéirghidh cheana; tuitidh an míothrócaireach 'san olc.
Is iontuigthe as na briathraibh so nach tréigeann duine neamhurchóideach bheith ina fhíreun tré thuitim i min-cheanaibh, agus nach tuilleann eascairdeas Dé ná bás síorraidhe ifrinn, agus de na min-cheanaibh goirthear peacaidhe sologhtha.
Adeir Eoin mar an gceudna 'san gcéad caibidil de'n chéad Eipistil Chanónta nidh as a dtuigthear peacadh sologhtha do bheith ann Dá n-abrainn (ar sé) nach bhfuil peacadh againn, atámaoid d'ár mealladh féin. Agus adeir S. Séamus 'san treas chaibidil Is ciontach sinn go léir (ar sé) i mórán de neithibh.
Is follus as an dá áit sin go mbíd peacadh sologhtha ann, mar go n-admhuighid an dá Abstal so go raibh peacadh aca féin agus gurab ciontach iad i mórán de neithibh, gidheadh ní dheárnadar peacaidhe marbhthacha ó ghlacsad an Spiorad Naomh i Ló Cingcíse, do bhrigh go rabhadar an tan sin arna ndaingniughadh i ngrásaibh Dé nach féidir do bheith maraon ris an bpeacadh marbhthach 'san anam.
Is inmheasda fós (do réir reasúin) go mbíd peacaidhe sologhtha ann do bhrigh nach inchreidte go mbiadh Dia chomh díothchúiseach sin, go n-aigeoradh ina choir bháis ar dhuine briathar dhiomhaoin do rádh, nó gáire neamh-mhailíseach do dheunamh, nó a ionsamhail eile sin.
Is follus do réir a ndubhramar go mbí peacadh sologhtha ann, fhéadas bheith ar anam an fhíréin (ria fagháil bháis dó) tré na mbí pian aimseardha ar an anam; agus, ó nach bí pian aimseardha in ifrionn íochtarach, acht pian síorraidhe, agus nach ionad péine d'fhághail Flaitheas Dé, ní fuláir an treas ionad de bheith ann, in a mbí pian aimseardha, agus in a bhféadtar a fhulaing, agus ní fhuil an treas ionad sin ann, acht purgadóir.
Tuigthear a mbriathraibh S. Augustín 'san 41 Seanmóir ro sgríobh ar na Naomhaibh go bhfuilid peacaidhe sologhtha agus purgadóir ann Na min-pheacaidh (ar sé) nach marbhann an t-anam, acht gidheadh cuirid in eugcruth
Adeir Ieronimus Naomhtha, ag cur gluaise ar an chúigeadh caibidil ag Matha, briathra as a dtuigthear peacadh sologhtha agus purgadóir do bheith ann Ní rachaidh (ar sé) an fíreun as an gcarcair nó go dtugaidh díoluigheacht anns na min-pheacadhaibh is ró-lugha dorighne.
Adeir Pól, 'san gcúigeadh caibidil de'n Dara h-Eipistil chum na gCoirinnteach go gcaithfidh gach aon teacht do láthair chathaoireach breitheamhnuis Chríost, agus go roinnfighear leis gach aon duine do réir a uilc agus a mhaitheasa. As so is iontuigthe an drong chaitheas a n-aimsir go holc ar an saoghal so, agus doghnídh aithrighe re línn a mbáis, ó nach bí aga aca ar leóirghníomh do dheunamh 'san mbeatha so, go gcaithfid a dheunamh tar éis a mbáis, agus ní bhfuil áit eile ann in a ndeuntaoi an leóirghníomh so andiaigh an bháis acht purgadóir. Ar an adhbhar sin atá purgadóir ann.
Adeir Ciprian Naomhtha 'san 25 Eipistil do sgríobh chum Anthonius, go mbí teine ann le n-a nglantar na hanmanna ó pheacadhaibh d'áirighthe, agus is inmheasta gurab í sin teine phurgadóra.
Atá Ambrós Naomhtha ag teagasg na fírinne ceudna, ag sgríobhadh ar an 14 caibidil de Leabhar na Taisbeántadh Atáid (ar sé) anma na naomh gan smal, óir má ghabhadar tímheal ar bith ó bheith ag áitiughadh an tsaoghail so, sgriosadar é le haithrighe agus le deoraibh agus le hoibreachaibh an ghrádha, nó le sgiursadhaibh, nó go deimhin tar éis a mbáis le teine phurgadóra.
Adeir fós S. Augustín 'san gceud caibidil de'n leabhar ro sgríobh ar an gcuram dleaghthar do bheith timcheall na marbh. Dá mbeith (ar sé) nach biadh Sgrioptúir ag suidhiughadh purgadóra, do budh leór úghdarás na hEagluise ag á rádh go bhfuil sí ann, do bhrigh gurab é ainm ghoireas Pól di, Colamhuin agus Fundaimeint na Fírinne, do réir mar léightear 'san treas chaibidil de'n chéad Eipistil chum Timotheus, agus fós go bhfuil seanchuimhne sinnsir aguinn ar phurgadóir do bheith ann glún ar ghlún ó aimsir na n-Apstal i leith, do réir fiadhnuise na n-Aithreach do haithléigheadh linn, agus iomad eile nach luaidhfeam de'n chor so. Agus dobheir Pól oiread measda ar shean-chuimhne shinnsir agus dobheir ar Sgrioptúir sgríobhtha, amhuil léightear 'san dara caibidil de'n dara hEipistil chum na Tessalonisenses, agus, mar go n-abair an tsean-chuimhne shinnsir linn purgadóir do bheith ann; ar an adhbhar sin caithfeam a admháil go bhfuil sí ann.
Do bhárr ar gach suigheamh dá dtugamar linn anuas, adeir Clemens
As gach nidh dá ndubhramar go soiche so is inchreidte go bhfuil purgadóir ann in a nglantar anmanna na bhfíreun ó shalchar na péine aimseardha le deaghoibreachaibh fíreun an saoghail so agus go háirighthe de shochar an Aifrinn.